Clár faisnéise faoi chinsireacht scannán in Éirinn le craoladh ar RTÉ Craolfar
In the Opinion of the Censor Dé Luain an 27 Iúil ag 9.35pm ar RTÉ One agus RTÉ Player
Féachtar In the Opinion of the Censor ar an gcaoi ar cuireadh cosc uile nó a ndearnadh eagarthóireacht in athuair ar scannáin a bhí le taispeáint sna hamharclanna in Éirinn mar gheall ar an Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923, a thug cumhacht cinsireachta na scannán d’aon chinsire scannán amháin. D’fhéadfaí cosc uile a chur ar scannáin in Éirinn nó d’fhéadfaí píosaí díobh a ghearradh amach dá mba rud é go raibh na píosaí sin “míchuibhiúil, gáirsiúil, diamhaslach, nó contrártha don mhoráltacht phoiblí” “dar leis an gcinsire”. Is é an t-iarchinsire scannán John Kelleher a bheidh i mbun láithreoireachta agus tráchtaireachta ar an gclár, ar a mbeidh gearrthóga ó scannáin cosúil le Gone with the Wind, Casablanca, On the Waterfront, The Graduate, agus The Last Temptation of Christ i measc go leor eile, chomh maith le díospóireacht spleodrach ar The Late Late Show le Pat Kenny faoin scannán 9 Songs.
Chuir an chéad chinsire scannán, James Montgomery – a d’fhógair, “Is iad na Deich nAitheanta mo chód” – cosc ar 1,700 scannán le linn a thréimhse san oifig ó 1923 go 1940. Bhí naonúr cinsirí scannán uile in Éirinn idir na blianta 1923 agus 2008, agus cuireadh cosc uile ar 2,500 scannán agus gearradh píosaí as 11,000 scannán eile le linn an ama sin. Tháinig Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann (IFCO) in ionad an chleachtais sin in 2008. Ba é John Kelleher cinsire scannán deiridh na hÉireann, a ghlac leis an bpost in 2003. Ina dhiaidh sin, rinneadh an céad Stiúrthóir Aicmithe Scannán de, córas a bhí bunaithe ar dhaoine fásta agus ar thuismitheoirí ag déanamh a gcinntí féin maidir leis na scannáin a mbreathnóidís orthu. Beidh rannchuiditheoirí agus saineolaithe iad féin páirteach sa chlár, ina measc sin beidh an speisialtóir scannán, an tOllamh Ruth Barton, an staraí, an Dr Aoife Bhreathnach, an t-eagarthóir Ciaran Carty, agus an t-aisteoir Fionnula Flanagan agus go leor eile, agus tabharfar le fios le linn an chláir mar a léirigh cleachtais chinsireachta scannán éabhlóid an stáit le céad bliain anuas. Craolfar In the Opinion of the Censor Dé Luain an 27 Iúil ag 9.35pm ar RTÉ One agus RTÉ Player.
-CRÍOCH- Dáta: Déardaoin an 23 Iúil 2026