AG TEACHT GO LUATH AR RTÉ
Agus RTÉ ag ceiliúradh 100 bliain i mbun craoltóireachta seirbhíse poiblí in Éirinn, táimid ag fógairt ábhar úr inniu nach bhfacthas riamh cheana agus muid ag fáil faoi réir le bheith ag freastal ar lucht féachana in Éirinn agus níos faide ó bhaile don dara céad. Ó seoladh 2RN in 1926, go seoladh Telefís Éireann, agus suas go dtí an lá atá inniu ann, tá RTÉ ag tabhairt léargas ar shaol an náisiúin, náisiún atá ag fás agus ag forbairt go leanúnach.
Tá an réimse drámaíochta is mó riamh againn anois (os cionn 160 uair), agus leanann RTÉ de bheith ina cheannródaí do mheán seirbhíse poiblí in Éirinn, le raon leathan cláracha faisnéise nua agus scéalta dírithe ar an duine; siamsaíocht úr Éireannach; ábhar grinn nua; cláracha spóirt saor ó tháille; soláthar nuachta agus cúrsaí reatha iontaofa; agus cláracha ealaíon agus cultúir a thugann léargas ar ár sochaí atá ag athrú de shíor. Mar an eagraíocht náisiúnta meán seirbhíse poiblí in Éirinn, tá RTÉ tiomanta i gcónaí ábhar sainiúil a thairiscint atá ina lón eolais, ina ábhar siamsaíochta agus ina cheiliúradh ar shaol na hÉireann i nGaeilge agus i mBéarla.
Buaicphointí
- Séasúr úrnua de The Traitors Ireland, agus Siobhán McSweeney ina láithreoir.
- Aip úrnua RTÉ Listen – ina dtabharfar deis d’éisteoirí fáil a bheith acu ar an ábhar beo is fearr agus atá ar fáil ar a éileamh ar na stáisiúin is fearr leo, chomh maith le réimse ollmhór podchraoltaí nua.
- Tá sraith nua de KIN ag teacht go luath, chomh maith le sraith nuacheaptha dhrámaíochta dorcha greannmhar Tall Tales & Murder atá scríofa ag cruthaitheoir Love/HateStuart Carolan agus cruthaithe i gcomhar le Chris Addison (Veep, Breeders, The Thick of It).
- Tá an tsraith dhrámaíochta nua Detective Savage lonnaithe ar chósta thiar na hÉireann ina bhfuil bleachtaire ón NYPD agus fiosrúchán dúnmharaithe ina chroílár.
- Beidh The Late Late Show ar ais agus Patrick Kielty ar an stiúir, clár ina gcuirfear fáilte roimh aíonna cáiliúla os comhair lucht féachana sa stiúideo agus ina ndéanfar plé ar scéalta móra na hÉireann.
- Cláracha grinn nua agus bunaidh le daoine a bhfuil seanaithne orthu chomh maith le réaltaí óga, ina measc Kevin and PJ Obsessed, Foul Play agus No Worries if Not, sraith nua de Hardy Bucks a mbíodh an-tóir ag lucht féachana orthu; séasúr grinn Storyland; agus What An Absolute Joke leis an mbean ghrinn Joanne McNally.
- Podchraoltaí bunaidh nua ina ndíreofar ar choirscéalta fírinneacha, scéalta mistéireacha gan réiteach, agus na himeachtaí spóirt is fearr in Éirinn, ina measc dhá shraith iniúchta nua RTÉ Documentary On One; podchraoladh spóirt laethúil á chur i láthair ag Ger Gilroy; Built Different le hiománaí iomráiteach de chuid na Gaillimhe Joe Canning, ina mbeidh agallaimh le lucht spóirt ardfheidhmíochta; Get My Mum a Boyfriend, seó cleamhnais ina mbíonn cúpla glúin ó theaghlaigh éagsúla sa tóir ar an ngrá, ar nós Blind Date ach le glórtheachtaireachtaí; Unsolved, podchraoladh seachtainiúil ar choirscéalta fírinneacha le Katja Mia agus Barry Cummins; agus Behind the Story, ina dtabharfaidh roinnt de na hiriseoirí is fearr in RTÉ agus a gcuid aíonna léargas domhain dúinn agus iad i mbun anailíse ar scéalta móra nuachta an lae.
- Sraith faisnéise nua Garron Noone – You’re Welcome America,ina leanfar Garron agus é ar a chéad thuras ar na Stáit Aontaithe ina dtabharfaidh sé a léargas dána féin ar thionchar na hÉireann ar chultúr Mheiriceá; Busted, sraith trí chlár ina dtabharfar léargas ar leith ar Gharda Cósta na hÉireann, an tSeirbhís Chustaim agus an tSeirbhís Chabhlaigh; agus How To Shop Well Now, sraith dhá chlár á cur i láthair ag Claire Brock, i gcomhluadar Sophie Morris, ina scrúdófar costas earraí grósaera, costais atá ag dul in airde i gcónaí.
- Agus é ceathracha bliain ó tháinig an chéad pháiste in Éirinn ar an saol le cabhair IVF, scrúdóidh RTÉ Investigates earnáil torthúlachta na hÉireann.
- Clár faisnéise ina ndéantar ceiliúradh ar 100 bliain RTÉ, RTÉ100: Points of View, agus sraith raidió agus podchraolta Sounding Ireland: Radio and the Making of Us.
- Craolfaidh Spórt RTÉ troid stairiúil Katie Taylor ag Páirc an Chrócaigh saor go haer do lucht féachana na hÉireann ar RTÉ 2, ar RTÉ Player, agus ar 2FM.
Is éard a dúirt Steve Carson, Stiúrthóir Ábhar Físeáin, RTÉ: “Is fada linn an tsraith uaillmhianach seo de chláracha ardchaighdeáin Éireannacha a chur os comhair lucht féachana agus éisteachta RTÉ – ina mbeidh níos mó drámaíochta bunaidh Gaeilge agus Béarla ná riamh, ina mbeidh béim as an nua ar ghreann agus ar réimse sárchláracha faisnéise, ar ábhar siamsaíochta den scoth, ar ábhar do leanaí, ar mhórimeachtaí spóirt, agus ar nuacht agus cúrsaí reatha iontaofa. Beag beann ar an seánra, cuireann an tsraith seo de chláracha leis an ábhar saibhir a chuireann na daoine cruthaitheacha is cumasaí sa tír ar fáil, idir réaltaí atá ag teacht chun cinn agus daoine atá seanbhunaithe san earnáil, bíodh siad os comhair an cheamara nó taobh thiar de.”
AG TEACHT GO LUATH: DRÁMAÍOCHT AR RTÉ
Tá an réimse drámaíochta is uaillmhianaí fós fógartha ag RTÉ i mbliana, agus 160 uair a chloig d’ábhar drámaíochta á léiriú faoi láthair nó leagtha amach lena chraoladh le linn 2026. Seo an soláthar drámaíochta is mó riamh atá á thairiscint ag RTÉ. Is léargas é sin ar thiomantas RTÉ tacú le scéalaíocht ónár muintir féin atá spreagúil agus misniúil do lucht féachana na hÉireann agus don lucht féachana idirnáisiúnta.
Tall Tales & Murder, an dráma nuacheaptha dorcha greannmhar ó Stuart Carolan, cruthaitheoir Love/Hate, a chruthaigh sé i gcomhar le Chris Addison a bhfuil gradam Emmy agus gradam de chuid Directors Guild of America gnóthaithe aige, á thaispeáint den chéad uair ar RTÉ One agus ar RTÉ Player Dé Domhnaigh an 27 Meán Fómhair ag 9.30pm. Is sraith sé chlár atá anseo ina bhfuil na haisteoirí Ella Lily Hyland, Aidan Gillen, Casey Walsh, Philippa Dunne, Brian Doherty, Aisling O’Sullivan agus Packy Lee páirteach. Déanta ar stíl nó múnla de chineál Bonnie agus Clyde ina bhfuil póilíní míchneasta, daoine á bhfuadach, daoine atá chun cinn i ndomhan na coireachta agus cruachásanna laochra agus bithiúnach neamhghnách agus scéalta i mbarr bata ón 8ú hAois faoi mhanaigh, lochlannaigh, taisce faoi cheilt agus fiú leabhar naofa ríluachmhar. Tá Tall Tales & Murder léirithe ag Avalon i gcomhar le Metropolitan Pictures atá lonnaithe in Éirinn do RTÉ agus do BBC Thuaisceart Éireann, i gcomhar le Fís Éireann. Tá an tsraith bunaithe ar an tsraith naoi gcinn de leabhair Dublin Trilogy le Caimh McDonnell.

Tá séasúr úrnua den dráma a bhfuil iliomad gradam buaite aige KIN ag teacht go luath ar RTÉ agus lucht féachana ag súil go mór cloisteáil mar atá ar éirigh le muintir Kinsella. I bpáirt Michael tá Charlie Cox, i bpáirt Amanda tá Clare Dunne, i bpáirt Jimmy tá Emmett J. Scanlan, is í Maria Doyle Kennedy Birdy, tá Sam Keeley i bpáirt Viking, Yasmin Seky i bpáirt Nikita agus tá Mark McKenna Jr. i bpáirt Anthony. Filleann Jack Meade i bpáirt Wayne Madigan agus Öykü Karayel i bpáirt Nuray Batuk. Ar na baill nua den chliar aisteoireachta tá Alex Deegan i bpáirt Shelley Dunne agus Diyar Bozkurt i bpáirt Aslan Batuk. Sa tríú séasúr seo feicfimid muintir Kinsella ag neartú a gcuid cumhachta, aird á thabhairt acu arís ar dhaoine a rinne feall orthu i bhfad siar agus feicfear coimhlintí ag dul chun donais dóibh féin. Tá an chosúlacht ann gurb é an teaghlach féin an bhagairt is mó don impireacht atá cruthaithe acu. Craolfar an tsraith nua in 2027. Is é Peter McKenna a chruthaigh KIN i gcomhar le Ciaran Donnelly. Is é Peter McKenna ceannléiritheoir an tséasúir. Léirithe ag David McLoughlin agus Samantha Thomas. Cuireann RTÉ, i gcomhar le BBC, Fifth Season agus Fís Éireann/Screen Ireland, léiriúchán de chuid Metropolitan Pictures agus House of Juno i láthair.
Beidh Fair City ar ais i mí Mheán Fómhair le neart eachtraí drámatúla, agus tá sraith úrnua den dráma nua Éireannach The Walsh Sisters i mbun a léirithe. Beidh sraith nua as a bpíosa Detective Savage á léiriú, sraith atá lonnaithe ar chósta thiar na hÉireann, ina mbeidh bleachtaire NYPD a bhfuil taithí na mblianta aici Nora Savage, atá tar éis sos gairme a ghlacadh, tarraingthe isteach i bhfiosrúchán dúnmharaithe gan choinne.
AG TEACHT GO LUATH: SIAMSAÍOCHT AR RTÉ
Craolfar an chéad chlár de The Traitors Ireland go hoifigiúil ar RTÉ One agus ar RTÉ Player Dé Domhnaigh an 30 Lúnasa. Is í Siobhán McSweeney a bheidh i bhfeighil Chaisleán Bhaile Shláine arís agus í ag cur fáilte roimh ghrúpa nua imreoirí isteach. Is é an fear grinn, aisteoir agus láithreoir Kevin McGahern a bheidh i bhfeighil The Traitors Ireland Uncloaked arís agus an clár seo ar an seó a mbeidh lucht leanúna ó cheann ceann na tíre ag féachaint air tar éis chraoladh an chláir féin. Tabharfar léargas níos doimhne ar an méid atá ar siúl i gCaisleán Bhaile Shláine do lucht leanúna The Traitors Ireland sa chlár The Traitors Ireland Uncloaked, clár a bheidh á thaifeadadh in RTÉ Luimneach ina ndéanfar gach clár den tsraith a chíoradh agus ar a mbeidh na himreoirí dúnmharaithe agus díbeartha.
Beidh Patrick Kielty ar ais i gcathaoir an láithreora do shéasúr úrnua de The Late Late Show agus craolfar an chéad chlár ar an 18 Meán Fómhair. Craolfar an Late Late Show beo ó Stiúideonna RTÉ oícheanta Aoine agus féadfaidh tú bheith i gcomhluadar Patrick agus é ag casadh le haíonna cáiliúla, os comhair lucht féachana sa stiúideo, agus é ag tabhairt cluas éisteachta do na scéalta is mó a tharraingíonn caint in Éirinn. Bhíodh an-tóir i gcónaí ar cheann de na hoícheanta is mó a mbíonn muintir na hÉireann ar siúl leis ar an teilifís – The Late Late Toy Show – clár lán le spleodar ina mbíonn an óige i gcroílár an chraolta d’oíche speisialta amháin sa bhliain.
Beidh Dancing with the Stars ag filleadh i mí Eanáir 2027 don deichiú séasúr faoi stiúir na láithreoirí Jennifer Zamparelli agus Doireann Garrihy agus beidh Doireann ar ais i ndiaidh saoire mháithreachais.
Is sraith úrnua é Donncha’s Away Games a bheidh á cur i láthair ag laoch rugbaí na hÉireann Donncha O’Callaghan. Rachaidh Donncha ar cuairt ar thíortha difriúla gach seachtain i gcomhluadar duine cáiliúil éagsúil agus tabharfaidh siad faoi chuid de na dúshláin is aistí, is craiceáilte agus is as an ngnáth ar domhan.
Beidh an cóitseálaí buacach Andrew Trimble ar ais don dara bliain i sraith nua de Ireland’s Fittest Family – cóitseálaí ar éirigh lena fhoireann an bua a fháil an chéad bhliain aige mar chóitseálaí – agus in éineacht leis beidh Davy Fitzgerald, Anna Geary, Donncha O’Callaghan, Michael Darragh MacAuley, agus Ellen Keane don tsraith is mó spleodair fós.
Beidh Tommy Tiernan ar ais sa suíochán te i mí Eanáir 2027 agus aíonna nua nach eol dósan roimh ré os a chomhair ar The Tommy Tiernan Show. Beidh sraith nua de The 2 Johnnies’ Late Night Lock-In ar an aer ina mbainfear tuilleadh gáire amach i gcomhluadar aíonna nach ndéanfar dearmad orthu agus ina mbeidh neart spraoi agus spóirt le Johnny B agus Johnny Smacks. Beidh sraith nua ann go luath freisin den chlár cleamhnais is fearr leis an náisiún First Dates, ina mbeidh daoine singil sa tóir ar an ngrá faoi gheasa Mateo, Pete, Alice agus Niall a chuirfidh fáilte mhór rompu chuig an mbialann ar leith seo, agus craolfar clár speisialta faoi Nollaig, First Dates Christmas Special, ina mbeidh draíocht na Nollag le brath. Beidh an clár tráthnóna is faide ar an bhfód in Éirinn agus is mó tóir The TODAY Show, ar ais agus neart féiríní i ndán dúinn.
Beidh tairiscint níos leithne ar RTÉ Player den ábhar ar éileamh don séasúr nua agus meascán láidir ann de na sraitheanna boscaí eisiacha, drámaíocht idirnáisiúnta mór le rá agus léiriúchán nua na hÉireann. I measc na mbuaicphointí beidh This City Is Ours, coirdhráma a bhfuil lucht féachana ag súil go mór leis chomh maith le réimse ollmhór sraitheanna a mbeidh an-tóir go deo orthu, ina measc Agatha Christie: Towards Zero; Reunion; A Remarkable Place to Die; Death Valley; The Lady; The Imposter; The Twisted Tale of Amanda Knox; agus séasúr nua den chlár grinn ardéilimh Colin From Accounts.
Beidh an coirdhráma cróga The Westies ag dul amach ar an Player freisin, sraith ina leanfar buíon coirpeach foréigneach de bhunú na hÉireann i gCathair Nua-Eabhrac sna 1980idí agus an aighneas leanúnach a bhí eatarthu agus Maifia na hIodáile. Beidh na drámaí úr-nua Tall Tales & Murder agus Detective Savage ar fáil ar an Player, chomh maith le cinn a cuireadh suas le déanaí These Sacred Vows, The Walsh Sisters, gach séasúr de chuid The Young Offenders, The Dry, agus SisterS, i measc cláracha eile.
Agus dóibh sin a mbeidh an-tóir acu ar The Traitors, beidh neart le feiceáil acu ar RTÉ Player. Chomh maith le teacht Shéasúr 1 de Celebrity Traitors UK níos déanaí i mbliana, féadfaidh lucht féachana lán na súl a thabhairt leo de The Traitors Ireland, The Traitors Ireland: Uncloaked; séasúir 1 go 3 de The Traitors US; séasúir 1 go 4 de The Traitors US; agus séasúir 1 agus 2 de The Traitors Australia.
AG TEACHT GO LUATH: GREANN AR RTÉ
Tá cláracha grinn ar leith agus úrnua ag teacht go luath ar RTÉ, agus tabharfar tacaíocht do dhaoine atá ag cur a gcosa fúthu san earnáil chomh maith le daoine cumasacha atá ar an bhfód agus aitheanta le fada an lá. An Nollag seo, ar an tsraith siamsaíochta grinn nua ó RTÉ Lab, Kevin and PJ Obsessed, beidh PJ Kirby agus Kevin Twomey, láithreoirí I’m Grand Mam, ag dul i measc na bpobal is paiseanta agus is uathúla in Éirinn agus tabharfaidh siad léargas dúinn ar na nithe a gcuireann siad spéis iontu.
Ar aon dul le jíons íseal agus peil Mhaigh Eo, tá an clár grinn de chuid RTÉ No Worries If Not ar ais leis na haíonna Emma Doran, Justine Stafford, Killian Sundermann, Seán Burke, agus Michael Fry. Beidh siad i gcomhluadar roinnt de na pearsa is mó le rá ó thaobh na fuirseoireachta, leithéidí Pat Shortt, Siobhán McSweeney chomh maith le dream nua cumasach atá ag treabhadh a ngort féin ina measc Rachel Galvo, Ally Ryan, Aoife Dunne agus go leor leor eile!

Tá sraith nua den chlár a mbíodh an-tóir ag lucht féachana air, Hardy Bucks, ag teacht go luath ar RTÉ, agus cé go bhfuil Craobh Peile na hÉireann buaite ar deireadh ag Maigh Eo níl gach duine i Maigh Eo ar mhuin na muice in 2026. Tá siad meánaosta anois ach níl an saol ina ribín réidh ná ina ruaille buaille ag na Hardy Bucks mar a cheap siad a bheadh. Tá praghas an phionta ag dul in airde i gcónaí agus níl sé tada níos fusa áit le fanacht a fháil. Ach tá boic óga sna sála acu ag aithris orthu agus mar sin tá neart diabhlaíochta ar siúl ag muintir Bhaile an Chaisleáin.
Is sraith grinn nua é Foul Play, ó Ross McCarney, Ryan Carrick, agus an fhoireann a bhí freagrach as Comedy Joe. Tá an tsraith seo dírithe ar chumann CLG i mbaile atá suite gar do Bhaile Átha Cliath. Agus san fhadscannán faisnéise What An Absolute Joke, tugtar léargas ar an saol mar atá agus ar an saol ar an stáitse a chaitheann an bhean ghrinn Joanne McNally. Tugtar léargas dúinn den saol gnóthach, an-bharrúil go deo atá aici ar an stáitse agus den stáitse agus an saol mórthimpeall tríd is tríd.
Tá Storyland ag díriú ar an ngreann an séasúr seo agus léargas á thabhairt ar chleachtóirí atá ag teacht chun cinn idir scríbhneoirí ábhar grinn agus scripte barrúil chomh maith le taibheoirí, léiritheoirí, stiúrthóirí agus eagarthóirí. Rachaidh Enya Martin i ngleic le bheith ina tuismitheoir gan choinne in Grounded (Enya Martin agus Ross Brown); déanfaidh oifigeach turasóireachta leathchraiceáilte iarracht a chur ina luí orainn eolas a chur ar Discover Wholeshore (Phil Taggart agus Michael McCullagh); agus craolfar clár grinn rómánsúil faoi ghrúpa méala ón scríbhneoir as Béal Feirste, Leesa Harker.
Is clár grinn píolótach é Reggie’s Farm a scríobh Pat Fitzpatrick agus ina bhfuil sé féin sa phríomhról, faoi Reggie, duine de lucht rachmais Bhóthar na Dúcharraig i gCorcaigh ach nach bhfuil leathphingin féin fágtha anois aige. Níl aon rogha aige ach dul ar a theitheadh go dtí feirm a mhuintire atá san áit is measa ar domhan: Iarthar Chorcaí. De réir mar a dhéanann Reggie a sheacht ndícheall a shaol a chur ar bhóthar a leasa arís, is iad muintir na háite agus a chuid díth céille féin is mó a chuireann isteach air.
Beidh Callan’s Kicks ar ais arís i mbliana agus Oliver Callan i mbun na sclamhairte is measa fós, tabharfaidh sé faoi 2026 é. Tháinig deireadh le triomach 75 bliana Mhaigh Eo agus cuireadh tús le ceiliúradh a mhairfidh níos faide ná Cath na Bóinne. Thug agóidí mhí an Aibreáin le fios nár theastaigh ach a bhfuil de tharracóir agus umar sciodair sa tír, agus cúpla ceapaire agus buataisí, a thabhairt chomh fada le Sráid Uí Chonaill chun athrú ar bith a chur i bhfeidhm. Idir t-aighneas a bhí idir na Healy-Raes agus an tAire Dlí agus Cirt ag ceapadh go raibh smacht aige ar an arm, go dtí Cogadh na hIaráine agus Príomh-Aire eile sa Bhreatain, tabharfar léargas in Callan Kicks the Year ar na hócáidí is aistí a tharla in Éirinn agus thar lear.
AG TEACHT GO LUATH: CLÁRACHA FÍORASACHA AGUS FAISNÉISE AR RTÉ
Beidh cláracha faisnéise ceannasacha agus tarraingteacha a rachaidh i bhfeidhm ar dhaoine ag teacht chuig RTÉ go luath, ina gcuirfear na scéalta is tábhachtaí do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann i láthair.
Tabharfar léargas ar leith ar Gharda Cósta na hÉireann, an tSeirbhís Chustaim agus an tSeirbhís Chabhlaigh sa tsraith trí chlár Busted, ina gcaithfear súil ghrinn ar chuid de na gabhálacha drugaí is mó riamh ó bunaíodh stát na hÉireann. Arna cur i láthair ag Brendan O’Connor, craolfar an tsraith faisnéise chumhachtach trí chlár Able freisin, ina dtabharfar léargas ar cheann de na dúshláin is mó a mbíonn ar dhaoine faoi mhíchumas aghaidh a thabhairt air: post a fháil. Seisear a bheidh faoi chaibidil sa tsraith agus iad ag déanamh a mbealaigh tríd an saol agus ag fáil léargas ar an láthair oibre. Tabharfaidh Brendan scéalta an tseisir chuig an scáileán ar bhealach croíúil, macánta agus lách, a thabharfaidh léargas nua agus tarraingteach ar na baic a bhíonn le sárú acu, ar na deiseanna atá á lorg acu agus ar an díocas a choinníonn ag imeacht iad.
Sraith faisnéise trí chlár is ea Garron Noone – You’re Welcome America, ina mbeifear i dteannta Garron Noone ar a chéad thuras go Meiriceá, agus é i gceist aige léargas a thabhairt ar an tionchar a bhí agus atá ag Éire ar Mheiriceá na linne seo, ó cheol agus scéalaíocht, bia, béaloideas agus áiteanna aitheanta. Tabharfaidh sé faoin misean leathdháiríre seo chun a “chruthú” gur go de bhunadh na hÉireann gach uile ní beo. Is léir gur go de bhunadh na hÉireann go leor.
As sin rachfar go dtí Ros Comáin chun ÚFÓnna a fhiosrú! Beidh an réalteolaí an Dr Eamonn Ansbro i dteannta mhuintir Mhainistir na Búille sa chlár The Lights Above the Lake chun na soilse aisteacha a scalann os cionn an bhaile a fhiosrú. Féachann siad leis an gcúis arb é an ceantar ciúin seo den tír is mó a bhfuil tarraingt ag na ÚFÓnna air a fháil amach.
Inseofar scéal neamhghnách an tOilimpeach Éireannach, Shane Ryan sa chlár Enhanced, faoin gcinneadh a rinne sé páirt a ghlacadh i gCluichí na Feidhmíochta Feabhsaithe — an chéad imeacht spóirt riamh a dtugtar cead do lúthchleasaithe drugaí a thógáil chun a bhfeidhmíocht a fheabhsú. Clár faisnéise nua uair an chloig is ea We Won a House ina n-inseofar scéal na ndaoine ar éirigh leo teach a bhuachan ar luach ticéid raifil, bunaithe ar an bhfeiniméan ‘Win-A-House’ a bhíonn ag Cumainn CLG agus ag carthanachtaí.
Craolfar clár faisnéise greannmhar, macánta agus tochtmhar leis an stiúrthóir agus léiritheoir a bhfuil gradaim buaite aige, Ross Whitaker, ina gcaithfear súil ar thaithí na “nuaÉireannach” i ndomhan na gruaigeadóireachta. Arna thaifeadadh i salóin ghruaige a dtéann custaiméirí dubha agus ar de bhunadh na hAifrice iad chucu den chuid is mó, beidh neart comhráití macánta idir gruagairí agus a gcuid cliant faoi ghruaig, féiniúlacht, muintearas agus faoin saol in Éirinn mar chuid den chlár.
Craolfar cláracha faisnéise eile freisin nach mór a fheiceáil ar RTÉ, ceann faoi aisdúichiú coirp Patrick Sarsfield go hÉirinn agus ceann faoi ghrianghrafadóir as Béal Feirste atá go domhain in arm na hÚcráine i gCív, mar aon le clár faisnéise faoin gcúis a bhfuil an oiread sin tóir ar cheoltóirí tíre ar nós Zach Bryan agus Luke Combs anseo in Éirinn.
Caithfidh Andrew Trimble súil ar shaol agus ar shaothar an údair CS Lewis sa chlár The Lion, the Witch, and the Ulsterman, fear a chaith a óige i mBéal Feirste agus a raibh an-ghean aige ar cheantar tuaithe Aontroma. Clár faisnéise is ea Divergent a scríobh Hannah Daly, bean néara-éagsúil, ina dtugtar léargas ar leith ar an saol mar atá sé ag daoine néara-éagsúla. Clár faisnéise faoi bhorradh agus faoi mheath an irisleabhair Magill is ea Magill, ceann de na foilseacháin is tábhachtaí agus mó a d’imir tionchar i nua-stair na hÉireann. Clár faisnéise aon uaire is ea Have You Never Heard of Bill Fuller? faoi Bill Fuller, fiontraí a rugadh i gCiarraí ar éirigh leis a bheith ar dhuine de na poiblitheoirí ceoil is cumhachtaí in Éirinn, sa Bhreatain agus i Meiriceá le linn na 1960idí agus na 197idí.
Beidh A Ring and a Prayer ar ais don dara sraith sé chlár ina dtabharfar léargas ar a tharlaíonn nuair a shocraíonn beirt a bhfuil cúlraí éagsúla cultúir acu pósadh. Beidh Louise Cantillon i mbun machnaimh ar lá a bainise féin agus ar a creidimh i dteach pobail álainn Caitliceach sa chlár Take Me To Church.
Caithfidh iarphaiteolaí stáit na hÉireann, an Dr Marie Cassidy, a súil ghrinn ar an uair deiridh a cuireadh daoine ar a dtriail as bheith i mbun asarlaíochta in Éirinn sa chlár faisnéise Dr Marie Cassidy Investigates: The Witch Trial of Islandmagee an fómhar seo. Sraith dhá chlár is ea Births, Deaths, and Crisis ina bhfiosróidh Miriam O’Callaghan an t-údar a bhfuil rátaí breithe ag titim sa tír agus an t-athrú atá ag teacht ar dhéimeagrafaic na tíre, a fhágann go bhfuil athrú ó bhonn á dhéanamh ar an tír. Sa chlár The Random Driving Test beidh PJ Gallagher ar bhóithre na hÉireann i gcomhluadar an t-iarthástálaí tiomána Brian Harnett. Cuirfidh siad an cheist ar gach duine a chastar dóibh – an gceapann siad go n-éireodh leo an tástáil tiomána a fháil anois sa chás go mbeadh orthu an tástáil a dhéanamh arís?

Is clár uair an chloig é Once Upon a Time on Television a bheidh á chur i láthair ag an bhfear grinn Kevin McGahern agus é ag féachaint ar an tráth sula raibh caint ar shruthú ná ar na meáin shóisialta, tráth arbh é an t-aon seans a bhí ag daoine cáil a bhaint amach ná bheith le feiceáil ar an teilifís. Tabharfar léargas in Ireland’s Side Hustle ar mar atá daoine faoin tuath in Éirinn ag tabhairt faoi nithe nua trí fhiontair mhangaireachta éagsúla, iad ag díriú isteach ar thograí a mbaineann siad sásamh astu agus iad ag baint luach saothair amach dóibh féin ag an am céanna.
Rachaidh James Patrice ag taisteal ó cheann ceann na tíre sa chlár What Makes A Man, é ag féachaint ar shaol na bhfear sa lá atá inniu ann, go háirithe agus an dearcadh faoin bhfearúlacht agus ról na bhfear sa lá atá inniu ann athraithe. Agus Dáithí Ó Sé ag déanamh ar an leathchéad, rachaidh sé ar bhriseadh bliana san Eoraip in Dáithí’s Gap Year ós rud é nach raibh deis aige é a dhéanamh agus é níos óige. Is mar strainséir fiosrach a thiocfaidh sé chuig áit agus casfaidh sé le muintir na hÉireann atá ag cur fúthu sna háiteanna éagsúla. Tabharfaidh sé faoi jab beag nó glacfaidh sé páirt i ngníomhaíochtaí éagsúla agus gheobhaidh sé amach faoi scéalta áitiúla aisteacha nó déanfaidh sé ceangal cultúrtha éigin le hÉirinn.
Beidh sraith úrnua de On the Beat ar ais in 2027. Gheobhaidh lucht féachana eolas ar nithe nach bhfeictear de ghnáth agus beifear níos gaire den aicsean ná riamh agus spléachadh acu ar ábhar nach bhfacthas cheana d’obair an Gharda Síochána agus na ndaoine sin a bhíonn ag maoirsiú an phobail ar fud na hÉireann. Tá an dara sraith de Any Given Day ar ais, sraith ina dtabharfar an lucht féachana isteach in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, áit a mbíonn scéal nua, dúshlán nua agus rás in aghaidh an chloig gach uile lá. Bíonn thart ar 800 othar cónaitheach ann gach uile lá agus téann thart ar 800 othar seachtrach eile agus os cionn 270 cás éigeandála trí na doirse gach uile lá.
Is sraith dhá chlár é How To Shop Well Now atá á cur i láthair ag Claire Brock i gcomhluadar Sophie Morris. Beidh siad ag breathnú ar an gcaoi a bhfuil praghas earraí grósaera ag dul in airde i gcónaí, fiosróidh siad an t-údar a bhfuil sé sin ag tarlú agus tabharfaidh siad moltaí ar an gcaoi le do chuid siopadóireachta a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí, iad a fháil ar phraghas níos fearr agus an chaoi le bheith níos cliste le do chuid airgid. Breathnófar sa tríú sraith de Futureville Ireland, a bheidh á cur i láthair ag Carla O’Brien agus ag an Dr Lollie Mancey ar an gcuma a bheidh ar an saol in Éirinn in 2050 ó thaobh oibre, caitheamh aimsire, cúrsaí spraoi agus bealaí maireachtála. Beidh sraith nua ag teacht go luath freisin de The Zoo, ina roinnfear scéalta den scoth faoi ainmhithe nua agus neart drámaíochta faoina mbíonn ag tarlú ag Zú Bhaile Átha Cliath.
AG TEACHT GO LUATH: TITHE CÓNAÍ AGUS SLITE MAIREACHTÁLA AR RTÉ
Leanfar leis an gcuardach do thithe inacmhainne agus an clár Cheap Irish Homes ar ais ar RTÉ. Sa tsraith nua seo tabharfaidh Maggie Molloy agus an t-ailtire Tadhg Casey faoi bhóithre na tíre ar thóir na seod atá i bhfolach ar an saol mór. Fillfidh an t-ailtire Dermot Bannon sa Bhliain Nua le sraith eile de Room to Improve agus é ag roinnt a fhís shainiúil féin le húinéirí raon leathan tithe. Beidh an suirbhéir cainníochta Claire Irwin ina theannta ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí buiséid. Beidh Dermot Bannon linn le sraith úrnua eile de Dermot Bannon’s Celebrity Super Spaces, sraith ina dtéann Dermot ar chamchuairt trí thithe cónaithe dhaoine cáiliúla. Beidh The Great House Revival ar ais an fómhar seo le dhá chlár speisialta. Tabharfar tús áite agus ómós do Hugh Wallace nach maireann agus déanfar ceiliúradh ar an méid atá déanta aige i dtaobh oidhreacht ailtireachta na hÉireann. Beidh Home Rescue: The Big Fix ar ais le sraith nua an fómhar seo ar RTÉ One leis an dearthóir Dee Coleman, an tógálaí Pete Finn, agus a bhfoireann oibre díograiseach. Beidh siad ag athdhearadh, ag leagan amach agus i mbun athchóiriú ar thithe a dteastaíonn sé go géar uathu. Beidh sraith nua glan den chlár croíúil DIY SOS – The Big Build Ireland ar ais i mbliana freisin. Stiúrfaidh Baz Ashmawy foireann d’oibrithe deonacha, fir agus mná ceirde, soláthróirí, comharsana agus cairde chun lámh chúnta a thabhairt do theaghlaigh atá i gcruachás. Beidh Harrison Gardner é féin ar ais le sraith nua de Build Your Own Home.
Beidh cláracha cócaireachta den scoth ag teacht go luath ar RTÉ. Beidh an cócaire Nico Reynolds ar ais ag an mbeárbaiciú le sraith úrnua de Fire & Flavour, sraith ina ndírítear ar chócaireacht a dhéantar sa samhradh. Roinnfear ualach leideanna faoin gcaoi le bheith i mbun beárbaiciú chomh maith le hoidis den scoth a chinnteoidh go mbeidh bia blasta ag gach bord sa samhradh. Sraith nua as an bpíosa é Donal’s Italian Kitchen ina mbeimid i gcomhluadar Donal Skehan agus é ag taisteal ar fud na hIodáile. Tabharfaidh sé cuairt ar na háiteanna, na daoine agus na béilte is ansa leis agus a raibh tionchar acu ar a chuid cócaireachta. Beidh cláracha speisialta cócaireachta faoi bhia na Nollag ar an aer i mí na Nollag, ina measc Clár speisialta faoi bhia na hÁise aimsir na Nollag le Eva Pau agus fillfidh Mark Moriarty: Cook Like a Chef at Christmas, ina dtabharfaidh Mark leideanna úsáideacha agus ina roinnfidh sé teicnící agus oidis shimplí chun nach mbeidh aon strus ort agus tú ag ullmhú bia aimsir na Nollag. Agus rachaidh Fabulous Festive Homes isteach i gcroílár na dtithe in Éirinn is mó a bhíonn feistithe don Nollaig.
AG TEACHT GO LUATH: NA CLÁRACHA IS MÓ TÓIR
Beidh Uncharted with Ray Goggins ar ais leis an tríú sraith sa Bhliain Nua agus Ray ag tabhairt beirt daoine cáiliúla i mbun eachtraíochta san fhiántas i ngach uile clár. Idir tírdhreacha dochreidte agus dúshláin thar a bheith crua, beidh siad faoi bhrú gan staonadh ó thaobh a sláinte fisiciúil agus a sláinte meabhrach agus iad ag iarraidh an méid is féidir leo a bhaint amach.
Fillfidh an tsraith coirscéalta fírinneacha The Case I Can’t Forget don chúigiú sraith. Sa tsraith seo beidh bleachtairí ag roinnt a gcuid eolais faoi na cásanna nach bhfuil siad in ann dearmad a dhéanamh orthu, blianta fada i ndiaidh na n-eachtraí féin agus comhaid na gcásanna dúnta le fada. Roinnfidh siad na nithe sna cásanna a bhain creathadh astu agus aon chasadh a tháinig sna scéalta le linn na bhfiosrúchán, chomh maith leis na rudaí a tharla a raibh tionchar acu ar na cásanna agus na scéalta nach ndéanfaidh siad dearmad go deo orthu.
Beidh High Road, Low Road é féin ar ais sa Bhliain Nua, lán le daoine cáiliúla agus iad ar bís agus iad á dtabhairt chuig áiteanna galánta mar Vársá sa Pholainn, Trentino san Iodáil, agus Kosice sa tSlóvaic. Beidh na cairde Oti Mabuse agus Dean McCullough chomh maith leis na ceoltóirí ceol tíre Claudia Buckley agus Michael English ina measc.
Beidh an séú séasúr de Keys to My Life ar an aer i mí Eanáir 2027. Sraith a bheidh á cur i láthair ag Brendan Courtney agus ina gcloisfidh muid scéalta beatha ochtar mór le rá, an t-aisteoir a fuair ainmniúchán BAFTA Philippa Dunne, réalta dhá shraith de chuid an BBC Motherland agus Amandaland, Sáriománaí agus laoch na Gaillimhe Joe Canning, agus an t-aisteoir Aisling O’Neill ina measc.
Beidh sraith nua de The Entrepreneurs le feiceáil ar RTÉ, ina ndéanfar ceiliúradh ar dhá dhuine dhéag idir fhir agus mhná a sháraigh deacrachtaí an tsaoil agus le díocas agus obair chrua a chruthaigh na mílte post. Beidh sraith eile den chlár The Money List ar ais á cur i láthair ag Baz Ashmawy, ina mbeidh dhá fhoireann de bheirt strainséirí in iomaíocht lena chéile in iarracht an bua a fháil. Beidh sraith nua de Crimecall ar ais i mí Mheán Fómhair ina mbeidh an láithreoir Carla O’Brien i gcomhluadar na nGardaí agus iad ag achainí ar an bpobal cúnamh a thabhairt chun réiteach a fháil ar fhiosrúcháin coiriúlachta mhóra. Beidh an tsraith gnóthaí tuaithe Ear to the Ground ar ais don 34ú séasúr, á láithriú ag Ella McSweeney, Darragh McCullagh, agus Stephen Robb. Sa tsraith At Your Service beidh an bheirt úinéir óstán mór le rá Francis agus John Brennan ag cur comhairle ar fáil agus ag tabhairt cúnamh do ghnólachtaí fáilteachais atá ag streachailt.
CÚRSAÍ EALAÍON AGUS CULTÚIR
Craolfar clár faisnéise ina ndéantar ceiliúradh ar 100 bliain RTÉ, RTÉ100: Points of View, agus caithfear súil siar ar theacht chun cinn an chraoltóra náisiúnta ó 1926, ó 2RN go Raidió Éireann go RTÉ an lae inniu. Beidh an tsraith raidió agus pochraolta Sounding Ireland: Radio and the Making of Us le cloisteáil tráthnónta Dé Domhnaigh i mí na Samhna ar RTÉ Radio 1, agus cloisfidh muid scéal an náisiúin agus an méid a bhí le rá againn le céad bliain. Sa tsraith agus sa leabhar lán léaráidí a théann léi, inseofar scéal raidió RTÉ ón gcéad chraoladh in 1926 agus as sin ag tabhairt léargas ar mar a d’éirigh leis an raidió féiniúlacht na tíre agus guth na ndaoine a roinnt leis an bpobal ó ghlúin go glúin. Eagrófar imeachtaí bunaithe ar an leabhar agus déanfar í a sheoladh i mBaile Átha Cliath i nDún Laoghaire.
Beidh imeachtaí beo ar siúl d’Oíche Chultúir 2026 Dé hAoine an 18 Meán Fómhair, ina mbeidh taispeántais agus imeachtaí éagsúla ar fud na tíre agus tabharfar léargas ar na gníomhaíochtaí fuinniúla agus éagsúlachta a bheidh á gcur i láthair ó cheann ceann na tíre. Beidh taispeántais beo ar RTÉ One, RTÉ Player, RTÉ Radio 1, RTÉ 2fm agus ar RTÉ lyric fm, agus tabharfar léargas ar an tallann dochreidte agus ar an gcruthaitheacht atá ann ar fud na hÉireann sa lá atá inniu ann.
Is é Oliver Callan a chuirfidh An Post Book Awards i láthair, lena ndéanfar ceiliúradh ag deireadh na bliana ar na leabhair is fearr agus is mó tóir in Éirinn in 2026. Craolfar clár speisialta beo Other Voices i mí na Samhna, chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 25 bliain ó cuireadh tús leis. Beidh an 8ú eagrán de RTÉ Radio 1 Folk Awards ar siúl Dé Máirt, an 10 Samhain 2026 in Vicar Street, Baile Átha Cliath agus is é John Creedon a bheith ina fhear an tí. Déantar ceiliúradh leis na Gradaim ar na nithe is fearr den cheol tíre in Éirinn, agus craolfar beo é ar RTÉ Radio 1 agus ar Aip RTÉ Radio Craolfar clár buaicphointí ar theilifís RTÉ.
Ag teacht go luath ar RTÉ Drama on One ar RTÉ Radio 1 tá réimse an-suimiúil clár ina n-insítear idir scéalta thar a bheith greannmhar agus scéalta thar a bheith dorcha nó tochtmhar. Sa dráma corraitheach Wake le Irene Kelleher, faoi stiúir Conall Morrison, cloiseann muid na smaointe a ritheann le bean óg ar thórramh a máthar, dráma corraitheach atá greannmhar ar a bhealach féin. Dírítear i Horace le John O’Donnell ar an gcarachtar Fidelma, a bhfuil bua faoi leith aici, agus foilsítear rún diamhair di agus í ag freastal ar sheisiúin comhairleoireachta do dhaoine a bhfuil méala ag cur as dóibh. Beidh cóiriú don raidió againn atá stiúrtha ag Joan Sheehy, ar an scéal In The Middle of The Fields, le Mary Lavin. Is cuimhní cinn le Gorretti Slavin atá in What’s The Bars, agus í ag smaoineamh siar ar a hóige le linn na coimhlinte i nDoire. Agus is dráma nua-scríofa é Saving Marnie, le Philip Davison, maidir leis an saol aonarach ag seanfhear atá le ligean amach as an ospidéal gan a fhios cad atá i ndán dó.
AG TEACHT GO LUATH: GAEILGE AR RTÉ
Ó na hamhráin atá le cloisteáil leis na cianta in Éirinn agus na glórtha nua atá ag athmhúnlú Éirinn mar atá, déanfar ceiliúradh an séasúr seo ar dhaoine, ar áiteanna agus ar na nithe a spreagann an saol in Éirinn go leanúnach. In Ceol le Chéile cloisfear ceol traidisiúnta agus ceol comhaimseartha agus ealaíontóirí seanbhunaithe na hÉireann ag obair i gcomhar le ceoltóirí ó chúlraí imirce agus cuirfear taispeántais thar a bheith cumhachtach i láthair ina mbainfear leas as an gceol le scéalta thar a bheith pearsanta a chur in iúl.
Fillfidh Aistear an Amhráin ar RTÉ One, sraith a bheidh á cur i láthair ag Garry Mac Donncha agus Sinéad Ní Churnáin. Sa tsraith seo scrúdófar na scéalta iontacha atá mar bhunús agus mar chúlra do chuid de na hamhráin is ansa le muintir na hÉireann, “The Auld Triangle” agus “Carrickfergus” ina measc. Craolfar Slán le Rang a 6 i mí Dheireadh Fómhair, agus cloisfear leanaí bunscoile i nGaelscoil Choláiste Mhuire i mBaile Átha Cliath agus iad sa bhliain dheiridh sa bhunscoil. Is de bhunú náisiúin éagsúla na leanaí seo ar fad agus tabharfar léargas ar an bpobal ilchultúir, ilteangach seo ó bhreis agus 20+ náisiún. Scéalta atá fíor, teaghlaigh lena dtaithí féin agus tabharfar léargas ar na nóiméid thábhachtacha ina saol. Déanfar ceiliúradh in Beidh Aonach Amárach ar dhaoine, ar scileanna, ar nósanna, ar easaontais agus ar phaisin na ndaoine a bhíonn ag seónna talmhaíochta ar fud na hÉireann. Bíonn 120 seó talmhaíochta ar siúl ina mbíonn teaghlaigh, feirmeoirí, dream ceirde agus pobail ag teacht le chéile agus tabharfar léargas ar na traidisiúin éagsúla agus ar thallann go leor.
Tá níos mó i gceist leis an bhféile Samhna is mó san Eoraip ná maisc, tinte ealaíne agus paráidí bríomhara – is scéal é faoi chathair a bhfuil athrú tagtha uirthi arís agus arís eile le hos cionn 40 bliain. In Samhain Dhoire – Scéal na Cathrach, téitear siar ar chlaochlú Dhoire trína hócáidí ceiliúrtha a chuidigh chun a chinntiú gur tháinig athrú ó bhonn ar an gcathair agus ar a féiniúlacht. Ag teacht do luath freisin beidh sraith nua de Tarrac na Farraige, sraith faisnéise eipice ina leantar scipéirí, úinéirí bád agus iascairí thar bhliain iomlán trí na farraigí móra agus na maidineacha suaimhneacha agus na dúshláin a bhíonn le sárú acu ó lá go lá lena chinntiú go n-éireoidh leo an t-iasc a thabhairt abhaile. Déanfar ceiliúradh i gclár faisnéise nua ar shaol agus ar ghairm Fionnula Flanagan, bean a labhair amach faoi chúrsaí polaitíochta agus file macánta. Agus tá clár faisnéise thar a bheith spéisiúil againn An Claddagh Hooker faoi athchóiriú cheann de na báid is cáiliúla atá ann.
AG TEACHT GO LUATH: SPÓRT AR RTÉ
Is séasúr thar a bheith gnóthach a bheidh ann maidir le spórt na hÉireann agus an spórt idirnáisiúnta. Is údar mórtais do RTÉ a fhógairt go gcraolfaidh Spórt RTÉ troid stairiúil Katie Taylor ag Páirc an Chrócaigh saor go haer do lucht féachana na hÉireann ar RTÉ 2, ar RTÉ Player, agus ar 2FM. Chun clabhsúr a chur le samhradh iontach spóirt ina raibh clúdach leathan déanta ar Chorn an Domhain agus ar chluichí CLG, beidh RTÉ i bPáirc an Chrócaigh lena chinntiú go bhfaighidh an lucht féachana agus éisteachta deis sásamh a bhaint as an aicsean ar fad ón bhfáinne – gach dorn, gach smitín, gach nóiméad.

An 10 Meán Fómhair an chéad lá den chraoladh beo ar feadh ceithre lá ar an Amgen Irish Open ón Trump International Golf Links i nDún Beag, Co. an Chláir áit a mbeidh an curaidh reatha Rory McIlroy i gcomhluadar Shane Lowry, Pádraig Harrington agus Séamus Power in éineacht le slua deas sárimreoirí idirnáisiúnta, Jon Rahm agus Luke Donald ina measc. I mí Dheireadh Fómhair tabharfaidh foireann ban sacair Phoblacht na hÉireann aghaidh ar an gCasacstáin in dhá chluiche réitigh chun cáiliú do Chorn an Domhain ón Eoraip.
Beidh UEFA Champions League ar ais do Shéasúr 2026/27, le cluichí beo tráthnóna Céadaoin i rith chéimeanna na gCluichí Cáilithe, na gCluichí Sraithe agus na mBabhtaí Díbeartha. Déanfar craoladh beo ar chluichí i gcomórtas FAI Cup na bhfear ar feadh an bhealaigh go n-imrítear an Cluiche Ceannais an 9 Samhain chomh maith le cluichí na bhfear i Sraith na Náisiún UEFA.
Maidir le rásaíocht capall, is le The Irish Champions Festival a chuirfear deireadh leis an séasúr ré-rásaíochta le dhá lá den aicsean is fearr i mBaile na Lobhar agus ar an gCurrach. Tiocfaidh athrú béime ina dhiaidh sin le rásaíocht léime ar Winter Racing Series RTÉ a thosóidh san Uaimh ar an 14 Samhain sula mbeidh rásaí ar an Domhnach as Baile Phúinse, Tigh na Sióg agus Corcaigh agus Féile mhór na Nollag as Baile na Lobhar. I mí Feabhra, beidh an chuid is fearr ar ais arís i mBaile na Lobhar san iomaíocht do dhuaiseanna Ghrád a hAon ag Dublin Racing Festival.
I mí na Nollag, beidh craobhchomórtas trastíre na hEorpa Spar European Cross Country Championships ag craoladh beo as Béalgrád. Ag na gradaim spóirt RTÉ Sport Awards i mí na Nollag, tiocfaidh réalta móra spórt na hÉireann le chéile do sheó beo ó Stiúideo 4 in RTÉ agus ceiliúradh á dhéanamh acu ar a gcuid éachtaí go léir.
Leanfar le craoladh RTÉ ar feadh na bliana ar fad ar chluichí CLG an fómhar seo le haicsean ó chluichí ceannais na gcontaetha agus na gcúigí i gCraobhchomórtais na gClubanna agus beidh cluichí Shraith Náisiúnta Allianz ar ais sa bhliain nua. Déanfar ceiliúradh ag deireadh na bliana den scoth sna Cluichí Gaelacha le bronnadh na ngradam do Sárpheileadóirí agus Sáriománaithe CLG. Beifear ar ais leis na cluichí rugbaí sna sé náisiún i Feabhra sa tsraith 2027 Men’s Six Nations agus clúdach beo againn ar RTÉ nuair a dhéanfaidh foireann Andy Farrell iarracht tús dearfach a chur le hiarrachtaí na hÉireann agus Corn an Domhain amach rompu níos deireanaí sa bhliain.
AG TEACHT GO LUATH: NUACHT AGUS CÚRSAÍ REATHA AR RTÉ
Leanann Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ ag cinntiú go bhfuil iriseoireacht neamhchlaonta á gcur ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge, 24 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ar aip nua RTÉ News agus feadh ár raon cuimsitheach príomhchláir laethúla agus seachtainiúla ar an raidió, ar an teilifís agus ar na podchraoltaí a mbíonn an-tóir orthu Behind the Stories agus Your Politics. Mar an fhoinse nuachta is mó a bhfuil muinín aisti in Éirinn, fanann RTÉ News dírithe ar an dúshlán atá ag dul i méid de bharr eolais bhréagaigh agus mhíthreoraigh ar líne, agus tá RTÉ Clarity tiomanta freisin an tionchar atá ag an athrú aeráide ar shaol gach uile dhuine againn agus atá ag scaipeadh i gcónaí a chlúdach.
Cuirfidh Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ anailís shaineolach ar fáil agus leanfaidh ag cur clúdach beo ar fáil ar na príomhimeachtaí agus Éire i mbun uachtaránacht ar an AE chomh maith leis an gcuairt a bhfuiltear ag súil léi ó Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ar Éirinn an mhí seo chugainn.
Leanfaidh foireann RTÉ Investigates, a bhfuil duaiseanna buaite aici, den chraoltóireacht seirbhíse poiblí is fearr a chur ar fáil i roinnt cláracha faisnéise nua agus macánta sa tsraith seo. Tá sé é ceathracha bliain ó tháinig an chéad pháiste in Éirinn ar an saol le cabhair IVF, scrúdóidh RTÉ Investigates earnáil torthúlachta na hÉireann. Tá borradh faoi earnáil na torthúlachta in Éirinn – tá clinicí torthúlachta le feiceáil i ngach cathair agus baile ar fud na tíre agus tá IVF atá á mhaoiniú go poiblí ar fáil anois den chéad uair riamh. Ach céard é lom na fírinne faoin gcóir leighis torthúlachta seo agus cé chomh maith agus a fhreastalaíonn córas torthúlachta na tíre ar na daoine aonair agus ar na lánúineacha sin a dteastaíonn sé uathu, ar minic iad i dtréimhse leochaileach dá saoil. Beidh RTÉ Investigates: Fertility Uncovered ar RTÉ One agus ar RTÉ Player an fómhar seo.
Cuirfidh foireann Prime Time tráchtaireacht mhionchúiseach ar fáil faoi na himeachtaí móra, Buiséad 2027 ina measc, agus déanfar cíoradh ar na príomhcheisteanna a théann i bhfeidhm ar Éirinn agus ar ghnáthshaol na ndaoine. Nochtfar ábhar imní nua atá ag teacht chun cinn faoi iompar míchuí sna seirbhísí sláinte, fiosrófar úsáid peiptídí i measc daoine óga agus scrúdófar an tionchar atá ag IS ar thionscal an cheoil.
Beidh láithreoir nua i dteannta Chathail Dowd ar news2day, iad beirt ag cur scéalta nuachta ar fáil do lucht féachana óg idir 6 agus 11 bliana d’aois RTÉ agus iad sa bhaile nó i seomraí ranga ar fud na tíre. Beidh Nationwide, sraith a bhfuil an-ghean ag cách air, ag roinnt na scéalta sin a thugann léargas ar a shaibhre agus ar a éagsúla atá an saol ar fud na tíre, ó chúrsaí oidhreachta agus nuálaíochta go cúrsaí pobail, cultúir, fiontraíochta agus timpeallachta agus inseofar scéalta na ndaoine sin atá ag múnlú Éire na linne seo freisin.
AG TEACHT GO LUATH: ÁBHAR DO LEANAÍ AR RTÉ
Beidh raon leathan sraitheanna nua agus spleodracha ar RTÉ KIDS agus ar RTÉ KIDSjr. Is comórtas bácála an-aisteach go deo an seó Cáca Cáca Boom Boom ina mbeidh an-bhéim ar chúrsaí eolaíochta. Is beag comórtas a bheidh ann i ndáiríre, ná bácáil, agus ní chuirfidh blas an cháca isteach ná amach orainn mar is lena bpléascadh atá siad. Is iad Tony Cantwell agus Meg Reilly a chuirfidh an seó i láthair agus beidh cliar iontach leanaí ó gach cearn den tír in éineacht leo.
Sa tsraith The Note, féachann Bree le gach rud a chur i gceart arís i ndiaidh di bob a bhualadh ar chailín ciúin atá díreach tar éis bogadh go dtí an eastát tithíochta gnóthach i mBaile Átha Cliath. Ní ghnáthfheirmeoir í Farmer Mo. Cailín beag 7 mbliana d’aois í atá i bhfeighil Ballymo Farm, feirm álainn faoin tuath nach bhfuil ach 3 riail ag baint léi, spraoi, spraoi agus tuilleadh spraoi. Beidh ár seanchara Pabló agus a chairde óna Leabhair ag dul ar scoil in Pablo Next Level áit a mbeidh siad ag smaoineamh ar bhealaí nua le tabhairt faoi rudaí agus ag cuimhneamh arís orthu féin.
Cuirfidh an fuirseoir Tony Cantwell an tsraith sé chlár chroíúil First Class Takes ar RTÉ KIDSjr i láthair, ina dtabharfar féith ghrinn Tony agus tuairimí greannmhara, ionraice agus tuisceanacha leanaí le chéile. Beidh Bellie and Whizz at Big School ar ais ar RTÉ KIDSjr, ach go mbeidh siad ag tabhairt aghaidh ar an eachtraíocht is iontaí fós: An Scoil Mhór! Bí i dteannta an dá phuipéad chroíúla don tsraith nua seo ina bpléifear na mothúcháin uile a bhaineann le tús a chur leis an mbunscoil. Craolfar an tríú sraith de The Unreal ar RTÉ KIDS. Cuirfear isteach ar shaol sona muintir Uí Cheallaigh nuair a thagann cárta poist ag bagairt a chur in iúl don saol mór gurb é an chaoi ar éalaigh siad as seansraith grinn teilifíse suite i rith na 1980idí. Craolfar Do Not Watch Alone ar RTÉ KIDS, sraith fantaisíochta ina bhfeictear múinteoirí marfacha cibeirge, coimhthígh fuilteacha thar pláinéad isteach a shúnn an inchinn as daoine, arrachtaí lofa i mbun níochán éadaigh agus torathair coille, scéalta do dhaoine óga ar scéal scanrúil ba mhaith leo, scéal spraíúil freisin agus b’fhéidir gan é chomh scanrúil sin uilig.
Beidh neart peataí, gáire agus rírá agus ruaille buaille in The Big Pet Project a bheidh ar ais i mí na Samhna. Ceiliúradh atá sa tsraith spórtúil RTÉ Kids don teaghlach ar chuid de na peataí is iontaí sa tír agus ar na daoine a bhfuil grá acu dóibh. Is iad Demi Isaac Oviawe (láirtheoir de chuid RTÉ 2FM ) agus an YouTubaire Adam B (Bro’s in Control) a chuirfidh an tsraith i láthair.
Beidh an tsraith MaeBee í féin ar RTÉ KIDSjr i mí na Samhna, sraith álainn atá suite sa Ghairdín Glas, domhan ina bhfuil go leor neacha draíochta ag cur fúthu ach iad uile ag réiteach go maith le chéile… an chuid is mó den am. I gcroílár an scéil tá Mae, lucharachán óg a thabharfadh rud ar bith ar bheith MÓR. Sa tsraith Fia’s Fairies: Ceol le Cairde inseofar tuilleadh faoi dhomhan álainn Fia’s Fairies. Deich n-amhrán bhríomhara Ghaeilge a bhfuil míreanna beochana curtha leo a bheidh faoi chaibidil sa tsraith seo, amhráin a chuirfidh fonn amhránaíochta agus damhsa ar leanaí óga! Áit draíochta is ea Luna lives in Dreamland, áit a dtéann brionglóidí leanaí, bíodh siad maith nó olc. Féachann Luna agus a cairde le cúnamh a thabhairt uair ar bith a dtagann tromluí go dtí an Choill Draíochta.
Beidh roinnt Podchraoltaí iontacha ar RTÉ KIDS agus RTÉ KIDSjr freisin. Is faoi Max, buachaill óg 8 mbliana d’aois, agus a mhadra speisialta Rosie a bhfuil bua na cainte aici Life on the Farm with Max and Rosie. Rachaidh siad i mbun eachtraíochta ar an bhfeirm gach lá agus tabharfaidh siad aghaidh ar gach ábhar imní a bhíonn ar leanaí le linn a n-óige. Beidh an tsraith fuaime agus podchraoladh idir-réaltach Galaxy Fest, ar ais don dara sraith. Féachann an múinteoir caolaigeanta, an tOllamh Nero (Hugh Cooney) le hoiliúint a chur ar thriúr daltaí ar leith faoin oileán miotasach Mrunglody, oileán nach féidir d’aird a dhíriú ar a dhath ar bith sa tsraith Nero’s Class. Podchraoladh ina dírítear ar chúrsaí eolaíochta agus ina gcuirtear ceisteanna aisteacha is ea Let’s Dive In arna chur i láthair ag Julie agus Phil. Craolfar le linn Sheachtain na hEolaíochta é. Freagrófar ceisteanna móra an tsaoil agus na cruinne agus gheofar an chaoi a n-oibríonn rudaí amach trí thurgnaimh a dhéanamh agus trí labhairt le saineolaithe. Podchraoladh ar choirscéalta fírinneacha is ea Cereal atá oiriúnach don teaghlach ar fad, ina bhfiosróidh triúr déagóirí na rúin aisteacha agus ghreannmhara a bhaineann leis na háiteanna is neamhghnáiche. Sraith fuaime deas séimh do pháistí is ea Kozie Moles 2 faoi theaghlach caochán – Sam, Nana, Daid agus Cubby – agus iad ag taisteal agus ag tógáil baile deas te, sábháilte dóibh féin in áit nua gach lá.
-CRÍOCH-