FÓGRAÍTEAR OIRFIDIGH 2FM Rising DON BHLIAIN 2024
D’fhógair RTÉ 2FM inniu liosta na n-oirfideach don bhliain 2024 maidir le 2FM Rising. Painéal saineolaithe a roghnaíonn na hoirfidigh gach bliain agus is iad atá le háireamh i rang na bliana 2024 Big Sleep, Brad Heidi, Chubby Cat, Jordan Adetunji, Qbanaa, Saibh Skelly, Shee, Sick Love, Strabe agus The Cope.
Cuirfidh 2FM na hoirfidigh a roghnaíodh chun cinn i rith na bliana seo romhainn le béim faoi leith ar an gcuid a sheolann ceol nua agus agallaimh i rith Sheachtain Rising a bheith ar siúl ó Dé Luain, an 27 Samhain go dtí Dé Domhnaigh, an 3 Nollaig.
Dúirt Adam Fogarty, Stiúrthóir Ceoil ag RTÉ 2FM: “Is breá le 2FM liosta na n-oirfideach maidir le 2FM Rising 2024 a fhógairt. Is gné lárnach de bhunsraith agus de shaothar 2FM oirfidigh agus ceol as Éirinn a chur chun tosaigh agus féachtar, trí thionscnaimh bhunúsacha de leithéid 2FM Rising, le bonn treise a chur, ar fud ár gcuid ardán ar fad, faoin gcéad ghlúin chumasach eile atá ag saothrú an cheoil ar fud na hÉireann.
“Caitheadh dúthracht agus díograis ar feadh roinnt seachtainí leis an bplé shuaite chúramach ar an liosta seo agus is iontach an léiriú liosta 2FM Rising na bliana 2024 ar a bhfuil d’oirfidigh spleodracha ag teacht chun cinn in Éirinn agus de bheocht ina gcuid ceoil. Táthar ag tnúth le bliain iontach eile ceoil in Éirinn i rith na bliana 2024.”
Áirítear ar na hoirfidigh a luaitear ar liostaí maidir le 2FM Rising roimhe seo, Dermot Kennedy, Denise Chaila, Lyra, Pillow Queens, The Murder Capital agus Wild Youth.
Eolas faoi oirfidigh liosta na bliana 2024 maidir le 2FM Rising
Big Sleep
Tá aird á tharraingt ar Big Sleep ar fud na hÉireann agus thar sáile i rith na bliana 2023. Le linn dóibh a bheith ar scoil in éineacht a tháinig bunadh an ghrúpa seo as Baile Átha Cliath le chéile ar dtús agus casadh baill eile an ghrúpa orthu ag seónna beo ceoil sa chathair ina dhiaidh sin. Tá tréithe indie agus popcheoil ag rith leis an gcumasc fuaime idir ceol rac agus ceol sóil a bhíonn acu agus luann an banna ealaíontóirí de leithéid Big Thief, JJ Cale, Jamiroquai agus The Cure orthu siúd ar tháinig siad faoina n-anáil. Ní am socair seo ag an gceathrar ceolmhar. Ó thús na bliana seo, bhí siad ar chamchuairt le Somebody’s Child, tá siad á gcraoladh ar stáisiúin raidió go hidirnáisiúnta (BBC R1, Radio X, RTÉ 2FM), agus trácht speisialta orthu ag eagarthóirí Spotify in eagráin éagsúla dá gcuid (Hot New Bands, New Music Friday), chomh maith le turas a thabhairt ar fud na hEorpa gan ticéad fágtha gan ceannach dá gcuid seónna i Londain, i mBaile Átha Cliath agus i mBeirlín. Bliain ghnóthach a bhí sa bhliain 2023 ag an mbanna. Tá an dara EP le Big Sleep, Isn’t That Sweet, ar fáil anois.
Brad Heidi
Is fear déanta agus canta amhrán as Gaillimh é Brad Heidi ar bronnadh gradam “A New Local Hero” Raidió Údarás Craolacháin na hÉireann / Hotpress Irish Music Month air le gairid. Is tréan atá a cháil ag scaipeadh anois maidir le cumadh agus canadh a chuid amhrán. Tá Éire siúlta ag Brad i mbun a chuid buscála lena ghiotár agus mála mór lán go béal le hamhráin amach glan óna chroí. Thug Collective Mgmt suntas dó díreach roimh na srianta sóisialta agus tá Brad athraithe ón mbuscáil sráide anois agus seónna lán go doras déanta aige, mar shampla ar an Stáitse Mór ag Electric Picnic 2023, chomh maith le bheith ar stáitse roimh Billy Joel ag a cheolchoirm siúd le gairid i Hyde Park i Londain. D’eisigh sé EP dá chuid féin a bhí ar chairteanna oifigiúla na hÉireann do na halbaim agus ag Uimh. 2 ar chairt na nAlbam Neamhspleách. Bhí singlí dá chuid, Dancing In My Head agus Nobody But You, sna cairteanna Top 40 maidir leis an raidió in Éirinn. Tá máistreacht ag Brad ar TIKTOK freisin agus Aon Mhilliún sáraithe aige maidir le daoine a dtaitníonn a chuid leo. D’fhógair TIKTOK gurbh é an t-ealaíontóir é is mó a raibh lucht leanúna aige in Éirinn i rith na bliana 2022.
Chubby Cat
Tá stíl agus teacht i láthair dá cuid féin ag baint go neamhbhalbh le Chubby Cat a roghnaíodh le ceol ag Féile Eurosonic na hÍsiltíre. As Corcaigh ó dhúchas, ach sáite go daingean anois i saol an cheoil i mBéal Feirste, tharraing Chubby Cat aird in Éirinn cheana féin le singlí de leithéid Not a Vibe, Big Dog Barking, 21st Century Panic Attack, agus Baby Blue & Ache i dtús a ré, traiceanna a raibh stáisiúin raidió, blaganna agus eagarthóirí éagsúla DSP tógtha leo, ina measc New Music Friday de chuid Spotify, GLOW, UK & IE agus New Pop UK. Tugadh Chubby Cat san áireamh freisin ar Best of Fresh Finds 2022 – liosta seinnte de chuid Spotify International a théann i gcion go mór agus go fairsing – agus ainmníodh í ar an liosta Hot for 2023 le HotPress. Tá lucht éisteachta mór á mhealladh chuici féin ag Chubby Cat ag a cuid seónna beo agus bhí sí ar na hoirfidigh ba mhó a tharraing aird agus caint le gairid ag Seachtain Ceoil na hÉireann chomh maith lena roghnú le dul ar stáitse thar ceann na hÉireann ag Féile Eurosonic na hÍsiltíre i mí Eanáir. Bhí sí ar an stáitse ag seónna móra Crawlers and Tourist i mBaile Átha Cliath nuair a bhí an banna mór le rá sin anall as an mBreatain agus ar stáitse freisin ag Féile an Neamhspleáchais i gCorcaigh, ag féile Output i mBéal Feirste, ag an Mother Summer Block Party i mBaile Átha Cliath agus ag Sofar Sounds i mBéal Feirste.
Jordan Adetunji
Níl riail ná gnás nach bhfuil á sárú ag Jordan Adetunji, ar as Béal Feirste ó thús é, agus seánraí na rapála agus an R&B iarphonc á gcumasc ina chéile aige. Tá borradh mór faoin oirfideach Hip-Hop Éagsúil seo agus traiceanna dá chuid á n-áireamh le liostaí seinnte de chuid Spotify maidir le Alternative Hip Hop, Chillmatic, agus New Punk Tracks, chomh maith le rap uk agus Fresh Finds Rock. Tá ceol Jordan Adetunji á sheinm freisin ag Gary Lightbody as Snow Patrol ar an raidió, duine a d’fhógair “he is the next star” tar éis é a fheiceáil agus a chloisteáil beo ag ceolchoirm. Bhí trácht agus tuairisc ar a shaothar freisin in eagráin éagsúla de na hirisí Dazed, ID agus NME.
Qbanaa
I rith na bliana ó sheol sí an chéad singil dá cuid, Truth and Desire, tá ionad buanaithe ag Qbanaa di féin i measc réalta úra shaol an cheoil in Éirinn a leanann ag sú isteach réimsí nua tionchair, cultúir agus fuaime. Bhí tóir ar an singil is deireanaí ón ealaíontóir seo le gairid, Mundo En Mis Manos / World In My Hands, ag BBC Introducing, RTE 2FM, Nialler9, Hot Press agus GoldenPlec. Tá sé scríofa san idirtheanga ar a dtugann sí ‘Spanglish’ (meascán Spáinnise agus Béarla), buille scoir bhlianta na bhfichidí aici, le cur síos ar a teacht faoi bhláth agus í ag dul ar eachtra nua amach i mblianta na mban. Lonnaithe i mBaile Átha Cliath atá Qbanaa a chaith blianta a hóige ag taisteal anonn is anall idir seo agus Cúba, mar a mbíodh an ceol agus an damhsa salsa ina ndlúthchuid de shaol a hóige. Chanadh sí i gcór na scoile agus ag an Aifreann Spáinnise i lár chathair Bhaile Átha Cliath lena seanmháthair go dtí gur athraigh sí féin agus a máthair amach go bruach Bhaile Átha Cliath le cósta. Roghnaigh District Magazine í i rith an tsamhraidh don eagrán maidir le Future of Irish Music in 2023 agus bhí nuacht ag baint le Shrink uaithi i mí Iúil agus í ag ligean anáil popcheoil agus cheol druma agus doird ar a cuid fuaime – rud a chuaigh i gcion ar an toirt agus a tharraing aird Spotify, BBC Radio 1 agus RTE 2FM.
Saibh Skelly
Sa bhliain 2019, thosaigh Saibh Skelly, déagóir as Baile Átha Cliath, ag cur físeáin dá cuid buscála ar YouTube, leagan den amhrán When The Party’s Over le Billie Eilish a bhí ar an gcéad cheann. Nuair a rinne sí infheistíocht níos deireanaí an bhliain chéanna i gceamara físe, thug sí faoi deara go raibh aird á tharraingt ar a cuid físeán. Traic mealltach So What?, an chéad cheann a sheol sí sa bhliain 2023 agus lean Saibh uirthi ag tarraingt aird lucht craoltóireachta agus ag treisiú lena stádas ar dhuine de réalta úra na hÉireann. Is díol suntais traiceanna dá cuid a sheinm 16.5 milliún uair ar an raidió, 3.5 milliún uair ar YouTube, 3.67 milliún uair ar TikTok, chomh maith lena sruthchraoladh 2 milliún uair; agus anois, gairid tar éis a fheabhas a d’éirigh le ‘SAIBH X FIVE’, tá breis iontais á chur ar dhaoine ag Saibh Skelly le SLY arna chomhscríobh agus arna léiriú ag Ash Howes (Gabrielle Aplin, Kylie) agus Olivia Sebastianelli (Cosmic Gate, Purple Disco Machine). Popcheol nua-aimseartha atá ar SLY ach casadh bainte as.
Shee
Léiritheoir as Éirinn é David Sheerin a bhfuil cónaí air i gContae Luimnigh. As ceol clasaiceach house agus dioscó a fáisceadh é agus tá traiceanna eisithe aige trí Edible Records, Part 4 recs, & Friends agus Second Phase. Tá Barry Can’t Swim, salute, TSHA, LP Giobbi, Sarah Story, Danny Howard agus Young Marco le háireamh orthu sin atá ina gcrann seasta ag Shee.
Sick Love
Rebecca Geary a bhíonn chun tosaigh in Sick Love, in éineacht le Conor McLoughlin, Seán O’Connor agus Cormac O’Neill. Bíonn inspioráid acu ó Paramore, Blondie, No Doubt, Hole agus Garbage, chomh maith le hoirfidigh popcheoil de leithéid MARINA agus Haim, agus oirfidigh hip-hop de leithéid Cardi B. Tá an grúpa le dhá bhliain dírithe ar an gcéad cheirnín fada dá gcuid a cheapadh agus a léiriú tar éis dóibh teacht chun cinn go mór i dtús a ré le linn dóibh an tsraith tosaigh singlí a chur amach, sraith a chruthaigh go maith ó thaobh DSP agus léirmheastóireacht. Tá an t-albam le theacht amach ar Paragon Records i mí Bealtaine 2024 le singlí roimhe sin i mí Feabhra agus i mí Aibreáin. Rinne an grúpa an t-albam a thaifeadadh agus a léiriú i dteachaín feirme in Éirinn agus chuir siad chuige go dána ina gcuid cruthaitheachta agus ó thaobh na fuaime. Tá albam de thoradh ar a gcuid oibre ar a mbraitear dúthracht agus dílseacht do chroí agus d’anam Sick Love.
Strabe
Tháinig Strabe le chéile den chéad uair sé bliana ó shin ag Féile Ceoil Chorcaí. Luí leis na cineálacha céanna ceoil a tharraing le chéile iad ach ba ghairid gur tuigeadh do gach aon duine den bheirt go raibh an méid a bhí ar iarraidh uathu féin, maidir le fíorú a gcuid aislingí, á chruthú ag an duine eile. Bhí leathanaigh i ndiaidh a chéile ag Angelica, as Dún Éideann ó dhúchas, de liricí a bhí ag seasamh astu féin agus bhí togra aonair leictreonaice ag Emmet, Bleá Cliathach, gan glór ná guth a cheanglódh le chéile é. Trasnaíonn a gcuid amhrán dlúth agus inneach de réir mar a fhíonn an bheirt How Our Love Grows leis na snátha geala goinbhlasta i mbréidín an mhéala, an fhoráis agus na haibíochta.
The Cope
Is iad na healaíontóirí closamhairc David Anthony Curley agus Joe Furlong atá in The Cope. Casadh ar a chéile den chéad uair iad ag cóisir lá breithe i ndeireadh na bliana 2019 ag ar thosaigh cáirióice. Traiceanna clasaiceacha damhsa na 90idí, ceol house na Fraince agus na Beastie Boys a thug le chéile iad. Ba ghearr go raibh an bheirt i mbun cumadóireachta le chéile sa stiúideó atá ag David, The Clinic Recording Studios. De réir mar a thug siad a bhfuaim féin chun cinn as sin go ceann bliain go leith, bhí cruth á chur acu ar Dancer, an chéad albam dá gcuid. Ón gcleachtadh a bhí ag Joe ina dhordghiotáraí seisiúin le roinnt de na ceoltóirí is iomráití in Éirinn agus ón rath a bhí ar Otherkin, an banna lena mbíodh David roimhe seo, tuigeadh don bheirt go maith gur mhian leo go dtiocfadh an togra seo níos faide ná réimse an cheoil amháin. Tá físeáin ceoil curtha amach acu agus gearrscannáin, an péire is deireanaí acu a ndearna David an stiúrthóireacht orthu. Lig sin dóibh an domhan físe a chruthú ina maireann a gcuid ceoil. Tá cónaí ar dhuine acu anois i mBeirlín agus ar an dara duine in Antwerp agus beidh ceiliúradh á dhéanamh i mBaile Átha Cliath ag an mbeirt ar an gcéad albam, Dancer, a scaoileadh uathu le seó ar an 7 Nollaig in The Complex.