AN BHLIAIN IS BISIÚLA RIAMH MAIDIR LE hÁBHAR NUA DRÁMAÍOCHTA FÓGARTHA AG RTÉ
AN BHLIAIN IS BISIÚLA RIAMH MAIDIR LE hÁBHAR NUA DRÁMAÍOCHTA FÓGARTHA AG RTÉ
– 160 UAIR A CHLOIG D’ÁBHAR SCÉALAÍOCHTA AS ÉIRINN SA BHLIAIN 2026 –
KIN agus THE WALSH SISTERS ar ais
Tá an réimse drámaíochta is fairsinge riamh fógartha ag RTÉ inniu, agus 160 uair a chloig d’ábhar drámaíochta atá á léiriú faoi láthair nó atá leagtha amach lena chraoladh roimh dheireadh na bliana 2026. Is teist an buaiclíon uaireanta a chloig seo, ardú ó 142 uair a chloig cheana anuraidh, ar an treisiú le dúthracht seanbhunaithe RTÉ i ndáil le hearnáil na cruthaitheachta in Éirinn agus le haithris scéalta na hÉireann do mhuintir na hÉireann.
Chun tosaigh sa bhliain 2026, beidh KIN, dráma móréilimh de chuid na hÉireann arna léiriú ag Metropolitan Pictures agus House of Juno, agus muintir Kinsella ar ais ar na scáileáin do shraith a trí. De réir mar a thagann seanchásanna uisce faoi thalamh go droim talún, agus géarú dá réir ar an gcoimhlint inmheánach, braitear go mbeidh an tsraith nua seo ar an gcaibidil is dorcha bagraí fós i scéal mhuintir Kinsella. Sraith eile a raibh an-tóir ag an lucht féachana air a bheidh ar ais i mbun léirithe sa bhliain 2026 is ea The Walsh Sisters, ina bhfeictear tuilleadh athruithe ar an saol ag Rachel, Claire, Maggie, Anna agus Helen agus iad ag teacht ón dá eachtra cinniúnach a bhain le seal Rachel in ionad athshlánúcháin agus an cor tragóideach i saol Anna.
Tá ábhar nualéirithe ó bhun le háireamh ar chlár léiriúcháin na bliana seo chomh maith le sraitheanna nua d’ábhar a bhfuil an lucht féachana tugtha go mór dó cheana féin. Chomh maith le tús a chur leis an obair léiriúcháin ar KIN, a bhfuiltear ag tnúth go mór lena fheiceáil an bhliain seo chugainn, agus Fair City, an sobaldráma is mó lucht féachana in Éirinn a bheith le feiceáil ceithre lá sa tseachtain, feicfear den chéad uair i rith an fhómhair chomh maith Tall Tales & Murder agus The Yank (teideal sealadach). Táthar i mbun léiriúcháin ar The Walsh Sisters S2 agus is gearr go mbeifear ag fógairt saothar drámaíochta eile de chuid na hÉireann atá á léiriú freisin.
Craoladh These Sacred Vows, SisterS, The Young Offenders agus The Dry cheana féin ó thús na bliana 2026 agus tá siad le fáil faoi láthair ar RTÉ Player. Is léir ó ábhar na bliana 2026 freisin dúthracht thréan maidir le drámaíocht do leanaí agus scéalaíocht fuaime le hocht n-uaire a chloig de chláir nua drámaíochta ar Drama on One ar RTÉ Radio 1, arna chinntiú go mbíonn teacht ar dhrámaíocht nuacheaptha de chuid na hÉireann ar ardáin éagsúla ag daoine de gach aoisghrúpa sa lucht féachana agus éisteachta.
Deir Steve Carson, Stiúrthóir Seirbhísí Físeáin RTÉ: “Beidh an bhliain seo ar an mbliain is bisiúla riamh maidir le hábhar nuacheaptha drámaíochta de chuid na hÉireann ar RTÉ. Táthar i mbun scannánaíochta faoi láthair ar shaothair léiriúcháin
éagsúla ar fud na tíre agus tionchar dá réir ar chúrsaí eacnamaíochta agus cultúir in áiteanna go leor ar an oileán, chomh maith le sárchumas lucht drámaíochta na hÉireann a chur os comhair an lucht féachana agus éisteachta in Éirinn agus thar lear. Idir cheantar scéimhiúil Chonamara agus cheantair lár na cathrach i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, ní hamháin go bhfuil RTÉ ag tacú leis an léiriúchán réigiúnach ach tá deiseanna fostaíochta dáiríre á gcruthú freisin ar fud an tionscail.
Chuir sé leis an méid sin: “Cuirfidh scála na hoibre a bhaineann le clár léiriúcháin na bliana 2026 bonn treise faoi na céadta post ar fud thionscal na scannánaíochta in Éirinn, scríbhneoirí, stiúrthóirí, léiritheoirí, criúnna, meithle iarléiriúcháin, dearthóirí agus teicneoirí sainspeisialtóireachta ina measc, a chuirfidh dlús breise le ról RTÉ maidir le forás leanúnach ar réimse eacnamaíochta thionscal an chlosamhairc in Éirinn. Ba mhaith linn ach go háirithe buíochas a chur in iúl dár gcuid páirtithe in Éirinn, Fís Éireann agus Coimisiún na Meán, agus an tairbhe a dhéanann faoiseamh cánach faoi Alt 481 don tionscail a admháil agus a rá gur mar gheall orthu sin ab fhéidir obair léiriúcháin den sórt seo a thabhairt i gcrích.”
In éineacht leis na léiritheoirí neamhspleácha agus craoltóirí eile atá ina bpáirtithe dár gcuid, táthar i mbun scannánaíochta ar na saothair léiriúcháin seo a leanas in Éirinn faoi láthair: Fair City, KIN Sraith 3 (Fifth Season/Fís Éireann), Tall Tales & Murder (BBC Thuaisceart Éireann/Avalon/Fís Éireann), The Walsh Sisters Sraith 2 (Cineflix Rights/Fís Éireann), The Yank (teideal sealadach) (ITV Studios/Fís Éireann), Tales of Terror (Fís Éireann/NAPF Fís Éireann/ Coimisiún na Meán/Film Fund Luxembourg/RTL Luxembourg/Eoraip na Cruthaitheachta), The Unreal (Fís Éireann, Coimisiún na Meán), Do Not Watch Alone (Fís Éireann/ Coimisiún na Meán); agus maidir le Drama on One: Wake, Horace, In the Middle of The Fields, What’s the Bars, Saving Marnie agus The Burning Question (Coimisiún na Meán). Tá daoine nua i gceist leis na saothair seo chomh maith le stíleanna éagsúla scéalaíochta ach is é saol na hÉireann atá le sonrú orthu uilig ar fud ardáin uile RTÉ.
Beidh na céadta fostaithe ar na drámaí seo uilig atá á léiriú do RTÉ, ina measc scríbhneoirí scripte, stiúrthóirí, léiritheoirí, aisteoirí, lucht léiriúcháin, meithle gruaige agus smididh, foirne meithle feistis agus daoine cumasacha eile i mbun cruthaitheachta, rud a léiríonn dúthracht leanúnach RTÉ maidir le hinfheistíocht i bpostanna i dtionscal na meán craoltóireachta in Éirinn.
Chomh maith le scéalta spéisiúla de chuid na hÉireann a chur i láthair lucht féachana agus éisteachta na tíre seo, tá sé socraithe na saothair léiriúcháin seo a cheannach i ndlínsí éagsúla agus i réigiúin éagsúla ar fud an domhain. Cinntítear ar an gcaoi seo go bhfuil RTÉ ag dul i bhfeidhm i gcónaí ar mhuintir na hÉireann thar lear agus ar an lucht féachana idirnáisiúnta go ginearálta, drámaíocht shármhaith na tíre seo á chur i láthair ar fud an domhain mhóir.
Críoch
Dáta: Dé Máirt, an 21 Iúil 2026
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Maureen Catterson, Bainisteoir Cumarsáide RTÉ