An Clár Rochtana Idirbhliana


Comhoibríonn RTÉ go réamhghníomhach agus go foirmiúil le hinstitiúidí dara leibhéal agus tríú leibhéal ar fud na hÉireann, go háirithe na cinn sin a dhíríonn ar na meáin, rud a ligeann dúinn foinse inbhuanaithe daoine óga tallannacha a áirithiú, go háirithe i réimsí fás straitéiseach.

Trí bhíthin comhpháirtíochtaí leis na Ranna Rochtana in institiúidí tríú leibhéal i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach, tugtar deis do dhaichead mac léinn Idirbhliana as limistéir mhíbhuntáistiúla seachtain a chaitheamh in RTÉ chun foghlaim faoi dhéanamh clár ó ghairmithe a bhfuil taithí mhór acu.

Tá an Clár Rochtana Idirbhliana ann le trí bliana anuas agus, lena linn, tugtar spreagadh do mhic léinn idirbhliana as scoileanna DEIS staidéir a dhéanamh ar na hilmheáin nó foghlaim faoi ghairmréim sna hilmheáin.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le Learn@rte.ie.