An Irish Atlantic Rainforest: Scéal faoi Fhoraois Bháistí Iarthar Chorcaí ar chósta Leithinis Bhéarra
Cuirfear tús leis an tsraith nua dhá chlár Dé Domhnaigh an 23 Lúnasa ag 6.30pm ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
Inseofar scéal Eoghan Daltun, a chruthaigh a fhoraois bháistí féin nuair a shocraigh sé seanfheirm ar chósta sceirdiúil Leithinis Bhéarra in iarthar Chorcaí a fhágáil faoin dúlra, in An Irish Atlantic Rainforest. Cuirfear tús leis an tsraith nua dhá chlár Dé Domhnaigh an 23 Lúnasa ag 6.30pm ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
Bunaithe ar an úrscéal sárdhíola den ainm céanna, is sraith faisnéise thumthach é An Irish Atlantic Rainforest ina dtugtar léargas ar shaothar Eoghan Daltun, gníomhaí aeráide atá ag iarraidh foraoisí darach dúchasacha na hÉireann a thabhairt slán i bhfianaise thionchar an athraithe aeráide feadh chósta thiar na hÉireann.
Shocraigh Eoghan, dealbhóir as Baile Átha Cliath, cúl a thabhairt do shaol na cathrach agus cur faoi ar fheirm thréigthe ar Leithinis Bhéarra, an pointe is faide siar ó dheas in Éirinn. Tá damáiste éiceolaíoch déanta don talamh ann: tá ró-innilt déanta air agus tá an t-uafás speiceas ionrach ag fás ann. Cén réiteach a bhí aige? Deis a thabhairt don dúlra teacht chuige féin. Mar thoradh ar an obair atá déanta aige, tá cuma agus atmaisféar na hÉireann mar a bhí sí na céadta bliain ó shin ar an gceantar anois, agus é faoi chúram Eoghain.
Is éard a dúirt Gary Lennon Gambit Pictures: “Bhí mé i mo shuí taobh amuigh de shiopa leabhar, mé ag ól caife agus ag léamh an pháipéir, nuair a chonaic mé léirmheas ar leabhar Eoghain. Bhí cuma iontach air, mar sin chuaigh mé isteach agus cheannaigh mé é. Léigh mé in aon iarraidh amháin é an oíche chéanna. Bhí an-spéis agam i scéal agus i saol Eoghain Ní fearacht leabhair agus scannáin eile na linne, seo bhí sé dearfach agus spreagúil. Tugadh le fios sa leabhar go bhféadfadh an duine aonair difear a dhéanamh. Fad a bhíomar i mbun scannánaíochta, rinne mé mo dhícheall an chaoi ar mhothaigh mé féin an chéad uair a shiúil mé isteach san fhoraois bháistí a chur in iúl don lucht féachana. Tá súil agam go dtabharfar léargas ar fhoraois bháistí leis an gcineamatagrafaíocht, leis an gceol agus leis na fuaimeanna. Is áit an-álainn í, níl áit dá leithéid feicthe in aon áit eile agam in Éirinn. Tá súil agam go mbeidh níos mó foraoisí báistí faoi bhláth amach anseo in Éirinn dá bharr.”
Cuirfear tús leis an tsraith dhá chuid An Irish Atlantic Rainforest Dé Domhnaigh an 23 Lúnasa ag 6.30pm ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
-CRÍOCH-
Nótaí d’Eagarthóirí: Rinne Coimisiún na Meán cómhaoiniú ar An Irish Atlantic Rainforest faoin scéim Fís & Fuaim agus trí chlár comhléirithe RTÉ in éineacht le ARTE. Chuir Coláiste na hOllscoile, Corcaigh tacaíocht ar fáil chun an tsraith a dhéanamh. Léiríodh an tsraith le cabhair ó dhreasachtaí do Thionscal Scannán na hÉireann arna gcur ar fáil ag Rialtas na hÉireann.