skip to main content

Jim Jennings


Tá Jim Jennings níos mó ná fiche bliain ag obair in RTÉ. Ina cheannasaí ar Radio 1 a bhí sé go deireadh agus ina Léiritheoir Feidhmiúcháin ar an Late Late Show roimhe sin.
Faoina scáth a rinneadh athchóiriú sa bhliain 2006 ar ollchlár an Rose of Tralee a mbíonn oiread tóir air agus bhí sé ina eagarthóir ar an tsraith cláracha Gaeilge Léargas a raibh ardmholadh ag lucht léirmheasa air.

Chomh maith leis an tsárthuiscint chruthaithe ar chúrsaí siamsaíochta, tá taithí mhór ag Jim ar chúrsaí reatha chomh maith le hoibriú ina Léiritheoir Feidhmiúcháin ar thionscadail speisialta craoltóireachta de leithéid Shearmanas Oscailte na gCluichí Oilimpeacha Speisialta sa bhliain 2003, Olltoghchán na bliana 2002 agus Who Wants To Be A Millionaire?

Le RTÉ Radio 1 a chuir Jim tús lena shaol gairme ag obair ina thaighdeoir ar The Pat Kenny Show, Today at Five, Saturday View agus Studio 10. D’oibrigh Jim ar sheacht gcinn d’olltoghcháin do Radio 1 idir na blianta 1983 agus 1989 agus ar líon is mó ná tríocha comhdháil de chuid na bpáirtithe polaitíochta.