TROID STAIRIÚIL KATIE TAYLOR I bPÁIRC AN CHRÓCAIGH LE CRAOLADH AR RTÉ
Tabharfaidh Katie Taylor aghaidh ar an bhfáinne dornálaíochta Dé Sathairn an 5 Meán Fómhair chun Flora Pili a throid os comhair 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh. Trodaí mór le rá, ionad aitheanta agus ócáid mhór i spórt na hÉireann, ócáid nach ndéanfar dearmad go brách uirthi.
Tá mórtas ar RTÉ a fhógairt go bhfuil na cearta chun an troid a chraoladh saor in aisce ar RTÉ 2, ar RTÉ Player agus ar 2FM faighte ag Spórt RTÉ do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann. Chun clabhsúr a chur le samhradh iontach spóirt inar cuireadh clúdach leathan ar Chorn an Domhain, ar chluichí CLG agus ar Chraobhchomórtais Lúthchleasaíochta agus Snámha na hEorpa ar fáil, beidh RTÉ i bPáirc an Chrócaigh lena chinntiú go bhfaighidh an lucht féachana agus éisteachta deis sásamh a bhaint as an aicsean ar fad ón bhfáinne – gach dorn, gach smitín, gach nóiméad.
Is éard a dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ: “Bhí RTÉ ann nuair a chuir Katie tús lena gairm amaitéarach agus tá ríméad orainn a bheith ann nuair a thiocfaidh deireadh le gairm phroifisiúnta. Tá Katie ar dhuine de na laochra spóirt is iontaí in Éirinn, agus beidh sí amhlaidh go brách, agus is ceart agus is cóir go gcuirfeadh sí deireadh lena gairm chlúiteach i bPáirc an Chrócaigh, os comhair slua ollmhór sa staid agus os comhair lucht féachana agus éisteachta náisiúnta.”
I lár cheanncheathrú mór le rá an CLG a chosnóidh Katie a cuid teideal WBO, WBA, IBF agus Ring Magazine agus troidfidh sí chun Craobhchomórtas WBC Éadrom-mheáchan Trom – nach bhfuil ag aon duine faoi láthair – a bhaint amach i dtroid stairiúil in aghaidh Flora Pili na Fraince, trodaí nár buaileadh fós.
Beidh an dornálaí cáiliúil – a thug léi an bonn óir ag Cluichí Oilimpeacha Londan 2012 agus ar seaimpín í in dhá chatagóir meáchain (25-1 agus 6 KO) – ag filleadh ar a baile dúchais don ócáid seo, agus is cinnte gur oíche thar a bheith speisialta a bheidh ann agus í ag iarraidh a chinntiú nach mbeadh aon cheist faoi ach gurb ise seaimpín an domhain faoi thrí.
Ba i mí Iúil 1972 a reáchtáladh an ócáid dornálaíochta proifisiúnta deireanach i bPáirc an Chrócaigh; ba iad Muhammad Ali agus an dornálaí trom-mheáchain as Detroit, Al “Blue” Lewis a thug aghaidh ar a chéile sa troid cháiliúil sin, agus iad os comhair 17,000 duine.
I bhfíseán a cuireadh suas ar a cuntas Instagram le déanaí, dúirt Taylor go mbeadh troidte aici i bPáirc an Chrócaigh saor in aisce:
“Breathnaigh ar an saol atá agam agus ar na cuimhní cinn atá agam de bharr na dornálaíochta. Ní raibh uaim ach ardú céime a thabhairt don spórt agus tabhairt faoin spórt a raibh mo chroí istigh ann agus is é seo a thaitníonn liom a dhéanamh. Ba dhual dom a bheith i mo dhornálaí; bhí deis agam a bheith i mo phríomhdhornálaí sna hionaid mór le rá seo agus páirt a ghlacadh sna troideanna móra cáiliúla seo. An doras a oscailt don chéad ghlúin eile de dhornálaithe mná, sin an rud is tábhachtaí ar fad dar liom. Beidh mé buíoch fad a mhairfidh mé.”
Fógrófar tuilleadh sonraí faoi chlúdach RTÉ ar an troid is mó a throidfear riamh sa tír in am trátha.
-CRÍOCH-
Dáta: Dé Céadaoin, an 19 Lúnasa 2026
Tuilleadh eolais: Rayna Connery, Ceannasaí Sinsearach Cumarsáide RTÉ | rayna.connery@rte.ie
Nótaí don Eagarthóir: Ceannteideal an ghrianghraif: 5 Meitheamh 2026 – Katie Taylor ina seasamh i bPáirc an Chrócaigh i ndiaidh preasagallamh inar fógraíodh a troid do chraobh éadrom-mheáchan trom an domhain gan sárú in aghaidh Flora Pili, a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath an 5 Meán Fómhair. Grianghraf le Ramsey Cardy/Sportsfile