Tá freagracht ar Bhord Feidhmiúcháin RTÉ, faoi chathaoirleacht an Phríomh-Stiúrthóra, as an eagraíocht a rith ó lá go lá.
Tá freagracht ar Bhord Feidhmiúcháin RTÉ, faoi chathaoirleacht an Phríomh-Stiúrthóra, as an eagraíocht a rith ó lá go lá.
Ceapadh Dee Forbes ina Príomh-Stiúrthóir ar RTÉ le héifeacht ón 11 Iúil 2016. Sular tháinig sí i mbun oibre le RTÉ, bhí Dee lonnaithe i Londain, áit ar chaith sí níos mó ná 27 bliain ag obair do chraoltóirí agus don ghníomhaireacht fógraíochta Young and Rubicam. Ar an bpost deiridh acu sin, bhí sí ina […]
Thosaigh Richard ag obair in RTÉ i mí Eanáir 2020. Ceapadh é mar stiúrthóir de chuid Fhiontair Thráchtála RTÉ DAC agus de chuid Líonra Tarchuir RTÉ DAC. Sular thosaigh sé ag obair le RTÉ, chaith Richard 13 bliana san earnáil mhiondíola áit a raibh sé i gceannas ar roinnt mórchlár amteoranta agus claochlaithe, chomh maith […]
Tá Jim Jennings níos mó ná fiche bliain ag obair in RTÉ. Ina cheannasaí ar Radio 1 a bhí sé go deireadh agus ina Léiritheoir Feidhmiúcháin ar an Late Late Show roimhe sin. Faoina scáth a rinneadh athchóiriú sa bhliain 2006 ar ollchlár an Rose of Tralee a mbíonn oiread tóir air agus bhí sé […]
Thosaigh Jon Williams i bpost an Bhainisteora Stiúrtha maidir le Nuacht agus Cúrsaí Reatha i mí Eanáir 2017. Bhíodh Jon, ó mhí Márta 2013 go dtí sin, ina Eagarthóir Bainistíochta, Nuacht Idirnáisiúnta ag ABC News i Nua-Eabhrac mar ar a mhúnlaigh sé tráchtaireacht na heagraíochta sin ar an nuacht idirnáisiúnta agus an straitéis ina leith. […]
Thosaigh Richard Waghorn le RTÉ ina Phríomhoifigeach Teicneolaíochta (CTO) i mí Feabhra 2012. Roimhe sin, bhí sé ina Phríomhoifigeach Teicneolaíochta leis an South African Broadcasting Corporation agus é freagrach as an athrú ó chraoladh analógach go dtí teilifís dhigiteach trastíre. Tá céim MBA ag Richard ó Henley Management College i Reading Shasana agus céim Céad […]
D’oibrigh Geraldine O’Leary, céimí sa tSiceolaíocht as Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, i dtionscal na fógraíochta tar éis di an ollscoil a fhágáil. Ar na gníomhaireachtaí ar oibrigh sí leo, tá Brian Cronin & Associates, DDFH&B, Saatchi & Saatchi agus Zenith Media. Thosaigh Geraldine le RTÉ sa bhliain 1997 ina Bainisteoir Díolacháin Teilifíse agus tugadh ardú […]
Bhíodh Adrian Lynch ina Cheannasaí Cainéil maidir le RTÉ One agus le RTÉ2 roimhe seo agus sheol sé sceidil nua ardaidhme maidir leis na seirbhísí lena linn sin. Tá Adrian ag obair le RTÉ ó dheireadh na bliana 2014 i leith. Bhíodh sé roimhe sin ina Bhainisteoir Stiúrtha ar Animo Television, ceann de na comhlachtaí […]
Thosaigh Eimear ag obair le RTÉ sa bhliain 2017. Tá taithí ag Eimear ar phostanna sinsearacha i réimse forleathan eagraíochtaí agus, de bharr go raibh sí i gceannas ar chuid mhór tionscadal athchóiriúcháin, tá taithí shuntasach aici ar chúrsaí Acmhainní Daonna. Sular thosaigh sí ag obair le RTÉ, bhí Eimear ina Ceannasaí Acmhainní Daonna maidir […]
Tá Rory ag obair i mbun rólanna éagsúla le RTÉ ón mbliain 2007. Ón mbliain 2011 i leith, ina Chomhairleoir Straitéisíochta ag an bPríomh-Stiúrthóir, tá Rory i gceartlár na pleanála maidir le straitéis na heagraíochta. Ina Stiúrthóir Straitéisíochta dó, beidh sé i gceannas ar fheidhm straitéisíochta nua a dtagann straitéis corparáide, fiontar nua agus nuálaíocht, […]