Seirbhísí Idirghníomhaíochta


Seirbhísí Idirghníomhaíochta ar RTÉ: Ceisteanna Coitianta

Cad is Seirbhís Ardráta ann? Cuireann comhlachtaí seirbhísí ardráta ar fáil ar uimhreacha teileafóin ardráta. Is féidir na seirbhísí seo a shonrú de réir réimse réamhuimhreacha faoi leith e.g. 1513, 1515, 1516, 1517 etc. Tá seirbhísí ardráta téacs SMS ar fáil freisin (ar a dtugtar seirbhísí PSMS) agus iad le haithint ón gcód gairid cúig dhigit ag a dtús a thosaíonn leis an uimhir 5 e.g. 53XXX, 57XXX etc.

· Cosnaíonn glao nó téacs chuig seirbhísí ardráta níos mó ná gnáthghlao teileafóin nó gnáth-theachtaireacht téacs agus bíonn costas faoi leith ag gabháil le gach réamhuimhir/cód gairid.

· Bíonn costas níos airde ag gabháil le glaoch ar uimhir teileafóin ardráta agus braitheann an táille breise ar an gcóras fón póca atá in úsáid.

· Gearrtar táillí ghlaonna ar uimhreacha ardráta ar chuntas teileafóin an tomhaltóra agus is iondúil go liostaítear mar chineál faoi leith iad ar an mbille.

Níor cheart aon éiginnteacht idir seirbhísí ardráta SMS agus cóid ghairide dar tús na huimhreacha’51’ ar iondúil iad a phraghsáil de réir ghnáthrátaí teachtaireachta seachas ardráta. Ba chóir a thabhairt chun aire freisin gur uimhreacha ísealráta na huimhreacha teileafóin dar tús an réamhuimhir 1850 (le táillí ar ráta glao áitiúil seachas ardráta). Féach an tábla táillí thíos maidir le heolas breise.

An bhfuil Seirbhísí Ardráta á rith ag RTÉ? Ritheann RTÉ roinnt seirbhísí ardráta ar fud na rannóga raidió, teilifíse agus foilsitheoireachta.

Ba chóir a thabhairt chun aire, áfach, nach seirbhísí de chuid RTÉ féin gach seirbhís ardráta a fhógraítear ar RTÉ. Is féidir le soláthraithe seirbhísí ardráta spás tráchtála a cheannach chun seirbhísí ardráta a fhógairt ar an gcoinníoll go dtagann a gcuid fógraí leis na coinníollacha fógraíochta agus rialála ar fad.

Cén costas a bhaineann leis na seirbhísí? Bíonn praghsanna éagsúla ar sheirbhísí éagsúla ardráta. Braitheann praghas na seirbhíse ar an réamhuimhir nó ar an gcód gairid 5 dhigit a ghabhann leis an tseirbhís. Leagtar síos de choinníoll leis na rialacháin a bhaineann le seirbhísí ardráta go gcuirtear costas na seirbhíse in iúl go soiléir agus bolscaireacht á dhéanamh maidir leis an tseirbhís ardráta.

Is iondúil le RTÉ na réamhuimhreacha agus na cóid ghairide seo a leanas maidir le gnáthráta, ráta glao áitiúil agus ardráta a úsáid:

Réamhuimhir Teileafóin Cód Gairid 5 Dhigit Táille
  50308 Freetext 0 cent in aghaidh na teachtaireachta
1850   0.68 cent in aghaidh an nóiméid (CBL san áireamh
  53555 25 cent (CBL san áireamh) in aghaidh na teachtaireachta
  53101 50 cent (CBL san áireamh) in aghaidh na teachtaireachta
1513   61 cent (CBL san áireamh) in aghaidh an ghlao ó líonra eir
  53125 60 cent (CBL san áireamh) in aghaidh na teachtaireachta
1515   €1.02 (CBL san áireamh) in aghaidh an ghlao ó líonra eir
  57111 €1 (CBL san áireamh) in aghaidh na teachtaireachta
  57117/57001 €2.00 (CBL san áireamh) in aghaidh na teachtaireachta
1517   €2.03 (CBL san áireamh) in aghaidh an ghlao ó líonra eir
  51551 gnáthráta teachtaireachta*
  51552 gnáthráta teachtaireachta *
  51553 gnáthráta teachtaireachta *
  51554 gnáthráta teachtaireachta *
An ngearrfar táille orm maidir le glaonna a dhéanaim, fiú má bhíonn an líne dúnta?

Eagraíocht neamhbhrabúis is ea RTÉ agus déantar aon bhrabús a ghnóthaítear ó ghlaonna agus ó théacsanna ardráta a athinfheistiú i seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil don lucht féachana agus éisteachta. Déantar an teacht isteach ó ghlaonna agus ó théacsanna ardráta a roinnt idir páirtithe éagsúla. Tugtar san áireamh CBL, ar ráta 23% faoi láthair, le costais na seirbhíse a chuirtear chun cinn. Tá rialtóir na seirbhísí ardráta á mhaoiniú le tobhach ar an ioncam ó ghlaonna agus ó théacsanna ardráta agus an tobhach sin san áireamh freisin le costas an ghlao/téacs. Déantar an fuílleach a roinnt idir oibritheoir an líonra, soláthraí na seirbhíse agus páirtithe eile atá páirteach i soláthar na seirbhíse.

Cad a tharlaíonn don airgead a shaothraítear ó ghlaonna ardráta agus ó theachtaireachtaí téacs ardráta?

* Braitheann gnáthráta teachtaireachta ar oibritheoir sheirbhís fón póca an úsáideora agus ar an bpraghas sonrach faoin bplean atá aontaithe idir an t-oibritheoir agus an t-úsáideoir. Is féidir eolas faoin ngnáthráta teachtaireachta a fháil ach a iarraidh ón oibritheoir seirbhíse fón póca.

**** Gearrtar 50p ar gach teachtaireacht a fhaightear ar thomhaltóirí a sheolann teachtaireacht téacs chuig an uimhir 80889. Sa chás nach bhfaightear teachtaireacht ar ais (e.g. ceangal as Tuaisceart Éireann le línte tuairimíochta raidió RTÉ), gearrtar ar na teachtaireachtaí de réir an ghnáthráta teachtaireachta.

Nóta: Is iondúil gur daoire glao ar uimhir teileafóin ardráta ón bhfón póca agus d’fhéadfadh nach mar a chéile an costas maidir le hoibritheoirí líne feistithe eile agus an costas maidir le eir. Tarlaíonn sin mar gheall go ngearrann oibritheoirí fón póca agus roinnt oibritheoirí línte feistithe táille breise agus nach mar a chéile an táille sin i ndáil le hoibritheoirí éagsúla. Níl smacht ag RTÉ air sin.

Mar gheall ar chineál na gcóras ardráta a úsáidtear maidir le hidirbhearta teileafóin agus téacs araon, gearrfar táille maidir le glao nó téacs a sheoltar roimh an tráth deiridh a fhógraítear agus tar éis an tráth deiridh a fhógraítear. Déanann RTÉ gach dícheall is féidir chun an lucht féachana agus éisteachta a chur ar an eolas faoin tráth a n-osclaítear na línte agus an tráth a ndúntar iad ionas go gcinntítear nach ndéantar glaonna den sórt sin.

An dtabharfar faisnéis mar gheall orm do pháirtithe eile?

Ní thabharfar. Tagann RTÉ agus a rogha soláthraithe seirbhíse faoi réir an dlí maidir le cosaint sonraí agus níl cead aon fhaisnéis a fhaightear trí na seirbhísí a chur ar aghaidh chuig aon tríú páirtí gan toiliú uaitse leis sin.

Tugtar chun aire maidir le comórtais RTÉ, go mbíonn gá de réir conartha ag RTÉ, ar mhaithe leis an riarachán maidir le duais comórtais, sonraí pearsanta an bhuaiteora nó na mbuaiteoirí a thabhairt do na páirtnéirí i seoladh an chomórtais. Féach na Téarmaí agus na Coinníollacha maidir le comórtais maidir le breis eolais: https://www.rte.ie/about/en/serving-our-audience/2012/0222/291673-competition-voting-terms-conditions/ Féach Polasaí Príobháideachais RTÉ anseo: https://www.rte.ie/about/en/policies-and-reports/policies-guidelines/2012/0417/317440-rte-privacy-statement/

Tá teachtaireachtaí téacs gan iarraidh á bhfáil agam. An mar gheall ar sheirbhís ardráta de chuid RTÉ a úsáid atá sin ag tarlú

Ní oibríonn RTÉ seirbhísí síntiúis. Ní dhéanann RTÉ ach oiread sonraí rannpháirtithe in aon cheann de na comórtais ná i seirbhísí idirghníomhaíochta eile a choimeád ar mhaithe le comhfhreagras ina dhiaidh sin. Go hiondúil, nuair a ghlactar páirt i seirbhís idirghníomhaíochta de chuid RTÉ, faigheann duine aon teachtaireacht téacs amháin mar fhreagra ar an teachtaireacht uaidh nó uaithi féin, agus sin mar admháil go bhfuarthas an tuairim, an iarracht sa chomórtas nó an vóta. Ní ghearrtar táille ar an admháil sin.

Tagann RTÉ agus na soláthraithe seirbhíse faoi réir an dlí maidir le cosaint sonraí agus níl cead aon fhaisnéis a fhaightear mar gheall ar na seirbhísí a thabhairt don tríú páirtí gan toiliú uaitse leis sin.

Cuirtear ceangal ar RTÉ agus ar na soláthraithe seirbhíse faoin Acht um Chosaint Sonraí sa chaoi is nach mbíonn cead aon fhaisnéis a fhaightear mar gheall ar na seirbhísí a thabhairt don tríú páirtí.

Más mian leat a fháil amach conas a tharla go bhfuil tú ceangailte le seirbhís síntiúis tríú páirtí nó le bunachar sonraí margaíochta, ba chóir duit comhfhreagras a dhéanamh le d’oibritheoir fón póca nó le Comreg, rialtóir an tionscail.

Más mian leat a fháil amach conas a tharla go bhfuil tú ceangailte le seirbhís síntiúis tríú páirtí nó le bunachar sonraí margaíochta, ba chóir duit comhfhreagras a dhéanamh le d’oibritheoir fón póca nó le Comreg, rialtóir an tionscail. Lo-call 1890 229 668 nó www.askcomreg.ie

Faoin gCód Cleachtais reatha, is féidir le duine deireadh a chur le síntiús trí fhreagra leis an bhfocal STOP a chur ar theachtaireacht téacs nach n-iarrtar.

Conas a dhéantar gearán?

Is féidir gearáin maidir le seirbhísí idirghníomhaíochta agus seirbhísí ardráta RTÉ a sheoladh chuig:

RTÉ Idirbheartaíocht & Comórtais Cláir, RTÉ Digiteach,

Stór na Talún, Ardán 7 RTÉ, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4. Ríomhphost: interaction@rte.ie

Sa chás gur mian leat gearán a dhéanamh faoi sheirbhís ardráta tríú páirtí, is ceart sin a chur in iúl do Comreg, Rialtóir an tionscail. Is féidir glao a chur ar Comreg ar an uimhir lo-call 1890 229 668 nó teachtaireacht a fhágáil ar an suíomh idirlín www.askcomreg.ie

Conas a fheidhmítear cearta maidir le sonraí pearsanta?

Sa chás go bhfuil sonraí pearsanta de do chuid curtha ar fáil agat do RTÉ, tá de cheart agat cóip a fháil den ábhar sonraí pearsanta, faoi réir ag cásanna áirithe eisceachta. Maidir le cearta a fheidhmiú i ndáil le do chuid sonraí pearsanta, féach Treoir RTÉ maidir le Cearta Ábhar Sonraí, https://www.rte.ie/about/en/policies-and-reports/policies-guidelines/2012/0417/317440-rte-privacy-statement/

Cé na soláthraithe seirbhíse is rogha le RTÉ?

Baineann RTÉ úsáid as na soláthraithe seirbhíse seo a leanas:

· EngageHub Teil: 0818 444 697

· Phonovation Teil: 0818 217 100