Soláthar RTÉ


Is é cuspóir atá le polasaí agus gnásanna ceannacháin RTÉ na hearraí agus na seirbhísí atá de dhíth ar RTÉ a fháil ar na téarmaí agus na praghsanna is mó buntáiste, agus sin i gcomhréir le treoirlínte agus treoracha na hearnála poiblí agus an AE.

Ráiteas faoi Pholasaí Soláthair RTÉ

Tá RTÉ tugtha don réimse is fairsinge d’ábhar agus de sheirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil ar chostas réasúnta do dhaoine de gach aoisghrúpa, réimse spéise agus pobal.  (Féach RTÉ Aisling Misean Luachanna). Tá buntábhacht dá réir sin le luach an airgid a ghnóthú agus saothar, soláthairtí nó seirbhísí á soláthar ionas gur féidir leis an eagraíocht seirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil don phobal ar bhealach atá éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais.  Cloíonn RTÉ le reachtaíocht Soláthair an AE agus leis na Treoirlínte Soláthair atá foilsithe ag an Roinn Airgeadais in Éirinn.  Oibiachtúlacht, follasacht, cothroime agus comhionannas i mbun déileála na bunphrionsabail.

Bíonn socruithe airgid ina gceangal ar RTÉ agus ní foláir dá bhrí sin gach socrú a údarú agus a fheidhmiú i gcomhréir go hiomlán le Polasaí agus Gnásanna Oibre RTÉ agus leis an gcóras inmheánach don rialáil airgeadais.

Cliceáiltear anseo maidir le Téarmaí & Coinníollacha Caighdeánacha Tionscadail RTÉ Nollaig 2018.

Cliceáiltear anseo maidir le Téarmaí & Coinníollacha Caighdeánacha Ginearálta Ceannacháin RTÉ Nollaig 2018.

Sonraí Comhfhreagrais

Eamonn Reid

Ceannasaí Soláthair

+353 1 208 2276

eamonn.reid@rte.ie

Maidir le fiosrúcháin ghinearálta, seoltar teachtaireacht ríomhphost chuig: purchasing@rte.ie