Dé Máirt an 1 Meán Fómhair a thosóidh an tsraith nua ag 7pm ar RTÉ One agus ar RTÉ Player
Táthar sa tóir arís ar sheoda de thithe sa chlár Cheap Irish Homes atá ag filleadh go RTÉ. Tosóidh sraith a seacht Dé Máirt an 1 Meán Fómhair ag 7pm ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
Rachaidh Maggie Molloy agus an t-ailtire Tadhg Casey ar fud na tíre le súil teacht ar áiteanna cónaithe ar phraghas réasúnach agus cuidiú leis an té atá ag iarraidh ceannach an póitéinseal a bhaineann leo a thuiscint.
Ó theaichíní atá ligthe i ndearmad go seoda de thithe i lár bailte, tá Cheap Irish Homes lán le scéalta, comhairle phraiticiúil agus smaointe cruthaitheacha le súil is fuinneamh as an nua a chur i seantithe.
In éineacht, cuirfidh Maggie agus Tadhg comhairle ar lucht tóraíochta tí ag gach céim den bhealach ó theacht ar áit chónaithe, go dtí an obair atá le déanamh air agus cúrsaí airgid.
Sa tsraith seo, cuideoidh Maggie agus Tadhg le Marie teacht ar theach i Sligeach sula dtabharfaidh siad a n-aghaidh ar Luimneach chun castáil le Annette atá ag tóraíocht áit i dTiobraid Árann.
Fanfaidh Maggie agus Tadhg i dTiobraid Árann agus rachaidh go Cluain Meala chun bualadh le Dara agus as sin go Ceann Léime leo in éineacht le Suzanne as an Nás.
Tar éis beagnach deich mbliana a chaitheamh ag obair agus ag taisteal ar fud na hEorpa, tá Claire agus Peter ar ais in Éirinn agus iad ag súil bogadh amach as Baile Átha Cliath agus a dteach féin a cheannach. Rachaidh Maggie agus Tadhg ag tóraíocht san Iarmhí agus i gCeatharlach in éineacht le Nicola agus Noel as Co. na Mí chun teacht ar áit a dtabharfaidh siad an baile air i Loch Garman.
Craolfar Cheap Irish Homes gach Máirt ag 7pm ar RTÉ One ar RTÉ Player ón 1 Meán Fómhair.
-CRÍOCH-