Caithfear súil ghrinn in Beat The Lotto ar an gcomhcheilg a bhí taobh thiar de scannal an Chrannchuir Náisiúnta sna 1980idí
An 24 Lúnasa 2026 ag 9:35pm ar RTÉ One agus RTÉ Player
An tsindeacáit a thriail an ceann is fearr a fháil ar an gCrannchur Náisiúnta agus í faoi stiúir an mhatamaiticeora as Corcaigh, Stefan Klincewicz, i dtús na 1990idí a bheidh faoi chaibidil in Beat The Lotto. Craolfar an clár faisnéise ar RTÉ One agus ar RTÉ Player Dé Luain an 24 Lúnasa ag 9:35pm.
Bhí an saol sách crua in Éirinn sna 1980idí, tráth ar cuireadh tús leis an gCrannchur Náisiúnta, agus cé nach raibh ann ach brionglóid d’fhormhór daoine airgead mór a bhuachan, sin é go díreach a bhí i gceist ag Stefan Klincewicz a dhéanamh. Chonaic sé go raibh fabht sa chóras agus thapaigh sé a dheis. Thug sé grúpa rógairí le chéile agus thriail siad gach uile teaglaim uimhreacha a d’fhéadfaí a chur le chéile a cheannach le súil an pota óir a thabhairt leo Nuair a tháinig an plean chun solais, ní raibh an pobal ar aon tuairim faoi agus fágadh faoin gCrannchur Náisiúnta é gach ní ab fhéidir leis a dhéanamh a dhéanamh chun stop a chur lena bplean.
Tabharfar léargas in Beat The Lotto ar rás in aghaidh an chloig, ar an gcoimhlint idir intinní géara, an éireodh leo an ceann is fearr a fháil ar an gcrannchur?
Faigh amach an chaoi ar éirigh lena bplean cliste san fhadscannán faisnéise a chraolfar ar RTÉ One agus RTÉ Player ag 9:35pm Dé Luain an 24 Lúnasa.
Is éard a dúirt an stiúrthóir Ross Whitaker, “Is éard a thaitníonn go mór liom faoin scéal seo ná go dtarraingíonn sé aird ar thréimhse chinniúnach in Éirinn ar bhealach an-siamsúil agus fíorshuimiúil. Scannán robála, scéinséir is ea é a bhfuil críoch ar leith leis. An éiríonn leo an crannchur a bhuachan nó nach n-éiríonn? Ach is faoi ghnéithe d’aigne mhuintir na hÉireann freisin é agus an chaoi a n-airíonn muid agus ar airigh muid faoi fhorais agus faoin bhfód a sheasamh i gcoinne an chórais.”
CRÍOCH
Tuilleadh eolais: Jade Carpenter, Ceannaire Cumarsáide RTÉ | Jade.carpenter@rte.ie
Íomhánna: https://we.tl/t-ZhKEmNscswYA2VQN
Nótaí d’Eagarthóirí:
Arna léiriú ag True Films i gcomhar le Fís Eireann
Arna léiriú le cabhair dreasachta maidir le Tionscal na Scannánaíochta in Éirinn arna chur ar fáil ag Rialtas na hÉireann.