Tá sé mar aidhm ag RTÉ Raidió na Gaeltachta forbairt a dhéanamh agus cur leis an méid cláracha agus sraitheanna ón earnáil neamhspléach a chraoltar ar an stáisiún. Le roinnt blianta tá níos mó oibre déanta ag an stáisiún le léiritheoirí neamhspleácha, craoltóirí agus eagrais maoinithe eile chun níos mó ábhar ó seánraí éagsúla a chraoladh agus a chur ar fáil don lucht éisteachta, rud atá ag cur go mór leis an éagsúlacht ábhair agus ceangal le pobal níos leithne.
Tá muid ag lorg ábhar fuaime a bheadh feiliúnach le craoladh i rith na dtréimhsí seo a leanas:
• Sceideal an tsamhraidh (Meitheamh, Iúil, Lúnasa).
• Cláracha sainiúla bunaithe timpeall ar fhéilte na bliana, mar shampla Samhain, Lá le Bríde agus eile agus a bhfuil blas na linne seo le fáil orthu.
• An Nollaig – Cláracha a bheadh feilliúnach le craoladh sa tréimhse idir dhá Nollaig. Ní gá gur bé téama na Nollag a bheadh faoi chaibidil.
• Clár irise seachtainiúil a thugann ardán do phobal an Tuaiscirt.
• Cláracha nó sraitheanna fáisnéise. Fáilteofar roimh iarratais ó gach seánra, cláir aon uaire nó sraitheanna.
• Podchraoltaí
Scéalta agus scéalaíocht ar ardchaighdeán, siamsaíocht agus éagsúlacht a theastaíonn, a mhúsclóidh suim agus a bheidh tarraingteach don lucht éisteachta, a chuirfidh daoine ag smaoineamh, ag caint agus ag gáire.
D’fhéadfaí sraitheanna agus cláracha a mholadh a mbeadh baint acu le drámaíocht, sláinte, stair, oidhreacht agus cultúr, cúrsaí siamsaíochta, ábhar do leanaí, cúrsaí liteartha, cláracha faisnéise nó réimsí eile spéise an lucht éisteachta. Cuir san áireamh an t-ábhar a chur ar fáil agus é a chur chun cinn ar na meáin shóisialta, ar an idirlíon, ar ardáin éagsúla agus mar phodchraoltaí.
Tá sé tábhachtach go dtiocfadh na smaointe leis na treoirlínte atá leagtha amach ag Ciste Craoltóireachta na Gaeilge agus moltar do léiritheoirí an méid atá sna treoirlínte a chur san áireamh agus iad ag oibriú ar na smaointe sin a fhorbairt do chláracha agus sraitheanna.
Fad na gClár: (Clár aon uaire nó sraitheanna idir 4 go dtí 13 clár)
a. 27 nóiméad
b. 45 go dtí 55 nóiméad (fad ag brath ar an gclár & ábhar)
Am Craolta:
Idir 13.30 – 14.00, 16.15 – 17.00, 17.10 – 18.00 Luan go hAoine agus ag an deireadh seachtaine.
D’fhéadfadh sé go ndéanfaí athchraoladh ar na cláir ag an deireadh seachtaine.
Maoiniú:
Is gné thábhachtach é cómhaoiniú do na sraitheanna seo. Tá buiséad ar leith againn agus oibríonn muid go dlúth agus go cruthaitheach le páirtithe agus craoltóirí eile ar an oileán le gur féidir linn cláracha ar an gcaighdeán is airde a bhaint amach taobh istigh den chiste maoinithe atá ar fáil. Cuirimid fáilte i gcónaí roimh smaointe ar féidir iad a chomhléiriú le craoltóirí eile.
Cuirimid fáilte mhór roimh smaointe uailmhianacha agus samhlaíocha do shraitheanna a bhaineann amach na tosaíochtaí eagarthóireachta atá luaite thuas chomh maith leis na critéir a ghabhann leis na cistí seo.
Cuir do smaoineamh inár láthair agus má mheasaimid gur smaoineamh é a oibreoidh don sceideal agus do chomhpháirtithe eile, tabharfaimid cúnamh duit é a fhorbairt agus oibreoidh muid lenár gcomhpháirtithe chun iarracht a dhéanamh é a thabhairt chun críche.
Iarraimid ar léiritheoirí smaointe a chur ar aghaidh ar dtús anseo: https://about.rte.ie/irp/submissions-form/ faoin 17.00 Dé Máirt, an 1ú Iúil 2025. Tá eolas agus foirmeacha le fáil ag an nasc seo: Independent Radio
Programming (rte.ie) nó déan teagmháil le macdong@rte.ie
Nótaí tábhachtacha:
• Ní hionann togra a phlé, ná spéis a léiriú ann, agus gealltanas go ndéanfaidh RTÉ coimisiúnú air agus níor chóir an tuiscint sin a bhaint as.
• Beidh cinntí coimisiúnaithe ina léiriú ar chaighdeán na dtograí a fuarthas agus ar na tosaíochtaí sceidealaithe a bheidh ann ag an am. Beidh staid airgeadais RTÉ ina chúinse chomh maith.
• Iarrtar ort le do thoil imlíne de chostas na sraithe nó an clár a sholáthair le do iarratas.
• Ba chóir cur síos soiléir ar phleananna airgeadais a bheith ag gabháil le tograí, ina dtugtar gach páirtí maoinithe chomh maith le haon suimeanna atá geallta le fios.
______________________________________________________________________________________________________
RTÉ Raidió na Gaeltachta aims to develop the amount of content that is produced by the independent sector and broadcast on the station. Over the last few years, the station has worked with more independent producers, broadcasters and other funding organisations to broadcast and source more content from different genres and make it available to the audience.
We are looking for audio content that would be suitable for broadcasting during the following periods:
• Summer schedule (June, July, August).
• Special programmes based around festivals of the year, such as Halloween, St. Brigid’s Day and others.
• Christmas – Programmes that would be suitable for broadcasting in the period between Christmas and the New Year. Programmes do not have to have Christmas as a theme.
• A weekly magazine programme that reflects life and discusses the issues of the Irish language community in Ulster.
• Doc series and single programmes. Content from all genres should be considered, including one-off programs or series.
• Podcasts
Stories and storytelling of a high standard is required, entertainment and variety which will stimulate interest and appeal to the audience, make people think, talk and laugh.
Series or programmes may be submitted which fall into the various categories, such as drama, health, history, heritage and culture, entertainment, children’s content, literary, documentaries or other areas of interest to our audience. It is worth noting in your application the opportunities to promote content on social media, the internet, on various platforms and as podcasts.
It is important that the ideas are in keeping with the guidelines set out by the Irish Language Broadcast Fund and producers are encouraged to consider the provided guidelines when working on developing these ideas.
Duration of programmes: (One off programmes/Series of 4 to 12 programmes)
a. 27 minutes
b. 45 to 55 minutes (duration depends on content and type of programme)
Summer Slot:
Between 13.30 – 14.00, 16.15 – 17.00, 17.10 – 18.00 Monday to Friday and weekends. The programmes may be repeated at weekends.
Funding:
Co-financing is an important element for these strands. We work closely and creatively with other partners and broadcasters on the island so that we can deliver the highest quality programmes within the funding model that is available. We always welcome ideas that can be co-produced with other broadcasters.
We welcome ambitious and imaginative ideas for content that meet the editorial priorities outlined above as well as the criteria attached to these funds.
Send your idea to us and if we believe that it will work for us and possibly other partners, we will help you develop it and try to bring it to fruition.
We ask producers to submit ideas first here: https://about.rte.ie/irp/submissions-form/ by 17.00 on Tuesday, 01st of July 2025. Information and forms can be found at the following link: Independent Radio Programming (rte.ie) or contact macdong@rte.ie
Important notes:
• Discussing a proposal, or expressing an interest in it, is not a commitment that RTÉ will commission and should not be taken as such.
• Commissioned decisions will reflect the quality of the proposals received and the scheduled priorities that will be in place at the time. RTÉ’s financial position will also be a factor.
• Please provide an outline of the cost of the series or programme with your application.
• Proposals should be accompanied by a clear description of financial plans, which include all funding parties as well as any amounts committed.