skip to main content

Richard Waghorn


Thosaigh Richard Waghorn le RTÉ ina Phríomhoifigeach Teicneolaíochta (CTO) i mí Feabhra 2012. Roimhe sin, bhí sé ina Phríomhoifigeach Teicneolaíochta leis an South African Broadcasting Corporation agus é freagrach as an athrú ó chraoladh analógach go dtí teilifís dhigiteach trastíre. Tá céim MBA ag Richard ó Henley Management College i Reading Shasana agus céim Céad Onóracha sna Meáin Chumarsáide Phoiblí agus sa Tíreolaíocht ón University of Leeds.

Sular athraigh sé go dtí an SABC, chaith Richard níos mó ná deich mbliana leis an BBC ina Cheannasaí Dáiliúcháin. Bhí sé i mbun ceannródaíochta maidir leis an obair ullmhúcháin don athrú go dtí córais dhigiteacha sa Ríocht Aontaithe agus ina bhainisteoir tionscadail maidir le seoladh Freeview, ardán DTT na Ríochta Aontaithe. Bhí sé ina stiúrthóir ar bhord Freesat freisin, an t-ardán teilifíse satailíte saor ar an aer, ó am a bhunaithe sa bhliain 2008.