RTÉ Raidió na Gaeltachta


Sraith Siamsaíochta

Cuirfear fáilte roimh thairiscintí do shraith siamsaíochta ina bhfuil 7 gclár 45 nóiméad ar ard-chaighdeán. Sraith éadrom, siamsúil a theastaíonn agus a chraolfar i rith an lae idir an 26ú Nollaig 2025 agus an 2ú Eanáir 2026.

Is iomaí bealach gur féidir tabhairt faoin sraith seo agus le siamsaíocht a chur ar fáil don lucht éisteachta. Is féidir painéil nó foirne a úsáid i stiúideo, cluichí, tráth na gceist, tomhais fíor nó bréagach faoi rudaí a thit amach nó nár thit amach i rith na bliana agus aon ghnéith eile a bhfuil feith an ghrinn iontu.

Teastaíonn sraith a bhfuil samhlaíocht ag baint léi agus luachanna léirithe arda. Tabharfar faoin ábhar ar bhealach cruthaitheach agus so-thuigthe a mheallfaidh éisteoirí ar bhonn Gaeltachta, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cuirfear béim ar chaighdeán na Gaeilge agus ar chaighdeán na fuaime agus eagarthóireachta.

Tábhachtach
Iarrtar ort le do thoil imlíne de chostas na sraithe a sholáthair le do iarratas.

_______________________________________________________________________________________

Cuirfear fáilte roimh smaointe ar chláracha nó sraitheanna a luíonn isteach leis na riachtanais atá ag pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, a chlúdaíonn réimsí agus téamaí éagsúla saol an lae inniu. D’fhéadfaí cláracha nó sraitheanna a mholadh a mbeadh baint acu leis an timpeallacht, cúrsaí oideachais, ceol, daoine óga, drámaíocht, cúrsaí liteartha, spóirt nó réimsí eile spéise an lucht éisteachta. Is fiú a thabhairt san áireamh na deiseanna atá ann an t-ábhar a chur chun cinn ar na meáin shóisialta agus ar an idirlíon.
Craolfar na cláracha seo idir an 26ú Nollaig 2025 agus an 2ú Eanáir 2026, ach ní gá go mbeadh an Nollaig mar théama leo. Samhlaíocht, siamsaíocht agus scéalaíocht a theastaíonn.

Tábhachtach
Iarrtar ort le do thoil imlíne de chostas na sraithe agus líon cláracha atá I gceist a sholáthair le do iarratas.
Teastaíonn an Plean Buiséid & Airgeadais chun Litir Tiomantais a eisiúint.

_______________________________________________________________________________________

5pm an 01 Lúnasa 2025 (spriocdháta docht) an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar chlárú. Is féidir na hiarratais ar chlárú a dhéanamh tríd an bhfoirm ar líne ar féidir teacht uirthi anseo: https://about.rte.ie/irp/submissions-form/

Ní mór buiséid a chur ar aghaidh in éineacht leis an togra. Is féidir teacht ar na foirmeacha Buiséid anseo: https://about.rte.ie/irp/download-forms/

Seol an fhoirm chomhlánaithe ar ríomhphost chuig irp@rte.ie.