Craolfar We Only Want the Earth: The Life & Ideas of James Connolly Dé Céadaoin an 26 Lúnasa ar RTÉ One agus RTÉ Player ag 9.35pm
Craolfaidh RTÉ an clár faisnéise thar a bheith spéisiúil We Only Want the Earth: The Life & Ideas of James Connolly, faoi stiúir Alan Gilsenan, ina ndéanfar iniúchadh ar an ról a bhí ag James Connolly i ngluaiseacht na gceardchumann in Éirinn agus i bhFrithdhúnadh 1913; féachtar sa chlár le scéal Connolly a thabhairt chun solais arís agus le haird a tharraingt ar a fhís shóisialta thábhachtach cearta comhionanna a bhaint amach do chách.
Déanfaidh an t-aisteoir Terry O’Neill reacaireacht ar shaothar scríofa Connolly féin sa chlár, ina bhfiosrófar an t-údar nár baineadh an fhís a bhí ag Connolly d’Éirinn i dtús an 20ú haois amach in Éirinn an lae inniu fós. Tabharfar léargas nua sa chlár ar an ról a bhí aige in Éirí Amach na Cásca in 1916, agus ar Connolly féin trína shaothar agus trí ábhar cartlainne.
Chomh maith le go leor tráchtairí mór le rá, gníomhaithe ceardchumainn agus staraí, beidh míreanna cainte, amhráin agus dánta ó Christy Moore, Stephen Rea, an píobaire David Power, na hamhránaithe Eoghan Ó Ceannabháin agus Esosa Ighodaro, garmhac Connolly, James Connolly Heron, agus Tamsin Iona Connolly Heron, arb é Connolly a sinsinseanathair, mar chuid den chlár.
Fiosrófar smaointe agus éachtaí polaitiúla Connolly sa chlár i gcomhthéacs chearta na n-oibrithe, na bochtaineachta agus na héagothroime sóisialta in Éirinn.
Ag labhairt dó faoin gclár, dúirt an stiúrthóir Alan Gilsenan: “Bhíomar ag súil, agus an scannán seo á dhéanamh againn, go dtabharfaí cuid de scéal iontach James Connolly chun solais arís, agus go ngairfí a fhís shóisialta thábhachtach trí aird ar leith á tharraingt ar ábharthach na físe sin sa lá atá inniu ann, go háirithe agus an chosúlacht air go bhfuil an daonlathas féin i mbaol.”
Craolfar We Only Want the Earth: The Life & Ideas of James Connolly Dé Céadaoin an 26 Lúnasa ar RTÉ One agus RTÉ Player ag 9.35pm.
-CRÍOCH-
Kate Smyth, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ