Ionad Fáilte RTÉ


RTÉ, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4

Teacht ar Phríomh-mhalartán RTÉ

Teil: (01) 208 3111 Faics: (01) 208 3080

Má tá uimhir folíne an duine lenar mian leat labhairt ar eolas agat, brúigh an réamhuimhir 208 agus an uimhir folíne ina dhiaidh sin.

Ríomhphost a sheoladh chuig RTÉ Má tá ainm agus sloinne an duine ar eolas agat ar mian leat teachtaireacht ríomhphoist a chur chuige nó chuici, is féidir leas a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas: ainm.sloinne@rte.ie e.g. joe.bloggs@rte.ie.

Fiosrú Ginearálta/Eolas faoi Chláir

Is féidir labhairt le hOifig Eolais RTÉ ar an uimhir theileafóin nó teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig info@rte.ie. Bíonn an oifig ar oscailt ón 10.00 r.n. go dtí an 5.30 i.n. ó Luan go hAoine taobh amuigh de Laethanta Saoire Poiblí agus de Laethanta Saoire Bainc. Is féidir glao a chur taobh amuigh d’uaireanta oifige chomh maith agus teachtaireacht gutha a fhágáil. Cuirfear glaoch ar ais ort an lá oibre dár gcionn. Tá breis eolais ar fáil ach cliceáil anseo.

Gearán a dhéanamh le RTÉ Tá próiseas ar bun ag RTÉ maidir le déileáil le gearáin. Tá breis eolais ar fáil ach cliceáil anseo.

Tuairisc a thabhairt ar fhadhb maidir le RTÉ Player Is féidir teachtaireacht a chur chuig foireann an RTÉ Player ag an seoladh ríomhphoist playerfeedback@rte.ie

Nóta: Moltar na Ceisteanna Coitianta maidir le RTÉ Player a léamh sula seoltar tuairisc ar fhadhb ó tharla go bhféadfadh treoir maidir leis an gceist atá agat a bheith ar fáil ansin. Cliceáil anseo maidir le Ceisteanna Coitianta faoin RTÉ Player

Is féidir teachtaireacht a chur chuig foireann an RTÉ Radio Player ag an seoladh ríomhphoist radioplayer@rte.ie

Comhfhreagras le RTÉ Online

RTÉ News Online: Sa chás go mbaineann fiosrú le hábhar ar RTÉ News Online nó le sruthchraoladh beo ar chláir nuachta, seoltar teachtaireacht chuig newsonline@rte.ie

RTÉ Sport Online: Sa chás go mbaineann fiosrú le hábhar ar RTÉ Sport Online nó le sruthchraoladh beo ar chláir nuachta, seoltar teachtaireacht chuig sportonline@rte.ie