Aiseolas


Cuireann Oifig Eolais RTÉ eolas ginearálta faoi RTÉ agus faoi ábhar agus faoi sheirbhísí RTÉ ar fáil don phobal chomh maith le glacadh le tuairimí an phobail faoin ábhar agus faoi na seirbhísí ar an bhfón agus ar an ríomhphost. Maidir le heolas faoi RTÉ, seoltar teachtaireacht ríomhphoist le do thoil chuig info@rte.ie nó cuirtear glao ar an uimhir (01) 2083434. Chun aiseolas a lua, seoltar teachtaireacht ríomhphoist le do thoil chuig feedback@rte.ie nó cuirtear glao ar an uimhir (01) 2083434.

Má tá tuairim tugtha agat ar chláir nó ar sheirbhísí RTÉ, glactar buíochas leat. Bíonn fáilte roimh thuairimí agus beidh do chuidse san áireamh i Leabhar Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ a chuirtear faoi bhráid an lucht bainistíochta sinsearaí maidir le cláir gach seachtain.

Ní dhéanann an Oifig Eolais aon obair riaracháin maidir le gearáin. Más mian leat gearán a dhéanamh, seol teachtaireacht ríomhphoist chuig complaints@rte.ie. Tugtar cuntas iomlán ar phróiseas Gearáin RTÉ anseo.

Ní chuireann Oifig Eolais RTÉ glaonna ar aghaidh; is ar Oifig Fáilte RTÉ atá an cúram ina leith sin agus is féidir glaoch ar (01) 2083111.

Tugtar chun aire nach féidir, mar gheall ar an líon mór teachtaireachtaí ríomhphoist a fhaightear in Oifig Eolais RTÉ, freagra a chur ar gach ceann acu. Seoltar le do thoil tuairimí ar bith atá dírithe ar chlár atá á chraoladh beo chuig an gclár sin go díreach trí na sonraí comhfhreagrais a luaitear ar leathanach gréasáin an chláir a úsáid. Déanfar freagra a chur ar gach fiosrú agus iarratas eile taobh istigh de roinnt bheag laethanta. Is féidir freisin glaoch ar Oifig Eolais RTÉ ag an uimhir 01 208 3434.