Vótáil i gComórtais


COMÓRTAIS DE CHUID RTÉ: TÉARMAÍ & COINNÍOLLACHA CAIGHDEÁNACHA

Ní bheidh aon dul thar bhreith RTÉ i ndáil le buaiteoir(í) duaise(anna) a roghnú agus ní thiocfar i mbun aon chomhfhreagras ina leith.

Sa chás go dtarlaíonn aon aighneas maidir le rialacha comórtais, riar comórtais nó torthaí comórtais, ní bheidh dul thar bhreith RTÉ ina leith.

Níl cead ag baill foirne RTÉ (cibé fostaithe nó ar conradh) ná ag neasghaoil dá gcuid ná cuideachtaí comhlachtaithe lena n-áirítear (cé nach iad seo amháin atá i gceist) páirtnéir(í) maidir leis an gcomórtas a sheoladh agus soláthraí nó soláthraithe seirbhísí SMS/IVR cur

isteach ar chomórtais de chuid RTÉ. Chun na críche seo, tugtar san áireamh le “neasghaol”, céile, páirtnéir, leanbh, leasmhac nó leasiníon, garmhac nó gariníon, deartháir, leasdeartháir, deirfiúr, leasdeirfiúr, tuismitheoir, leastuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil.

Mura luaitear a mhalairt, ní mór do dhaoine a chuireann isteach ar chomórtas a bheith níos mó ná ocht mbliana déag d’aois agus ina gcónaí in oileán na hÉireann chun a bheith incháilithe maidir le duais a bhuachan. Coimeádann RTÉ de cheart fianaise i scríbhinn ar aois an bhuaiteora a lorg i gcás aon cheann de na comórtais.

Ní féidir duaiseanna a aistriú chuig duine eile agus is ar an mbuaiteoir amháin a bhronnfar duais.

Mura luaitear a mhalairt, sa chás go mbíonn níos mó ná aon duais amháin ar fáil in aon chomórtas ar bith, ní cheadófar níos mó ná duais amháin a bhronnadh ar aon teaghlach amháin.

Ní bhronnfar airgead tirim in ionad na duaise nó na nduaiseanna fógartha.

Sa chás, mar gheall ar chúinsí nach bhfuil smacht ag RTÉ orthu, go dtarlaíonn nach mbíonn duais ar fáil, coimeádann RTÉ agus/nó lucht seolta an chomórtais de cheart chucu féin duais eile ar aon luach leis an duais sin a chur ar fáil ina hionad.

Fágfaidh ainm bréige nó seoladh bréige a úsáid ag cur isteach ar chomórtas nach féidir duais a bhronnadh ar an té a rinne amhlaidh.

Féachfaidh RTÉ agus/nó lucht seolta an chomórtais leis na duaiseanna ar fad a sholáthar laistigh de thréimhse 28 lá dá mbuachan. Sa chás nach féidir sin, cuirfear an buaiteoir nó na buaiteoirí ar an eolas faoin mhoill.

Mura luaitear a mhalairt, is ar an mbuaiteoir amháin atá an fhreagracht iomlán i ndáil le cáin, árachas, táillí agus formhuirir maidir le duais.

Sa chás gur tríú páirtí atá leis an duais a chur ar fáil, ní ghlacann RTÉ le freagracht ar bith as soláthar nó neamhsholáthar nó soláthar airbheartaithe nó moill ar sholáthar na duaise, lena n-áirítear, gan teorainn, cliseadh ar an mbuaiteoir seilbh a fháil ar an duais nó úsáid a bhaint aisti. De réir mar is cuí, tá ceangailte ar bhuaiteoirí duaiseanna gach beart áirithinte agus/nó beart foirmeálta eile a bhaineann leis an duais a dhéanamh leis an soláthraí (nó leis na soláthraithe) tríú páirtí go díreach.

Coimeádtar de cheart ag RTÉ athrú a chur ar mhionsonraí maidir leis an duais gan aon fhógra ina leith sin agus bíonn gach duais, dátaí maidir le taisteal ar laethanta saoire san áireamh, faoi réir ag spás a bheith ar fáil.

D’fhéadfadh maidir le comórtais áirithe go mbeadh de choinníoll go mbeadh ar an iomaitheoir páirt a ghlacadh i gclár chun duais a bhuachan. Sa chás gur gá sin agus nach nglacann an t-iomaitheoir páirt sa chlár mar a éilítear nó go nglacann an t-iomaitheoir páirt sa

chlár ach go dteipeann ar an iomaitheoir i dtástáil scile ina dhiaidh sin nuair is gá go n-éireodh leis an iomaitheoir sa tástáil sin chun an duais a bhuachan, measfar an deis an duais a bhuachan a bheith forghéillte ag an iomaitheoir sin agus cuirfear as an iomaíocht é nó í.

Sa chás go dtarlaíonn nach féidir glao ar iomaitheoir(í) i mbabhta ceannais a dhéanamh ar an aer mar gheall ar dheacrachtaí teicniúla de chuid RTÉ nó mar gheall ar chúrsaí ama, coimeádtar de cheart ag RTÉ an buaiteoir (nó na buaiteoirí) a fhógairt ar an aer ar chlár na seachtaine dár gcionn agus ní gá, ina leithéid de chás, go n-éileofaí ar iomaitheoir(í) sa bhabhta ceannais glao an láithreora a fhreagairt chun go measfaí an duais a bheith buaite aige nó aici (nó acu).

Is ionann glacadh le duais agus cead a thabhairt ainm, áit cónaithe agus íomhá an bhuaiteora a úsáid chun críche fógraíochta, bolscaireachta nó poiblíochta ar aon mheán ar bith gan aon chúiteamh breise agus aontaíonn buaiteoirí duaise páirt a ghlacadh in imeachtaí bolscaireachta gaolmhara den sórt sin de réir mar a éilíonn RTÉ agus/nó seoltóir(í)/tionscnóir(í).

Ní mór gach iarratas a chuirtear isteach ar chomórtas a theacht chuig RTÉ san fhormáid a éilítear roimh an dáta deiridh iontrála a fhógraítear. Níl freagracht ar RTÉ ná ar eintitis cleamhnaithe de chuid RTÉ as aon earráidí priontála ná clóchóiriúcháin in ábhar ar bith a bhaineann le bearta arna gcur chun cinn ag RTÉ; iarratais atá calaoiseach, a théann amú, a bhíonn mall ag teacht, a chuirtear ar atreo, atá neamhiomlán nó a dhéantar a athrú; ná as iarratais a dhéantar a phróiseáil go mall nó go mícheart nó a théann amú mar gheall ar mhí-fheidhmiú ríomhaireachta nó mífheidhmiú teicniúil eile.

Coimeádtar de cheart ag RTÉ comórtas a chur ar ceal, a fhoirceannadh, a athrú nó a chur ar atráth agus/nó rialacha comórtais a leasú tráth ar bith gan aon fhógra roimh ré.

Ní ghlacann RTÉ ná gníomhairí RTÉ le haon fhreagracht ar bith as bás, gortú ná aon damáiste, caillteanas, caiteachas ná dliteanas a eascraíonn de thoradh glacadh le duais. Beidh RTÉ freisin saor ó dhliteanas nó freagracht ar bith maidir le haon éileamh a eascraíonn i ndáil le páirt a ghlacadh in aon chomórtas de chuid RTÉ nó i ndáil le haon cheann de na duaiseanna a bhronntar.

Measfar duaiseanna nach ndéantar a n-éileamh laistigh de thréimhse ama áirithe a bheith forghéillte agus is féidir le RTÉ duaiseanna den sórt sin a dhiúscairt saor ó dhliteanas ar bith i leith an bhuaiteora.

Déanfar aon duine a mheastar a bheith gan aird ar na rialacha seo a dhícháiliú go huathoibríoch.

Coimeádtar de cheart ag RTÉ aon iomaitheoir a dhícháiliú ar aon chúis ar bith de lánrogha RTÉ amháin.

Is ionann páirt a ghlacadh i gcomórtas de chuid RTÉ agus glacadh leis na téarmaí agus leis na coinníollacha seo agus le haon téarma nó coinníoll breise a fhógraítear i ndáil leis an gcomórtas go sonrach.

NÓTA: Comórtais trí ghlaonna/téacsanna – maidir le sonraí iomlána faoin gcomórtas, soláthraí (nó soláthraithe) seirbhíse, costas iontrála agus tráthanna tosaigh agus deiridh an chomórtais, tabhair aird le do thoil ar an gclár lena mbaineann an comórtas agus/nó féach na leathanaigh eolais ar Aertel nó ar an idirlíon a luaitear ina leith. Iarrtar ort gan cur isteach ar an gcomórtas ach amháin i rith na tréimhse comórtais a luaitear ó tharla go ngearrfaí táille ar an nglao/téacs cé nach mbeadh iarratas den sórt sin inghlactha.

Daoine faoi 18 bliana d’aois: Iarrtar ort, le do thoil, cead a fháil ón té a íocann an bille sula gcuirtear isteach ar chomórtas.

Ní ghlacann RTÉ le freagracht ar bith as aon chliseadh ná mífheidhmiú teicniúil ná aon fhadhb ar bith maidir le líonra, córas, freastalaí, soláthraí ná eile a dtarlódh dá thoradh go dtéann iarratas amú nó nach ndéantar a chlárú nó a thaifeadadh go cuí agus déanann iomaitheoirí leis seo aon éileamh i ndáil le caillteanas, costas, damáiste nó caiteachas a d’eascródh ó fhadhb ar bith den sórt sin a tharscaoileadh.

TEILEAVÓTÁIL RTÉ: TÉARMAÍ & COINNÍOLLACHA CAIGHDEÁNACHA

Ní bheidh dul thar bhreith RTÉ maidir le socruithe vótála agus bailíocht teileavótála.

Ní ghlacann RTÉ, thar ceann RTÉ féin ná thar ceann chonraitheoir, fhochonraitheoir, ghníomhaire ná páirtnéir léiriúcháin ar bith de chuid RTÉ, le freagracht ar bith as aon chliseadh ná mífheidhmiú teicniúil ná aon fhadhb ar bith eile maidir le haon líonra ná líne teileafóin, córas, freastalaí, soláthraí ná eile a dtarlódh dá thoradh go dtéann vóta amú nó nach ndéantar a chlárú nó a thaifeadadh go cuí.

Beidh de cheart ag RTÉ cinneadh ar bith a mheasann RTÉ a bheith cuí a dhéanamh i ndáil le hiomaitheoir a chur as an iomaíocht agus/nó buaiteoir a roghnú sa chás go dtarlaíonn cliseadh teicniúil maidir le haon chóras teileavótála nó mífheidhmiú nó aon fhadhb ar bith eile maidir le haon líonra nó líne teileafóin, córas, freastalaí, soláthraí ná eile a dtarlódh dá thoradh go dtéann vóta amú nó nach ndéantar a chlárú nó a thaifeadadh go cuí.

Má tharlaíonn, rud nach dócha, an vótáil cothrom i ndáil le hiomaitheoir ar bith a chur as an iomaíocht agus/nó buaiteoir a roghnú, beidh de cheart ag foireann RTÉ agus ag an bhfoireann léiriúcháin lena mbaineann iomaitheoir a chur as an iomaíocht agus/nó buaiteoir a roghnú ar cibé bealach a shocraíonn RTÉ agus an fhoireann léiriúcháin lena mbaineann. Ní bheidh dul thar an gcinneadh sin atá dochloíte agus ní thiocfar i mbun aon chomhfhreagras ina leith.

Is féidir aon duine den lucht féachana arb é tuairim RTÉ go bhféachann an duine sin le cur isteach a dhéanamh nó tionchar a imirt go míchuí ar aon chuid den vótáil nó le cur isteach nó cúbláil a dhéanamh ar ghás teileavótála a dhícháiliú ó aon pháirt eile a ghlacadh sa vótáil. Ní bheidh dul thar chinneadh RTÉ ina leith sin atá dochloíte.

Coimeádtar de cheart ag RTÉ vótaí a chur as an áireamh má mheasann RTÉ go bhfuil nó go raibh ollvótáil ar siúl d’fhonn tionchar míchuí a imirt nó cúbláil a dhéanamh ar an ngnás teileavótála. Ní bheidh dul thar chinneadh RTÉ ina leith sin atá dochloíte.

Is ionann páirt a ghlacadh sa teileavótáil agus glacadh leis na téarmaí agus leis na coinníollacha seo agus le haon téarma nó coinníoll breise a fhógraítear i ndáil leis an bhfeachtas go sonrach.

Tugtar aird le do thoil ar an gclár faoi leith lena mbaineann, nó ceadaítear suíomh idirlín an chláir lena mbaineann, chun sonraí iomlána a fháil faoin vótáil/comórtas, soláthraí (nó soláthraithe) seirbhíse, costas vótála agus tráthanna tosaigh agus deiridh na vótála san áireamh.

D’fhéadfadh, i rith chlár a chraoltar beo, go dtiocfadh athrú, seachas mar a bhí foilsithe roimh ré, ar thráthanna tosaigh agus deiridh na vótála. Iarrtar ort gan vótáil ach amháin i rith na tréimhse vótála a luaitear ó tharla go ngearrfaí táille ar an vóta cé nach mbeadh vóta den sórt sin san áireamh.

Daoine faoi 18 bliana d’aois: Iarrtar ort, le do thoil, cead a fháil ón té a íocann an bille sula gcuirtear isteach ar chomórtas.

LÍNTE TUAIRIMÍOCHTA TÉACS DE CHUID RTÉ: POLASAÍ ÚSÁIDE

Coimeádtar de cheart ag RTÉ bac a fheidhmiú ar theachtaireachtaí áirithe nó ar na teachtaireachtaí uile a sheoltar chuig seirbhísí RTÉ ó uimhreacha fón póca óna seoltar teachtaireachtaí atá, de réir thuairim RTÉ, bagrach, maslach nó gráiniúil. I gcásanna ina mbíonn bac á fheidhmiú, leanfaidh na hoibritheoirí líonraí ag gearradh táillí maidir leis na teachtaireachtaí téacs ach ní thiocfaidh na teachtaireachtaí sin chomh fada le cláir RTÉ lena mbreithniú/lua.

Mar chuid den phróiseas seo, seolfaidh RTÉ teachtaireacht téacs chuig an uimhir fón póca óna dtagann an teachtaireacht nó na teachtaireachtaí atá bagrach, maslach nó gráiniúil ag iarraidh ar an té atá á seoladh éirí as agus scor de theachtaireachtaí den chineál sin a chur as sin amach agus á chur in iúl, mura ndéantar sin, go gcuirfear bac i bhfeidhm ar theachtaireachtaí arb é toradh a bheidh air nach dtiocfaidh teachtaireachtaí áirithe nó aon teachtaireacht ar bith uaidh/uaithi chomh fada le cláir de chuid RTÉ lena mbreithniú/lua agus, gan bheann air sin, go leanfaidh na hoibritheoirí líonraí de tháille a ghearradh i ndáil leis na teachtaireachtaí.

Sa chás go leanann teachtaireachtaí atá bagrach, maslach nó gráiniúil ag teacht ón uimhir fón póca atá i gceist, seolfaidh RTÉ aon teachtaireacht téacs amháin eile chuig an uimhir óna dtagann á dheimhniú go bhfuil bac teachtaireachtaí á fheidhmiú ón tráth sin.

Níl dul thar chinneadh RTÉ maidir le bac ar theachtaireachtaí agus an tréimhse a leanann bac den sórt sin i bhfeidhm, tá cinneadh den sórt sin dochloíte agus ní thiocfar

Coimeádtar de cheart ag RTÉ freisin, sa chás go meastar gur cuí sin, sonraí faoin seoltóir agus faoin teachtaireacht a chur ar aghaidh chuig údarás cuí maidir le himscrúdú agus aon bheart eile dá réir.

COSAINT SONRAÍ

Is i gcomhréir leis an reachtaíocht reatha agus leis an sárchleachtas reatha maidir le cosaint sonraí in Éirinn a dhéanfar sonraí pearsanta ar bith maidir le hiomaitheoir comórtais a úsáid. Féach sonraí breise in Polasaí Príobháideachta RTÉ. Déanfaidh RTÉ sonraí maidir le hiomaitheoirí a choimeád go ceann tréimhse réasúnta tar éis dheireadh an Chomórtais chun cuidiú le RTÉ comórtais a reáchtáil ar bhealach comhleanúnach agus chun déileáil le haon fhiosrúchán a thagann i gceist.

Chun críche duais an Chomórtais a bhronnadh, is gá de réir conartha do RTÉ sonraí pearsanta an iomaitheora nó na n-iomaitheoirí a chur ar fáil do na páirtnéirí a bhaineann le seoladh an chomórtais.

Sa chás go bhfuil sonraí pearsanta de do chuid curtha ar fáil agat do RTÉ, tá de cheart agat cóip a fháil de do chuid sonraí pearsanta faoi réir ag cásanna eisceachta faoi leith. Maidir le cearta i ndáil le sonraí pearsanta a fheidhmiú, féach le do thoil Treoir RTÉ maidir le Cearta Dhuine i leith Cosaint Sonra