Tá áthas ar RTÉ News a fhógairt gurb é Barry Gallagher an t-iriseoir nua a bheidh ag clúdach na nuachta i gCorcaigh, i gCiarraí agus i réigiún an Deiscirt i gcoitinne.
Beidh Barry ag obair i gcomhar le Paschal Sheehy, Eagarthóir an Deiscirt RTÉ News, agus ag tuairisciú do chláir nuachta ar líne, ar na meáin shóisialta, ar an teilifís agus ar an raidió RTÉ News.
D’éirigh Jennie O’Sullivan ó RTÉ as le déanaí i mí na Bealtaine, tar éis breis agus 25 bliain caite aici ag tuairisciú do RTÉ News ón réigiún.
Thosaigh Barry le RTÉ News in 2023, agus chaith sé dhá bhliain ar dtús ina láithreoir ar news2day. Bhí sé ag obair ina iriseoir ilmheán ina dhiaidh sin ag tuairisciú ar an teilifís, ar an raidió agus ar nuacht ar líne, lena n-áirítear Six One News agus Nine O’Clock News RTÉ, agus le déanaí in éineacht le foireann Morning Ireland ar RTÉ. Tá tuairisciú déanta aige ar Stoirm Chandra agus ar Thuilte Inis Córthaidh, Cluichí Oilimpeacha 2024, Electric Picnic, Cluichí Ceannais Iomána na hÉireann 2024 agus 2025, agus ar éacht stairiúil Jessie Buckley ag na Oscars.
Is as Gartán i nDún na nGall ó dhúchas do Barry agus bhog sé go Baile Átha Cliath chun a chéim fochéime san iriseoireacht a bhaint amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2019. Tar éis dó a chéim a bhaint amach i mBealtaine 2022, thosaigh Barry ag obair ina iriseoir leis an nuachtán náisiúnta meán cumarsáide The Irish Sun, agus dheimhnigh sin dó go raibh a croí go huile agus go hiomlán i gcúrsaí nuachta. Fad is a bhí sé leis an nuachtán sin, bhí sé ag obair ar scéalta éagsúla ó nuacht a bhí díreach ag briseadh agus spórt, go dtí gné-ailt fiosrúcháin, ag clúdach imeachtaí ar fud na tíre agus níos faide i gcéin.
D’fhás Barry aníos ar fheirm faoin tuath agus tuigeann sé an ról tábhachtach atá ag an nuacht réigiúnach agus ag a bheith ag tuairisciú ar shaincheisteanna a théann i bhfeidhm ar dhaoine ar fud a réigiúin.
Dúirt sé: “Ó bheith i mo chónaí i nDún na nGall, chonaic mé le mo dhá shúil féin chomh tábhachtach is atá iriseoireacht réigiúnach RTÉ. Cuidíonn sí lena chinntiú go gcloistear agus go n-insítear scéalta, ábhar imní agus éachtaí pobail ar fud na tíre ar an stáitse náisiúnta.”
“Tá Corcaigh, Ciarraí agus réigiún níos leithne an Deiscirt ar cheann de na codanna is éagsúla agus is dinimiciúla sa tír, agus táim ag tnúth le dul amach sa phobal, bualadh le daoine agus a gcuid scéalta a chur os comhair an lucht féachana ar fud na hÉireann.”
Beidh Barry lonnaithe in RTÉ Corcaigh agus tosóidh sé ina phost nua i mí Lúnasa.