An mbeidh tú ag an bhFleadh? Beidh RTÉ ann.
Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ Radio 1, RTÉ One agus RTÉ Player ag craoladh togha agus rogha na ríleanna, na bport agus na n-amhrán ó Fhleadh Cheoil na hÉireann Chomhaltas 2026
Tá Fleadh Cheoil na hÉireann Chomhaltas 2026 ag tabhairt a haghaidh ar Bhéal Feirste agus beidh imeachtaí ar siúl ón Domhnach an 2 Lúnasa – go dtí an Domhnach an 9 Lúnasa 2026. Beidh RTÉ ann leis an gceiliúradh is mó riamh ar cheol agus ar chultúr na hÉireann chun sheachtain a bheith lom lán de chraoltaí beo, cláir speisialta agus clúdach eisiach ar fud na teilifíse, raidió agus ar líne a chraoladh don lucht spéise.
Agus 75 bliain á cheiliúradh ag Fleadh Cheoil na hÉireann Chomhaltas, táthar ag súil go dtabharfaidh Fleadh chinniúnach na bliana seo breis is 700,000 cuairteoir agus lucht spéise go Béal Feirste agus an t-imeacht cáiliúil seo á óstach den chéad uair riamh sa gcathair.
Beidh ar chumas an lucht spéise taitneamh a bhaint as clúdach leathan ar feadh na seachtaine ó RTÉ Radio 1 agus ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, le craoltaí ó ardán RTÉ ar Writer’s Square, Ollscoil Ulaidh, St Patrick’s Cathedral agus ón Gig Rig aitheanta.

Cuirfear tús leis an gclúdach Dé hAoine, an 31 Iúil, le heagrán speisialta de Nationwide nuair a rachaidh Bláthnaid Ní Chofaigh ar chúl an stáitse. Beidh Bláthnaid ag bualadh le go leor daoine, ó Choiste Riaracháin na Fleidhe, leis an 1,300 oibrí deonach a bhfuil obair na gcapall déanta acu ionas go mbeidh gach ní ag imeacht gan stró, go foireann an PSNI atá ag bainistiú cúrsaí lóistíochta, chun Fleadh Cheoil na hÉireann Chomhaltas a thabhairt go Béal Feirste den chéad uair riamh.
Beidh raon clár á gcraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ó chroílár Bhéal Feirste ón gCéadaoin, an 5 Lúnasa go dtí an Domhnach, an 9 Lúnasa, a thabharfaidh ceann de na suíocháin is fearr sa teach don lucht éisteachta chun sásamh a bhaint as craic, ceol agus as an gcultúr is fearr ar domhan. Beidh Morning Ireland ag craoladh beo freisin ó stiúideo RTÉ i mBéal Feirste Dé Céadaoin, an 5 Lúnasa. Cuirfidh Tristan Rosenstock eagrán speisialta de Chéilí House RTÉ i láthair beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann Chomhaltas 2026 ón Gig Rig lasmuigh de Halla na Cathrach i mBéal Feirste an lá roimh lá deiridh na n-imeachtaí.
Déanfaidh taispeántas speisialta a bheidh á léiriú ag The Rolling Wave ar RTÉ Radio 1 ceiliúradh ar 100 bliain ar an bhfód RTÉ, agus an stáisiún ag cur blianta fada de cheol traidisiúnta na hÉireann ar fáil ó chartlann shaibhir an stáisiúin don lucht éisteachta trí ghrianghraif agus taifeadtaí. Cuirfear seisiúin bheo a ndearnadh taifeadadh orthu le linn an taispeántais leis an gcartlann seo atá ag dul i méid agus beidh siad mar chuid den Rolling Wave amach sa mbliain.
Beidh Muireann Nic Amhlaoibh agus Dáithí Ó Sé i mbun na craoltóireachta freisin agus cuirfidh siad ceol agus spiorad na féile i láthair i sraith ina mbeidh sé chuid d’Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026, a bheidh á léiriú ag Red Shoe Productions do RTÉ. Craolfar an tsraith ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
Tá mórtas ar RTÉ agus ar TG4 a bheith ag tacú le Fleadh Cheoil na hÉireann Chomhaltas 2026 ina gcomhpháirtithe oifigiúla meán cumarsáide. Cibé a mbeidh tú i láthair go pearsanta nó ag faire na n-imeachtaí ó thír i bhfad i gcéin, beidh ar chumas an lucht spéise taitneamh a bhaint as clúdach cuimsitheach ar an bhféile ar fud na teilifíse, an raidió agus na n-ardán digiteach.
Buaicphointí RTÉ
Dé hAoine an 31 Iúil
7pm – Nationwide | RTÉ One | RTÉPlayer
Dé Céadaoin an 5 Lúnasa
7-9am Morning Ireland – RTÉ Radio 1 | Beo ó Stiúideo RTÉ, Béal Feirste
3-5pm – Ríl an Ródaí – RTÉ Raidió na Gaeltachta | Beo ó ardán RTÉ, Writers Square
3-5pm – Tutor’s Concert | Ollscoil Ulaidh
7-9pm – Ceol Binn ó na Beanna | RTÉ Raidió na Gaeltachta | Beo ó stáitse RTÉ, Writers Square
Déardaoin an 6 Lúnasa
11-12pm – Ceol Beo | Beo ó stáitse RTÉ, Writers Square
3-5pm – Ríl an Ródaí | RTÉ Raidió na Gaeltachta | Beo ó ardán RTÉ, Writers Square
7-9pm – Ceol Binn ó na Beanna | RTÉ Raidió na Gaeltachta | Beo ó stáitse RTÉ, Writers Square
Dé hAoine an 7 Lúnasa
10-4pm – Ceiliúradh 100 RTÉ | Lárleabharlann Bhéal Feirste
11-12pm – Barrscéalta | RTÉ Raidió na Gaeltachta | Beo ó stáitse RTÉ, Writers Square
2-3pm – Aniar Aduaidh | RTÉ Raidió na Gaeltachta | Beo ó stáitse RTÉ, Writers Square
3-5pm – Ríl an Ródaí | RTÉ Raidió na Gaeltachta | Beo ó ardán RTÉ, Writers Square
7-9pm – Ceol Binn ó na Beanna | RTÉ Raidió na Gaeltachta | Beo ó stáitse RTÉ, Writers Square
Dé Sathairn an 8 Lúnasa
11-12pm – Ceol Beo | Beo ó stáitse RTÉ, Writers Square
1-2pm – Ceol Beo | Beo ó stáitse RTÉ, Writers Square
12-2pm – Ríl an Ródaí roimh Spórt an Lae | RTÉ Raidió na Gaeltachta | (réamhthaifeadta)
3-4pm – Ceol Beo | Beo ó stáitse RTÉ, Writers Square
9-10pm – Céilí House | RTÉ Raidió 1 | Beo ón Gig Rig
Dé Domhnaigh an 9 Lúnasa
11:00-12:15pm – Aifreann an Domhnaigh | RTÉ Raidió na Gaeltachta | Beo ó St Patrick’s Cathedral
Fleadh Cheoil na hÉireann 2026
Beidh Muireann Nic Amhlaoibh agus Dáithí Ó Sé i mbun na craoltóireachta freisin agus cuirfidh siad fuinneamh agus spiorad na féile i láthair i sraith ina mbeidh sé chuid, Fleadh Cheoil na hÉireann 2026, a bheidh le fáil ar RTÉ One agus ar RTÉ Player. Is iad Red Shoe Productions atá i mbun léirithe na sraithe do RTÉ.
CRÍOCH
Emily Burns, Comhordaitheoir Cumarsáide RTÉ
Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Ceannasaí Cumarsáid RTÉ