skip to main content

RTÉ chun an tseirbhís Aertel a dhúnadh

Dúnfaidh RTÉ an tseirbhís Aertel Déardaoin an 12 Deireadh Fómhair 2023.

I Straitéis RTÉ 2024, a foilsíodh in 2019, d’fhógair RTÉ go ndúnfaí Aertel mar chuid dá éabhlóid leanúnach agus riachtanach ar eagraíocht meán seirbhíse poiblí, ag tairiscint meascán de sheirbhísí beo agus ar éileamh agus cláir agus ábhar láidir agus éagsúil don lucht féachana, cathain agus cén áit is mian leo.

Ó 2019 i leith, mar gheall ar an ngá le tús áite a thabhairt do sholáthar seirbhísí digiteacha chun freastal ar éileamh méadaitheach an lucht féachana, tá RTÉ tar éis acmhainní a leithdháileadh roimhe seo ar sheirbhís Aertel a atreorú chun feabhas a chur ar sheirbhísí ar líne RTÉ amhail RTE.ie, RTÉ Player, aip RTÉ News agus aip RTÉ Radio Player.

Ina theannta sin, ciallaíonn tabhairt isteach an Achta um Shábháilteacht ar Líne agus Rialáil na Meán, 2022, nach bhfuil ceangal dlíthiúil ar RTÉ seirbhís Teilitéacs a sholáthar a thuilleadh.

Tá cinneadh RTÉ an tseirbhís Aertel a dhúnadh bunaithe ar thrí phríomhthosca:

  • Gach ábhar Aertel – agus níos mó – a bheith ar fáil ar fud sheirbhísí teilifíse, raidió agus ar líne RTÉ, lena n-áirítear aipeanna RTÉ News agus RTÉ Radio Player, agus ar ardáin agus meáin eile ar líne.
  • Méadú ar an éileamh lucht féachana ar chláir agus ábhar RTÉ ar líne agus trí aipeanna agus cainteoirí cliste.
  • Easpa teicneolaíochta tacaíochta atá ar fáil d’Aertel, seirbhís téacs oidhreachta teoranta. Ní thacaíonn an monaróir le go leor comhpháirteanna teicniúla i gcórais Aertel a thuilleadh, agus cailleann eilimintí breise tacaíocht níos déanaí i mbliana. Tá infhaighteacht theoranta ag an teicneolaíocht a theastaíonn chun an tseirbhís Aertel a sheachadadh agus ní thacaítear léi ar go leor teilifíseáin níos nuaí ná boscaí barr a shocrú.

Níl gach eolas Aertel ar fáil ar www.rte.ie/aertel.

Tá Oifig Eolais RTÉ ar fáil chun freagra a thabhairt ar ríomhphoist chuig info@rte.ie agus chun ceisteanna a fhreagairt ar an bhfón ar (01) 2083434 chun a chinntiú go bhfuil a fhios ag úsáideoirí Aertel cá bhfaighidh siad faisnéis a d’fhéadfadh teacht orthu roimhe seo trí Aertel.


Déantar iniúchadh i sraith theilifíse RTÉ, Secrets from the Dancefloor, ar phaisean na tíre don damhsa

Bíonn urláir dhamhsa timpeall na hÉireann lán go béal gach oíche den tseachtain idir ranganna jeighbheála in Coppers agus damhsaí sa bhálseomra i bhFiodh Ard. Is féidir le gach duine a bheith ag damhsa, beag beann ar chumas, aois, cruth nó tomhas. Is bealach spraíúil é an damhsa chun tú féin a choinneáil aclaí, casadh le daoine agus rud éigin nua a fhoghlaim. Ach is féidir níos mó ná sin a bheith i gceist leis an damhsa – is iomaí lánúin a casdh ar a chéile tríd an damhsa, is bealach é le dearmad a dhéanamh ar an mbriseadh croí ar feadh tamaillín nó is bealach é chun seanchuimhní a choinneáil beo. Déantar iniúchadh in Secrets from the Dancefloor ar an bpaisean atá againn don damhsa agus muid ag casadh leis na daoine sin nach mbeadh in ann maireachtáil gan damhsa mar aon le léargas a thabhairt ar an gcúis a mbíonn daoine ag damhsa.

Beidh roinnt daoine rannpháirteach sa gclár lena n-áirítear James McManus,103 bliain d’aois, atá lonnaithe i gCill Chainnigh agus ar breá leis an tangó a dhamhsa agus níl sé i gceist aige éirí as go fóill. Deir sé agus é ag gáire “I gcónra a bheidh mé an lá a stopfaidh mé ag damhsa”. Déanann sé cur síos ar an seanam nuair a bhíodh sé ag damhsa lena ghrá geal Patsy agus nuair a chaith sé seal le hArm na Breataine le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Taitníonn an damhsa bálseomra go mór le Freya Roche, déagóir as Cill Mhantáin, “Níl mé in ann mo shaol a shamhlú gan an damhsa, thug sé muinín dom agus is bean mhór chuideachta mé anois.” Thug Freya neamhaird ar a diagnóis diospraicse a chuireann isteach ar a comhordú agus d’éirigh léi a bheith ina Seaimpín Damhsa Bálseomra na hÉireann anuraidh. Leantar Freya sa chlár agus í ag damhsa chun an chraobh sin a bhuachan arís in 2023.

Casadh Rebecca Harte agus Eoin Sexton as an gCabhán ar a chéile ag ranganna jeighbheála agus thit siad i ngrá. Tá siad gnóthach ag ullmhú a dtí roimh theacht a ndamhsóra bhig bhídigh féin, chomh maith le bainis agus an chéad damhsa ríthábhachtach a phleanáil.

Tugann an t-eitnea-cóiré-eolaí, Orfhlaith Ní Bhriain, ó Dhámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol, Desmond O’Neil, Ollamh le Geirinteolaíocht Leighis, agus Loraine Barry, duine de na damhsóirí bálseomra is rathúla in Éirinn agus moltóir ar Dancing with the Stars, a gcuid saintuairimí faoin damhsa agus an fáth a bhfuil sé thar a bheith tarraingteach.

Le linn don léiritheoir sraithe, Darragh Byrne, a bheith ag labhairt faoin gclár, dúirt sé: “Tabharfaidh domhan an chláir, ‘Secrets from the Dancefloor’, léargas ó chúl an stáitse don lucht féachana ar réimsí coitianta a bhaineann le saol na hÉireann agus taispeánfar an saol atá ag roinnt de na daoine iontacha seo don lucht féachana. Le cur chuige rochtana ar gach réimse, is scéalta iad seo ar féidir linn ar fad a thuiscint ach a bhfuil sé fós de chumhacht acu ionadh a chur orainn trí dheis a thabhairt don lucht féachana éisteacht le smaointe príobháideacha na ngnáthdhaoine nach mbíonn aird á tabhairt orthu gach lá.”

Is é Secrets from the Dancefloor an chéad chlár sa tsraith trí chlár seo inar nochtfar an obair inmheánach a bhaineann le réimsí éagsúla den saol in Éirinn. Chomh maith leis an damhsa, déanfar plé sa tsraith ar Secrets from the Sidelines, agus ar Secrets of a Delivery Driver.

Féach ar Secrets from the Dancefloor ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ag 21:35 an 2 Deireadh Fómhair 2023.


Fools for Love? Clár faisnéise arna chur i láthair ag Aoife Moore ina dtugtar léargas ar an taobh dorcha den gheandáil ar líne

I saol ina bhfuil an cuardach le haghaidh do ghrá geal anois á dhéanamh ar líne, tabharfar léargas fírinneach ionraic in Fools for Love? ar an timpeallacht naimhdeach a bhíonn le treabhadh ag mná ar aipeanna geandála. Arna chur i láthair ag Aoife Moore, rachfar go domhain i saol gruama dhomhan na geandála ar líne, agus taispeánfar an taithí a bhíonn ag mná, a bhíonn gránna go minic, agus iad sa tóir ar an ngrá ar líne.

Craolfar an clár ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ar an 4 Deireadh Fómhair ina scrúdóidh Aoife chomh lárnach is atá an gheandáil ar líne anois sa rómánsaíocht nua-aoiseach, agus nochtar an taobh gruama a bhaineann leis an réimse digiteach seo, áit ina dtaithíonn mná réimse d’eispéiris uafásacha, ó íomhánna gáirsiúla nár iarr siad go camscéimeanna grá agus pornagrafaíocht díoltais.

I measc na scéalta a chuirfear inár láthair, labhróidh Aoife le bean faoin taithí a bhí aicise leis an ngeandáil ar líne agus mar a fuair sí amach go raibh an fear a raibh sí in éineacht leis ar feadh bliana in go leor caidreamh eile le mná a bhuail sé leo ar Tinder freisin.

De bharr gur labhair sí féin amach go láidir faoin taithí a bhí aici féin roimhe seo le drochíde ar líne, cuireann ceangal pearsanta féin Aoife leis na scéalta a insítear di sraith thochtmhar le hinsint an chláir faisnéise. Faigheann sí tuiscint níos fearr ar mar is féidir leis an spás ar líne tionchar a imirt ar ár n-iompar agus muid a fhágáil leochaileach.

Trí agallaimh an-phearsanta, léargais a spreagfaidh smaointe, agus gealltanas a thabhairt go dtabharfar guth níos láidre dóibh sin a raibh tionchar aige orthu, spreagfaidh an clár faisnéise seo comhrá ríthábhachtach faoin ngá práinneach atá le hathrú sa tírdhreach geandála digiteach.

Scalann an clár faisnéise seo solas ar na dúshláin a bhíonn roimh mhná i saol na geandála ar líne agus éilítear ann freisin go mbeadh eispéiris gheandála dhigiteacha níos sábháilte agus níos measúla acu.

Craolfar Fools for Love? ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player Dé Céadaoin an 4 Deireadh Fómhair ag 9:35pm.


Ráiteas ó RTÉ RnaG ar bhás Rónán Mhic Aodha Bhuí

Tá an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí ar shlí na fírinne.  Fuair sé bás sa bhaile i gCois Cláidigh Dé Máirt in aois 53 bliain. Thosaigh Rónán ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tús na nóchaidí, agus tá a ainm ceangailte go dlúth leis an stáisiún ó shin.  Bhí sé ar dhuine de na craoltóirí Gaeilge is aitheanta sa tír, agus is iomaí duine a mheall sé i dtreo na teanga agus domhan na ngael lena phaisean dá theanga dhúchais agus don chultúr Gaelach.  Rugadh Rónán Mac Aodha Bhuí i gCorcaigh, ach bhog an teaghlach go Gaoth Dobhair i dTír Chonaill nuair a bhí sé trí mhí d’aois, agus bhí sé préamhaithe go domhain sa chontae sin ó shin.  Chuaigh sé i mbun craoltóireacht den chéad uair sa bhliain 1987 ar stáisiún raidió bradach i mBaile Átha Cliath, agus stáisiún eile i Leitir Ceanainn.  Fuair sé post sa seomra nuachta i Century Radio sa bhliain 1988, agus chaith sé bliain nó mar sin ag obair ansin ar an nuacht Ghaeilge, sular bhog sé go dtí RTÉ.  Chaith sé roinnt blianta ag obair le cúrsaí teilifíse ansin, ar an tsraith Scaoil Amach an Bobailín le Seán Bán Breathnach agus Bláthnaid Ní Chofaigh, agus ar an gclár Ecu! Ecu!  Fuair sé tairiscint ansin dul ag obair do Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath agus clár an iarnóin, Cois Life, a chur i láthair, rud a rinne sé ar feadh trí bliana.  Bhog sé ar ais go Gaoth Dobhair tamall ina dhiaidh sin, i ndiaidh dó píosa taistil a dhéanamh, agus seal a chaitheamh i gConamara, agus thosaigh sé ag obair le Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga.     D’oibrigh Rónán ar go leor, leor cláracha éagsúla ar RnaG ó shin, idir cláracha irise, cláracha ceoil agus cláracha nuachta.  Orthu sin, bhí an clár irise Barrscéalta 1996, an clár ceoil Cúl an Tí a chuir sé i láthair le Hughie Mac Gairbheith, agus an clár ceoil Géill Slí.  Ba ar an gclár Géill Slí a craoladh an chéad amhrán le liricí Béarla ar RnaG, Blister in the Sun le The Violent Femmes, nuair a cuireadh Anocht fm ar bun sa bhliain 2005. Ba sa bhliain 2006 a tháinig a chlár Rónán Beo ar an aer den chéad uair, agus ba tríd an gclár sin a chuir go leor daoine aithne ar Rónán mar chraoltóir.  Bhí éisteoirí ar fud na tíre ag an gclár, idir óg agus aosta, agus bhíodh an-éagsúlacht ábhair le cloisteáil ann – ceol, siamsaíocht, agallaimh, cúrsaí sláinte, cócaireacht, scéalta nuachta agus míreanna grinn – ‘mixture maxture’, mar a déarfadh sé féin.  Craoladh an clár beo ón  Oireachtas den chéad uair sa bhliain 2008, agus ó shin i leith bhíodh sé mar chuid lárnach den fhéile, tús neamhoifigiúil leis an ócáid, mar a baisteadh air.  Chuirfeadh Rónán clár spleodrach, spraoiúil, fiáin i láthair na sluaite a bhí bailithe ann, agus bhíodh na héisteoirí ag súil go mór leis gach bliain.Chreid Rónán go láidir i gcumhacht an raidió, agus chreid sé freisin gurb é ról an iriseora an fód a sheasamh don duine a bhí faoi chois, an duine beag.   Bhí ardmheas agus ómós aige don saíocht, agus thaitin sé go mór leis a bheith ag foghlaim ó na glúnta níos sine faoi chora cainte agus nósanna agus a leithéid. Is iomaí gradam a bhain Rónán mar chraoltóir.  Bronnadh Gradam Pearsa Raidió na Bliana Oireachtas na Gaeilge air i 2009, 2010 agus 2016.  Bhain a chlár Rónán Beo Gradam Sraith Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i 2010, 2011 agus 2015.   Bronnadh an gradam do Phearsa Raidió na Bliana air ag Féile na Meán Cheilteach i 2011, agus bhain Rónán Beo Clár Raidió Gaeilge na Bliana ag Gradaim Náisiúnta PPI i 2012 agus i 2018.  Bronnadh Gradam Ghlór na nGael ar Rónán níos luaithe i mbliana, mar aitheantas a chuid oibre le cúrsaí craolacháin Gaeilge agus bhronn Conradh na Gaeilge Gradam an Uachtaráin air i mí Feabhra mar aitheantas as a chuid oibre do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.Bhí a chroí go hiomlán sa teanga Ghaeilge agus i gcultúr na nGael. Bhunaigh sé an Ciorcal Craiceáilte agus an Cabaret Craiceáilte chun ócáidí sóisialta i nGaeilge a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta.   Bhí sé an-tugtha don cheol agus thuig sé go raibh tábhacht faoi leith le tionscal an cheoil Ghaelaigh a chothú.  Thug sé ardán do cheoltóirí agus bannaí a bhí ag feidhmiú trí Ghaeilge ar an raidió, agus tríd an gCabaret Craiceáilte, agus thug sé spreagadh agus uchtach dóibh.  Bhí dáimh ar leith aige le muintir Oileán Thoraí, agus is iomaí turas a thug sé ar an oileán le blianta fada anuas.Bhí ard-mheas ag Rónán ar phobal Gaeilge na Sé Chontae, agus acu siúd airsean freisin, agus ba é Rónán a bhí mar fhear an tí ag an mhórshiúl iomráiteach a bhí ag An Dream Dearg sa bhliain 2014 ag lorg cearta teanga.  Maireann a bhean chéile Bernie, a iníon Fionnuala, deartháireacha, deirfiúracha, gaolta agus cairde. Dúirt Kevin Bakhurst, Ard-Stiúrthóir RTÉ: “Cúis mhór bróin dom bás Rónáin.  Fear é a raibh a chroí go hiomlán sa teanga agus i gcraoltóireacht na Gaeilge.  Ceannródaí a bhí ann i gcúrsaí raidió, agus beidh lorg a shaothair le braith go ceann i bhfad.  Méala mór a bhás dá mhuintir, dá chairde, agus dá chomhghleacaithe ar fud na heagraíochta, agus buille mór atá ann do chraoltóireacht na Gaeilge tré chéile.  Suaimhneas síoraí dó.” Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ RnaG: “Ní féidir é a chur i bhfocail an tionchar a bhí ag Rónán Mac Aodh Bhuí ar a phobal, ná an gean agus grá a bhí ag an bpobal sin dó.  Pobal mór millteach leathan fairsing atá ann, pobal na Gaeltachta, pobal na Gaeilge, pobal an cheoil, ealaíontóirí agus scríbhneoirí, feilmearaí agus iascairí, dochtúirí agus dlíodóirí, daoine óga agus daoine nach bhfuil chomh hóg sin, iad sa mbaile agus thar lear, agus iad uilig faoi bhrón ag scéal a bháis.” “Craoltóir den chéad scoth a bhí i Rónán, a thuig raidió mar mheán, agus chruthaigh sé píosaí raidió a fhanfaidh i gcuimhne na ndaoine ar feadh i bhfad.  D’fhág sé a lorg mar chraoltóir ar bhealach nach bhfuil déanta ag aon chraoltóir eile i saol na Gaeilge ná i saol an Bhéarla.  Tá muid go mór faoi chomaoin aige as an méid a rinne sé don stáisiún seo, agus don Ghaeilge lena linn.” “Thar cheann an stáisiúin seo agus thar mo cheann féin, ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean chéile Bernie, a iníon Fionnuala, agus a mhuintir ar fad, ina measc a dheartháir Cian, iar-chomhleacaí dár gcuid anseo, a chuid cairde uilig agus foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta, go h-áirid foireann Dhoirí Beaga.” Dúirt Aodh Máirtín Ó Fearraigh, Bainisteoir Réigiún an Tuaiscirt, RTÉ RnaG: “Ba chraoltóir den chéad scoth a bhí i Rónán.  Bhí sé fiosrach, tuisceanach, cliste, neamhfhaiteach agus dána.  Ní raibh a shárú le fáil.  Cronóidh go mór é.  Comhbhrón ó chroí lena bhean chéile Bernie, lena iníon Fionnuala, lena dheartháir Cian a bhíodh ag obair linn tráth,  agus leis an teaghlach uilig.  Go raibh suaimhneas síoraí aige.” Craolfar trí chlár speisialta ómóis do Rónán ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo.  Dé Céadaoin ag 11 am, craolfar eagrán speisialta de Bharrscéalta.  Déardaoin agus Dé hAoine, beidh eagráin speisialta ómóis den chlár Bladhaire ann.


Ireland 100: An Old Song Re-Sung

Ceolchoirm bheo chun 100 bliain de Shaorstát na hÉireann a chomóradh á cur i láthair ag RTÉ agus ag South Wind Blows mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

Cuirfidh RTÉ, i gcomhar le South Wind Blows agus le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023, ócáid cheolchoirme beo i láthair ina mbeidh an pobal in ann freastal uirthi saor in aisce chun an chéad 100 bliain de Shaorstát Éireann a chomóradh Dé Sathairn an 7 Deireadh Fómhair 2023 ag an RDS.

Déantar comóradh in Ireland 100: An Old Song Re-Sung, trí thaibhiú, amhránaíocht, ceol, damhsa agus an focal labhartha, ar aon chéad bliain idir 1923 – 2023 trí léargas ar chultúr na hÉireann. Fite fuaite tríd an taispeántas, tá príomhthéamaí scéal 100 bliain na hÉireann maidir leis an méid atá bainte amach, na teipeanna, na dúshláin agus na hathruithe. Tá féiniúlacht agus eispéireas an duine agus an freagra ealaíne agus cultúir a tugadh ar na hócáidí sin i gcroílár an taispeántais.

Leis na saothair agus taispeántais ó roinnt de na healaíontóirí, amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí agus craoltóirí is fíoráille in Éirinn – chomh maith le scannán cartlainne iontach agus teilgean socair – cruthófar atmaisféar tumthach tarraingteach smaointeach atá bunaithe ar chuimhní.

I measc na rannpháirtithe agus ealaíontóirí a bheidh páirteach, beidh: Damien Dempsey, Aiden Gillen, Tolü Makay, Colm Mac Con Iomaire agus Síle Denvir le Bláth na hÓige agus Liam Ó Maonlaí, Iarla Ó Lionáird, Loah, Donal Lunny, Martin Hayes, FeliSpeaks, Diarmaid Ferriter, Sally Mulready OBE, London Irish Pensioners Choir agus neart eile.

Tagann an teideal Ireland 100: An Old Song Re-Sung ó dhán le WB Yeats, ‘Down By The Salley Gardens’. Ba é Yeats an chéad bhuaiteoir gradaim Nobel Éireannach sa Stát nua neamhspleách in 1923, an bhliain ar a bhfuil oscailt an taispeántais bunaithe. Ba í an bhliain 1923 an bhliain chéanna a ndeachaigh Éire isteach i gConradh na Náisiún nuabhunaithe, agus dá réir sin, tugadh aitheantas foirmiúil don tír agus rinneadh comóradh ar chead isteach na tíre sa phobal idirnáisiúnta.  Déantar comóradh ag an tráth seo ar dheireadh tréimhse a bhí thar a bheith claochlaitheach i stair na hÉireann inar chonacthas athrú ollmhór sóisialta agus polaitíochta agus an Stát nua a bhí ag teacht chun cinn ag déanamh a bhealaigh trí thodhchaí éiginnte lán le deiseanna.

Níl aon chostas ar na ticéid, ach tá teorainn leo. Beifear ábalta iarratas a dhéanamh ar thicéid ar rte.ie/culture Dé Máirt an 19 Meán Fómhair ó 12pm.

Craolfar an cheolchoirm ar RTÉ One, ar an RTÉ Player agus ar RTÉ Radio 1 Dé Luain an 30 Deireadh Fómhair.

Tá tacaíocht faighte ag Ireland 100: An Old Song Re-Sung ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, 2012-2023.

Is éard a dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, ná: “Ba phléisiúr dom é comhordú chéim deiridh Chlár trasrialtais Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 a threorú agus a mhaoirsiú. Tá ríméad orm go bhfuil mo Roinn féin ag tacú leis an léiriú beo iontach seo atá beartaithe don RDS. Tarraingítear aird san ócáid seo ar an ról tábhachtach a bhí ag ealaíontóirí agus eagraíochtaí cultúir le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán agus níl aon amhras orm ach gur ócáid chultúir as an ngnáth a bheidh inti a thabharfaidh léargas cuí ar an tréimhse stairiúil agus ar an oidhreacht. Tá ríméad orm go mbeidh daoine den phobal in ann taitneamh a bhaint as an ócáid seo agus mholfainn do dhaoine iarratas a dhéanamh ar thicéid chomh luath agus is féidir. Trí úsáid a bhaint as cead isteach na hÉireann chuig Conradh na Náisiún mar ábhar chun é a sheoladh, tá sé d’aidhm ag an léiriú ceol agus taibhiú a úsáid chun cuidiú linn tuiscint a fháil ar an am atá caite, ciall a bhaint as an am i láthair agus ag an am céanna féachaint ar an am atá le teacht a chruthóidh muid do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le RTÉ agus leis na healaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne ar fad as an ábhar a chuir siad ar fáil do Dheich mBliana na gCuimhneachán le 10 mbliana anuas idir chláir agus léiriúcháin ardaidhmeannacha d’ardchaighdeán.”

Is éard a dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst: “Táimid mórtasach dul i bpáirt le South Wind Blows agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán don ócáid speisialta seo chun 100 bliain de Shaorstát Éireann a chomóradh. Trínár rannpháirtíocht i nDeich mBliana na gCuimhneachán, bhí RTÉ bainteach le réimse de chláir agus ócáidí tábhachtacha. Bhí go leor de na scéalta a bhí againn le linn an aistir seo i bhfad níos speisialta mar gheall ar na hamhráin, damhsa, an focal labhartha, scannáin, cláir faisnéise agus drámaí, ar nithe iad ar fad atá thar a bheith lárnach i gcultúr na hÉireann. Táimid ag súil le saothar agus taibhithe roinnt d’ealaíontóirí, amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí agus craoltóirí den scoth na hÉireann a chur ar fáil don lucht spéise agus ár gcion féin a dhéanamh chun an ócáid stairiúil seo a roinnt ar ár gcuid seirbhísí ar fad.”


Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 le fógairt anois i mí Feabhra

Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1, Dé Máirt an 27 Feabhra 2024, Vicar Street, Baile Átha Cliath

Beidh an 6ú Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar siúl in Vicar Street i mBaile Átha Cliath Dé Máirt an 27 Feabhra 2024. Craolfar na Gradaim beo ar RTÉ Radio 1 agus ar an RTÉ Radio App agus craolfar clár buaicphointí ar Theilfís RTÉ. Ní bheidh na Gradaim ar siúl i mí na Samhna.

Maidir leis an gcinneadh Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 a bhogadh amach go mí Feabhra, dúirt Ceann RTÉ Radio 1, Peter Woods: “Tá an ceol lárnach sa méid a dhéanann RTÉ Radio 1 agus tá ceol tíre agus ceol traidisiúnta ina chuid ríthábhachtach de sin. Is cúis bhróid dúinn é sin agus is cúis bhróid freisin iad na Gradaim Ceoil Tíre go háirithe, atá ina gcuid lárnach den fhéilire ceoil agus atá ar aitheantas iontach é do na daoine cumasacha atá tagtha chun cinn sa tír agus don chaoi a ndéantar ceiliúradh ar chultúr na hÉireann.”

Is éard a dúirt Grúpcheannasaí Ealaíon & Cultúir RTÉ, Ann-Marie Power: “Ar an gcéad oíche de na Gradaim Ceoil Tíre, bronnadh an gradam don Ghrúpa Ceoil Tíre is Fearr ar Lankum, an gradam don Amhránaí Ceoil Tíre is Fearr ar Radie Peat agus sa bhliain 2019, bronnadh an gradam don Albam Ceoil Tíre is Fearr ar The Hare’s Lament, albam de chuid Ye Vagabonds. Gach bliain bronntar gradam ar an gCeoltóir is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn, ar cheoltóirí nua – ag an am – ar nós Emma Langford agus John Francis Flynn – agus is sa chatagóir sin a dhéanann siad agus daoine eile dul chun cinn go tapa trína gcuid oibre agus ealaíontachta. Is ábhar misnigh é a fheiceáil, le sé bliana anuas, chomh láidir, cruthaitheach agus ríthábhachtach atá saol an cheoil tíre in Éirinn faoi láthair agus lena chinntiú go ndéanfaidh RTÉ an ceiliúradh is fearr agus is féidir, bhog muid na gradaim amach go mí Feabhra, Cuirfidh an t-am nua sin, ag tús an earraigh, ar ár gcumas machnamh níos fearr a dhéanamh ar an mbliain féilire cheoil ar an iomlán. Tá muid ag súil go mór le haitheantas a thabhairt do na ceoltóirí agus ealaíontóirí iontacha ceoil tíre arís os comhair lucht féachana beo agus le lucht éisteachta RTÉ Radio 1 ar fud an domhain.”

NA SONRAÍ

AN TRÉIMHSE CHÁILITHE

Is é Déardaoin an 13 Meán Fómhair 2022 go dtí Dé Domhnaigh an 12 Samhain 2023 (tréimhse 14 mhí) an tréimhse cháilithe don 6ú Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1.

Tá fáilte roimh cheoltóirí, lipéid cheoil, tionscnóirí agus daoine den phobal iarratais a dhéanamh lena meas ar an ríomhphost chuig folkawards@rte.ie.

CATAGÓIRÍ VÓTÁLA NA MOLTÓIRÍ

Bronntar seacht ngradam gach bliain mar thoradh ar vótaí a chaitheann Moltóirí na nGradam Ceoil Tíre. Is iad sin:

An Traic Ceoil Tíre Bunaidh is Fearr

Amhrán nó traic uirlise nua a ndearnadh taifeadadh air le linn na tréimhse cáilithe ó bhí na gradaim dheireanacha ar bun.

Buaiteoir 2022: Now You See It – Susan O’Neill

An Traic Ceoil Tíre Thraidisiúnta is Fearr

Taifeadadh ar thraic traidisiúnta (amhrán nó ceol uirlise) ó thraidisiún cheol tíre na hÉireann a ndearnadh taifead air le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir 2022: Róisín Dubh – Muireann Nic Amhlaoibh agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann

An tAmhránaí Ceoil Tíre is Fearr

Gradam d’amhránaí ceoil tíre as Éirinn mar aitheantas ar thaifeadadh nó taibhiú den scoth a rinneadh le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir 2022: Muireann Nic Amhlaoibh

An Ceoltóir Ceoil Tíre is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn

Gradam chun aitheantas a thabhairt do thaispeántas nua (ceoltóir aonair nó grúpa/ceol gutha nó uirlise) a raibh tionchar aige ar shaol an cheoil tíre in Éirinn laistigh den tréimhse cháilithe.

Buaiteoir 2022: Cathal Ó Curráin

An tIonstraimí Ceoil Tíre is Fearr

Gradam do cheoltóir aonair uirlise nó ball de bhanna a thugann aitheantas do chumas ceoil iontach i dtaifeadadh nó i dtaibhiú le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir 2022: Cormac Begley

An Grúpa Ceoil Tíre is Fearr

An grúpa ceoil tíre as Éirinn a raibh an tionchar is mó acu le linn na tréimhse cáilithe.

Buaiteoir 2022: the olllam

An tAlbam Ceoil Tíre is Fearr

An t-albam ceoil tíre is fearr a eisíodh le linn na tréimhse cáilithe. Níl atheisiúintí ná cnuasaigh san áireamh.

Buaiteoir 2022: Nine Waves – Ye Vagabonds

Catagóirí Vótála an Choiste

Bronntar dhá ghradam gach bliain mar thoradh ar mhachnamh a dhéanann Coiste Stiúrtha na nGradam Ceoil Tíre. Is iad sin ná:

Gradam Dhámhachtain na Laoch

Gradam a bhronntar ar dhuine nach maireann agus a rinne go leor ar mhaithe le ceol tíre na hÉireann le linn a saoil.

Buaiteoir an ghradaim in 2022: Paddy Maloney

Gradam Saoil

Gradam a bhronntar ar cheoltóir atá fós beo agus a bhfuil go leor déanta acu ar mhaithe le ceol tíre na hÉireann thar thréimhse roinnt blianta.

Buaiteoir an ghradaim in 2022: Mary Black

Chun sonraí iomlána bhuaiteoirí na bliana anuraidh a fháil, féach ar:

RTÉ Radio 1 Folk Awards – Buaiteoirí Fógartha – About RTÉ (rte.ie)


Filleann Crimecall ar RTÉ One don 20ú séasúr agus láithreoir nua, Carla O’Brien, ar an stiúir

Beidh Crimecall RTÉ ar ais don 20ú séasúr Dé Luain seo chugainn, an 25 Meán Fómhair, ag 9.35pm ar RTÉ One agus láithreoir nua, Carla O’Brien air, chomh maith le cuma nua.

Gach mí, baintear úsáid sa tsraith fhadtréimhseach seo de chuid RTÉ a bhfuil an- tóir air as athchruthuithe, píosaí ó CCTV agus achainí beo sa stiúideo ag iarraidh eolas ón bpobal chun cabhrú le fiosrúcháin na nGardaí. Mar thoradh ar ghlaonna chuig an gclár le linn na 19 séasúr roimhe seo, ciontaíodh lear mór daoine.

Ar chlár na seachtaine seo chugainn beidh teaghlach an fhir as Baile Átha Cliath, Martin Lynn, ag labhairt faoina bhás agus iad ag súil go mbeidh an pobal in ann cuidiú le fiosrúcháin na nGardaí.

Pléann an clár freisin leis an mistéir a bhaineann leis an gcorp a tháinig i dtír tríocha seacht bliain ó shin ar chósta Liatroma sa bhliain 1986.Tá na Gardaí ag impí ar aon duine a d’aithneodh na tatúnna sainiúla atá ar an gcorp labhairt leo.

Cloisfear ar Crimecall chomh maith ó fhear atá ag tabhairt faoina shaol athuair tar éis dó éalú ó obair éigeantais i gceantar tuaithe in Éirinn.

Agus í ag labhairt faoin ról nua atá aici, dúirt an láithreoir Carla O’Brien, “Is onóir agus pribhléid domsa an deis a fháil clár ar nós Crimecall atá chomh fada ar an bhfód agus a bhfuil an oiread tóir air a chur i láthair, clár atá ina bhunchloch ag an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí. Tá mé ag tnúth le bheith ag obair leis an nGarda Síochána, leis an bhfoireann léiriúcháin agus go háirithe leis an lucht féachana, mar nach mbeadh an clár ann dá n-uireasa.”

Tar éis di breis agus cúig bliana a chaitheamh ar an stiúir ag Crimecall dúirt an láithreoir a bhí ann roimhe seo, Sharon Ní Bheoláin, “Is píosa luachmhar craoltóireachta seirbhíse poiblí é Crimecall agus caithfidh mé a rá gur onóir a bhí ann an seó a óstáil ar feadh cúig bliana go leith. Mo léan, tá sé in am agamsa bogadh ar aghaidh ach ar dtús ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis an bhfoireann dhíograiseach Crimecall, an fhoireann sa stiúideo agus An Garda Síochána -mar gheall orthu seo ar fad shílfeá go raibh an jab a bhí agamsa éasca! Ba mhaith liom, ach go háirithe, ómós a thabhairt do na daoine cróga sin ar fad a bhí páirteach sa chlár; íospartaigh na coireachta, a dteaghlaigh agus daoine muinteartha le daoine a chuaigh ar iarraidh a labhair liom ar bhealach chomh corraitheach sin, go minic i gcúinsí ina raibh siad croí-bhriste. Is mór an pléisiúr dom an bata a thabhairt ar láimh anois do mo chara agus mo chomhghleacaí sárchumasach Carla O’Brien. Tá a fhios agam go ndéanfaidh sí jab iontach. Tá mé cinnte go leanfaidh ár lucht féachana dílis ag tiúnáil isteach i gcónaí agus cabhrú leis na Gardaí aon uair ar féidir leo lena n-achainí maidir le coireanna.”

Féach ar Crimecall, ar RTÉ One, Dé Luain 25 Meán Fómhair, 9.35pm


THE 2 JOHNNIES LATE NIGHT LOCK IN ROMHAINN AN DEIREADH FÓMHAIR SEO

Sraith ghrinn agus shiamsaíochta sé chlár á cur i láthair ag Johnny Smacks & Johnny B

Cuirfidh The 2 Johnnies seó úr nua i láthair an Deireadh Fómhair seo san fhoirmThe 2 Johnnies Late Night Lock In.

Beidh an bheirt fuirseoirí as Tiobraid Árann le feiceáil ar sa tsraith sé chlár lán le haidréanailín seo agus beidh cairde a bhfuil aithne mhór orthu ina dteannta gach tráthnóna don spraoi ar fad sa phub áitiúil. Beidh an dream a bhíonn ag éisteacht le clár raidió na beirte ar RTÉ 2FM an-sásta a chloisteáil go mbeidh an chéad léiriú teilifíse de The Parish Quiz le feiceáil ar an tsraith seo mar aon le ceol ó Johnny B, Johnny Smacks agus ceoltóirí eile ina dteannta ar feadh na sraithe.

Leagfaidh an clár béim ar gach rud a bhaineann le bheith i d’Éireannach – agus déanfar ceiliúradh ar na pearsaí den scoth, ar an ngreann, ar an gceol, ar an spraoi agus ar an tseafóid a bhíonn le fáil i bpubanna ar fud na tíre. Tabharfaidh The 2 Johnnies an rud ar fad le chéile go nádúrtha agus go neamheaglach le linn chlár uair an chloig d’anord dothuartha.

Tá The 2 Johnnies ag iarraidh ar dhaoine a bhfuil scéalta iontacha acu, buanna faoi cheilt acu agus ar ghrúpaí atá ag iarraidh ionadaíocht a dhéanamh ar a bparóiste féin sa The Parish Quiz teagmháil a dhéanamh leo. Seol ríomhphost chuig casting@greeninc.tv le bheith páirteach ann!

Ag labhairt dó faoin tsraith nua sé chlár dúirt Johnny Smacks: “Clár é seo atá déanta ag an bpobal don phobal, mar sin bí chun cinn ar an slua agus bain sásamh as an amaidí!”

Dúirt Johnny B: “Tá sé ráite ag daoine linn nach fuirseoirí cearta muid, nach bhfuil ionainn ach dream atá barrúil sa phub, mar sin dúramar go dtaifeadfaimis ár gclár teilifíse nua sa phub! Is é bun agus barr an údair a ndéanaimid gach a ndéanaimid ná carachtair iontacha na hÉireann a fháil ar an teilifís agus ar an raidió, tá an oiread daoine greannmhara, fiáine ar an oileán seo, agus déanfar iad a cheiliúradh ar an gclár seo.”

Dúirt Alan Tyler, Grúpcheannasaí don tSiamsaíocht, Greann agus Ceol in RTÉ: “Doshrianta, dosháraithe, dosheachanta, chuir The Two Johnnies clár píolótach den scoth faoinár mbráid agus is fada linn go mbeidh an lucht féachana ábalta é a fheiceáil. Rinne siad an-soiléir é freisin go mbeidís ag teacht chomh fada liom mura mbeinn sásta é seo a scríobh.”

Is iad Justin Healy, Eagarthóir Coimisiúnaithe d’ábhar Grinn agus Katherine Drohan, Eagarthóir Coimisiúnaithe d’ábhar Siamsaíochta in RTÉ a choimisiúnaigh an tsraith seo.

Ag labhairt dó faoin tsraith dúirt, Justin Healy, Eagarthóir Coimisiúnaithe d’ábhar Grinn, RTÉ: “Tá ríméad orainn an coimisiúnú seo a fhógairt. Tá The Two Johnnies thart le píosa anois, agus b’iontach an rud é a bheith ag obair leo agus an pointe seo a bhaint amach mar aon le clár a leagan amach atá bunaithe ar an gcumas ar leith atá acu lucht féachana agus éisteachta óg nua comhaimseartha na hÉireann a mhealladh agus dáimh a bheith acu leo.”

Cuirfear tús le The 2 Johnnies Late Night Lock In ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player i mí Dheireadh Fómhair.

Is sraith bhunaidh de chuid Green Inc The 2 Johnnies Late Night Lock In arna léiriú do RTÉ.

Is iad Alan Tyler, Grúpcheannasaí RTÉ don tSiamsaíocht agus Ceol, Justin Healy, Eagarthóir Coimisiúnaithe d’ábhar Grinn agus Katherine Drohan, Eagarthóir Coimisiúnaithe d’ábhar Siamsaíochta a choimisiúnaigh an tsraith.

Is é Jeremy Salsby Léiritheoir na Sraithe agus is é Stephen Stewart an Léiritheoir Feidhmiúcháin.


RTÉ ag Ceiliúradh Sheachtain Feasachta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann

Déanfaidh RTÉ Seachtain Feasachta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a cheiliúradh ó Dé Luain an 18 Meán Fómhair go dtí Dé Domhnaigh an 24 Meán Fómhair trí roinnt cláracha agus ábhar speisialta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) a chur ar fáil ar fud ár gcuid seirbhísí ar feadh na seachtaine, ag leagan béim ar ghealltanas leanúnach RTÉ i leith Phobal Bodhar, Daoine faoi Allaíre agus Phobal ISL na hÉireann.

***ÁIRÍTEAR AR NA BUAICPHOINTÍ:

>Ar Nationwide ar RTÉ One (Dé Luain, 18 Meán Fómhair ag 7.00pm) beidh Caroline Worthington ó fhoireann Nuacht & Aimsir RTÉ lena ngabhann Teanga Chomharthaíochta in éineacht le Bláthnaid Ní Chofaigh (sa phictiúr thuas), ag na Trialacha Idirnáisiúnta Madraí Caorach a bhí ar siúl le gairid i mBaile Coimín. Beidh comharthaíocht ISL ar an scáileán tríd an gclár ar fad.

>Tabharfaidh RTÉ News with Signing an téama atá i gceist le fios gach lá de Sheachtain Feasachta ISL.

>Ar RTÉ2, beidh rannpháirtithe óga atá bodhar agus a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu le feiceáil ar news2day ar feadh na seachtaine.

>Ar RTÉjr agus RTÉ2, cuirfear ISL ar fáil ar roinnt cláracha páistí ar feadh na seachtaine

>Beidh scoláirí atá san Idirbhliain sa Holy Family School for the Deaf in éineacht le hAimsir RTÉ Dé Máirt an 19 Meán Fómhair chun an bealach a ndéantar Aimsir ISL a thaispeáint dóibh. Tabharfaidh na scoláirí cuairt freisin ar an Nuacht, news2day, Seirbhísí Rochtana, Aschraoladh agus ar sheit nua an Late Late Show!

>Dé Sathairn an 23 Meán Fómhair, Lá Idirnáisúnta na dTeangacha Comharthaíochta, iompóidh comhartha RTÉ ag an mbealach isteach chuig campas RTÉ i nDomhnach Broc Gorm, dath suntasach a sheasann don Teanga Chomharthaíochta agus a léiríonn an meas atá ag na pobail Bhodhair ar a dteanga féin.

>Cuireadh tús freisin an tseachtain seo caite le ranganna ISL don fhoireann.

***AR FEADH NA SEACHTAINE

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ ar RTÉ

>ISL ar Nationwide ar RTÉ One

Beidh Caroline Worthington ó fhoireann teanga comharthaíochta RTÉ ar an láthair in éineacht le láithreoir Nationwide Bláthnaid Ní Chofaigh i gCo. Chill Mhantáin ag Trialacha Idirnáisiúnta Madraí Caorach 2023, áit a bhfuil láimhseálaithe agus a gcuid madraí ó na ceithre náisiún – Éire, Sasana, Albain agus an Bhreatain Bheag – san iomaíocht féachaint le bheith ina Sár-Sheaimpín. Cuirfidh Bláthnaid aithne ar roinnt de na hiomaitheoirí agus a gcuid madraí ag an imeacht, tabharfar ceacht don fhoghlaimeoir di sa treabhdóireacht agus casfaidh sí le lucht ceirde ann. Rachaidh ár dtuairsceoir Mary Fanning chomh fada le Co. Chill Dara chun bualadh le fear a bhfuil gnó agrathurasóireachta bunaithe aige mar gheall ar an saineolas atá aige ar mhadraí caorach. Beidh comharthaíocht ISL ar an scáileán tríd an gclár ar fad.

Maidir le bheith ag comharthú ar chlár speisialta ISL Nationwide, dúirt Caroline Worthington ó fhoireann theanga chomharthaíochta Nuacht & Aimsir RTÉ: “Bhí ríméad orm nuair a iarradh orm Seachtain Feasachta ISL a cheiliúradh ar Nationwide in éineacht le Bláthnaid. Táim ag súil go mór leis na Trialacha Idirnáisiúnta Madraí Caorach a thaispeáint don Phobal Bodhair ar an seó.”

>RTÉ News

Beidh míreanna rialta againn le daoine óga ón bpobal ISL a bhfuil scéalta tábhachtacha/spreagúla le hinsint acu i rith na seachtaine, agus ar fud chainéil shóisialta RTÉ News.

>RTÉ News with Signing

Beidh ábhar speisialta do Sheachtain Feasachta ISL le craoladh ag deireadh na Nuachta le Teanga Chomharthaíochta ar feadh na seachtaine.

>Nuacht RTÉ

Beidh míreanna rialta againn le daoine óga ón bpobal ISL a bhfuil scéalta tábhachtacha/spreagúla le hinsint acu i rith na seachtaine, agus ar fud chainéil shóisialta Nuacht RTÉ.

AR AN RTÉ PLAYER

>Beidh cláracha ISL RTÉ a craoladh le gairid le fáil ar an RTÉ Player le ISL, lena n-áirítear cláracha faisnéise a mbeadh spéis go háirithe ag an bPobal Bodhair iontu, amhail:

  • Mother Father Deaf
  • London Calling
  • Tribute: The Teresa Deevy Story

Beidh na cláracha agus sraitheanna seo ar fáil chomh maith:

  • Pulling With My Parents
  • Ireland’s Wild Islands
  • The Talk
  • Saol Na Feirme
  • Kevin Moran:Codebreaker
  • The 2 Johnnies Take On
  • North Atlantic
  • Cheap European Homes
  • Room To Improve
  • Clear History

Is féidir an chatalóg iomlán ISL a fháil ar an RTÉ Player: https://www.rte.ie/player/.

Ina theannta sin, craolfar an fhógraíocht d’fheachtas nua an RTÉ Player do na sraitheanna Wild Islands agus North Atlantic an tseachtain seo chugainn le Sarah-Jane O’Regan i mbun chomharthaíocht ISL orthu.

Tá an dá shraith ar fáil ar éileamh ar an RTÉ Player le ISL.

AR RTÉ One, RTÉ 2 agus RTÉjr

RTÉ One:

  • Missing: Beyond the Vanishing Triangle
  • The Summer Show
  • Angela Scanlon, Ask Me Anything Sraith 2
  • Super Garden – Sraith 14
  • Ireland’s Smartest
  • The Full Irish Hidden Camera Show

RTÉ2 agus RTÉjr:

  • Body Brothers – Sraith 3
  • Silly Sundays
  • Let’s Find Out
  • Funny Little Monsters
  • Dizzy Deliveries

AR RTÉkids

Ar RTÉ Kids ar líne, inseoidh muid daoibh faoi roinnt de na cláracha nua ISL do dhaoine óga atá againn agus beidh tú in ann féachaint ar roinnt acu ar an láithreán gréasáin fiú.

Iompóidh ár gcainéil meán sóisialta gorm chun Lá Idirnáisiúnta na Teanga Comharthaíochta a chomóradh ar an 23 Meán Fómhair.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Sheachtain Feasachta ISL ar RTÉ, coinnigh súil ar chainéil meán sóisialta RTÉ trí úsáid a bhaint as #isl


Permanent TSB ina urraitheoir nua craolacháin ar The Late Late Show

Don té lena mbaineann…

D’fhógair Díolachán Meán RTÉ inniu go mbeidh Permanent TSB ina urraitheoir nua craolacháin ar The Late Late Show ar RTÉ do na séasúir 2023/24 agus 2024/25. Cuirfear tús leis an séasúr úrnua den The Late Late Show Dé hAoine an 15 Meán Fómhair ag 9.35pm ar RTÉ One.

Beidh aíonna speisialta i dteannta Patrick Kielty gach oíche Aoine os comhair lucht féachana beo sa stiúideo.

Áireofar sa chomhaontú urraíochta le Permanent TSB 730 stoing creidiúnaithe san iomlán in aghaidh an tséasúir a chraolfar ar fud RTÉ One agus RTÉ One +1, chomh maith le hathchraoladh sraithe, agus mar ábhar a bheidh ar an RTÉ Player ar feadh 30 lá chun breathnú siar air i d’am féin. Áireofar freisin lógó an urraitheora ar gach blaisín tiomnaithe ar an teilifís agus ar na cainéil meán sóisialta.

Nuair a fógraíodh an urraíocht nua, dúirt Stephen Jackson, Ceannasaí Custaiméirí & Margaíochta, Permanent TSB: “Tá ríméad orainn a bheith ina phríomhurraitheoir ar The Late Late Show, an clár beo comhrá is faide ar an aer ar fud an domhain agus institiúid náisiúnta, agus tús á chur acu le ré nua iontach i stair an chláir. Is ábhar mórtais é do Permanent TSB freastal a dhéanamh ar phobail na hÉireann le níos mó ná 200 bliain anuas agus níos mó ná 1.3 milliún custaiméir acu, tá muid ag tnúth le deis a bheith againn teagmháil a dhéanamh le custaiméirí ar fud na tíre ina dtithe gach seachtain. Le 25 brainse nua agus níos mó ná 185,000 custaiméir nua, idir chustaiméirí pearsanta agus ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, ag oscailt cuntas le Permanent TSB le 18 mí anuas, cuirfear tacaíocht ar fáil dúinn trínár n-urraíocht leis The Late Late Show le go mbeidh muid in ann ár ngnólacht agus ár lucht tacaíochta a fhorbairt chun cur ar ár gcumas ár n-uaillmhian a bhaint amach le bheith ar an mbanc pearsanta agus an banc gnóthas beag is fearr in Éirinn.”

Is éard a dúirt Dara Meaney, Ceannasaí Díolachán, RTÉ: “Tá ríméad ar Thráchtáil RTÉ an chomhpháirtíocht dhá bhliain le Permanent TSB a fhógairt don 61ú agus 62ú séasúr den chlár aitheanta ar leith seo leis an láithreoir nua Patrick Kielty. Tá muid ag súil go mór leis an gcuma nua a bheidh ar an Late Late Show agus leis an deis a bheidh ann don urraitheoir ceangal agus teagmháil a dhéanamh le lucht féachana na hÉireann ar scála ollmhór ar fud theilifís RTÉ agus ar an RTÉ Player.”

Is éard a dúirt Ruth Kennedy, Bainisteoir Urraíochta Teilifíse, RTÉ: “Tá ríméad orainn dea-scéala a roinnt go mbeidh Permanent TSB ina urraitheoir oifigiúil ar The Late Late Show don chéad dá shéasúr eile atá le teacht. Is é The Late Late Show an clár beo comhrá is faide ar an aer ar fud an domhain agus is cuid lárnach de sceideal teilifíse oíche Dé Aoine é, agus é leabaithe i gcreatlach líonta tí na hÉireann. Tá muid ar bís dul i mbun oibre le Permanent TSB ar an 61ú séasúr den chlár aitheanta seo leis an láithreoir nua Patrick Kielty i gceannas agus tá muid ag súil go n-éireoidh leis an gcomhpháirtíocht seo.”


Showing 51 - 60 of 368 stories