Faisnéis faoi Thacaíocht RTÉ do na hEalaíona


Gach bliain, tacaíonn RTÉ le cuid mhór imeachtaí ealaíne, de chineál áitiúil agus náisiúnta, ar fud na hÉireann trí bhíthin comhpháirtíochtaí meán agus trí ábhar forleathan cultúir a sholáthar ar Raidió 1, ar 2fm, ar lyric fm, ar Raidió na Gaeltachta, ar RTÉ a hAon agus a Dó, ar fud RTÉ.ie, agus trí Cheolfhoirne RTÉ, trí Cheathairéad RTÉ agus trí Chóir RTÉ.

De bhreis air sin, tacaíonn RTÉ le himeachtaí trí am craolacháin poiblíochta a thairiscint ar Raidió agus ar Theilifís RTÉ. Is léir go raibh ról thar a bheith tábhachtach ag an am craolacháin sin i dtaca le ligean d’imeachtaí fás agus forbairt ó bhliain go bliain. Mar an gcéanna, déantar tionscadail nua spreagúla a bhunú gach bliain agus bíonn siad ag brath ar RTÉ maidir leis an scéal fúthu a scaipeadh.

Trí bhíthin ‘Tacaíocht RTÉ do na hEalaíona’, bíonn sé de phribhléid ag RTÉ a bheith páirteach sna hiarrachtaí maidir leis an saibhreas, ó thaobh tallainne, éagsúlachta agus léirithe ealaíne in Éirinn, a chur ar taispeáint.

Má tá imeacht ealaíne agat agus má cheapann go bhféadfaí tairbhe a bhaint as tacaíocht RTÉ, féach ar na treoirlínte agus, má chomhlíonann d’imeacht na réamhchritéir, cuirfimid fáilte roimh iarratas uait.

Soláthraítear sraith iomlán Sócmhainní Branda anseo thíos.

Bí cinnte, le do thoil, go léifidh tú an t-ábhar seo a leanas: Treoirlínte maidir le Brandáil.