Tá Creedon’s Musical Atlas of Ireland ar ais do shéasúr eile de scéalta agus d’amhráin
Déanfaidh an Craoltóir John Creedon iniúchadh ar oidhreacht shaibhir cheoil na hÉireann Dé Domhnaigh an 2 Lúnasa ar RTÉ One agus ar RTÉ Player
Beidh an Craoltóir John Creedon ar ais leis an gcaibidil is deireanaí ina shraith cheoil shamhraidh, Creedon’s Musical Atlas of Ireland, Dé Domhnaigh an 2 Lúnasa ag 6.30pm ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
Tugann John, sa tsraith trí chuid eile seo, faoi thuras chun iniúchadh a dhéanamh ar an mbealach ina ndéanann an ceol múnlú ar fhéiniúlacht na hÉireann agus chun scrúdú a dhéanamh ar an tionchar ollmhór atá ag an gceol ar chultúr na hÉireann. Téann sé ar thuras fud fad na tíre agus bíonn caidreamh aige le ceoltóirí, staraithe agus le saineolaithe cultúir chun tuiscint a fháil ar an mbealach a bhfuil tionchar ag an gceol ar fhéiniúlacht na hÉireann agus ar an mbealach ina leanann an scéal sin ar aghaidh.
Ceann de na miotais is sine in Éirinn atá ina hinspioráid ag an gcéad chlár. Deirtear gur sheinn cláirseach dhraíochta Dhagda trí thiúin ceoil nach raibh a sárú le fáil:Suantraí, Geantraí agus Goltraí, agus déanann John iniúchadh ar an mbealach ina maireann na trí thraidisiún ársa ceoil sin go dtí an lá atá inniu ann.
Suantraí an chéad cheann a bheidh faoi chaibidil – ceol a thugann compord, suaimhneas agus síocháin. Déanann John cíoradh ar thraidisiún saibhir suantraithe na hÉireann leis na hamhránaithe Sibéal Ní Chasaide agus Maighread Ní Dhomhnaill, agus ardaíonn a gcuid amhrán ceist shimplí: céard a tharlóidh nuair nach mbeidh suantraithe dúchasacha á gcasadh againn dár leanaí níos mó? Agus na hamhráin ag dul i léig i saol an teaghlaigh, cé na traidisiúin, cén teanga agus cén críonnacht atá ag imeacht in éineacht leo? Geantraí an dara ceann a bheidh faoi chaibidil – ceol ceiliúrtha, fuinniúil agus faoisimh arna léiriú dúinn ag The Scratch agus Absolute Lilt. Ar deireadh, breathnófar ar an nGoltraí – ceol a chuireann briseadh croí in iúl. Casann John le Róis Fhear Manach, a dhéanfaidh iniúchadh ar thraidisiún caointe ársa na hÉireann, tráth a mbíodh na mná ag stiúradh an phobail chun briseadh croí an bháis a léiriú trí amhráin.
Beidh Eímear Noone, cumadóir as Gaillimh agus an chéad bhean a stiúir an cheolfhoireann ag na Academy Awards, i mbun léirithe freisin ar an gclár. Agus Eímear i mbun léirithe ar a saothar, Malach, Angel Messenger le Ceolfhoireann Coirme RTÉ, féachann sí siar ar an saothar a scríobh sí nuair a bhásaigh leanbh léi, agus í ag úsáid an cheoil chun céimeanna difriúla den bhriseadh croí a léiriú.
Sa dara clár a bheidh le craoladh Dé Domhnaigh an 9 Lúnasa, cuireann John chun bóthair go bhfaighidh sé amach faoin údar a bhfuil borradh faoi cheol tíre na hÉireann agus a bhfuil glúin nua de cheoltóirí ag filleadh arís ar an scéalaíocht, ar fhéiniúlacht agus ar áit le ciall a bhaint as Éirinn nua-aimseartha. Rianaíonn John turas cheol tíre na hÉireann ó lucht na mbailéad sna 1960idí agus 70idí go guthanna fuinniúla nua an lae inniu. Buaileann John leis an gcumadóir amhrán agus an léiritheoir Phil Coulter, an t-amhránaí is scríbhneoir Eleanor McEvoy, feiniméan an cheoil tíre nua-aimseartha Amble, amhránaí an cheoil tíre uirbigh Damien Dempsey, agus ealaíontóir ceoil hip hap ó Bhaile Átha Cliath KhakiKid.
Dírítear sa tríú clár a bheidh le craoladh Dé Domhnaigh an 16 Lúnasa ar amhráin ghrá na hÉireann. Ó Macushla an Chunta John McCormack go Mine le Orla Gartland, faigheann John amach faoi na scéalta atá taobh thiar de roinnt de na hamhráin ghrá is fearr le muintir na hÉireann agus féachann leis an gceist seo a fhreagairt – cén fáth a bhfuil siad chomh tábhachtach sin dúinn? Beidh na ceoltóirí Jack L, Orla Gartland, Mary Coughlan, John Spillane agus an scríbhneoir Pat McCabe páirteach sa gclár seo.
Dúirt an Láithreoir John Creedon, “Chuidigh an ceol linn i gcónaí ceangal a dhéanamh lenár dteaghlaigh, lenár gcomharsana agus linn féin. Tá rud éigin tábhachtach le cur in iúl ag na traidisiúin seo i gcónaí, agus baineann an tsraith seo le heolas a chur orthu arís.”
Beidh Creedon’s Musical Atlas of Ireland ar ais ar RTÉ One agus RTÉ Player ó Dé Domhnaigh an 2 Lúnasa ag 6.30pm.
-CRÍOCH-
Audrey Donohue, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ