CLÁRACHA GAEILGE COMMISSIONING BRIEF
Tá forbairt shuntasach déanta le blianta beaga anuas ar an réimse clár atá dhá choimisiúnú ag Rannóg na gClár Gaeilge, ag tógáil ar aschur den scoth a léirítear go hinmheánach le sraitheanna agus tograí aon-uaire ón earnáil neamhspleách.
I measc na gCláracha Gaeilge le déanaí, bhí sraitheanna seanbhunaithe ar nós ‘Scannal’ agus ‘Cloch le Carn’, chomh maith le sraitheanna nua-fhorbartha ar nós ‘The Geansaí.’ Sraitheanna ilpháirte aon cheamara iad seo ar fad a léirítear in RTÉ agus a thaispeántar de ghnáth ar an Luan agus an Déardaoin ar RTÉ One ag 19:00/19:30.
Tá tionscadail nua aon-uaire forbartha go hinmheánach freisin, ar nós ‘Random Acts as Gaeilge’, ‘Fab Vinny’ agus ‘An Teorainn.’
Le roinnt blianta anuas, tá níos mó tograí co-léiríthe nó co-maoinithe craolta againn, ina measc ‘GAA Nua’ [BAI], ‘Oíche na Gaoithe Móire’ [BBC N.I./ILBF/BAI], ‘Guth na nGael’ [BAI] agus ‘Dónal Lunny: Na Línte Cheoil Ceiltigh’ [BAI].
Cuirtear fáilte roimh iarratais uaillmhianacha a thiocfaidh le critéir scéim Fuaim agus Fís an BAI, agus súil ar leith ar an gcéad bhabhta eile atá ag dúnadh ar an 8 Samhain, 2018.
Ba chóir go mbeadh scéalta ábhartha, téagartha agus le carachtair ina gcroí-lár, iad léirithe i nGaeilge agus iad tarraingteach do réimse leathan den lucht féachana. Ba cheart gur scéalta spéisiúla iad a spreagfaidh caint agus conspóid, agus ar féidir leo léargas a thabhairt ar Éire comhaimseartha i gcomhthéacs ár n-oidhreacht & ár gcultúr.
Tá spéis ar leith againn i dtograí inar féidir glórtha agus aghaidheanna nua a fhorbairt, agus tabharfar áird ar leith do thograí ina bhfuil gnéithe digiteach agus/nó
raidió ag baint leo. Is sampla é ‘Random Acts as Gaeilge,’ a déanadh go hinmheánach in RTÉ, de cur chuige teilifíse a d’oibrigh go digiteach agus go líneach. Cuirfear fáilte roimh thograí gur féidir a thaispeáint ar RTÉ One nó RTÉ2.
Cuirtear fáilte freisin roimh iarratais bailí faoi Chiste Craoltóireachta Gaeilge atá dhá reáchtáil ag Northern Ireland Screen, iad ag teacht le na haidhmeanna agus spriocanna thuas-luaite, agus le comhpháirtíochtaí le craoltóirí eile.
***************************************************************************************
The range of Irish-language programming being commissioned by RTÉ in recent years has developed considerably, with projects from the independent sector building upon the excellent output of the in-house Rannóg na gClár Gaeilge.
Recent output on RTÉ One from Cláracha Gaeilge includes the long-running series ‘Scannal’ and ‘Cloch Le Carn’, as well as more recent series such as ‘The Geansaí.’ All three are multi-part, single-camera series produced in-house and that now play primarily on Mondays and Thursdays on RTÉ One at 19:00/19:30
Other in-house projects aired in 2017 included ‘Random Acts as Gaeilge’, ‘Fab Vinny’, and ‘An Teorainn’
Over the last number of years we have increased the number of co-produced and co-funded projects broadcast, among them ‘GAA Nua’ [BAI], ‘Oíche Na Gaoithe Móire’ [BBC N.I./ILBF/BAI], ‘Guth na nGael’ [BAI] and , and ‘Dónal Lunny: Na Línte Cheoil Ceiltigh’ [BAI].
We welcome ambitious applications that satisfy the BAI’s Sound and Vision scheme criteria, with an eye towards the next round of the scheme, closing on 8 November 2018.
We are looking for projects that deal with aspects of life and living in contemporary Ireland and beyond, that are editorially challenging and that can play outside of traditional Irish language slots in pre-watershed.
Proposals should be relevant, have strong stories and characters at their core, have broad audience appeal and should be produced in the Irish language. The proposals should be built around engaging narratives that stimulate discussion and debate, and that contextualise a contemporary Ireland in the light of culture and heritage.
We are particularly interested in developing fresh faces and new voices, both as programme anchors, authors or contributors, and special consideration will be given to all proposals that have stated digital and/or radio ambitions and that can work on multiple platforms. Last year’s in-house one-off, ‘Random Acts As Gaeilge’ is a good example of how this kind of proposal could work. Proposals will be accepted for projects that can be shown on RTÉ One or RTÉ2.
Eligible applications under the Irish Language Broadcast Fund, operated by Northern Ireland Screen, are also welcome, and should be in keeping with the aims and ambitions set out above, as are applications in the form of co-productions with other broadcasters.