skip to main content

An Taobh Tuathail le Cian Ó Cíobháin ag comóradh chúig mbliana fichead ar an aer

Beidh An Taobh Tuathail (ATT), clár ceoil éagsúil le RTÉ Raidio na Gaeltachta, á láithriú ag Cian Ó Cíobháin, chúig mbliana fichead ar an aer i mí Bealtaine 2024. Tá an seó cailiúil, ar ghlaoigh Gruff Rhys ó Super Furry Animals “one of the most radical radio shows in the world” air in agallamh san Irish Times, á chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Lá Bealtaine 1999.

Beidh craoladh comóradh ceathrú céid ATT le clos ón Luan 29ú Aibreán go dtí an Aoine an 3ú Bealtaine le ceol nua le clos ar feadh na seachtaine nár h-eisíodh roimhe seo agus ná raibh ar clos lasmuigh de na háiteanna ina deineadh na taifid, le ceoltóirí atá molta sa bhaile agus i gcéin, leithéidí Peter Gordon, Works Of Intent, Dian Cécht, Blamhaus, Elliot Adamson, The Shen, Meljoann, Man Power, Junk Drawer agus Ambient Babestation Meltdown + Borai.

Chomh maith leis an gceilliúradh ar an aer, beidh Cian ag cur i láthair cóisir speisialta Disco Dána i gclub oíche Cuba sa Ghaillimh ar an Satharn 4ú Bealtaine. Dóirse oscailte ag a deich. Ticéid ar fáil ar Eventbrite.

Deir láithritheoir ATT, an craoltóir agus an ceirneoir (DJ) Cian Ó Cíobháin, Ciarraíoch ná fuil mallaithe, go raibh an raidió le clos ar fud an tí sa bhaile aige ó saolaíodh é. “Sar a raibh aon teilifís sa tigh ní raibh aon chaitheamh aimsire eile againn ach an raidio, é casta anáirde sa chistin ó mhaidean go hoíche. Do bhí m’athair, Seán Ó Cíobháin, ag obair le RTÉ Raidio na Gaeltachta agus bhí sé ar dhuine de na chéad iriseoirí in Éirinn a chuaigh i mbun nuacht áitiúil a chur i láthair ar an raidió. Ba bhreá liom uaireannta a thugadh sé go dtí an stuideo mé le linn m’óige, agus tá na cuimhní geala agam ar é a bheith ag cur agallaimh ar leithéidí Dolores O’Riordan ó na Cranberries agus an t-iar Thaoiseach Charles Haughey.”

“Níos déanaí agus mé ar ollscoil sa Ghaillimh i 1993, bhíos i láthair ag an gcéad chruinniú riamh a bhí ag Radio Soc go raibh sé mar aidhm acu stáisiún raidio a bhunú ar champas an choláiste. Tar éis dóibh mórán dua agus mórán foighne a chaitheamh leis an gcúram bunaíodh an staisiún – Flirt FM – agus tá sé ann fós. Bhíos féin ag bailiú ceoil le deich mbliana roimhe sin agus bhí bailiúchán cuíosach maith agam. Ní raibh uaim ach seans a fháil chun an méid ceoil a bhí agam a roinnt le daoine eile agus is ar Flirt FM a fuaireas an deis chun mo chéad cláracha ceoil raidió a chur i láthair.”

Nuair a d’fhág Cian an ollscoil d’oibrigh sé go sealadach i stiúidió RTÉ RnaG i gCasla, Conamara mar chraoltóir leanúnachais agus ag léamh faisnéisí aimsire. Thagadh críoch le craoladh an tráthnóna timpeall a h-ocht a chlog an uair úd, ach go luath sa bhliain 1999, fógraíodh go gcuirfí uaireannta a’ chloig breise le craoladh na hoíche. Ní raibh ó Chian ach gaoth an fhocail chun a chur ina luí ar a fhostóirí go mbeadh ar a chumas clár fónta ceoil oíche a chur i láthair. Chuir sé fiche leathanach do na moltaí a bhí aige i láthair na mbainisteoirí. Do bhíodar san sásta leis na moltaí agus b’in sin.

“Ba mhór an rud é ag an am úd éisteacht le ceol leictreonach nua-aimseartha ar RTÉ RnaG, “ arsa Cian, “áit na cloistí go dtí san ach ceol Gaelach traidisiúnta nó amhráin agus ceol tíre. Ba mhór an léim é dul ó éisteacht le amhránaithe ar an sean nós go dtí éisteacht le techno”.

Chomh maith le bheith ag cur An Taobh Tuathail i láthair, tá deich mbliana fichead caite ag Cian ÓCíobháin mar cheirneoir. Chuir lucht rince aithne air trína chlub 110th Street tráth, inar thug sé cuirí chun seinnte do Andrew Weatherall, Erol Alkan, Soulwax, Optimo agus daoine nach iad. Ó cuireadh deire leis an gcosc a bhain leis an ngalar Covid, tá sé ag cur oícheanta cheoil i láthair fén dteideal Disco Dána in áiteanna in Éirinn agus bíonn sé le clos ag casadh na gceirníní ag féiltí.

Ó shoin ar aghaidh tá cáil ar an gclár mar shár chlár ceoil oíche do shaineolaithe nua cheoil in Éirinn agus ar fud na cruinne. Tá an méid sin tárlaithe go mór mhór toisc go bhfuil saoirse ag an láithreoir a rogha féin ceoil fónta a chur i láthair, an ceol is fearr leis féin seachas é a bheith curtha fé gheasa ag na seinnliostaí a bhíonn rialaithe ag furmhór na stáisiúin raidio tráchtála. Is mó ceoltóir agus banna a casadh ar ATT don gcéad uair, sara rabhdar le clos in áiteanna eile.

Mar seo a cuireadh síos air ar an suíomh The Quietus, suíomh ceoil i Sasana: “It’s an obvious and lazy comparison to call presenter Cian Ó Cíobháin the Irish John Peel, but his laid back manner, combined with the eclectic and astonishing mix of sounds played on the programme, make him more worthy of the mantle than any other DJ I’m aware of in Britain or elsewhere today.” Bhí an méid seo le rá faoi ATT ag an Irish Independent: “one of the finest music shows ever produced on any station” agus chuir údar Dance Your Way Home, Emma Warren, an clár i gcomparáid le cláracha NTS faoi stiúir Andrew Weatherall. Le déanaí, ina colún sa nuachtán The Observer, mhol Miranda Sawyer an clár go dtí na h-árda: “ATT is an aural feast… An absolute treasure trove”.

Is dóigh leis an gCíobhánach go mhair an clár le chúig mbliana fichead toisc go bhfuil muinín ag daoine as. Toisc éisteoirí a bheith chomh gnóthach, creideann sé go gcaitheann siad muinín a bheith acu go ndéanfaidh duine paiseanta tochailt ar a son chun teacht ar phlúr an cheoil. Tá sé féin fiosrach i gcónaí agus tá suim diongbháilte aige i gceolta na cruinne. “Tá éirithe leis an seó go dtí seo mar nár tháinig aon laighdú sa dúil atá agam ceol nua a aimsiú,” ar sé. “Dúirt éisteoir liom gur cheap sí gur fíor sheirbhís craolta poiblí do dhaoine gur dúil leo ceol atá ann. Is údar bróid dom an méid sin a chlos.”

Tá cartlann cláracha le níos mó ná deich mbliana, chomh maith le liostaí craolta agus sruthú fuaime ar fáil anseo.

 


Léargas tugtha sa chlár faisnéise Murder of a GAA Chairman ar na ceisteanna nár freagraíodh a bhí ag teaghlach Sean Brown agus an dáta a achtófar Acht Oidhreachta na dTrioblóidí ag teannadh linn

RTÉ One agus an RTÉ Player, Dé Luain an 22 Aibreán ag 9:35pm.

Maraíodh Seán Brown, cathaoirleach Chumann CLG Wolfe Tones Bhaile Eachaidh a raibh ardmheas air, ar an 12 Bealtaine 1997 i gceantar beag tuaithe i nDeisceart Dhoire mar gheall ar ghníomh brúidiúil foréigin a bhain preab as an bpobal ar fad. Rinne comhaltaí d’Óglaigh na nDílseoirí (Loyalist Volunteer Force) luíochán roimh Sheán Brown ag 11:25pm nuair a bhí geataí na páirce traenála á gcur faoi ghlas aige. Fuadaíodh é, buaileadh é agus caitheadh sa chloigeann sé huaire é. Fuarthas é in aice lena charr a bhí trí thine an mhaidin dár gcionn i mBaile Raghnaill, Co. Aontroma. Theith déantóirí na coire ón láthair, dream a raibh slad uafásach déanta acu a d’fhágfadh a lorg ar an bpobal sin go ceann deicheanna de bhlianta ina dhiaidh sin.

Laistigh de dhá lá ó dhúnmharú Seán Brown, dúirt Constáblacht Ríoga Uladh go raibh Óglaigh na nDílseoirí freagrach as an dúnmharú. Ach anois agus beagnach tríocha bliain caite, níl aon duine cúisithe.

Tá cáineadh ollmhór déanta ar thabhairt isteach an Achta um Oidhreacht na dTrioblóidí, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine, ag teaghlaigh na n-íospartach, agus chuir Rialtas na hÉireann, an tAontas Eorpach, na Náisiúin Aontaithe agus príomhpháirtithe uile an Tuaiscirt ina choinne.

Áirítear ar ghnéithe de na dlíthe foirm theoranta dhíolúine ó ionchúiseamh maidir le cionta a bhaineann leis na Trioblóidí do dhaoine a chomhoibríonn leis an gCoimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Aisghabháil Faisnéise.

Agus sprioc-am an Achta um Oidhreacht na dTrioblóidí ag teannadh linn, déantar taifead in Murder of a GAA Chairman ar aistear mhuintir Brown agus iad ag iarraidh éagóir dhúnmharú a n-athar, a fir chéile agus a seanathar, Sean Brown, a chur ina cheart.

D’fhógair Rialtas na Ríochta Aontaithe ar an 11 Aibreán go mbeadh sé ag tógáil cás dlí in aghaidh an ionchoisne faoi bhás Sean Brown. Cé go bhfuil fiosrúchán poiblí iarrtha ag an gcróinéir maidir le bás Sean, tá sé roghnaithe ag rialtas na Ríochta Aontaithe dúshlán a thabhairt do chinneadh an Chróinéara faoi eolas a thabhairt don teaghlach inar aithníodh 25 duine a raibh amhras fúthu faoin dúnmharú agus inar tugadh le fios gur Gníomhairí Stáit a bhí i roinnt de na daoine sin a raibh amhras fúthu.

Bhain bás Sean corraí as gach cumann CLG in Éirinn. Bhí a sheanchara, Seamus Heaney, croíbhriste. Nuair a chuala sé an scéal, sheol sé facs chuig an Irish News chun dea-thoil agus macántacht Sean Brown a dhéanamh soiléir. Bliain roimhe sin, roinn Heaney an stáitse le Sean ag imeacht trasphobail a bhí eagraithe ag Brown sa chumann chun duais Nobel an fhile a cheiliúradh.

Beagnach tríocha bliain níos déanaí, níl siad tagtha chucu féin ón méid a d’fhulaing siad mar gheall ar bhás anabaí Sean. Cé go bhfuil na deicheanna de bhlianta caite ag muintir Sean i mbun feachtasaíochta, níl aon duine tugtha chun cuntais faoin gcoir seo, ach mar sin féin, tá lochtanna i bhfiosrúchán na bpóilíní nochta. Scrúdaítear i Murder of a GAA Chairman an fiosrúchán a rinneadh ar dhúnmharú Sean Brown agus ar an tslí a bhfuil muintir Brown fágtha ag streachailt le ceisteanna nár freagraíodh go fóill.

Féach ar Murder of a GAA Chairman Dé Luain an 22 Aibreán ag 9:35pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.


FÓGARTHA AG NUACHT RTÉ GO BHFUIL SAMANTHA LIBRERI CEAPTHA INA COMHFHREAGRAÍ NUA DON OIRTHEAR

Cúis áthais do Nuacht RTÉ a fhógairt go bhfuil Samantha Libreri, iriseoir RTÉ, ceaptha sa phost Comhfhreagraí don Oirthear. Beidh Samantha ag tuairisciú agus ag tabhairt anailíse ar fud ardáin Nuacht RTÉ ar chúrsaí sóisialta, eacnamaíochta, cultúir agus forbairtí polaitíochta maidir le gach gné den saol i réigiún an Oirthir lena n-áirítear Baile Átha Cliath ar fad, cuid d’oirthear na Mí, tuaisceart agus oirthear Chill Dara agus tuaisceart Chill Mhantáin.

Thosaigh Samantha Libreri i Seomra Nuachta RTÉ i mí na Samhna 2000 agus fostaíodh ar dtús í ina teachtaire fad is a bhí sí ag déanamh staidéir ar Bhéarla agus ar an tSocheolaíocht i UCD. Bhí sí ina saoririseoir raidió agus teilifíse ina dhiaidh sin do RTÉ fad is a bhí sí ag obair ina hEagarthóir ar nuachtán mic léinn is mó na hÉireann, The University Observer i UCD. Ceapadh ina hiriseoir lánaimseartha í le Nuacht RTÉ in 2005 agus le linn a gairme ina tuairisceoir, gairm a théann siar scór bliain, tá na céadta scéalta nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta, imeachtaí móra agus toghcháin clúdaithe aici don teilifíse, raidió agus ar líne. Tá roinnt de phríomhchláir raidió RTÉ curtha i láthair aici freisin, Morning Ireland agus Drivetime ina measc.

Tá tuairisciú cuimsitheach déanta aici ar ábhair i mórcheantar Bhaile Átha Cliath amhail tine thubaisteach Charraig Mhaighin, an chonspóid a bhain le caiteachas san FAI agus Pléasc an Chraoslaigh. Tá tuairisciú déanta aici ar bhonn idirnáisiúnta ón Eoraip, ó na Stáit Aontaithe, ón Afraic agus ón Astráil ar scéalta ar nós éirí as an Phápa Benedict, titim anuas an bhalcóin in Berkeley agus Éire a bheith páirteach den chéad uair i gCorn Domhanda na mBan.

Bhuaigh sí Bonn Justice Media in 2007 as a cuid oibre ar shraith bliana ar Shábháilteacht Bóthair le Charlie Bird agus bronnadh an gradam Iriseoir Iompair na Bliana uirthi in 2011 agus in 2012 as an tuairisciú a rinne sí ar bhonneagar iompair na hÉireann.

Is as Fionnghlas i mBaile Átha Cliath Samantha. Tá sí pósta agus tá beirt leanaí óga aici. Is léitheoir agus reathaí díograiseach í agus is duine de lucht leanúna dílis Shamrock Rovers í. Scríobh sí leabhar faoina baile dúchais i mí na Nollag 2012 dar teideal “Finglas: A People’s Portrait,” arna fhoilsiú ag New Island Books.

Is éard a dúirt Samantha agus í ag labhairt faoina cúram nua: “Mar dhuine a rugadh agus a tógadh ar an taobh ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath agus atá i mo chónaí agus ag obair sa phríomhchathair riamh, is é mian mo chroí é a bheith ceaptha i mo Chomhfhreagraí don Oirthear ag RTÉ. Tá súil agam leas agus tairbhe a bhaint as na 20 bliain atá caite agam ag tuairisciú sa ról nua agus níos leithne seo chun scéalta na ndaoine atá ina gcónaí i gcrios comaitéireachta na Mí, Chill Dara agus Chill Mhantáin a insint mar aon leis an lucht féachana a choinneáil cothrom le dáta faoi scéalta móra atá ag briseadh i mBaile Átha Cliath a mbeidh tionchar acu ar na daoine atá ina gcónaí, ag obair agus ag tabhairt cuairt ar an bpríomhchathair. Bhí mórtas riamh orm a bheith ag obair ag RTÉ agus tá ríméad orm a bheith ag tabhairt faoin ról seo tráth a bhfuil iriseoireacht iontaofa, chruinn agus mhealltach ríthábhachtach.”

Beidh Samantha ag tosú ina post nua ag deireadh mhí Bealtaine.


Ag cuimhneamh ar Alf McCarthy agus Larry Masterson

Bhí brón orainn a fháil amach ar maidin gur bhásaigh ár gcara agus ár n-iar-chomhghleacaí, Alf McCarthy, a bhásaigh inné.

Cuimhnímid ar Alf mar láithreoir móréilimh a raibh dúil aige sa raidió, a raibh dúil aige sa chraoltóireacht, a raibh grá aige do dhaoine agus a raibh dúil acu sa cheol. Tháinig na tréithe sin ar fad chun cinn ina shaol fada oirirce in RTÉ, tréimhse a mhair breis is 35 bliain, ó 1979 go 2015. Le linn dó a bheith in RTÉ, chomh maith le bheith ina chomhghleacaí mór le rá, bhí aithne mhór air mar láithreoir Late Date ar RTÉ Radio 1, mar dhuine de láithreoirí móréilimh Live at Three agus PM Live ar theilifís RTÉ One agus, ar ndóigh, mar óstach ar an gclár cúrsaí reatha agus ealaíon, Corkabout ar RTÉ Radio Cork – agus ar RTÉ Radio 1 – a chuir sé i láthair ar feadh níos mó ná 20 bliain.

Fear é a raibh buanna agus suimeanna go leor aige, chruthaigh sé sraitheanna aoracha agus grinn freisin, agus léirigh sé roinnt cláracha faisnéise do RTÉ. Beidh sé caillte go mór.

Táimid ag smaoineamh inniu ar a chlann agus ar a chairde iomadúla ar fud RTÉ, san am atá caite agus sa lá atá inniu ann, go háirithe ar ár gcomhghleacaithe in RTÉ Chorcaí.

Bhí Alf 73, mar a bhí ár n-iar-chomhghleacaí, Larry Masterson a fuair bás faraor níos luaithe an tseachtain seo.

Bhí cáil ar Larry sa tionscal; He is deeply respected, thaitin sé go mór leis, agus bhí an-mheas air. Tar éis dó a bheith ag obair go luath mar oibrí sóisialta, mhair a shaol ar an teilifís breis is 40 bliain. Ó thús i gcúrsaí reatha, fuair Larry a nideoige i siamsaíocht go luath, agus ní hamháin go raibh a chuid oibre le Mike Murphy ar The Live Mike – lena n-áirítear a chuid ionsánna stíl infamous Candid Camera – thar a bheith nuálach, ach bhí chuimhneacháin chultúrtha ansin agus anois. Mar léiritheoir feidhmiúcháin ar The Late Late Show, an seó siamsaíochta beo is faide ar domhan, chinntigh Larry leanúnachas stádas íocónach an chláir i saol na hÉireann. Dúirt sé gur cheart go mbeadh Late Late maith cosúil le oíche mhaith amuigh. Bhí oícheanta móra amuigh le Larry ag an lucht féachana, bíodh a fhios acu é nó ná bíodh. Is fada cuimhne ar an méid a rinne sé.”

Kevin Bakhurst, Ard-Stiúrthóir RTÉ


Ábhar anacrach á mholadh d’úsáideoirí TikTok 13 bliana déag d’aois in Éirinn léirithe le turgnamh de chuid Prime Time RTÉ

Mar fhreagra ar imní atá ag méadú faoin drochthionchar atá á imirt ag ábhar TikTok ar mheabhairshláinte déagóirí óga, thug Prime Time RTÉ faoi thurgnamh imscrúdaitheach inar cruthaíodh cuntais nua TikTok a bhí socraithe lena n-úsáid ag daoine óga 13 bliana d’aois. Nochtadh na torthaí corraitheacha don lucht féachana Dé Máirt ar RTÉ One agus tá siad anois ar RTÉ Player.

Leis an imscrúdú, caitear solas ar na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an ardán meán sóisialta ar mheabhairshláinte déagóirí óga, mar laistigh de fiche nóiméad, bhí físeáin á dtaispeáint do Prime Time ina raibh tagairt dhíreach á déanamh d’fhéindochar agus do smaointe maidir le féinmharú. I ndiaidh uaire i mbun scrollaithe, bhí córas moltaí TikTok ag taispeáint sruth físeán ar bhain formhór mór díobh le dúlagar, féindochar agus smaointe maidir le féinmharú d’úsáideoirí ar creideadh iad a bheith 13 bliana d’aois dar leis an gcóras.

Bhain turgnamh Prime Time le trí chuntas nua TikTok a chruthú, agus ba é 13 bliana d’aois an aois a socraíodh do gach aon cheann acu, le cárta SIM faoi leith á úsáid i leith gach aon úsáideora nua. Gan páirt ghníomhach a ghlacadh san ábhar ná ábhair faoi leith a chuardach, choimhéad Prime Time na físeáin a bhí á moladh ag algartam TikTok.

Ina dhiaidh sin, taispeánadh an t-ábhar don Dr Patricia Byrne, Cathaoirleach Dhámh na Síciatrachta Leanaí & Ógánach i gColáiste Síciatraithe na hÉireann, agus don Dr Richard Hogan, síciteiripeoir a dhéanann speisialtóireacht in obair le teaghlaigh.

“Oibrím sa réimse seo gach aon lá… ach i mo chás féin fiú, chorraigh an méid a chonaic mé go mór mé agus spreagann sé freagairt mhothúchánach atá an-láidir go deo,” a dúirt an Dr Patricia Byrne. “Ní raibh mé ag súil go mbraithfinn chomh corraithe is a bhraith mé nuair a bhreathnaigh mé air, ach tá íomhánna an-chumhachtach ag baint leis agus is íomhánna an-dian ar fad atá i gceist.”

Rinne an Dr Richard Hogan, síciteiripeoir a dhéanann speisialtóireacht in obair le teaghlaigh, cur síos ar a fhreagairt mhothúchánach mar a bheith “in ísle brí” agus “feargach.” “Goilleann sé orm a bheith ag breathnú air sin toisc go mbím ag obair leis an oiread sin déagóirí iontacha, an oiread sin déagóirí aoibhne a tarraingíodh isteach i ndomhan gruama na bhfadhbanna meabhairshláinte tromchúiseacha mar gheall ar nithe mar seo,” agus freagra á thabhairt aige ar cheann de na físeáin ina raibh tagairt á déanamh d’fhéinmharú, dúirt sé freisin. “Is ríléir go bhfuil féinmharú á mholadh mar bhealach chun dul i ngleic le do bhuairt shíceolaíoch sa chás sin. I ndáiríre, tá sé sin uafásach amach is amach,” a dúirt sé le Prime Time.

Tá torthaí an imscrúdaithe ina léiriú ar an ngá atá le gníomhú chun aghaidh a thabhairt ar an ngné dhochrach a bhaineann le halgartaim na meán sóisialta d’úsáideoirí leochaileacha óga. Beidh ionadaithe ó TikTok ag teacht os comhair Coiste Oireachtais maidir le Leanaí inniu, agus i rith an deireadh seachtaine, luaigh an Tánaiste Micheál Martin le linn a óráide ag an Ard Fheis nach mór d’ardáin meán sóisialta leanaí a bhaint dá gcuid aipeanna.

Is é an Fhondúireacht Náisiúnta Taighde faoin bhFéinmharú a thiomsaíonn staitisticí maidir le rátaí féindochair in Éirinn, ach bíodh sin mar atá, ní chlúdaíonn siad ach cásanna inarb éigean do dhaoine freastal ar rannóg éigeandála. Ón mbliain 2002 i leith, nuair a chuir an fhondúireacht tús le sonraí a chur i dtoll a chéile, tá méadú thart ar 18% tagtha ar líon na ndaoine a thagann i láthair sna rannóga éigeandála. Is é an t-ábhar imní is mó i measc dochtúirí comhairleacha ná an líon mór déagóirí atá ag teacht i láthair, ar líon é atá ag méadú freisin.

“Dé réir an eolais atá againn, is é an t-aoisghrúpa a bhfuil an ráta is airde féindochair ag baint leis gach aon bhliain ná an t-aoisghrúpa idir 15 agus 19 mbliana d’aois ach is é an t-ábhar imní ollmhór atá i gceist le blianta beaga anuas gurb é an t-aoisghrúpa ina bhfuil an méadú is gasta ag teacht ar an ráta féindochair ná iad siúd atá idir 10 agus 14 bliana d’aois. Is údar mór imní é sin,” a dúirt an Dr Patricia Byrne.

Tá iniúchadh á dhéanamh ar algartam TikTok, a sheolann úsáideoirí i dtreo ábhair. Leag Salvatore Romano, an Ceann Taighde ag AI Forensics, béim ar ról an algartaim maidir le féindochar a chur chun cinn mar bhealach chun déileáil le cúrsaí an tsaoil, rud nach ndéanann ach míshuaimhneas daoine aonair leochaileacha a chur in olcas. Chuir AI Forensics, ar eagraíocht taighde í atá lonnaithe sa Phortaingéil, cleachtadh den chineál céanna i gcrích mar chuid de thuarascáil ina ndearnadh iniúchadh ar an tionchar atá ag TikTok ar dhéagóirí i SAM, sa Chéinia agus sna hOileáin Fhilipíneacha i gcomhar le Amnesty International sa bhliain 2023.

Mar fhreagairt ar cheisteanna ó Prime Time, luaigh TikTok a thiomantas d’aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna meabhairshláinte agus tacaíocht a chur ar fáil d’úsáideoirí atá in anacair. Mar sin féin, tá ábhar imní ann i gcónaí maidir le héifeachtúlacht an ardáin chun úsáideoirí óga a chosaint ar ábhar dochrach. I ndiaidh an turgnamh a chur i gcrích, thug Prime Time na hainmneacha úsáideora do na cuntais a cuireadh ar bun do TikTok le go mbeadh teacht acu ar na físeáin ar fad a taispeánadh do na cuntais agus cuireadh seatanna scáileáin ó dheich gcinn d’fhíseáin shamplacha ar fáil freisin. Ón tráth sin i leith, baineadh seacht gcinn de na físeáin sin, ach mar sin féin, dúirt TikTok “Níl an tástáil a rinne RTÉ ina léiriú cruinn beag ná mór ar iompar ná eispéiris déagóirí cearta a bhaineann úsáid as an aip… As na céadta físeán a d’fheicfí le linn na tástála a rinne RTÉ, rinneamar athbhreithniú ar na deich gcinn a seoladh chugainn agus chuireamar athruithe i bhfeidhm ionas nárbh fhéidir le déagóirí breathnú ar sheacht gcinn díobh a thuilleadh.”

Le tamall beag anuas, chuir an Coimisiún Eorpach tús le himscrúdú i dtaca le cleachtais TikTok, agus díríodh ar líomhaintí i leith na heagraíochta gur theip uirthi leanaí a chosaint go cuí. Mar gheall go bhfuil ceanncheathrú TikTok san AE lonnaithe i mBaile Átha Cliath, tá freagracht shuntasach ar Choimisiún na Meán as oibríochtaí an ardáin laistigh den AE a rialú. Dúirt Johnny Ryan, Comhalta Sinsearach sa Chomhairle um Chearta an Duine (ICCL): “Tá sé de chumhacht de réir dlí ag ár rialálaí, Coimisiún na Meán, a ordú do TikTok nó do chuideachta ar bith eile sa chatagóir chéanna seo, ‘cuir deireadh le d’algartam atá ag déanamh dochair dár leanaí, atá ina chúis le féinghráin, féinfhuath, féinmharú i measc ár leanaí. Cas sin as.’ Tá sé de chumhacht aige é sin a dhéanamh.”

Féach ar Prime Time ar an RTÉ Player agus léigh an tuarascáil dhigiteach ar RTÉ.ie/Primetime.

Chomh maith leis sin, beidh agallamh eisiach leis an imdhíoneolaí Meiriceánach, Anthony Fauci á thaispeáint le linn an chláir.


Drámaíocht nua Éireannach do dhéagóirí, Louise Lives Large, fógartha ag RTÉ: Sraith ocht gclár a ndearnadh scannánú uirthi i gCill Dara

Tá an coimisiún drámaíochta is mó riamh RTÉ do dhaoine óga, Louise Lives Large, á sheoladh ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player inniu (an 3 Aibreán).

Rinneadh an scannánú ar an tsraith ocht gclár seo ar an láthair i gCill Dara agus is comhléiriú idirnáisiúnta í le WildBrain Cheanada agus Ketnet na Beilge agus le comhpháirtithe maoinithe Choimisiún na Meán agus Fhís Éireann. Insítear scéal Louise Edgar sa tsraith seo, cailín óg ealaíonta atá 13 bliana d’aois, a bhfuil sé díreach faighte amach aici go bhfuil gach rud ceart anois i ndiaidh di a bheith ag fáil cóir leighis le haghaidh ailse le bliain anuas.

Tá ceist ag Louise sa chlár “céard a dhéanfaidh mé anois?”. Chaill sí amach ar gach rud agus airíonn sí nach mbeidh sí in ann breith suas leis na déagóirí eile a haois féin go brách, déagóirí atá bagrach agus a bhfuil taithí faighte acu ar shaol an déagóra. Airíonn sí mar sin go dtí go gcastar dlúthchara nua nach bhfuil súil aici leis uirthi. Is í sin Jess, aonarán na scoile, a thugann inspioráid di an ‘Live Large List’ a scríobh agus tús a chur lena saol arís gan smaoineamh agus mír amháin ón liosta a dhéanamh ag an am. Is cuma má fhaigheann sí an lámh in uachtar, má theipeann uirthi nó má chuireann sí náire amach is amach uirthi féin; tá Louise faoi dheireadh ag baint an oiread sásaimh agus is féidir as an saol.

Dráma deisbhéalach, fuinniúil agus tochtmhar scaití atá in Louise Lives Large atá dírithe ar dhaoine atá idir 9 agus 13 bliana d’aois. Cuireann an chliar ensemble cuma réadúil ar na snáitheanna scéil; grúpa den scoth de dhaoine nua cumasacha faoi stiúir Beth Fallon i bpáirt Louise, Aimee Kennedy i bpáirt Jess chomh maith leis na haisteoirí tacaíochta Damian Williams, Luan Ní Cheallaigh, Katie Fitzpatrick, Harvey McGann, Rachel Lynch, Matthew Whelan agus Noah Rafferty.

Is í Carol Walsh a chruthaigh agus a scríobh Louise Lives Large atá léirithe ag Julianne Forde agus Mairtín de Barra ó Tailored Films, ag Maarten Schmidt ó Storyhouse, ag Virginia Thompson agus Robert de Lint ó Vérité Films agus atá comhléirithe ag Xavier Rombaut ó Polar Bear. Is iad Ruth Treacy agus Laura Van Haecke a stiúir na cláir.

Is éard a dúirt Suzanne Kelly, Ceannasaí ar Ábhar do Leanaí agus Daoine Óga ag RTÉ: “Tá sprioc thábhachtach bainte amach ag RTÉ Kids anois agus Louise Lives Large tagtha chuig ár n-ardán in 2024. Ó thosaigh mé i mo ról in 2019, bhí sé d’uaillmhian agam i gcónaí infheistíocht a dhéanamh i ndrámaí do leanaí a dhéantar in Éirinn agus iad a fhorbairt. Tá clú domhanda ar earnáil drámaíochta na hÉireann agus próiseas comhoibríoch thar a bheith inspioráideach a bhí ann dom a bheith ag obair taobh leis an earnáil le cúpla bliain anuas chun scéalta tuisceanacha a mbíonn tionchar acu ar dhaoine a chruthú don lucht féachana is óige. Is mar thoradh ar go leor obair chrua atáimid ag seoladh na chéad sraithe drámaíochta a rinneadh in Éirinn, Louise Lives Large, a léirigh Tailored films i gcomhar le Vérité films, Ketnet, Wildbrain agus comhpháirtithe maoinithe Choimisiún na Meán agus Fhís Éireann ach níl anseo ach an tús do chláracha drámaíochta nua atá lán fuinnimh do leanaí na hÉireann agus tá mé féin ar bís faoin méid a d’fhéadfaí a sholáthar!”

Is éard a dúirt an cruthaitheoir agus an príomhscríbhneoir Carol Walsh: “Tá sé mar sprioc ag Louise Lives Large déagóirí agus teaghlaigh a thabhairt le chéile chun taitneamh a bhaint as scéal iontach. Baineann sé freisin leis an aistear a dhéanann an oiread sin déagóirí a bhíonn ag streachailt le tinneas, bulaíocht agus dúdhiúltú ar bhealach a léiríonn eispéiris réalaíocha ach nach seachnaíonn an greann agus misneach a léiríonn siad. Is sraith í faoi mhaireachtáil, féin-mhíniú agus thar aon ní eile faoin dóchas.”

Is éard a dúirt an léiritheoir Julianne Forde: “Cé nár mhothaigh go raibh siad ar an taobh amuigh ag am éigin? Is cuid d’eispéireas na scoile é. Bhí muid ag iarraidh clár a chruthú bunaithe ar an gcoincheap sin a bhaineann le bheith fágtha ar leataobh agus chuireamar príomhcharachtar i gcoinne sin a bhí ag iarraidh smacht a fháil ar a saol. Tá a taithí féin ag cruthaitheoir an chláir, Carol Walsh, ar gan bheith ar scoil feadh tréimhse fhada mar gheall go raibh tinneas uirthi. Ón túsphointe sin, d’fhorbraíomar an tsraith seo a bhfuil teachtaireacht chumasaithe faoi theacht aniar i gceist léi.”

Féach ar chlár 1 de Louise Lives Large ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player ag 4pm inniu. Beidh fáil ar an tsraith iomlán lena sruthú ó Dé Céadaoin an 10 Aibreán.


Deimhniú go mbeidh Dizzy Deliveries, a bhfuil gradaim buaite aige, ar ais le haghaidh sraith nua ar RTÉjr i mí Aibreáin

Clár eisiach á eisiúint chun Lá Domhanda Siondróm Down a cheiliúradh

Tá an tsraith do pháistí, a bhfuil duaiseanna buaite aige, Dizzy Deliveries, ar ais. Beidh séasúr a dó le feiceáil den chéad uair ar an 15 Aibreán ar RTÉjr agus beidh fáil ar gach clár ar an RTÉ Player uaidh sin amach. Tar éis chomh hiontach agus a d’éirigh leis an gcéad sraith, filleann domhan tarraingteach Dizzy Deliveries le cláir úrnua, lán le heachtraíocht, spraoi agus gáire.

Is é Dizzy Deliveries an chéad chlár teilifíse a bhain úsáid as córas comharthaíochta na bpríomhfhocal, Lámh. Bhuaigh sé duais iomráiteach Clio le déanaí in Amharclann Dolby in Los Angeles. Baineann páistí agus daoine fásta a bhfuil siondróm Down nó uathachas orthu agus páistí a bhfuil deacrachtaí cumarsáide acu úsáid as Lámh chun cabhrú leo cumarsáid a dhéanamh agus iad féin a chur in iúl. De réir mar a nochtar an scéal mór i ngach clár cuirtear beocht i gcomharthaíocht Lámh, agus Joe, an fear seachadta ag iarraidh a chuid pacáistí a sheachadadh. Tá páistí sa scéal a bhaineann úsáid as Lámh agus cabhraíonn siad seo le Joe ina chuid eachtraí craiceáilte greannmhara. Cuidíonn Dizzy Deliveries leis an lucht féachana Lámh a chur leis an stór focal atá féin ar bhealach spraíúil tumtha.

Beidh trí chlár déag i sraith a dó, arna stiúradh ag an scríbhneoir agus stiúrthóir BAFTA a bhfuil gradaim buaite aici, Nia Ceidiog (a raibh baint aici le Fireman Sam agus Something Special with Mr. Tumbles do Cbeebies) agus is le Maria Doyle Kennedy agus Kieran Kennedy an ceol téama. Beidh mionpháirteanna iontacha ag roinnt daoine mór le rá an séasúr seo, lena n-áirítear an t-amhránaí-scríbhneoir Mundy, an cócaire JP McMahon, Timothy Morahan a bhuaigh bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha Speisialta, agus an gairneoir Diarmuid Gavin.

Chun Lá Domhanda Siondróm Down a cheiliúradh inniu tá rud éigin speisialta againn do lucht leanúna Dizzy Deliveries – beidh tú in ann féachaint ar sheó iomlán ón tsraith úrnua ar YouTubejr! Tá an clár eisiach lán le ceol agus spraoi, agus tá páirt bheag ag an amhránaí, Mundy, ann freisin!

Nasc chuig Youtube anseo.

Bhris Sraith 1 de Dizzy Deliveries talamh nua i gcraoltóireacht na hÉireann. Níorbh fhada go raibh sé ar cheann de na cláir ar an sceideal teilifíse ab ansa le daoine agus é ar an gcoimisiún de chuid RTÉjr ba mhó a mheall lucht féachana ar Sheinnteoir RTÉ. Thaitin an seó thar cionn leis an lucht féachana óg, go háirithe teaghlaigh a bhfuil daoine muinteartha leo faoi mhíchumas intleachta agus le riachtanais chumarsáide. Rud a bhí tábhachtach ná go raibh an seó tarraingteach do leanaí nach raibh na riachtanais sin acu ach gur thaitin Joe agus a leathbhádóir Ozzy an róbat agus a cheann feadhna Aisling go mór leo.

Is é an comhlacht léiriúcháin Macalla Teoranta léiritheoir Dizzy Deliveries. Léirigh Macalla Teoranta Home School Hub chomh maith le roinnt fadscannán a bhuaigh duaiseanna ó Róise & Frank go hiontráil na hÉireann in Oscars 2020. Tá an tsraith á cómhaoiniú ag Coimisiún na Meán agus ag RTÉ, agus cuireadh ar an ngearrliosta í do ghradam an Royal Television Society in 2023.

Ag labhairt di sula gcuirfear tús leis an tsraith nua, dúirt Suzanne Kelly, Grúpcheannasaí ar ábhar Leanaí agus Daoine Óga in RTÉ: “Tá ríméad ar RTÉjr a bheith páirteach in aistear spleodrach agus tábhachtach Dizzy Deliveries. Agus muid ag tabhairt faoin gcéad taibhiú de Shéasúr 2 ar RTÉjr & ar Sheinnteoir RTÉ, smaoiním ar an tionchar iontach a d’imir an seó seo dár gcuid. Idir a bheith ag féachaint le deighilt idir daoine a chur as an mbealach, tús a chur le bealaí nua cumarsáide trí comharthaí Lámh, tugann gach eipeasóid léargas ar an gcumhacht a bhaineann leis an gcuimsiú agus leis an indéantacht. Teilifís Seirbhíse Poiblí den chéad scoth atá anseo againn agus an gáire, an fhoghlaim agus an sonas á scaipeadh ag Joe, Aisling, Ozzy agus ar ndóigh ag na fíor-réaltaí, na páistí. Táimid bródúil as bheith páirteach agus a bheith in ann cabhrú leis an bhfoireann léiriúcháin chumasach seo Dizzy Deliveries 2 a thabhairt chuig ár scáileáin.”

Dúirt Mary Cullen, Bainisteoir Lámh: “Pléisiúr Dé is ea an clár teilifíse Dizzy Deliveries ina n-úsáidtear comharthaí Lámh, do theaghlaigh agus do pháistí a úsáideann Lámh agus do gach duine ina bpobail! Tá an-tóir air ag teaghlaigh, scoileanna, réamhscoileanna agus na daoine sin ar fad ar mian leo comharthaí Lámh a fhoghlaim ar bhealach spraíúil in éineacht le Joe, Aisling, Ozzy agus a gcairde. Tá sé ráite linn ag teaghlaigh a úsáideann comharthaí Lámh sa bhaile go bhfuil go leor daoine a bhreathnaíonn ar Dizzy Deliveries anois ag úsáid comharthaí Lámh ar scoil, sa réamhscoil, le linn dóibh a bheith ag imirt spóirt agus sa phobal, rud a chruthaíonn spraoi, cairdeas agus cuimsiú le haghaidh gach duine. Tabharfaidh Sraith 2 de Dizzy Deliveries tuilleadh eachtraí, tuilleadh sceitimíní agus tuilleadh de chomharthaí Lámh dúinn… is fada linn go dtiocfaidh sé!”


Ceiliúradh ar an gcuid is fearr de chultúr na hÉireann ar RTÉ i rith dheireadh seachtaine na Féile Pádraig le spórt, siamsaíocht, ceol agus eile!

Tugann RTÉ cuireadh duit ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig an deireadh seachtaine fada seo le laethanta breátha siamsaíochta. Más ar oileán na hÉireann a bheidh an ceiliúradh ar siúl agat nó in áit eile ar fud an domhain, beidh ábhar as Éirinn ó dhúchas ina ndírítear ar ghnéithe bríomhara de stair agus d’oidhreacht na tíre á chraoladh ar fud RTÉ – ar RTÉ One, RTÉ2, RTÉ Player, stáisiúin raidió uile RTÉ agus ar líne ar RTÉ.ie

Dé hAoine, an 15 Márta, feicfear ar chlár speisialta Nationwide St Patrick’s Day London Special as Londain, Anne Cassin ag caint le Cór Pinsinéirí Éireannacha agus iad ag ullmhú do cheolchoirm Lá Fhéile Pádraig i Trafalgar Square.

Oíche Dé hAoine, bí in éineacht le Patrick Kielty an chéad uair aigesean The Late Late Saint Patrick’s Day Show a chur i láthair. Beidh togha agus rogha na hÉireann ag comóradh na hócáide leis. Beidh cúrsaí spóirt agus grinn, ceol agus comhrá ar an gclár beo seo agus féachfar lena linn le curiarracht dhomhanda an-speisialta a shárú, maidir leis an mbanna céilí is mó riamh a chur ag ceol le chéile! Tá ceoltóirí as gach cuid den tír tarraingthe le chéile ag Patrick d’fhonn Curiarracht Dhomhanda de chuid Guinness a shárú BEO ar an gclár ar an deireadh seachtaine den bhliain is mó a cheanglaítear le cultúr na hÉireann! An féidir le compántais veidhleadóirí, fliúteadóirí, drumadóirí, pianadóirí agus damhsóirí as na ceithre harda an churiarracht a shárú ar aon láthair chlúiteach amháin beo ar an gclár? Bí linn Dé hAoine ag 9.35 i.n.

Dúirt Patrick Kielty, láithreoir an chláir: “Is faoin gcraic agus faoin gceol Lá Fhéile Pádraig agus is fada linn go dtabharfaimid an banna céilí is mó riamh le chéile don spraoi, chun sláinte mhuintir na hÉireann a ól agus curiarracht dhomhanda a shárú anocht tá, súil againn!”

Lá mór spóirt Dé Sathairn agus deireadh ag teacht le comórtas Guinness na Sé Náisiún le dhá chluiche á gcraoladh beo ar RTÉ2. Beidh an Bhreatain Bheag leis an Iodáil ar RTÉ One ag 2.15 i.n. agus tráchtaireacht le Michael Corcoran ar chluiche na hÉireann agus na hAlban beo ó Staid Aviva ar Saturday Sport ar RTÉ Radio 1.

Tá seans ar an gcraobh ag Sasana go fóill agus iad ag imirt in aghaidh na Fraince ag 7.30 i.n. ar RTÉ2. Beidh Jamie Heaslip, Jerry Flannery agus Stephen Ferris sa stiúideo i gcomhluadar Jacqui Hurley don chraoladh beo ar an mBreatain Bheag v an Iodáil as Stadiwm Principality i gCaerdydd, agus ar an bhFrainc v Sasana as Lyon.

An lá céanna, sa tSraith Allianz, beidh dhá chluiche i Staid an Phiarsaigh i mBóthar na Trá agus Gaillimh á fhéachaint le Luimneach, Curaidh na hÉireann san iománaíocht ag 1.00 i.n. ar RTÉ One agus an RTÉ Player, agus beidh Lee Keegan agus Tomás Ó Sé i gcuideachta Damian Lawlor don chraoladh beo ar an gcluiche peile idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath (Curaidh na hÉireann) sa pheil ag 2.45 i.n.

Dé Domhnaigh, an 17 Márta, bí in éineacht le láithreoirí RTÉ, Sarah McInerney, Dáithí Ó Sé agus Emer O’Neill, agus leis an tuairisceoir Thomas Crosse, agus iad ag cur St. Patrick’s Day Parade,

mórshiúl spleodrach náisiúnta na tíre ar shráideanna Bhaile Átha Cliath i láthair mar chuid den trácht ar an bhFéile náisiúnta ar RTÉ One.

Beidh trácht ar sheirbhísí éagsúla RTÉ freisin ar mhórshiúl Lá Fhéile Pádraig as áiteanna eile ar fud na tíre, clár Nuachta speisialta ar RTÉ Six-One san áireamh.

Bígí faoi réir do na lámha díreacha, na cosa láidre agus neart jigeanna agus ríleanna nuair a chraolfar babhta ceannais Dancing with the Stars 2024 ag 7pm Dé Domhnaigh ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. Beidh cliar damhsóirí den scoth Riverdance ag damhsa le linn mhórchlár bhabhta ceannais Dancing with the Stars agus beidh roinnt d’iar-réaltaí an chláir ina dteannta!

Maidir le cúrsaí spóirt, beidh Cora Staunton, Jackie Tyrrell, Peter Canavan agus Ursula Jacob in éineacht le Joanne Cantwell don seó buaicphointí imeartha agus anailíse ar Allianz League Sunday ag 9.30 i.n. ar RTÉ2.

Dé Luain an 18 Márta, craolfar Hothouse Flowers – Stick Around and Laugh a While ar RTÉ One ag 6.30 i.n. Clár croíúil faisnéise ina dtugtar súil siar ar bhliain chinniúnach iontach 1988 i scéal an bhanna agus ina dtéitear ina gcuideachta ar chamchuairt ceolchoirmeacha ar fud na Ríochta Aontaithe sa bhliain 2023 nuair nár fágadh ticéad gan díol.

 

Tá cuid mhór ábhar boscra agus faisnéise ar fáil freisin le seinm ar an RTÉ Player agus beidh neart ceoil agus comhrá ar stáisiúin raidió RTÉ, ceiliúradh á dhéanamh acu go léir ar thogha agus rogha chultúr na hÉireann agus ar oidhreacht shainiúil na tíre i rith dheireadh seachtaine na Féile Pádraig.

Dé Luain an 18 Márta, beidh ardú meanman ó The Marty Morrissey Show le caint, ceol agus siamsa ón 9 r.n. Cuirfidh Vincent Woods, scríbhneoir agus craoltóir, mianach Chontae Mhuineacháin in iúl le gnéithe ealaíne, pobail, cultúir agus ceoil ar The County Measure, 11 r.n. ar RTÉ Radio 1. Tabharfaidh an t-údar clúiteach Pat McCabe ar eachtra fuaime sinn ar St Patrick’s Day Forever ag 1.30 i.n. ar RTÉ Radio 1, agus beidh ceiliúradh á dhéanamh ar RTÉ Concert Orchestra Presents, arna chur i láthair ag Fiachna Ó Braonáin ag 2 i.n. ar cheoltóirí nua atá ag teacht chun cinn in Éirinn.

 

Ar RTÉ Lyric fm, beidh clár speisialta Vox Nostra with Vlad Smishkewycha ar siúl Lá Fhéile Pádraig le ceol iontach ré míle bliain agus os a chionn le cloisteáil ag 7 r.n., agus beidh raidhsí móra de cheol na hÉireann, in onóir na hócáide, ar Evelyn Grant’s Weekend Drive ón 4 i.n. ar aghaidh. Ar The Lyric Feature – We Only Want the Earth ag 6 i.n., cíortar an cheist an féidir leis an gceol cuidiú linn agus aghaidh á thabhairt ar ghéarchéim na haeráide.

Cuid de bhuaicphointí dheireadh seachtaine na Féile Pádraig:

Dé hAoine an 15 Márta – Nationwide St Patrick’s Day London Special ag 7 i.n. ar RTÉ One agus RTÉ Player

Anne Cassin ag caint le Cór Pinsinéirí Éireannacha i Londain agus iad ag ullmhú do cheolchoirm Lá Fhéile Pádraig i Trafalgar Square mar chuid de cheiliúradh na Féile Pádraig ansin. Daoine os cionn 60 bliana d’aois, agus go deimhin roinnt acu os cionn 90 bliana d’aois, atá sa chór seo. Tagann siad le chéile ar mhaithe le comhluadar, spraoi agus siamsa. Bhí siad ar stáitse in ionaid de leithéid an Royal Albert Hall agus an RDS i mBaile Átha Cliath. Daoine iad a rinne imirce as Éirinn, a scéal féin ag baint le gach duine acu, agus is ábhar mórtais acu ceol ghlúin áirithe de mhuintir na hÉireann a choinneáil beo.

Dé hAoine an 15 Márta – The Late Late Saint Patrick’s Day Show ag 9.35 i.n. ar RTÉ One agus RTÉ Player

Bí in éineacht le Patrick Kielty an chéad uair aigesean Late Late Show na Féile Pádraig a chur i láthair. Beidh togha agus rogha na hÉireann á chomóradh aige. Beidh spórt agus greann, ceol agus comhrá ar an gclár beo seo agus féachfar lena linn le curiarracht dhomhanda an-speisialta a shárú, beo as Páirc an Chrócaigh.

Dé Sathairn an 16 Márta – Guinness Six Nations – Wales v Italy ag 1.45 i.n. ar RTÉ2

Beidh Jamie Heaslip, Jerry Flannery agus Stephen Ferris sa stiúideo i gcomhluadar Jacqui Hurley don chraoladh beo ar an mBreatain Bheag v an Iodáil as Stadiwm Principality i gCaerdydd. Ag 2.15 i.n. a chuirfear tús leis an imirt.

Dé Sathairn an 16 Márta – GAA Live ag 2.45 i.n. ar RTÉ One

Beidh Lee Keegan agus Tomás Ó Sé i gcuideachta Damian Lawlor don chraoladh beo ar an gcluiche peile idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath as Páirc an Phiarsaigh, Gaillimh. Darragh Maloney an Tráchtaire. Tús an chluiche ag 3.15 i.n.

Dé Sathairn an 16 Márta – Guinness Six Nations – France v England ag 7.30 i.n. ar RTÉ2

Beidh Jamie Heaslip, Jerry Flannery agus Stephen Ferris sa stiúideo i gcomhluadar Jacqui Hurley don chraoladh beo ar chluiche na Fraince agus Shasana as Lyon. Tráchtaireacht: Hugh Cahill agus Bernard Jackman. 8.00 i.n. a thosóidh an cluiche.

Dé Domhnaigh an 17 Márta – St Patrick’s Festival: St Patrick’s Day Parade, 12.15 i.n. ar RTÉ One agus RTÉ Player

Ar lá náisiúnta cheiliúradh cultúrtha na hÉireann, tugtar cuireadh le Féile na Féile Pádraig don uile dhuine ar fud an domhain a theacht le chéile Dé Domhnaigh an 17 Márta, chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig. Beidh tráchtaireacht á craoladh beo de shráideanna Bhaile Átha Cliath ag Sarah McInerney, Dáithí Ó Sé agus Emer O’Neill, in éineacht leis an tuairisceoir Thomas Crosse, ar RTÉ One agus RTÉ Player.

Beidh paráid náisiúnta Lá Fhéile Pádraig ar ais ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Domhnaigh an 17 Márta.

Beidh Ceathrú na Féile Padraig arís ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Ealaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin d’Fhéile iontach ó mhaidin go hoíche don uile dhuine. Beifear ar an dá láthair do chraoladh beo na bliana seo ar RTÉ One agus an spraoi ar fad á chur i láthair againn don lucht féachana sa bhaile.

‘Spréach’ an téama atá le Féile agus Paráid na bliana seo, maidir leis an splanc chruthaitheachta faoi leith sin atá de mhianach san Éireannach agus in Éirinn féin. Is é is sainiúla so-aitheanta maidir linn agus is é atá de dhlúth agus d’inneach eadrainn agus is é is cúis go minic leis an ngean a bhíonn ar mhuintir na hÉireann, ar thír na hÉireann agus ar chultúr na hÉireann ag daoine i réimsí eile den domhan.

Beidh seó na bliana seo ildaite ildánach le roinnt de na hoirfidigh ag teacht i bhfad. Beidh na bannaí móra ar ais i mbliana le banna máirseála an University of Missouri agus ceoltóirí ó Western Carolina University ina measc.

Tá tóstal iontach nua coimisiúnaithe, beartaíocht i gcomhar idir clár Ealaíona Pobail na Féile Pádraig, Tionscnamh Oirthuaisceart Lár na Cathrach (NEIC) agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Beidh ceiliúradh agus comóradh á dhéanamh leis an tóstal ar cheangal na Féile le lár chathair Bhaile Átha Cliath agus muintir na háite féin i lár an ardáin ar shráideanna na príomhchathrach. Leanann an Fhéile ag obair le roinnt de na compántais tóstail agus aeraíochta is forbheartaí in Éirinn, Buí Bolg, Spraoi, Inishowen Carnival, The Outing Queer Arts Collective agus Artastic ina measc. Táthar ag tnúth le leathmhilliún sa lucht féachana le bealach mhórshiúlóid na bliana seo. Beidh 18 seó tóstail agus oirfidíochta, 14 banna máirseála as Éirinn, Meiriceá Thuaidh agus an Fhrainc, agus líon is mó ná 4,000 duine páirteach sa Pharáid a meastar go mbeidh sí ar an bParáid Náisiúnta is mó fós ar Lá Fhéile Padraig.

Dé Domhnaigh an 17 Márta – Six One News – St Patrick’s Day 6 i.n. ar RTÉ One

Beidh trácht ar sheirbhísí éagsúla RTÉ freisin ar mhórshiúl Lá Fhéile Pádraig as áiteanna eile ar fud na tíre, clár Nuachta speisialta ar RTÉ Six-One san áireamh.

Dé Domhnaigh an 17 Márta – Buaic-chlár agus Craobh Dancing with the Stars ar RTÉ One agus RTÉ Player

Bígí faoi réir do na lámha díreacha, na cosa láidre agus neart jigeanna agus ríleanna nuair a chraolfar babhta ceannais Dancing with the Stars 2024 ag 7pm Dé Domhnaigh ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. Beidh cliar damhsóirí den scoth Riverdance ag damhsa le linn mhórchlár bhabhta ceannais Dancing with the Stars agus beidh roinnt d’iar-réaltaí an chláir ina dteannta!

Dé Domhnaigh an 17 Márta – Allianz League ag 9.30 i.n. ar RTÉ2

Beidh Cora Staunton, Jackie Tyrrell, Peter Canavan agus Ursula Jacob in éineacht le Joanne Cantwell don seó buaicphointí imeartha agus anailíse maidir le cluichí Shraith Allianz an deireadh seachtaine.

Dé Luain an 18 Márta – Hothouse Flowers – Stick Around and Laugh a While ag 6.30 i.n. ar RTÉ One agus RTÉ Player

Clár faisnéise a thugann siar ar bhóithrín na smaointe thú go dtí an bhliain dhochreidte a bhí ag an mbanna ceoil sa bhliain 1988, agus a leanann iad ar a gcamchuairt sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 2023, camchuairt a bhí díolta amach agus a chuireann an cheist, cén fáth go bhfanann banna ceoil le chéile?

Ag seó scoile a tháinig an banna le chéile an chéad uair riamh. 3 bliana dár gcionn, sa bhliain 1988, sheinn siad do lucht éisteachta 600 milliún duine ar sheó beagán níos mó ná sin ar an teilifís, seoladh an chéad albam uathu agus is iad a bhí ar bharr liosta na n-oirfideach ag gig san RDS i mBaile Átha Cliath os comhair 40,000 duine. ‘People’ a thug siad mar theideal ar an gcéad albam. Ní hiontas sin, ba iad banna na ndaoine iad. Bhí beocht agus nuacht sna Hothouse Flowers a théigh na cluasa ag daoine tráth sna hochtóidí nach é a ndóthain sásaimh a bhí i solas ná i dteas na gréine dóibh. 35 bliana dár gcionn, tá an fuinneamh agus an beocht céanna iontu a d’fhág i lár an aonaigh iad sa bhliain 1988.

Dé Luain an 18 Márta – beidh The Snapper á thaispeáint ar RTÉ One ag 9.30 i.n.

RTÉ AR LÍNE/CULTÚR

Ceiliúradh ar chultúr na hÉireann ar rte.ie/culture, maille le buaicphointí ó Fhéile Lá Fhéile Pádraig na bliana seo

RAIDIÓ RTÉ

RTÉ Radio 1

Dé Luain an 18 Márta: The County Measure – 11.00 – 12.00 ar RTÉ Radio 1

San eagrán seo den chlár, fiosraíonn Vincent Woods, scríbhneoir agus craoltóir, cén mianach atá i gContae Mhuineacháin. Téann sé in éineacht le dream Béilí chuig an Doras i gCarraig Mhachaire Rois, ag tiomáint i gcarr railíochta i mBaile an Scotaigh, ag píobaireacht i gCluain Tiobrad agus cloiseann sé faoi bhuamáil Mhuineacháin, eachtra arb í an ghéarchuimhne go fóill í tar éis 50 bliain. Cloistear freisin The Monaghan Measure leis an gcumadóir óg Jamie Duffy.

The Collins Collection – 12.00 – 13.00 ar RTÉ Radio 1

I mí Iúil 2019 a cuireadh tús leis an Collins Collection agus tá faoi Ronan an lucht éisteachta a thabhairt siar is aniar bóithrí na smaointe le hábhar cartlainne an chláir Lá Saoire Bainc na Féile Pádraig. Ceol den uile chineál…Ceol Tíre, Snagcheol, Ceoldrámaíocht, Ceol Tuaithe agus eipicí lucht déanta agus canta a gcuid amhrán féin… Agus, mar gheall ar an bhféile atá á ceiliúradh, ceoltóirí de chuid na hÉireann uilig, ina measc Paul Brady, Mary Coughlan, Christy Moore, The Henry Girls agus neart eile.

St. Patrick’s Day Forever – 13.30 – 14.00

Tugann an t-údar clúiteach Pat McCabe ar eachtra fuaime sinn in éineacht le Mr Twangman.

The RTÉ Concert Orchestra Presents – 14.00 – 15.00

Déanann Ceolfhoireann Coirme RTÉ ceiliúradh ar cheoltóirí atá ag teacht chun cinn in Éirinn le leaganacha nua d’amhráin ó na halbaim thionscanta le Melina Malone ags Rachael Lavelle, chomh maith le ceol ó Zoë Conway, ceoltóir comhlach na ceolfhoirne. Á chur i láthair ag Fiachna Ó Braonáin

Nature on One – 15.00 – 16.00

Den chéad uair le breis is 400 bliain, i mí Deireadh Fómhair 2023, cuireadh réimse de thalamh bogaigh ar a dtugtar Paradise Fields in iarthar Londain, cóngarach go maith d’aerfort Heathrow faoi Bhéabhair. Saineolaí tréidliachta de bhunadh na hÉireann, an Dr Seán McCormack, a chuir an smaoineamh chun tosaigh ar dtús go ndéanfadh na hainmhithe uisce seo bun arís sa cheantar. Arna chur i láthair ag Derek Mooney.

Mise Sessions – 16.00 – 17.00

Tugtar an t-éisteoir chuig saol eile ar Mise Sessions go dtaithíonn ceol ar bhealach ar leith. Déantar an taifeadadh in áiteanna beaga cúlráideacha agus ceolchoirmeacha beo dea-shaothraithe á leagan amach agus á gcur i láthair ag na ceoltóirí féin. Tagann ceoltóirí, aíonna agus an lucht éisteachta le chéile ar mhaithe le comhluadar, ceol agus scéalta. Á chur i láthair ag Ray Cuddihy.

RTÉ lyric fm

Dé Domhnaigh an 17 Márta – Vox Nostra with Vlad Smishkewycha – 7.00

Ar chlár speisialta Lá Fhéile Pádraig de Vox Nostra, sula dtarlaíonn Lá an Luathcheoil, beidh ceol iontach a bhaineann le ré is faide ná míle bliain á sheinm maidin Dé Domhnaigh.

Evelyn Grant’s Weekend Drive – 16.00

Bí in éineacht le Evelyn tráthnóna Lá Fhéile Pádraig agus raidhsí móra de cheol na hÉireann á sheinm aici mar chomóradh ar an lá.

The Lyric Feature – We Only Want the Earth – 18.00

An aon mhaith an ceol agus sin ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim na haeráide? Sraith dhá chlár faisnéise seo, arna gcur i láthair ag Jonathan Grimes ón Contemporary Music Centre, ina bhfiosraítear an dóigh ina bhfuil plé ag cumadóirí ceoil na hÉireann le géarchéim na haeráide agus na bithéagsúlachta ina gcuid saothair. An bhféadfadh ceol sinn a spreagadh le glacadh go hionraic lena bhfuil ag titim amach agus cuidiú linn toradh níos fearr a shamhlú agus a thabhairt i gcrích san am atá romhainn uilig?

Raidió na Gaeltachta

Aifreann na Féile Pádraig – Dé Domhnaigh an 17 Márta 11.00

Aifreann Lá Fhéile Pádraig as na Doirí Beaga, Tír Chonaill, Dé Domhnaigh an 17 Márta ag 11 r.n.

Innti – Iris agus Ardán a linne – Dé Luain 18ú Márta 17.00

Scrúdaíonn an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh an lorg a d’fhág filí INNTI ar litríocht na hÉireann ón mbliain 1970 i leith. Poet Ailbhe Ní Ghearbhuigh examines the influence the Innti poets of UCC have had on Irish literature since the 1970s.


Fágann briseadh croí na hÉireann in aghaidh Shasana go bhfuil beagnach 1 mhilliún duine ag féachaint ar RTÉ2 ar an meán

Buaicphointe na n-uimhreacha féachana ag 1.2m

230,000 sruth breise ar RTÉ Player 

Sa nóiméad deireanach a bhuaigh Guinness Six Nations ar Shasana in Twickenham oíche Dé Sathairn, bhí 971,000 duine ag breathnú ar RTÉ2 ar an meán.

Bhí 69% de na daoine a bhí ag féachaint ar an teilifís ag an am ar chlúdach beo RTÉ2, a bhuaigh 1.2 milliún ag 6.33pm. Idir an dá linn bhí 230,000 sruth ar RTÉ Player.

Cuirfear clabhsúr le Guinness Six Nations an deireadh seachtaine seo le dhá chluiche beo Dé Sathairn ar RTÉ2 & RTÉ Player. Ar dtús, tabharfaidh an Bhreatain Bheag agus an Iodáil aghaidh ar an spúnóg adhmaid (1.45pm) agus ina dhiaidh sin (7.30pm) tabharfaidh Sasana aghaidh ar an bhFrainc i Lyon agus tá seans fós ag an dá thaobh an Chraobh a bhuachan.

Figiúirí teilifíse – TAM Ireland/Nielsen
Figiúirí RTÉ Player – AT Internet


Féile na Meán Ceilteach 2024: dráma de chuid RTÉ Obituary ainmnithe in éineacht le drámaí Amazon Prime agus BBC

Faigheann RTÉ agus léiritheoirí neamhspleácha Éireannacha 19 nAinmniúchán don

Féile na Meán Ceilteach 2024

Féach ar shearmanas na n-ainmniúchán

D’fhógair na láithreoirí Sanjeev Kohli agus Cathy MacDonald inné liosta iomlán na n-ainmnithe do Ghradaim Barr Feabhais Torc, ag nochtadh iad siúd a bhí ar siúl ag Féile na Meán Ceilteach i mbliana: Cruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta Fuaime agus Scáileáin.

Ar siúl ón 4 go dtí an 6 Meitheamh 2024 i gCaerdydd, tiocfaidh na hainmnithe le chéile ag ceiliúradh na saothar ilghnéitheach ó dhaoine cruthaitheacha cumasacha ar fud na hAlban, na hÉireann, na Breataine Bige, Oileán Mhanann, Chorn na Breataine, na Briotáine agus na Gailíse ag na searmanais bhronnta laethúla, le RTÉ, BBC, Sky, France 3 Bretagne, TG4, Televisión de Galicia agus S4C ar fad ag reáchtáil trófaithe mór le rá.

Tá greann dubh RTÉ Obituary ainmnithe in éineacht leis an scéinséir Amazon Prime/Televisión de Galicia Operación Marea Negra, chomh maith leis an scéinséir iomráiteach BBC Scotland/BBC Two Guilt, agus miniseries BBC One Steeltown Murders.

Tá Máirín Ní Ghadhra ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ainmnithe do Láithreoir na Bliana, agus tá ómós corraitheach an stáisiúin don chraoltóir ceannródaíoch Gaeilge Rónán Mac Aodha Bhuí ainmnithe sa chatagóir Siamsaíocht in éineacht le léiriúcháin as Albain agus as an mBreatain Bheag.

Tá an fhéile á maoiniú ag BBC Cymru Wales, BBC Thuaisceart Éireann, RTÉ, TG4, MG ALBA, BBC Scotland, S4C, Televisión de Galicia, BBC England, Coimisiún na Meán, Northern Ireland Screen – ILBF agus USBF, Screen Ireland, Screen Scotland, Screen Cornwall.

Is iad seo a leanas ainmniúcháin RTÉ:

Beochan (Scáileán)

Sióga Fia (Little Moon Animation do RTÉ)

Na hEalaíona (Scáileán)

Mícheál Ó Súilleabháin – Between Worlds (Red Shoe Productions do RTÉ)

Cúrsaí Reatha (Scáileán)

RTÉ Investigates: Gnéas le ligean ar Cíos

Sraith Drámaíochta (Scáileán)

Obituary (Magamedia do RTÉ)

Siamsaíocht (Scáileán)

Seó Tommy Tiernan (Power Pictures Ltd & Mabinóg Ltd do RTÉ)

Sraith Fhíorasach (Scáileán)

Oileáin Fhiáine na hÉireann (Crossing the Line Productions do RTÉ)

Stair (Scáileán)

Teacht ar Bhríd (RTÉ)

Clár Ceoil Beo (Scáileán)

Seisiún (Sugartown Films agus RTÉ Player do RTÉ)

Clár Faisnéise Aonair (Scáileán)

An bhfuil mé anseo? (Atom Films do RTÉ)

Clár Faisnéise Spóirt (Scáileán)

Liam Brady: The Irishman Abroad (Brick Films Ltd do RTÉ)

Spiorad na Féile

Viva Mary (Rúnda do RTÉ)

Greann (fuaim)

Rang Nero (Bobby Aherne Productions do Raidió RTÉjr)

Clár Faisnéise (Fuaim)

Clár Faisnéise RTÉ On One: Skyhope

Siamsaíocht Raidió

An Cúinne Dána (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

Bladhaire – Clár in ómós do Rónán Mac Aodh Bhuí (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

Stair (fuaim)

Clár Faisnéise RTÉ On One: Oíche Dhorcha i mBéal Easa

Clár Ceoil Raidió

Cuan an Cheoil (Stiúideo Cuan/RTÉ Raidió na Gaeltachta)

Láithreoir Raidió na Bliana

Máirín Ní Ghadhra (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

Stáisiún Raidió na Bliana

RTÉ Raidió na Gaeltachta


Showing 1 - 10 of 368 stories