Oifig Eolais RTÉ


Tá Oifig Eolais RTÉ ar fáil chun freagra a thabhairt ar aon cheist ghinearálta a bheadh agat faoi chláir agus faoi sheirbhísí RTÉ agus bíonn fáilte roimh thuairimí agus roimh aiseolas faoi chláir agus faoi sheirbhísí RTÉ.

Déantar tuairimí a luaitear le foireann Oifig Eolais RTÉ a bhreacadh i Leabhar Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ. Cuirtear an leabhar sin faoi bhráid lucht bainistíochta sinsearach na gclár in RTÉ gach seachtain.

Nóta: Níl aon bhaint ag Oifig Eolais RTÉ le gnóthaí eagarthóireachta maidir le cláir, rud a chiallaíonn:

  • Nach féidir le ball foirne san Oifig Eolais brostú le glao is mian leat a dhéanamh ar chlár atá á chraoladh beo. Más mian leat go léifí do chuid tuairimí amach ar an aer, tuairim a thabhairt faoin ábhar atá á phlé, nó páirt a ghlacadh i gclár, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an gclár go díreach trí na sonraí comhfhreagrais a chuireann foireann an chláir ar fáil a úsáid.
  • Nach féidir le ball foirne san Oifig Eolais achainí a dhéanamh le foireann cláir maidir le hábhar le plé. Sa chás gur mhaith leat go bpléifí ábhar faoi leith ar chlár, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le lucht an chláir go díreach.* Cuirfidh baill foirne Oifig Eolais RTÉ sonraí comhfhreagrais maidir leis an gclár ar fáil más gá.
  • Ba cheart preasráiteas / ábhar bolscaireachta a sheoladh chuig an gclár go díreach.

Uaireanta Oscailte

Luan – Aoine, 10.00 r.n. – 5.30 i.n. (Ach amháin Laethanta Saoire Poiblí & Laethanta Saoire Bainc)

Sonraí Comhfhreagrais T: (01) 2083434 nó R: info@rte.ie

Is féidir freisin glao a chur taobh amuigh d’uaireanta oibre na hoifige agus teachtaireacht gutha a fhágáil. Cuirfear glao ar ais ort an lá oibre dár gcionn.

Ceisteanna Coitianta

Conas a dhéantar gearán faoi chlár? Is ceart gearán faoi chlár a chur faoi bhráid i scríbhinn agus i gcomhréir le treoirlínte an Údaráis Craolacháin. Tugtar eolas níos mine anseo.

Conas is féidir cur isteach ar thaithí oibre le RTÉ? Bíonn líon áirithe socrúcháin taithí oibre ar fáil in RTÉ ag Daltaí na hIdirbhliana i rith mhí Feabhra agus mhí Márta gach bliain. Déanann RTÉ déileáil go díreach le scoileanna ina leith sin agus ní dhéantar déileáil le daltaí. Ba chóir, dá bhrí sin, do dhaltaí mionsonraí a iarraidh ar Chomhordaitheoir na hIdirbhliana sa scoil. Ní bhíonn tréimhsí taithí oibre ná intéirneachta ar fáil in RTÉ. Tugtar chun aire nach féidir leis an Oifig Eolais déileáil le CV ná le ceisteanna maidir le saol oibre i réimse na meán cumarsáide. Seo an seoladh ríomhphoist maidir le hAcmhainní Daonna RTÉ: hrss@rte.ie

Chonaic/chuala mé clár ar RTÉ. Conas is féidir cóip de a fháil ar dhiosca DVD nó ar dhiosca CD? Is féidir cóipeanna de chláir teilifíse agus d’ábhar as an gcartlann a iarraidh ar líne ó RTÉ Archive Sales. Bíonn táille i gceist maidir leis an tseirbhís sin. Sa chás go mbeadh cóip de chlár Raidió de chuid RTÉ á lorg, seo an seoladh ríomhphoist is ceart a úsáid: tapes@rte.ie. Bíonn táille aistriúcháin i gceist le gach cóip chomh maith le téarmaí agus coinníollacha.

Conas is féidir ticéid a fháil chun a bheith sa lucht féachana? Maidir le hiarratas a dhéanamh a bheith páirteach i gclár de chuid RTÉ nó a bheith ar dhuine den lucht féachana, féach an chuid den suíomh idirlín maidir le Rannpháirtíocht an Lucht Féachana agus Éisteachta anseo.