Gearáin


Próiseas Gearáin RTÉ

Ó tharla nach bhfuil aistriúchán oifigiúil Gaeilge déanta ar an Acht go fóill, tá na hailt ábhartha luaite i mBéarla. Nuair a chuirfear aistriúchán oifigiúil ar fáil, déanfaidh RTÉ na hailt sin a uasdátú.

Cód Cleachtais RTÉ maidir le gearáin a láimhseáil

San Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022, éilítear ar chraoltóir agus/nó soláthróir seirbhíse closamhairc ar éileamh Cód Cleachtais maidir le gearáin a láimhseáil a chur ar fáil faoi fhorálacha ábhartha an Achta.

Is é a luaitear san Acht:

  • A broadcaster or provider of an audiovisual on-demand media service shall give due and adequate consideration to a complaint made in writing to it, that it has failed to comply with one or more of the provisions of the Act (outlined below) where in the opinion of the broadcaster or provider, the complaint has been made in good faith and is not of a frivolous or vexatious nature.
  • Déanfar gearán i ndáil le craoladh teilifíse nó raidió leis an gcraoltóir tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dháta an chraolta.
  • Sa chás go mbaineann gearán le 2 chraoladh neamhghaolmhara nó níos mó, beidh feidhm ag dáta an chraolta níos luaithe.
  • Sa chás go mbaineann gearán le 2 chraoladh ghaolmhara nó níos mó, ar a ndéantar 2 cheann acu sin ar a laghad ar dhátaí difriúla, beidh feidhm ag an gcraoladh níos déanaí nó is déanaí.
  • Sa chás go mbaineann gearán le hábhar cláir a cuireadh ar fáil ar sheirbhís meán closamhairc ar éileamh, beidh feidhm ag an dáta ar stopadh ag cur an ábhair cláir ar fáil ar an tseirbhís sin.

Sa chás nach mian le duine gearán a dhéanamh, i gcomhréir le forálacha an Achta, agus nach bhfuil uathu ach a ndearcthaí agus a dtuairimí a chur in iúl, is féidir sin a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig feedback@rte.ie Féach ar “Aiseolas” ag deireadh an fhógra seo le haghaidh tuilleadh eolais.

Forais maidir le gearán a dhéanamh.

Leagtar amach roinnt foras san Acht faoinar féidir gearán a dhéanamh i ndáil le craoladh teilifíse agus/nó craoladh raidió agus seirbhís meán closamhairc ar éileamh:

Harm, offence, incitement, and authority of the State

46J (1) A broadcaster shall not broadcast, and a provider of an audiovisual on-demand media service shall not make available in a catalogue of the service –

(a)  anything which may reasonably be regarded as causing harm or undue offence

(b)  anything which may reasonably be regarded as likely to promote, or incite crime,

(c)  anything which may reasonably be regarded as promoting or inciting terrorism online within the terms of the EU Directive on combatting terrorism. (* Féach Nóta 1)

(d)  anything which may reasonably be regarded as likely to incite to violence or hatred directed against a group of persons,

(e)  anything which may reasonably be regarded as tending to undermine the authority of the State.

Privacy

46K

(1) A broadcaster shall ensure that, in programmes broadcast by the broadcaster, and in the means employed to make such programmes, the privacy of any individual is not unreasonably encroached upon.

(2)  A provider of an audiovisual on-demand media service shall ensure that in programmes included in a catalogue of the service, and in the means employed to make such programmes, the privacy of any individual is not unreasonably encroached upon.

News and current affairs

46L (1) A broadcaster, in programmes which he or she broadcasts, and a relevant media service provider, in programmes which he or she makes available in a catalogue of the relevant service, shall ensure—

(a) that news is reported and presented in an objective and impartial manner and without any expression of the broadcaster’s or provider’s own views, and

(b) that the treatment of current affairs, including matters which are either of public controversy or the subject of current public debate, is fair to all interests concerned, and that the matter broadcast or made available is presented in an objective and impartial manner and without any expression of the broadcaster’s or provider’s own views.

(2) Should it prove impracticable to apply subsection (1)(b) in relation to a single programme, 2 or more related programmes may be considered as a whole, if—

(a) where the programmes are broadcast, they are broadcast within a reasonable period of each other, or

(b) where the programmes are made available on a relevant service, they are made available in the same way on the relevant service within a reasonable period of each other.

(3) Nothing in subsection (1) prevents a broadcaster from broadcasting, or a relevant media service provider from making available, party political programmes (*See Note 2), provided that an unfair preference is not given to any political party—

(a) by a broadcaster, in the allocation of time for such programmes, or

(b) by a relevant media service provider, in the positioning of such programmes in a catalogue of the relevant service.

(4) Subsection (1), in so far as it requires a broadcaster or a relevant media service provider not to express his or her own views, does not apply to news or current affairs relating to a proposal which— (a) concerns policy as regards broadcasting which is of public controversy or the subject of current public debate, and (b) is being considered by the Government or the Minister.

Advertising

46M (1) A programme broadcast or made available in a catalogue of an audiovisual on-demand media service, may include advertisements inserted in it.

(2) A broadcaster shall not broadcast, and a relevant media service provider shall not make available in a catalogue of the relevant service, an advertisement which—

(a) is directed towards a political end or has any relation to an industrial dispute, or

(b) addresses the issue of the merits or otherwise of adhering to any religious faith or belief, or of becoming a member of any religion or religious organisation.

***Is féidir le daoine den phobal ar mian leo gearán a dhéanamh faoi fhógraí a craoladh ar RTÉ gearán a dhéanamh freisin leis an Údarás Caighdeán Fógraíochta d’Éirinn (ASAI).

*NÓTA 1

Baineann sé seo le hiompar ar siúl laistigh d’Airteagal 5 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle amhail an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle.

*NÓTA 2

Déantar foráil in Alt 46 (N) 3 den Acht do Chóid seirbhíse Meán le fáil amach an bhféadfaí “party political programmes” a chraoladh nó a chur ar fáil ag amanna sonraithe amháin. Níl cinneadh déanta go fóill ar na Cóid maidir leis an bhforáil sin agus nuair a chinnfidh na Coimisinéirí sin, cuirfidh RTÉ tuilleadh eolais ar fáil maidir leis an gceist sin.

Gearán a dhéanamh agus an freagra ar ghearán

Sa chás go bhfuil duine den phobal den tuairim gur tharla, le clár nó le mír ar chlár nó le fógra a craoladh ar RTÉ:

  • Go bhfuil foráil d’Ailt 46J (1) (a), (b), (c), (d) nó (e); 46K (1), (2) agus 46L (1) (a) agus (b), 46 M (2) agus (3) den Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022, sáraithe

  • Gur teipeadh cloí le foráil de chuid Chóid Údarás Craolacháin na hÉireann. (Féach Nóta maidir leis na Cóid thíos)

tá siad i dteideal gearán foirmiúil a dhéanamh le RTÉ. Ba chóir an gearán a sheoladh chuig Oifig Gearán RTÉ:

An 3ú hUrlár den Fhoirgneamh Riaracháin RTÉ Domhnach Broc Baile Átha Cliath 4

nó ar ríomhphost chuig complaints@rte.ie

Chun críocha an Achta, is féidir gearán a dhéanamh faoi –

  • Craoladh (craoltaí) teilifíse
  • Craoladh (craoltaí) raidió
  • Seirbhís closamhairc ar éileamh – i gcás RTÉ, an RTÉ Player.

Ní mór eolas ar leith faoi nádúr an ghearáin a bheith mar chuid de ghearán bailí faoi chraoladh nó faoi sheirbhís closamhairc ar éileamh:

  • I dtosach báire, ní mór ainm an chláir agus an t-am agus an dáta ar craoladh an clár a bhaineann leis an ngearán a shonrú sa ghearán; i gcás seirbhís closamhairc ar éileamh (an RTÉ Player), ní mór ainm an cláir agus an dáta a chonacthas an clár a lua.
  • Ar an dara dul síos, ní mór don ghearánach forais an ghearáin a lua trí thagairt a dhéanamh do cheann amháin nó níos mó acu sin atá liostaithe thuas in ‘Forais maidir le Gearán a dhéanamh’ agus ní mór a chur in iúl an fáth a gcreideann siad gur sáraíodh an tAcht agus/nó an Cód(Cóid) leis an gclár nó mír.

Tá an t-eolas seo de dhíth do na cúiseanna seo a leanas:

  1. Cuireann sé ar chumas an chraoltóra/an tsoláthróra an clár a bhaineann leis an ngearán, nádúr an ghearáin a aithint agus beifear ábalta freagra ciallmhar a réiteach don chlár cuí.
  2. Mura bhfuil an gearánach sásta leis an bhfreagra, is féidir é a chur ar aghaidh chuig Coimisiún na Meán áit a ndéanfar an t-eolas thuas a lorg mar chuid den phróiseas atreoraithe sin. Ar an mbealach seo, cinnteofar go bhfeidhmeoidh an próiseas ar fad mar is cóir agus an t-eolas á thabhairt ón tús.

Má fhaigheann RTÉ gearán nach bhfuil an t-eolas thuas mar chuid de scríobhfaidh muid ar ais chuig an ngearánach ag iarraidh go gcuirfeadh siad eolas níos cruinne ar fáil chun go mbeidh muid ábalta an gearán a phróiseáil. Mura gcuirtear an t-eolas a iarraidh ar fáil, ní rachfar chun cinn leis an ngearán agus measfar gur aiseolas atá ann. (Féach aiseolas thíos).

Tabharfaidh RTÉ freagra ar ghearáin laistigh de 20 lá oibre ón dáta ar cuireadh an gearán i gcóras gearán RTÉ.

Dé réir an Achta, ní mór gearáin a dhéanamh i scríbhinn, trí ríomhphost nó litir.

Nuair a bheifear ag freagairt gearáin (gearán), sa chás nach nglacann RTÉ leis gur sáraíodh aon fhorálacha reachtúla nó rialála, leagfaimid amach na cúiseanna atá againn diúltú don ghearán a bhféadfadh iad seo a leanas a bheith ar chuid de na cúiseanna –

  • Gurb é tuairim RTÉ gur theip ar an ngearán sárú na forála (na bhforálacha) a ndearnadh gearán fúithi (fúthu) a léiriú.
  • Gurb é tuairim RTÉ go bhfuil an gearán fánach nó cráiteach agus nach ndearnadh é de mheon macánta.

Sa chás gur diúltaíodh do ghearán, cuirfear in iúl don ghearánach chomh maith go bhfuil de cheart aige cinneadh RTÉ a chur faoi bhráid Choimisiún na Meán lena bhreithniú go neamhspleách.

Cóid Rialála

Is coimisiún nua-bhunaithe é Coimisiún na Meán. Ceadaítear leis an Acht mar sin go bhfanfaidh na cóid chraolacháin rialála atá ann cheana i bhfeidhm go dtí go mbeidh siad athbhreithnithe agus tugtha cothrom le dáta ag na Coimisinéirí.

Is iad seo a leanas na Cóid:

  1. Cód Cothromaíochta, Neamhchlaontachta agus Oibiachtúlachta maidir le Nuacht & Cúrsaí Reatha Údarás Craolacháin na hÉireann
  • Cód um Chaighdeáin Chláir Údarás Craolacháin na hÉireann
  • Cód Ginearálta maidir le Cumarsáid Tráchtála (Fógraíocht) Údarás Craolacháin na hÉireann
  • Cód na bPáistí maidir le Cumarsáid Tráchtála (Fógraíocht le Leanaí) Údarás Craolacháin na hÉireann

Gearáin le Coimisiún na Meán

Is féidir le duine den phobal gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán mura bhfuil siad sásta leis an bhfreagra a thug RTÉ ar a ngearán. Déanfaidh na Coimisinéirí an gearán agus an freagra a fuair an gearánach a bhreithniú.

Is féidir cur ar aghaidh chuig Coimisiún na Meán a dhéanamh mar seo a leanas –

Trí ríomhphost: usersupport@cnam.ie.
Tríd an bPost:
Coimisiún na Meán
1 Foirgnimh Shíol Bhroin, Bóthar Shíol Bhroin, Baile Átha Cliath 4, D04 NP20, Éire

Is féidir tuilleadh fiosruithe maidir le hatreoruithe gearán a chur chuig teagmhálaí teileafóin an ionaid tacaíochta úsáideora: (01) 963 7755.

Is féidir tuilleadh eolais maidir le ról Choimisiún na Meán i rialáil craolacháin a fháil ar ár suíomh gréasáin: https://www.cnam.ie/broadcasting/.

Aiseolas do RTÉ

Ceanglaítear ar dhuine ar bith atá ag iarraidh gearán foirmiúil a dhéanamh faoi chlár cloí le coinníollacha ar leith chun próiseáil an ghearáin a éascú.

Tá difear thar a bheith soiléir idir tús a chur leis an bpróiseas gearán reachtúil foirmiúil agus deis a bheith agat do chuid tuairimí a chur in iúl d’ardbhainistíocht RTÉ.

Tá saoráid ag RTÉ a chuireann ar chumas duine a gcuid tuairimí a chur faoi bhráid dhíreach na hardbhainistíochta, sa chás nach mian leo a bheith páirteach sa phróiseas reachtúil gearán.

D’fhéadfadh ball de lucht féachana a bheith ag iarraidh clár nó ábhar a mholadh nó a cháineadh nó smaointe nó athruithe a mholadh.

Cuireann RTÉ fáilte roimh an aiseolas seo.

Ullmhaítear cuntas seachtainiúil d’aiseolas ón lucht féachana agus roinntear é leis an ardbhainistíocht mar go dtugann sé léargas díreach agus luachmhar dúinn ar thuairimí ár lucht féachana. Cé nach féidir le RTÉ a ghealladh go ndéantar gach tuairim a sheoltar chugainn a áireamh sa chuntas sin, féachtar leis sampla ionadaíoch leathan aiseolais, idir dhiúltach agus dearfach, a chur ar fáil don bhainistíocht.

Dá mba mhaith leat úsáid a bhaint as an bpróiseas sin chun do chuid tuairimí a chur faoi bhráid na hardbhainistíochta, bain úsáid as an seoladh ríomhphoist seo a leanas, feedback@rte.ie

Gearán a dhéanamh maidir le Fógraíocht ar RTÉ

Is féidir le duine den phobal atá i mbun gearán a dhéanamh faoi fhógraí a craoladh ar RTÉ gearán a dhéanamh freisin leis an Údarás Caighdeán Fógraíochta d’Éirinn (ASAI).