Tugtar súil in athuair ar A Day in May ar na daoine agus na scéalta a bhain leis an reifreann stairiúil faoi chomhionannas pósta in Éirinn le haird ar an athrú a chuir toradh stairiúil na vótála ar shaol dhaoine faoi leith agus ar an tír. Le hábhar tuairimíochta agus machnaimh pearsanta, scrúdaítear an toradh leanúnach ar an reifreann deich mbliana dár gcionn. Cuireann Colin Murphy, iriseoir agus scríbhneoir, agallamh arís ar na daoine a chuir Charlie Bird, iriseoir, faoi agallamh sa bhliain 2015, tráth an reifrinn féin. Insíonn na daoine sin faoinar tharla ó shin agus a gcuid scéalta pearsanta féin mar chuid den phobal LADTA+ in Éirinn.
Féachtar sa chlár seo le léiriú a thabhairt ar an gcaoi ar tharla an reifreann a chur ar bun agus ar an athrú atá tagtha ó shin. Cuireann Colin roimhe tionchar an reifrinn ar na daoine céanna a ndearna Charlie Bird agallamh leo, agus ar a muintir, a léiriú. Tá daoine ina measc as gach cuid den tír a thráchtann ar a dtaithí féin ar shaol na hÉireann sna blianta a caitheadh, agus ar athruithe roimh an reifreann agus ó shin, comhrá bogchroíoch dáiríre san áireamh le daoine nach ligeadh faitíos dóibh a theacht i láthair ar a nádúr féin go hoscailte ar feadh blianta fada. Cloistear sa chlár freisin ó Ivana Bacik, Lynn Boylan agus Malcolm Byrne, chomh maithe le Colm O’Gormon, Frances Fitzgerald, an Dr Katherine Zappone agus daoine eile. Ag trácht dó ar an gclár faisnéise, deir Colin Murphy: “Sa bhliain 2015, thug Charlie sraith d’agallaimh iontacha chugam a bhí déanta aige maidir leis an reifreann agus scríobh mise dráma bunaithe orthu sin. Bhí súil aigesean go léireofaí an dráma arís deich mbliana tar éis am an reifrinn agus, nuair a rinneadh sin, shocraigh mise gur chóir filleadh arís ar na daoine a chuir seisean faoi agallamh go bhfeicfí cén t-athrú a bhí tagtha ar an saol acu. Thug mé faoi seo d’fhonn an reifreann a cheiliúradh, i gcuimhne ar Charlie, agus go bhfeicfí cén meon atá ag muintir na hÉireann inniu.” Beidh A Day in May le feiceáil Dé Céadaoin, an 12 Lúnasa ag 9.35 i.n. ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
-CRÍOCH-
Dáta: 11 Lúnasa 2026 Tuilleadh eolais:
Kate Smyth, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ