TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2025 FOILSITHE AG RTÉ
Déanfaidh RTÉ Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite an Ghrúpa don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2025 a eisiúint inniu, tar éis í a bheith curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
Príomhcholún de straitéis cúig bliana RTÉ is ea bainistiú láidir agus córasach airgeadais a choinneáil ar bun. Thaifead RTÉ barrachas €22.5 milliún don bhliain in 2025 i gcomparáid le €5.5 milliún in 2024.
Léiríonn an fheidhmíocht airgeadais níos láidre athléimneacht leanúnach in ioncaim tráchtála, costais líon na ndaoine a bhí níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leo, coigilteas costais breise sa bhliain a baineadh amach, agus tionscadail áirithe a bhí beartaithe a cuireadh siar go 2026.
Mar chuid dá chlár leanúnach bunathraithe agus de bhainistiú cúramach an chláir chomhardaithe, scaoil RTÉ fabhruithe agus soláthairtí dar luach €9.6 milliún freisin. Cé gur rannchuidigh an coigeartú cuntasaíochta sin leis an mbarrachas a tuairiscíodh, ní raibh sreabhadh airgid breise don eagraíocht mar thoradh air.
Cuirfidh an barrachas níos láidre ag deireadh 2025 le cur chun feidhme na dtionscnamh straitéiseach a d’fhógair RTÉ mar chuid dá Straitéis Treo Nua, amhail an chéad tráinse d’fhágálacha faoin gClár maidir le Fágáil go Deonach a tharla i mí Eanáir 2026 agus an infheistíocht i gcóras nua acmhainní daonna a thosaigh i R1 2026.
Is éard a dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst: “Ba í 2025 an chéad bhliain dár straitéis cúig bliana Treo Nua agus rinneamar dul chun cinn maith maidir lena chur chun feidhme agus maidir lenár gcúrsaí airgeadais a bhainistiú go docht, a d’fhág gur baineadh barrachas bliantúil eile amach. Laghdaíomar líon na foirne in RTÉ trínár gClár 2025 maidir le Fágáil go Deonach agus trí chineálacha fágálacha eile, mar chuid de na pleananna atá againn a bheith níos lú agus níos sofhreagrúla agus chun bonn costais RTÉ a laghdú i gcaitheamh cúig bliana na straitéise.
Is éard a dúirt Cathaoirleach Bhord RTÉ, Terence O’Rourke: Ba bhliain í, a bhuí leis an obair chrua a rinneadh an bhliain roimhe sin agus a bhuí leis na próisis agus na nósanna imeachta a thugamar isteach, inar cuireadh na struchtúir riachtanacha ar fáil dom féin agus do mo chomhghleacaithe ar an mBord, don Phríomh-Stiúrthóir agus do na Foirne Ceannaireachta chun leanúint ar aghaidh lenár ngealltanas a chomhlíonadh, is é sin go mbeadh RTÉ ina eagraíocht atá dea-reáchtáilte, dea-rialaithe agus cuntasach. Is mian liom aitheantas a thabhairt d’obair an Phríomh-Stiúrthóra agus na Foirne Ceannaireachta, agus is mian liom aitheantas a thabhairt freisin dóibhsean go léir atá ag obair in RTÉ uile a chuir leis an rath a bhí ar an eagraíocht in 2025 agus a raibh lámh acu i mbainistiú stuama chúrsaí airgeadais na heagraíochta.
Cé gurbh é a bhí i gcuid mhór de mo chuid oibre i mo Chathaoirleach ar RTÉ a chinntiú gur leanadh leis an obair chrua a bhí riachtanach chun moltaí an dá Thuarascáil ón Sainchoiste Comhairleach a chur i bhfeidhm, bhíomar dian agus córasach agus muid ag cloí le gealltanais roimhe seo. Maidir leis na feabhsuithe atá déanta ar na caighdeáin rialachais, ag leibhéal an Bhoird agus ar fud na heagraíochta, tá ról lárnach acu agus muid ag tacú le RTÉ athrú ó bhonn a dhéanamh ionas go mbeidh sé oiriúnach don todhchaí, go dtabharfaidh sé tacaíocht dá chomhpháirtithe sa tionscal, go mbeidh ról níos lárnaí aige maidir le hearnáil dhinimiciúil neamhspleách fuaime agus físe a fhorbairt ar fud na hÉireann agus go n-éireoidh sé níos gaire agus níos tábhachtaí don lucht féachana agus éisteachta ar a bhfuil sé ag freastal.
Inár gcomhaltaí dúinn ar Bhord eagraíocht náisiúnta meán seirbhíse poiblí na hÉireann, aithnímid gurb é ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna phobal na hÉireann – an lucht féachana, an lucht éisteachta agus na léitheoirí – ceann dár bpríomhróil agus is cúram é sin a bhfuilimid an-dáiríre faoi. Táimid muiníneach go bhfuil an Príomh-Stiúrthóir agus an Fhoireann Ceannaireachta, i ndiaidh dóibh déileáil le saincheisteanna éagsúla ó 2023 i leith, dírithe ar raon leathan clár agus ábhar bunaidh ardchaighdeáin Éireannach a chur ar fáil don lucht féachana agus éisteachta, ar cláracha agus ábhar iad atá tuillte acu, agus go bhfuil siad tiomanta é sin a bhaint amach agus a chinntiú go soláthraíonn an Ceadúnas Teilifíse luach ar airgead.
Lean Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst ar aghaidh agus dúirt: Bhíomar an-dírithe ar an lucht féachana agus éisteachta in 2025. Chuireamar sceideal nua láidir ar fáil do RTÉ Radio 1 i dtreo dheireadh na bliana agus ar 2fm ag tús na bliana. Ba é RTÉ lyric fm Stáisiún Raidió Ceoil na Bliana IMRO, agus lean RTÉ Raidió na Gaeltachta de ról ríthábhachtach seirbhíse poiblí a imirt mar phríomhsheirbhís náisiúnta raidió Gaeilge sa bhaile agus thar lear. Bhí lúcháir ar an tír ar fad nuair a chuidigh Troy Parrott le hÉirinn babhta na gcluichí cáilithe a bhaint amach chun go mbeadh deis againn cáiliú do Chorn Domhanda FIFA 2026. Thugamar an tsraith teilifíse The Traitors go hÉirinn, agus thaitin sé go mór leis an lucht féachana. D’fhéadfaí a rá gurbh é an Late Late Toy Show, a bhí bunaithe ar an téama Grinch, an Toy Show ab fhearr go dtí seo agus bailíodh €4.7 milliún lena linn don RTÉ Toy Show Appeal, a fhágann go bhfuil níos mó ná €30 milliún bailithe uilig le sé bliana anuas. Chuir RTÉ KIDSjr, a bhfuil athbhrandáil déanta air, eolas agus siamsaíocht ar fáil agus thug sé léargas ar shaol leanaí atá ag fás aníos in Éirinn sa lá atá inniu ann. Lean Ceolfhoireann Coirme RTÉ ag cur siamsaíocht ar fáil don lucht féachana agus éisteachta le roinnt taibhléirithe beo den scoth. Rinneamar an cinneadh freisin gan páirt a ghlacadh i gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2026, ná an comórtas féin a chraoladh. Bhí i bhfad Éireann níos mó ná sin i gceist.
Chuige sin ar fad, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’fhoireann RTÉ as a dtiomantas, a ngairmiúlacht agus a bpaisean do na meáin seirbhíse poiblí. Ba mhaith liom freisin mo bhuíochas a ghabháil lenár gcomhpháirtithe in earnáil neamhspleách na hÉireann, comhpháirtithe a mbímid ag obair go dlúth leo chun réimse leathan cláracha atá tábhachtach, tarraingteach agus siamsúil a chur ar fáil don lucht féachana agus éisteachta. Tá go leor bainte amach againn in 2025 agus muid ag obair as lámh a chéile, agus beimid ag cur leis an méid sin in 2026 agus amach anseo. Ba é 2025 an chéad bhliain freisin den socrú maoinithe ilbhliantúil a dheimhnigh an Rialtas in 2024. Mar atá ráite go minic agam, tá an chinnteacht a bhaineann leis an maoiniú sin ríthábhachtach. Chuir sé ar chumas RTÉ pleanáil a dhéanamh, gealltanas a thabhairt maidir le tionscadail agus infheistíochtaí ar mhórscála, agus díriú ar phríomh-mhisean RTÉ: ábhar riachtanach seirbhíse poiblí a chur ar fáil don lucht féachana agus éisteachta, tacú le hearnáil chruthaitheach na hÉireann, agus seirbhísí RTÉ a fhorbairt do thodhchaí dhigiteach na hÉireann. Áirítear leis an ngealltanas maoinithe sin, ar fiú €725 milliún é thar thréimhse trí bliana, ioncam ón gCeadúnas Teilifíse, ní maoiniú sa bhreis é sin.”
Agus mar fhocal scoir dúirt sé: “Tá sé de phribhléid agam a bheith i gceannas ar RTÉ agus muid ag ceiliúradh 100 bliain dochreidte chomh maith leis an ról speisialta atá ag na meáin phoiblí in Éirinn i dtréimhse a bhfuil an oiread sin éiginnteachta agus an oiread sin dúshlán os ár gcomhair sa domhan. Cé go bhfuil go leor athruithe tarlaithe, ní raibh an oiread gá riamh le meáin seirbhíse poiblí láidre, neamhspleácha agus iontaofa, a mbeadh teacht orthu ag cách. Is cinnte go mbeidh an ceiliúradh seo ag breathnú siar ar imeachtaí tábhachtacha a tharla le 100 bliain anuas, ach díreoidh siad freisin ar an gcaoi a gcuirfidh RTÉ seirbhís ar fáil don lucht féachana agus éisteachta amach anseo, agus muid ag leanúint ar aghaidh ag tabhairt dúshlán don bhréagaisnéis, ag tacú le huaillmhian na cruthaitheachta agus na nuálaíochta, ag tacú le cultúr na hÉireann, ag tabhairt léargais ar an tír uilig agus ar an éagsúlacht shaibhir a bhaineann léi, agus ag tabhairt daoine le chéile le haghaidh cuimhneacháin mhóra náisiúnta a chothaíonn aontas agus muintearas eadrainn go léir.
IONCAM IOMLÁN: Tháinig ardú €3.0m ar ioncam iomlán (Ceadúnas Teilifíse/Ioncam Tráchtála) idir 2025 agus 2024 (€383.4 milliún in 2025 i gcomparáid le €380.4 milliún in 2024).
MAOINIÚ POIBLÍ Cuimsíonn maoiniú poiblí ioncam ó tháillí ceadúnais teilifíse a bhailíonn An Post agus a íocann an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt (RCCS) le RTÉ agus maoiniú breise rialtais. Ba é €183.5 milliún an t-ioncam ó tháillí ceadúnais in 2025, méadú 5% i gcomparáid le 2024 (€174.3 milliún).
Ba é €41.3 milliún an maoiniú rialtais breise a aithníodh ón RCCS sa bhliain, laghdú €6.7 milliún i gcomparáid le 2024. Tá an maoiniú poiblí iomlán a fuarthas ailínithe le comhaontú cistiúcháin ilbhliantúil a comhaontaíodh le RCCS in 2024 do na blianta 2025-2027, is é sin €225m, €240m agus €260m faoi seach. Áirítear ioncam ón gCeadúnas Teilifíse sa mhaoiniú poiblí iomlán sin.
IONCAM TRÁCHTÁLA: B’ionann ioncam tráchtála iomlán RTÉ sa bhliain 2025 agus €158.6 milliún (2024: €158.1 milliún). B’ionann ioncam fógraíochta agus urraíochta ar fud na teilifíse, raidió agus RTÉ Guide agus €121.1 milliún san iomlán (2024: €121.3m), arb ionann é agus thart ar 76% den ioncam tráchtála iomlán.
COSTAIS OIBRIÚCHÁIN: Déantar costais oibriúcháin a bhainistiú thar dhá chatagóir: Costais oibriúcháin a bhaineann le pearsanra (PROC) agus costais oibriúcháin nach mbaineann le pearsanra (neamh-PROC). Tháinig laghdú ar chostais oibriúcháin fhoriomlána in 2025; mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur áiríodh in 2024 €13.7m de chostais aonuaire a bhaineann le himeachtaí speisialta i gcomparáid le €4.1m in 2025.
Bhí costais neamh-PROC €7.9m níos ísle ná an bhliain roimhe sin. Baineann ceann de na príomhchúiseanna leis an laghdú bliain ar bhliain sin le himeachtaí speisialta, lena n-áirítear Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha Pháras; Craobhchomórtais Sacair na hEorpa UEFA agus an tOlltoghchán, a chuir €13.7 milliún leis na costais iomlána in 2024 (€4.1 milliún in 2025) Tá dúshláin shuntasacha roimh RTÉ maidir lena bhonn costais teicneolaíochta agus mhaoine mar gheall ar a lorg oidhreachta agus a thearcinfheistíocht stairiúil sna réimsí sin. Mar gheall ar infheistíocht mhéadaithe RTÉ ina bhonneagar digiteach i gcomhréir leis an Straitéis Treo Nua chomh maith leis an aistriú a rinneadh ar fud na n-earnálacha teicneolaíochta go réitigh teicneolaíochta SaaS, tá méadú tagtha ar chostais oibriúcháin bhliantúla leanúnacha.
AN CLÁR MAIDIR LE FÁGÁIL GO DEONACH I mí Aibreáin 2025, mar chuid den Straitéis Treo Nua, cheadaigh RCCS agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (DPENDR) Clár maidir le Fágáil go Deonach RTÉ (VEP). Baineadh 67 fágáil amach san iomlán chomh maith le deireadh a chur le 30 ról eile ar fud na heagraíochta in 2025. Is é €8.4 milliún an coigilteas bliantúlaithe comhcheangailte dul ar aghaidh ó 67 fágáil VEP agus ó dheireadh a chur le 30 ról. Ba é €8.5m na costais scoir a bhain leis na 67 bhfágáil VEP.
TRÉDHEARCACHT: Den tríú huair, agus i gcomhréir leis an ngealltanas a thug Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, roimhe seo, áirítear i dTuarascáil Bhliantúil RTÉ tuilleamh an deichniúr láithreoirí is airde tuarastail don bhliain chomh maith le sonraí luach saothair chomhaltaí na Foirne Ceannaireachta.
-
Chraol RTÉ 45 de na 50 clár is mó a féachadh orthu ar na cainéil go léir atá ar fáil in Éirinn in 2025, cláracha ina raibh meascán de spórt, siamsaíocht, cláracha faisnéise, agus Nuacht & Cúrsaí Reatha, chomh maith le drámaíocht agus greann.
-
Mheall na hócáidí náisiúnta an lucht féachana teilifíse b’airde in Éirinn in 2025. Bá é an Late Late Toy Show an clár is mó a féachadh air arís agus bhain an tsraith nua The Traitors Ireland áit amach i measc na 10 gcinn is mó a féachadh orthu. Ócáidí spóirt a bhí sna hocht gcinn eile as na 10 gclár is mó a féachadh orthu, i measc na n-ócáidí sin a tharraing aird bhí na cúil a scóráil Troy Parrott sna cluichí cáilithe don Chorn Domhanda, Cluichí Ceannais Iomána agus Peile na hÉireann, agus Craobhchomórtas Sé Náisiún Guinness.
-
Shroich RTÉ Player an ráta sruthaithe ab airde riamh, 155 milliún sruth, arb ionann é agus fás 9% bliain ar bhliain.
-
Is é Morning Ireland ar RTÉ Radio 1 an clár raidió is mó lucht éisteachta fós in Éirinn agus bhí 467,000 duine ag éisteacht leis gach lá.
-
Bhain RTÉ.ie níos mó ná 1 billiún amharc leathanaigh amach arís (ardú 2% bliain ar bhliain) agus bhí méadú eile 3% ar an meán-am a caitheadh ar an suíomh go dtí 8 nóiméad 55 soicind in aghaidh na cuairte.
-
Bhain cuntas TikTok RTÉ News aon mhilliún leantóir breise amach in 2025, ag ardú ó 400,000 leantóir ag tús na bliana go dtí 1.4 milliún faoi dheireadh na bliana.
-
Bhí RTÉ ag ceiliúradh 50 bliain d’fheasacháin laethúla nuachta a chur ar fáil don lucht féachana atá Bodhar agus do dhaoine a bhfuil Lagú Éisteachta orthu.
-
Cuireadh le haschur fairsing agus fuinniúil Cheolfhoireann Coirme RTÉ ar fud seánraí agus réigiún, agus rinneadh 66 léiriú beo os comhair lucht spéise a raibh beagnach 90,000 duine san iomlán i gceist leo.
-
Bhí RTÉ bródúil as tacaíocht a thabhairt do 185 imeacht a bhain leis na healaíona agus leis an gcultúr fud fad oileán na hÉireann, agus is fás suntasach é seo ó seoladh an scéim an athuair in 2014, tráth ar tugadh tacaíocht do 98 imeacht.
-
D’fhreagair muintir na hÉireann agus daoine ar fud an domhain go fial flaithiúil don RTÉ Toy Show Appeal bliantúil arís, agus bailíodh €4.7 milliún.
-
D’fhéach 2,800,000 duine ar www.rte.ie/archives i rith na bliana, arbh ionann é agus breis is 6.1 milliún amharc leathanaigh.
CRÍOCH
Eolas breise:
Neil O’Gorman, Bainisteoir Cumarsáide Corparáide, RTÉ | R: neil.ogorman@rte.ie