Tá podchraoladh nua RTÉ ar choirscéalta fírinneacha á sheoladh inniu
Unsolved, podchraoladh ar choirscéalta fírinneacha, á chur i láthair ag an iriseoir coireachta Barry Cummins agus ag an láithreoir Katja Mia, seolta ag RTÉ.
Is podchraoladh seachtainiúil atá i gceist le Unsolved ina ndéantar iniúchadh ar chásanna coiriúla in Éirinn atá gan réiteach, le fócas faoi leith ar dhúnmharuithe agus ar dhúnmharuithe a bhfuil amhras fúthu, agus déantar scrúdú ag an am céanna ar raon leathan coireanna nár réitíodh riamh.
Tá Barry Cummins i mbun na hiriseoireachta ar an raidió, ar an teilifís agus sna meáin clóite in Éirinn le 30 bliain.Tá sé leabhar shárdhíola scríofa ag Barry ar choirscéalta fírinneacha agus tá deich gcinn de ghradaim Justice Media bainte amach aige, tar éis dó a shaol oibre a thabhairt ar son daoine atá ar iarraidh.
Is láithreoir raidió agus teilifíse í Katja Mia a bhíonn le feiceáil go minic ar mheáin na hÉireann. Bhíodh sí i mbun comhóstála ar an Six O’Clock Show, agus cuireann sí Drive 2FM i láthair anois in éineacht le Laura Fox. Tá aithne uirthi as bheith ábalta ceangal a dhéanamh leis an lucht éisteachta ar fud na teilifíse agus an raidió, agus tugann Katja cur chuige tuisceanach agus tarraingteach chuig insint scéalta.
Bainfidh na láithreoirí, agus iad ag cur na n-íospartach i gcroílár gach cláir, úsáid as rochtain uathúil Barry, as léargas grinn Katja agus as cartlann RTÉ chun mionscagadh a dhéanamh ar an scéal.
Dúirt an láithreoir Katja Mia, “Tá a bheith ag obair ar Unsolved chomh tábhachtach sin dom mar gur bealach atá ann le hómós a thabhairt don líon mór íospartach sna cásanna sin gan réiteach anseo in Éirinn – chun guth a thabhairt dóibh agus iniúchadh domhain a dhéanamh ar a gcuid scéalta. Táim ag tnúth go mór a bheith ag obair le Barry ar an bpodchraoladh seo.”
Dúirt an láithreoir Barry Cummins, “Tá sé tábhachtach an spás agus an aird atá tuilte acu a thabhairt do gach aon chás atá gan réiteach. Tá na céadta dúnmharuithe gan réiteach in Éirinn, agus ciallaíonn sé sin go bhfuil go leor dúnmharfóirí ag éalú ón dlí, gan iad ag freagairt as a gcoireanna, agus níl sé sin ceart. Tá sé mar aidhm againn leis an bpodchraoladh seo, brú leanúnach a choinneáil ar na coirpigh agus a gcuid coireanna a choinneáil i mbéal an phobail.”
Sna chéad trí eagrán a chuaigh amach ar an aer inniu, táthar ag díriú ar chás Arlene Arkinson.
I mí Lúnasa 1994, chuaigh Arlene Arkinson ag dioscó i mBun Dobhráin agus níor fhill sí abhaile riamh. Ní bhfuarthas a corp riamh. In ainneoin go leor cuardach, imscrúduithe éagsúla an Gharda Síochána agus fiú triail dúnmharaithe in 2005, tá a teaghlach den tuairim nach bhfuair siad cothrom na féinne riamh.
Déanfar iniúchadh ar scéalta Raonaid Murray agus Fiona Pender i gcláir eile de Unsolved.
I Meán Fómhair 1999, ní raibh Raonaid Murray, a bhí 17 mbliana d’aois, ach 500 méadar ón mbaile i mBaile Átha Cliath nuair a sádh í. In ainneoin iarrachtaí an teaghlaigh agus a cairde agus imscrúdú ollmhór an Gharda Síochána, ní bhfuarthas an dúnmharfóir riamh.
I mí Lúnasa 1996, bhí Fiona Pender, a bhí 25 bliana d’aois, seacht mí torrach agus í ag ullmhú do bhreith a linbh nuair a d’imigh sí gan tásc ná tuairisc ón mbaile in Uíbh Fhailí. Níor facthas ó shin í.
Tá sé i gceist le Unsolved béim as an nua a chur ar na cásanna seo agus eolas nua a bhailiú trína líne leide ríomhphoist, unsolved@rte.ie.
Tá scéalaíocht fhíorspéisiúil i gceist leis an tsraith, léargas lena mbaineann go leor taithí agus déantar tochailt dhomhain ar roinnt de na coireanna gan réiteach a bhfuil aird phobal na hÉireann tarraingthe acu leis na blianta.
Beidh Unsolved ar fáil gach Céadaoin ag 6am.Is féidir leat éisteacht ar aip Radio Player RTÉ nó cibé áit a bhfaigheann tú do chuid podchraoltaí. Tá sé le fáil ar YouTube freisin.
-CRÍOCH-
Audrey Donohue, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ