CLÁR NUA FAISNÉISE LE CRAOLADH AR RTÉ INA dTABHARFAR MIONLÉARGAS AR THEAGHLACH MÓR LE RÁ NA HEALY-RAES
CRAOLFAR THE HEALY-RAES: BLOOD, SWEAT & TEARS DÉ CÉADAOIN AN 19 LÚNASA AR RTÉ ONE AG 9:35PM
Craolfar clár faisnéise nua, The Healy-Raes: Blood, Sweat & Tears, oíche amárach ag 9:35pm ar RTÉ One agus ar RTÉ Player ina dtabharfar léargas ar an smacht polaitiúil atá ag teaghlach mór le rá na Healy-Raes i gCiarraí le 50 bliain anuas. Tabharfar léargas sa chlár nach bhfaightear rómhinic ar Michael agus ar Danny Healy-Rae, ón mbua a bhí acu in olltoghchán 2024 go dtí gur éirigh Michael as ina Aire Stáit in 2026, agus caithfear súil ghrinn ar a gcuid seifteanna polaitiúla, ar líne chomharbais an teaghlaigh, ar an líon ollmhór lucht tacaíochta atá acu, agus ar na réitigh ar leith atá acu ar cheisteanna áitiúla sa scannán.
Bhí rochtain nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ag an scannánóir Jerry Kennelly ó Local Story Films ar na deartháireacha Michael agus Danny Healy-Rae, ón mbua a bhí acu san olltoghchán in 2024 a bhuí leis an gcomhaontú vótála a rinne siad leis an Rialtas atá istigh faoi láthair, go dtí gur éirigh le Michael post a bhaint amach ina Aire Sóisearach den chéad uair in 2025 – post ar éirigh sé as, agus an t-achrann nimhneach a bhí eatarthu ina dhiaidh sin in 2026. Feicfear na Healy-Raes i mbun gnáthchúrsaí an tsaoil, ag feirmeoireacht agus i mbun a ngnóthaí éagsúla – agus cuirfidh an lucht féachana aithne ar daoine eile den teaghlach nach bhfuil aithne chomh mór céanna orthu, daoine a bheidh ag iarraidh iad féin a chur chun cinn amach anseo. Tabharfaidh cuid de lucht tacaíochta ollmhór mhuintir Healy-Rae, na hoibrithe deonacha a chuireann inneall polaitiúil na Healy-Raes ag obair, míniú ar an misean atá acu, agus gheofar léargas ar an gcaoi a réitítear ceisteanna áitiúla, “ar bhealach na gCiarraíoch”.
Taispeánfar agallamh teasaí a rinneadh le Michael Healy-Rae an 7 Meitheamh seo caite mar chuid den chlár faisnéise, inar chuir an scannánóir Jerry Kennelly brú air an dá uair ar athraigh sé a intinn go huile agus go hiomlán a mhíniú – d’iarr sé ar dtús air an uair nár thacaigh sé leis an Rialtas agus an uair ar cháin sé an Taoiseach Micheál Martin as an chaoi ar láimhseáil sé an ghéarchéim bhreosla a mhíniú, cé gur chuidigh sé féin leis an idirbheartaíocht ina leith – agus ansin, d’iarr sé air an t-údar ar chuir sé an milleán ar a dheartháir Danny as “é a bhrú thar bord” dhá mhí i ndiaidh dó éirí as a mhíniú.
Is éard a dúirt Michael Healy-Rae faoin achrann eatarthu, “Réitigh muid go breá le chéile riamh nó gur tharla an raic seo. Ar ndóigh, a Thiarna, do dheartháir is sine. Ní hé go bhfuil céad deartháir dá leithéid agat ná dada mar é. Ach nuair a bhaineann sé le bheith dea-chroíoch faoina bhfuil ar bun agat, bheadh imní orm faoina leithéid. Ach, mar atá a fhios agat, níl agat ach aon teaghlach amháin.”
Dúirt sé freisin, “Nílim ach ag cur an méid a tharla ar leataobh. Táim á chur go cúl mo chinn, mar sin é an chaoi ar múineadh dom déileáil le rudaí. Agus táim chun leanúint ar aghaidh. Ní bheidh mé ag breathnú siar, mar sin an uair a bhainfidh an méid atá os mo chomhair tuisle asam, agus ní ligfidh mé dó sin tarlú. Mar sin, ní bheidh mé ag déanamh mionscrúdú air seo as seo amach. Sin sin. Phléasc an liathróid, tá an cluiche sin thart, tá sé in am liathróid eile a fháil agus imeacht liom síos an pháirc léi. Tá sé chomh simplí leis sin.”
Cuirfidh Danny agus a chlann fásta díomá in iúl sa chlár faisnéise faoin gcaoi ar chuir Michael an milleán ar a dheartháir is sine faoi gur éirigh sé as an bpost ina Aire. Chuir a mhac Johnny síos ar achrann idir na Healy-Raes mar “chineál cairdis.”
Nuair a fiafraíodh de Danny Healy-Rae an raibh sé ina chogadh sa champa dúirt sé “ní fheicim aon bhuamaí nó aon diúracáin ná a leithéid. Táimid sách cóngarach dá chéile, ach, níl dada mar sin ag tarlú, a Jerry.”
Mhínigh Danny an scéal, “Tharla an méid a tharla sa Dáil mar gheall ar an olc agus an amhras atá ar dhaoine faoin rialtas seo, agus go deimhin faoin rialtas a bhí ann roimhe, le míonna agus fiú blianta anuas. “Ní raibh Micheál Martin ag éisteacht liom ar chor ar bith. Chuaigh mé siar cúpla mí ansin go dtí an uair ar chuir mé ceisteanna éagsúla air faoi reachtaíocht a bhí geallta, agus rinne sé ceap magaidh díom i ndáiríre, rinne sé straois i mo threo. “Ansin, nuair a thosaigh na hagóidí agus nuair a bhí daoine, tá a fhios agat, ag cur an mhilleáin ormsa, níor cheap mé gur fiú tacú leis an gceannaireacht a thuilleadh. “Bhí sé éasca cinneadh a dhéanamh ansin maidir le vóta a bhain leis an rialtas agus é faoi cheannasaíocht Mhicheál Martin. Is iad muintir Chiarraí a thogh mé. Agus má shocraíonn Micheál Martin ceap magaidh a dhéanamh den cheist a chuir mé thar ceann mhuintir Chiarraí, tá sé ag magadh faoi na daoine sin i gCiarraí a thug vóta dom. Agus sin é a rinne sé agus rinne sé cúpla uair é. Chuir sé sin isteach orm mar go raibh a fhios agam go gcuirfeadh sé isteach ar mhuintir Chiarraí. Bhí lagmhisneach ag teacht orm agus bhí mé ag éirí míshásta leo trí chéile mar nach raibh siad ag comhlíonadh a gcomhaontaithe.”
Déanfar cur síos ar óige Michael agus ar an múinteoir a chuidigh leis an ceann is fearr a fháil ar an disléicse. Cás neamhghnách a bhí ann, mar gur mhol Julie, máthair Michael, nach maireann, go bhféadfadh cairde dá cuid i Nua-Eabhrac Michael, a bhí deich mbliana d’aois ag an am, a uchtú go bunúsach, le go gcuirfí oideachas air ann agus go dtabharfadh úinéir saincheadúnais Pepsi-Cola post dó.
Is éard a dúirt Michael Healy-Rae, “Teipeann ar gach gairmréim pholaitiúil i ndeireadh an lae. Mar tarlaíonn ceann de thrí ní: cailltear thú, éiríonn tú as, nó ní thoghtar thú. Agus, i dáiríre, níl dada dearfach faoi cheachtar de na trí thoradh sin. Mar sin, titeann an tóin as gach uile gairmréim pholaitiúil ar deireadh thiar. Mar bíonn tú imithe agus ní bhíonn tú i mbéal an phobail níos mó.”
Craolfar The Healy-Raes Blood, Sweat & Tears ar RTÉ One agus ar RTÉ Player ag 9:35pm amárach, Dé Céadaoin an 19 Lúnasa.
-CRÍOCH-
Dáta: Dé Máirt, an 18 Lúnasa 2026 Tá breis eolais le fáil ó:
Rayna Connery, Ceannasaí Sinsearach Cumarsáide RTÉ | rayna.connery@rte.ie
Nótaí don Eagarthóir:
Is féidir grianghraif ardtaifigh a íoslódáil anseo: https://we.tl/t-SOszJcjguqwjM0oj Nasc féachana a bhfuil lánchosc air ar fáil ach é a iarraidh.
I measc na ndaoine a bheidh páirteach sa chlár tá:
- Michael Healy-Rae TD
- Danny Healy-Rae TD
- An Comhairleoir Jackie Healy-Rae (Mac Micheal)
- An Comhairleoir Maura Healy-Rae (Iníon Danny)
- An Comhairleoir Johnny Healy-Rae (Mac Danny)
- Aidan O’Connor, Príomhthuairisceoir le Kerry’s Eye
- Grace O’Sullivan, duine de lucht tacaíochta mhuintir Healy-Rae
- An tSiúr Regina Hickey, Iar-mhúinteoir scoile
- Bertie Ahern, Taoiseach na hÉireann ó 1994 go 2008
- Risteárd O’Lionáird, duine de lucht tacaíochta mhuintir Healy-Rae
- Donal Hickey, Iriseoir agus beathaisnéisí mhuintir Healy-Rae
- Terry Prone, Comhairleoir Cumarsáide
- Sean Egan, duine de lucht tacaíochta mhuintir Healy-Rae
- Pat Sheehy, othar catarachta
- Tony O’Gorman, duine de lucht tacaíochta mhuintir Healy-Rae
- Dan Kiely, duine de lucht tacaíochta mhuintir Healy-Rae
- Ivan Yates, An tAire Talmhaíochta ó 1994 go 1997
- Christina Finn, Eagarthóir Polaitíochta, The Journal.ie
- Vincent Browne, Iriseoir agus údar Nicholas Browne, duine de lucht tacaíochta mhuintir Healy-Rae
- Tim Brosnan, Úinéir The Handy Stores
- Katie O’Sullivan, duine de lucht tacaíochta mhuintir Healy-Rae