Cuir aithne ar Bellie agus Whizz, dhá phuipéad a dheanfaidh an chaoi a mothaíonn páistí atá ar tí tús a chur leis an mbunscoil a phlé sa tsraith is déanaí uathu, Bellie and Whizz at Big School. Craolfar clár den tsraith gach lá na seachtaine ar RTÉ KIDSjr ag 9:55am, agus ansin arís ag 1:50pm ó Dé Luain, an 24 Lúnasa. Beidh boscra na sraithe ar fáil ar RTÉ Player i ndiaidh chraoladh an chéad chláir.
Pléifidh Bellie the Badger agus Whizz the Hare na nithe sin a chuireann isteach ar leanaí óga nuair a thosaíonn siad ar an ‘Scoil Mhór’, an imní a bhíonn orthu an chéad lá agus bualadh le cairde nua ina measc. Beidh leanaí ó gach cearn den tír i dteannta Bellie agus Whizz i ngach aon chlár agus tabharfaidh a gcairde, Fia Fox, Ruby Rabbit, Barry Beaver, Jimmy Rat, Martina Pine Martin agus Mrs Hedgehog cuairt orthu ó am go chéile.
Dírithe ar an lucht féachana óg atá Bellie and Whizz at Big School, lena thaispeáint dóibh gur féidir leo an ceann is fearr a fháil ar na mothúcháin sin a bhíonn acu sa seomra ranga, agus deis a bhaint as na dúshláin a bhíonn rompu ar bhealach spraíúil agus siamsúil. Beidh neart spraoi agus cluichí sna 12 chlár agus ár gcairde ag plé ábhair nua i ngach aon chlár. Le
cabhair ó leanaí na coille sa bhrocais, pléifear na ceisteanna go bríomhar agus go spraíúil. Ina dhiaidh sin, caithfear súil siar ar an méid a foghlaimíodh trí amhráin agus rainn.
Is iad na haisteoirí gutha agus puipéadóirí Ray Cuddihy (Séamus Goes Wild) agus Gráinne Bleasdale (Bluey as Gaeilge) a thabharfaidh na carachtair thaitneamhacha seo, a cruthaíodh go cúramach, chun fíre; a bhfuil pearsantachtaí geanúla acu ar furasta dáimh a bheith ag leanaí leo.
Craolfar Bellie and Whizz at Big School ar RTÉ KIDSjr ag 9:55am agus arís ag 13:50pm ó Dé Luain an 24 Lúnasa 2026.
CRÍOCH
Íomhánna: https://we.tl/t-NzN3w5TR9Syg7PyQ
Tuilleadh eolais: Jade Carpenter, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ | Jade.carpenter@rte.ie
Nótaí d’eagarthóirí:
GMarsh TV a léirigh Bellie and Whizz at Big School do RTÉjr i gcomhar le Coimisiún na Meán. Is i stiúideo Telegael, Gaillimh a ndearnadh taifeadadh ar an tsraith agus is é Egg Post Production, Baile Átha Cliath a láimhseáil an t-iarléiriú.