skip to main content

Jon Williams


Thosaigh Jon Williams i bpost an Bhainisteora Stiúrtha maidir le Nuacht agus Cúrsaí Reatha i mí Eanáir 2017. Bhíodh Jon, ó mhí Márta 2013 go dtí sin, ina Eagarthóir Bainistíochta, Nuacht Idirnáisiúnta ag ABC News i Nua-Eabhrac mar ar a mhúnlaigh sé tráchtaireacht na heagraíochta sin ar an nuacht idirnáisiúnta agus an straitéis ina leith.
Rinne sé ceannródaíocht maidir le tuairiscíocht ABC ar an gcogadh san Úcráin, ar ghéarchéim na ndídeanaithe san Eoraip agus ar ionsaithe sceimhlitheoireachta ISIS san Eoraip chomh maith leis an nuálaíocht a chur chun cinn trí fhíseáin 360 agus an réadúlacht fhíorúil a úsáid.Ba é Jon Eagarthóir Nuacht na Ríochta Aontaithe ag an BBC i rith olltoghchán na bliana 2005 agus ionsaithe sceimhlitheoireachta 7/7 ar an gcóras iompair i Londain, eachtra ar bronnadh gradam BAFTA ar an tuairiscíocht a rinneadh ina leith.Idir na blianta 2000 agus 2003, bhí sé ina Leas-Eagarthóir ar an Six O’Clock News ag an BBC, an clár nuachta is mó lucht féachana sa Ríocht AontaitheIna dhiaidh sin, bhí sé ina Eagarthóir maidir le Nuacht an Domhain ag an BBC, i mbun bainistíochta ar fhoireann 200 duine i 30 tír.Sular fhág sé an BBC, rinne sé maoirseacht ar an tuairiscíocht ar an gcogadh cathartha sa tSiria, obair ar bronnadh an dara gradam Emmy air dá bharr, agus bhronn an Royal Television Society Duais Idirnáisiúnta na bliana 2013 air.
I Learpholl a rugadh agus a tógadh an tUasal Williams a mbeidh cónaí air i mBaile Átha Cliath agus é i mbun an phoist le RTÉ.