RTÉ ag cinntiú go mbeidh an-Nollaig go deo againn i mbliana agus spléachadh á thabhairt dúinn ar fhéiríní siamsaíochta don teaghlach ar fad.
Dé hAoine seo caite tugadh barróg mhór fhíorúil dúinn nuair a chuir an Late Late Toy Show tús le séasúr na Nollag agus an chosúlacht air anois go bhfuil sé ina Nollaig go hoifigiúil ar RTÉ, ar an teilifís, ar an raidió agus ar line, agus rogha iontach siamsaíochta réitithe le haghaidh séasúr na Nollag. Tá clár éigin ann le gach duine a shásamh- seónna úrnua ceoil, beochana a bhfuil duaiseanna buaite acu, coiméidí, sobaldrámaí Nollag, scannán atá á bhfeiceáil den chéad uair, cluichí den scoth a chraolfar beo, cláir faisnéise spéisiúla agus gach cineál siamsaíochta don teaghlach tráth a bhfuil RTÉ ag réiteach le slán a fhágáil ag 2020 agus fáilte a chur roimh an mBliain Nua. An Nollaig seo, thar aon bhliain riamh cheana, teastaíonn éalú uainn ar fad agus chuige sin tá RTÉ tar éis an tsiamsaíocht is fearr dá bhféadfadh a bheith ann a eagrú don teaghlach uilig.
Neart Scannán
Níl dada níos fearr ná scannán nuair a theastaíonn ó dhuine suaimhneas a fháil tamall ó imní an tsaoil agus beidh fuílleach scannán ar RTÉ, ina measc Angela’s Christmas Wish a bheidhle feiceáil den chéad uair riamh ar an teilifís in Éirinn ar Lá Nollag. Seo scéal beochana a thógfaidh do chroí, ón gcomhlacht as Éirinn, Brown Bag Films agus is é an dara cuid é de Angela’s Christmas, a bhí ainmnithe le haghaidh duais Emmy agus a insíonn scéal an chailín bhig atá meáite ar a teaghlach a thabhairt le chéile arís in am don Nollaig. Tá sé bunaithe ar charachtair leis an údar Frank McCourt agus cloistear ann guthanna cumasacha Ruth Negga, Jared Harris agus Catríona Balfe.
Scannáin eile a fheicfear den chéad uair in Éirinn is ea Dublin Old School, ina bhfuilan phríomhpháirt agEmmet Kirwan, fear a dhéanann athmhuintearas lena dheartháir, andúileach atá ag teacht chuige féin agus a mhaireann ar na sráideanna; Zoo, scannán taitneamhach faoi bhuachaill beag agus a chairde a dhéanann tharrtháil ar eilifint óg as Zú Bhéal Feirste le linn an dara cogaidh domhanda; agus an beochan aoibhinn as Éirinn The Overcoat, a rinne teach beochana as Baile Átha Cliath, Giant, is é Cillian Murphy a dhéanann glór an phríomhcharachtair sa mbeochan seo. I measc na scannán mór le rá eile tá: Other, Peter Rabbit, Coco, A Star is Born, The Greatest Showman, Mamma Mia: Here We Go Again, Star Wars: The Last Jedi agus Jurassic World Fallen Kingdom.
Siamsaíocht don Teaghlach ar fad
Siamsaíocht spleodrach don teaghlach ar fad an rud is géire a theastaíonn faoi Nollaig i mbliana agus beidh sé sin ann siúráilte nuair a fheicfear Jennifer Zamparelli agus Nicky Byrne ag glioscarnach arís agus iad ag smaoineamh siar, i gclár speisialta uair an chloig de Dancing with the Stars, ar thréimhse a bhí níos saoire ó bhuairt, agus ag tabhairt deis dúinn breathnú ar chuid de na hócáidí ba dhraíochtúla agus ba bharúla a bhí ar an gclár.Níl aon dabht ach go mbainfidh anteaghlach ar fad an-sult freisinas The Den’s Christmas Special agus an tsraith dheireanach ag teacht chun críche. Tar in éineacht le Ray, Zig agus Zag agus Dustin don chraic agus don ruaille buaille, do na haíonna speisialta agus b’fhéidir fiú le haghaidh deoir nó dhó a shileadh agus clabhsúr a chur acu ar an tsraith a thaitin chomh mór le daoine.
Ar an 31 Nollag tabharfar deis don teaghlach ar fad páirt a ghlacadh in New Year’s Eve Countdown, coiméidí agus caint ag teacht beo ó Amharclann an Gaiety i gceartlár Bhaile Átha Cliath.
Coiméidí den Scoth
Beidh sé ina spraoi an Nollaig seo agus Coiméidí den Scoth á chur ar fáil dúinn ag The 2 Johnnies, agus na buachaillí báire seo as Cathair, i gCo. Thiobraid Árann, ar bís leis an gcraic a bheith acu. Tá muid uilig ag súil leis an dá eagrán úrnua de Mrs Brown’s Boys ar RTÉ 1 ar Lá Nollag agus Lá Caille nuair a gheobhaidh muid amach chomh maith agus atá MrsBrown agus chuid eile acu i bhFionnghlas ag déileáil leis an dianghlasáil.
Tuigeann muid gur bliain an-aisteach a bhí againn i 2020 agus níl duine níos fearr ná Oliver Callan le scaird a thabhairt i Callan Kicks the Year trí bhliain a mbeidh muid sásta a bheith réidh léi. I Reeling in the Fears ar an RTÉ Player,beidhDoireann Garrihy ag breathnúsiar freisin ach ar bhealach aorach, nach bhfuil ord ná eagar airi Reeling in the Fears, scríofa ag Joanne McNally agus iarracht á dhéanamh rud éigin dearfach a bhaint as an gcíor thuathail ar fad.
Cláir Faisnéise
In eagrán speisialta de Documentaries, clúdaítear go leor ábhair spéise agus scéalta á n-insint a dhéanann cur síos orainn mar náisiún agus ar na rudaí atá tábhachtach dúinn sa saol. I Fungie’s Kingdom, tugann Baz Ashmawy cuairt ar Dhaingean Uí Chúis i ndiaidh do Dheilf an Daingin a bheith imithe gan tásc ná tuairisc agus fiosróidh sé scéal draíochtúil, mistéireach an rógaire seo de dheilf fhiáin aonaraí a bhí sa mbaile i gCuan an Daingin ar feadh 37 bliain. In The Real Field, téann mac John B Keane, an craoltóir agus scríbhneoir Billy Keane, ag tóraíocht na fírinne i taobh an dúnmharaithe a spreag an dráma is cáiliúla dar scríobh a athair. Sa gclár faisnéise spéisiúil seo cuirfear faoi agallamh leithéidí Jim Sheridan, Noel Pearson, Garry Hynes agus Michael Harding. (Díreach ina dhiaidh feicfear an bunleagan den scannán clasaiceach The Field le Jim Sheridan, a déanadh i 1990)
Ceol faoi Nollaig
Tá an-bhéim curtha ar an gceol an Nollaig seo agus ar Oíche Chinn Bliana cuirfidh Nicky Byrne Soundtrack of My Life i láthair agus beidhCeolfhoireann RTÉ ag casadh cuid den cheol ba mhó a raibh ráchairt air in éineacht le Kodaline agus aíonna speisialta ar nós ceol a chuir fonn damhsa ar dhaoine ó leithéid Jack L, Loah agus go leor eile. Beidh Banríon Nashville, Dolly Parton, i dteannta Ryan Tubridy le agus réalta eile don Late Late Show Country Christmas Special ar 11 Nollag agus beidh ár réalta ceoil tíre féin le feiceáil ag canadh a rogha féin d’amhráin mhóra na Nollag. Tá Riverdance ag ceiliúradh 25 bliain a bhunaithe i mbliana agus beidh seó speisialta ann mar cheiliúradh. Sa gclár CLANNAD: A Celtic Dream téann Bláthnaid Ní Chofaigh go Dún na nGall le bualadh leis an mbanna agus cuimhneamh ar ngaisce atá déanta acu sa gcaoga bliain a bhfuil siad i mbun ceoil. Cuirfidh Ruth Smith agus Mary Kennedy Christmas at Home, i láthair le togha na gceoltóirí, ina measc Celine Byrne, Úna Healy, Ray Lynam, Mick Flannery, réalta dochreidte YouTube Allie Sherlock, Ceolfhoireann RTÉ agus Cór na nÓg. De bharr na paindéime i mbliana ní bheidh ‘Buscáil na Nollag’, a tharlaíodh um Nollag ar shráideanna na tíre, ar siúl. Ó tharla nach raibh aon seisiúin bheo ann i mbliana caitheann Glen Hansard agus a chairde súil siar ar sheisiúin bhuscála thar na blianta nach ndéanfar dearmad orthu agus ag tarraingt ár n-aird ar an dream atá fágtha gan dídean i mbliana, agus gan é riamh ag teastáil chomh géar. Ná caill The Busk – A Decade of Christmas on Grafton Street ar 18 Nollag, oíche iontach ar a dtabharfar aitheantas do chuid den cheol, amhráin agus scéalaíocht is fearr dá bhfuil againn sa tír. Iarrann RTÉ, i bpáirt leis an gClár Éire Ildánach, ar gach duine in Éirinn solas a lonnrú ar oíche an 20 Nollag, grianstad an gheimhridh 2020, le léiriú go bhfuil muid ar fad ag seasamh le chéile mar náisiún. Cuirfidh RTÉ ócáid ar leith i láthair ar RTÉ 1 a mbeidh clár beo mar chuid de, beidh clár speisialta raidió ar RTÉ Raidio 1 chomh maith agus déanfar sé cinn de theilgeáin á shuiteáil in áiteanna speisialta sa tír sna laethanta roimh Lonraigh do Sholas, An Grianstad.
Ba bliain í ina raibh muid le chéile ach scartha, bliain na nglaochanna Zoom, Tráth na gCeist agus an díghalráin lámh, an clúdach aghaidhe agus an scaradh sóisialta. Sa gclár 2020: A Year in Review breathnaítear siar ar an mbliain aisteach, bliain ina raibh an saol agus a mháthair ag faire agus Meiriceá ag vótáil d’Uachtarán nua, ina raibh an Ríocht Aontaithe ag réiteach leis an AE a fhágáil go deo, agus ina raibh Taoisigh rothlacha na hÉireann ar a mine géire ag iarraidh beatha daoine a shábháil. Agus ar News2Day, caithfidh Aisling Moloney agus Mícheál Ó Scannáil súil siar ar bhliain a chuir as go mór do gach duine, go háirithe do na páistí. Agus is don dream óg sin go háirithe atá, an clár faisnéise spéisiúil Growing Up at the End of the World a leanann, ar feadh bliain go leith, triúr déagóirí atá ag gníomhú maidir le hathrú aeráide ar mhaithe leis an todhchaí a chosaint dóibh.
Spórt Beo
Cé gur chaill lucht leanúna spóirt amach ar an aicsean i mbliana, tá neart sa sceideal a shásóidh iad. Feicfear den chéad uair riamh an Nollaig seo Cluichí Ceannais an GAA á n-imirt sa ngeimhreadh agus buaicphointí na gCluichí Ceannais sa bPeil, san Iománaíocht agus sa gCamógaíocht le feiceáil beo ar RTÉ2 agus ar Sheinnteoir RTÉ ar The Saturday Game Live agus ar The Sunday Game Live. Beidh clúdach beo ar Champions League Live ar Chluichí Ceannais Choirn FAI na bhfear agus na mban ar Champions League Live agus dar ndóigh buaicphointe an fhéilire spóirt is ea Leopardstown Christmas Festival, a thosóidh ar Lá Fhéile Stiofáin. Ar an Satharn 12 Nollag, is don Chluiche Ceannais sa gCamógaíocht agus do Chorn FAI na mBan a thabharfar tús áite, ar lá iontach do spórt na mBan ar RTÉ.
Ag caitheamh súil ar dhrámaíocht de chineál eile, leanann Fair City de bheith ag tabhairt léargais ar an saol i gCarrigstown tríd an lionsa, a fhad is atá muintir na háite, cosúil linn uilig, ag dul i ngleic leis an Nollaig dhifriúil atá ann i mbliana. Agus ar Lá Nollag feicfidh muid céard atá ar siúl acu in Albert Square, in eagrán na Nollag d’Eastenders ar RTÉ 1.
Ar Oíche Nollag agus ar Lá Nollag beidh fáil, ar Theilifís agus ar Raidió RTÉ, ar réimse de chláir reiligiúin Nollag – Carúil, Aifrinn, Seirbhísí, Teachtaireachtaí Nollag agus fiú amháin dráma na Nollag ag teacht as Corcaigh.
Dírithe ar an dream níos óige an Nollaig seo tá 10 gcinn de bheochana úrnua a mhaireann dhá nóiméad, ina measc Christmas Owl, leagan Nollag de Critters TV a bhaineann úsáid as píosaí scannánaíochta ón Late Late Toy Show, agus Da Humbug, scéal beochana faoi sheanfhear cantalach a fhaigheann amach céard a chiallaíonn an Nollaig i ndáiríre. Sraith iontach sé dhráma, ó áiteanna ar fud an domhain, atá i Drama Week agus is cinnte go dtógfaidh sé agus go mbogfaidh sé do chroí. Fillfidh na sraitheanna do pháistí Squad Goals, le Anna Geary agus Ace My Space ar an scáileán chomh maith.
Bia Blasta
Ní bheadh Nollaig ar bith ann gan an bia baile agus na béilí le haghaidh ócáidí speisialta, agus i mbliana tá The Today Show Christmas Food Special ar ais le triúr de na cócairí is mó le rá sa tír seo, Neven Maguire, Rachel Allen agus Kevin Dundon agus i rith sheachtain na Nollag cuirfidh siad féasta Nollag os comhair iteoirí ámharacha mór le rá ag 6.30in ar thrí thráthnóna as a chéile ar RTE 1. Gheobhaidh tú aon eolas a bheadh uait le béile iontach Nollag a chócaráil ar Neven’s Christmas Menu, agus i mbliana ar Donal’s Family Food at Christmas beidh an- bhéim ar am a chaitheamh leis an teaghlach, coinneáil le traidisiúin agus béilí breátha blasta don teaghlach a chur ar an mbord os a gcomhair. Beidh Rory O’Connell ar ais le clár speisialta Nollag, How to Cook Well, a fheicfear ina dhá chuid, thar dhá oíche, i seachtain na Nollag, agus beidh Catherine Fulvio ar ais le clár cócaireachta Nollag, Catherine Celebrates, dóibh siúd ar mhaith leo rud éigin difriúil a thriail an Nollaig seo!
Leanfar den tsiamsaíocht ar an aer ar RTÉ Raidio 1, 2FM, Lyric agus RnaG an Nollaig seo. Ar 22 Nollag, ar seó Ray D’Arcy tabharfar aitheantas do na féilirí iontacha, atá seolta isteach ó cheann ceann na tíre ar son carthanachta.
Cé nach bhféadfaidh Liveline a bheith mar a chéile le blianta eile, ní ligfear do Covid bac a chur ar chlár speisialta Oíche Nollag. I mbliana beidh Joe Duffy agus a chairde ag cur siamsaíochta ar fáil dá lucht éisteachta sa mbaile in áit Shráid Grafton, i measc na n-aíonna beidh Kodaline agus go leor eile ag tabhairt a mbeannachtaí Nollag. Beidh líne dhíreach chuig Daidí na Nollag ag Derek Mooney oíche Nollag lena chinntiú go bhfuil sé ar a bhealach go dtí natithe, a fhad is a bheidh Panti Bliss cois tine ag tabhairt sóláis dúinn sa mbliain seo a chuir athrú ar gach aon duine againn.
Maidin Lá Nollag dúisigh go moch agus léim amach as an leaba agus thú ag éisteacht le ceol Nollag á sheinnt ag Lilian Smith; ón 8.00rn ar aghaidh maidin Lá Nollag beidh Michael Comyn ag meascadh an chairdis agus an cheoil le hinspioráid agus greann i gcomhluadar aíonna éagsúla a bheidh scartha ó chéile go sóisialta. Beidh RTÉ Radio 1 mar chúlra i gcistineacha agus i dtithe gnóthacha ar fud na tíre agus Miriam O’Callaghan ag éisteacht le rogha léamha agus ceoil Nollag go dtí go mbuailfidh John Creedon isteach lena mheascán uathúil féin de cheol agus poirt. Cuirfidh Christmas Miscellany, clár ó RTE Raidio 1 atá á chraoladh maidin Lá Nollag le breis agus caoga bliain, scríbhneoireacht nua a bhfuil ceol oiriúnach don Nollaig fite fuaite leis, os comhair an lucht éisteachta. Ar na scríbhneoirí a chloisfear i mbliana tá Dónal Ryan, Paul Howard agus Christine Dwyer Hickey.
Ar Lá Fhéile Stiofáin beidh deis mhachnaimh againn agus Joe Duffy ag cur Legacies iláthair. Má tá bua na garraíodóireachta agat tabharfaidh garraíodóirí ó Kilmacurragh Estate, Dower House agus tuilleadh léargas ar a saol amuigh faoin aer agus roinnfidh siad a bhfuil foghlamtha acu linn, díreach sula rachaidh muid sna cosa in airde go dtí St. Stephen’s Day Sport. Ar lá Fhéile Stiofáin freisin sa gclár Services Ahead, tabharfaidh Brenda Donohue cuairt ar Barrack Obama Plaza in Moneygall agus casfaidh sí leis an dream atá ag obair ann agus le daoine a thug cuairt ar an áit thar thréimhse gnóthach ceithre huaire fichead. Breathnóidh Callan’s Kicks siar ar bhuaicphointí na bliana, chomh maith leis na drochrudaí a tharla i rith na bliana seo a mbeidh cuimhne i gcónaí uirthi. Ar an lá deireanach de 2020, nach muid a bheidh buíoch beannachtach a bheith réidh leis an mbliain inar fágadh muid gan aon chraic ná spleodar, gan Fungie bocht féin linn.
Ar Lottie’s Celeb News Special, a bheidh á láithriú ag Lottie Ryan ar Lá Nollag, beidh deis againn éisteacht ar feadh dhá uair a chloig le scéalta faoi na daoine mór le rá agus le ceol ó 2020 agus ansin, le héisteoirí 2FM a thabhairt tríd an tráthnóna, ar Lá Nollag ó 6in ar aghaidh fógrófar ar The National Chart Show le Bláthnaid Treacy ainm an amhráin atá ag uimhir 1 an Nollag seo, agus seinnfidh Bláthnaid na hamhráin ar fad a bhí ag uimhir 1 le linn 2020.
Críoch
Music
Le misneach agus aitheantas a thabhairt dar gcuid ceoltóirí, agus chun ár meas a léiriú ar cheoltóirí líonmhara na hÉireann beidh lear mór ceolchoirmeacha agus cláir faisnéise i dtaobh an cheoil á gcraoladh ag RTÉ an Nollaig seo agus déanfar freastail ar lucht leanúna gach cineál ceoil.
–Ar an gclár Ireland in Music tá an tír mar a bheadh stáitse ann, tagann ceol Denise Chaila agus Sharon Shannon chugainn ó Aillte an Mhothair; tá Clannad i mbun ceoil i gCró Nimhe i nGaoth Dobhair; cloiseann muid Lisa Hannigan ag casadh ag ardán banna ceoil Fhaiche Stiabhna agus is i ngairdíní aoibhne Chaisleán Átha Troim atá The Stunning.
–Ar After a Woman’s Heart feicfearEleanor McEvoy agus na mná eile a bhí léi ar an albam sardíola Woman’s Heart, albam a tháinig amach 30 bliain ó shin agus bhí mar a bheadh fuaimriain saoil ann do chuid mhaith againn. Roinneann na mná a dtaithí saoil linn tráth a raibh athruithe móta ag tarlú in Éirinn, leis an gcolscaradh, an díchoiriúlú agus comhionnanas pósta.
– Sraith nua ceolchoirmeacha ó Ceolfhoireann RTÉ is ea Winter Sessions, agus beidh, i measc na n-ábhar, ceiliúradh Lá Caille as Vín agus ceiliúradh ar John Lennon le haíonna ar nós James Vincent McMorrow agus Andrea Corr. Craolfar na ceolchoirmeacha seo, ina bhfuil Ceolfhoireann RTÉ i bpáirt leis an RDS, ar RTÉ Lyric Fm agus beidh sé sruthaithe ar rte.ie/culture, gach Aoine ag 7in, ó 11 Nollag go 1 Eanáir, chomh maith le bheith á chraoladh ag RTÉ 1 le linn an tsaoire.
Siamsaíocht Teaghlaigh
-Ar Fittest Family Celebrity Special, beidh daoine aitheanta agus baill dá dteaghlaigh, ina measc Katie agus Ruby Walsh, á dtástáil ar son carthanachta.
–Feicfear ceathrar aitheantaar Two Talented, á chur i láthair ag Donncha O’Callaghan, agus ina measc seo tá Brian Redmond agus Maclean Burke a bhíonn sásta a bheith curtha faoi mheantóireacht ag a gcuid ógánaigh cumasacha don chlár speisialta Nollag seo.
Cláir Faisnéise
–Insíonn The Man Comes Around faoi chamchuairtJohnny Cash i 1963 agus an bhaint a bhí aige le hÉirinn. Cloisfidh muid ó Éireannaigh a chonaic é ina bheatha agus a bhí cóngarach dó in ionaid éagsúla faoin tuath.
-Ón dream céanna a rinne an tsraith cáiliúil The Game a thagann Christy Ring: Man and Ball againn, scannán faoin iománaí iontach Corcaíoch –a shíleann go leor a bheith ar an imreoir ab fhearr riamh – céad bliain ó rugadh é.
-Sa gclár croíúil Francis Street Photographer cloiseann muid scéal Suzanne Behan a chuir roimpi grianghraif thábhachtacha a thabhairt ar ais don dream ar leo iad. Tháinig sí ar bhosca ina raibh 70,000 claonchló de chuid a seanathar, ar ghrianghrafadóir é agus tugann na grianghraif sin léargas suntasach ar an saol sna Saoirsí.
Agus, as Gaeilge
-Cosc: Sa mbliain 1942, bhí an-suim ag lucht féachana fud fad an domhain i Casablanca, ceann de na scannáin is rómánsúla riamh. Ach ar feadh breis agus tríocha bliain ceileadh an scéal iomlán, mar a bhain le caidreamh grá mí-ámharach Rick and Ilsa le linn an chogaidh, ar luch féachana in Éirinn. San eagrán seo de Cosc ar a dtugtar Banned, pléann lucht leanúna Casablanca an draíocht a bhaineann fós féin leis an scannán agus na himpleachtaí cultúir a bhain leis an ngearradh a déineadh in Éirinn ar an mbunscannán.
-Laochra Cois Laoi: Ní dhéanfar dearmad go brách cois Laoi ar an bhliain stairiúil 1990, nuair a bhuaigh iománaithe agus peileadóirí Chorcaigh an Cluiche Ceannais Iománaíochta agus an Cluiche Ceannais Peile faoi seach. Déanann an clár seo an éacht iontach sin a cheiliúradh agus Garry Mac Donncha i mbun cainte le cuid den dream a bhí páirteach.
Sobaldráma
–Fair City: Tagann muintir Collins le chéile ag iarraidh spiorad na Nollag a athmhúscailt agus nuair a bhíonn ábhar iontais ann d’Anto maidin Lá Nollag ní théann rudaí díreach de réir mar a bhí beartaithe. Níl Hayley ag aireachtáil ró mhaith agus tugann Carol aoi neamhghnách isteach sa teach agus baintear spraoi as an bpleidhcíocht agus an mhéiseáil; ach ní hé an té a thagann chuig an doras a té a bhí sí ag iarraidh…an bhfaighidh sí mian a croí don Nollaig? Agus i mbliana, tráth a bhfuil an teaghlach níos tábhachtaí ná riamh agus go leor daoine scartha in aghaidh a dtola ón dream is ansa leo, tógann Wayne a áit ag barr bhord Orla.
Scannáin
-Beidh draíocht na scannán ar an scáileán beag d’óg agus aosta an Nollaig seo. I measc na scannán traidisiúnta is ansa linn beidh: Peter Rabbit, Coco, A Star is Born, The Greatest Showman, Mamma Mia: Here We Go Again, Star Wars: The Last Jedi agus Jurassic World Fallen Kingdom.
–I measc na gclasaicí eile a beidh le feiceáil beidh: Willy Wonka, Home Alone 2, Mrs Doubtfire, Chitty Chitty Bang Bang, ceithre cinn de scannáin Indiana Jones, agus Some Like It Hot.
Seinnteoir RTÉ
-D’fhéadfadh duine dul ar an drabhlás leis na boscraí aitheanta ar fad a bhfuil fáil orthu an Nollaig seo ar Sheinnteoir RTÉ. Tá na drámaí grinn suímh clasaiceacha as Meiriceá ann, dála Frasier agus Seinfeld nó d’fhéadfá breathnú ar The West Wing ar fad agus Martin Sheen i bpáirt an Uachtaráin Bartlett.
-Roghnaigh an ceann is fearr leat féin de na scannáin is mó a bhfuil tóir orthu –One Tree Hill, Normal Peopleagus Love/Hate nó bain triail as rud nua ar fad ar nós The Hour le Dominic West nó breathnaigh ar Kelly Macdonald sa drama The Victim, atá lán teannais nó b’fhéidir ar an dráma déagóireach ón Astráil The Hunting.
RTÉ Radio
RTÉ Raidió 1
-Bí i dteanna Will Hanafin agus an painéal atá roghnaithe don fhéile – Emer McLysaght, Jules Coll agus Pauline McGlynn agus iad ag tochailt sa gcartlann féachaint an raibh an saol tada níos fearr nó níos measa san am a chuaigh thart.
–Is cinnte go dtabharfaidh Sure ‘Twas Better Christmas Eve ardú meanman duit an Nollaig seo.
– Ar oícheanta na seachtaine i rith na Nollag beidh agallaimh den scoth le húdair agus le stiúrthóirí ar Arena, beidhcláir speisialta Nollag ann, moltaí maidir leis na cláir /na scannáin is fearr atá ar fáil don Nollaig, ealaín an gheimhridh agus súil siar Oíche Chinn Bliana ar rogha an chultúir ó 2020.
-Ná caill Rick O’Shea agus Olivia O’Leary Oíche Nollag agus iad ag oscailt leabhar agus ag aithris filíochta ar na cláir The Book Show agus The Poetry Programme.
– Bígí linn seachtain na Nollag mar go dtabharfaidh Comedy Showhouse ar Raidio RTÉ cúis mhaith gháire duit amach sa tráthnóna.
-An tseachtain ina dhiaidh sin cloisfidh tú Kathryn Thomas, Michael Cahill, agus Brenda Donohoe, beidh Documentary on One, Comedy Showhouse agus amhráin mhóra ón am atá caite air. An tseachtain chéanna beidh deis againn, ar Like Family éisteachtle cuid de na teaghlaigh ar bhuailBrenda Donohue leo i gcaitheamh na bliana, tabharfaidh Brenda cuairt orthu arís agus déanfaidh siad a machnamh maidir leis na hathruithe a tharla sa saol acu i 2020 agus ar gach a bhfuil siad ag súil leis i 2021.
RTÉ 2FM
-Tiúnáil isteach ó 26 go 29 Nollag le haghaidh Celebrity Takeover ar 2FM nuair a shínfear anmic chuigGavin James, Erica Cody, Greg O’Shea agus JC Stewart agus deis tugtha dóibh an ceol is mó a thaitníonn leo féin a roinnt linn.
-Le linn an tsamhraidh thaifead Fontaines DC, a bhí ainmnithe do dhuaisGrammy, seó speisialta le Dan Hegarty ó 2FM lena n-albam nua ” A Hero’s Death” a chur i láthair an phobail. Má éisteann tú leis an seisiún eisiach seo ar 2FM ar 28 Nollag cloisfidh tú agallamh neamhchoitianta beo le Dan agus na leaids.
-Tabhair an bhliain chun críche leis na dioscmharcaigh Dave Treacy, Mo K, DJ Wax agus JJ Hartigan a bheidh ag craoladh beo ar Oíche Chinn Bliana, agus iad ag meascadh fhuaimrianta móra na bliana leis na hiarratais ar fad a thiocfaidh isteach uaibhse don Bhliain Nua. Ansin cuirfidh Stephen Byrne ceolchoirm le Billie Eilish i láthair beo as Sydney ar Lá Caille le fáilte a chur roimh 2021.
RTÉ lyric fm
– Oíche Nollag, béarfaidh Marty Whelan ar chuimhní geala Nollag le Mary Crosby, iníon Bing, agus beidh Michael Bublé ar an ardán freisin le Bublé bells. Cuirfidh an Cócaire Neven Maguire iad siúd á bhíonn faoi bhrú um Nollag ar suaimhneas agus é i mbun comhaireamh síos, mar a bhíonn sé gach bliain, sa chistin.
-Ní bheadh sé ina Nollaig gan mórshaothar Handel, The Messiah – é á chasadh an uair seo ag Akademie für Alte Musik Berlin ar The Full Score le Liz Nolan, Lá Nollag, idir 1.00 agus 4.00i.n.
–Níos deireanaí an tráthnóna céanna ar The Lyric Concert le Paul Herriott ag 7in cuirfidh Ceolfhoireann RTÉ ceolchoirm i láthair atá bunaithe ar rogha na coitiantachta de cheol na Nollag le go leor sáraíonna, Cór na nÓg RTÉ, Cór Linn, Rachel Croash, Brian Dunphy, Zoe Conway & John McIntyre agus iad á stiúradh ag Gavan Maloney.
– Ar Lá Fhéile Stiofáin i Movies and Musicals cuirfidh Aedín Gormley ‘Pure Imagination’, i láthair, coirmcheoil de chluichí agus d’fhuaimriain scannáin agus an cumadóir Eímear Noone ag stiúradh Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ agus na haonréadaithe Jack L agusSibéal.
-Ag a 7in ar Opera Night, cuirfidh Paul Herriott i láthair an Christmas Oratorio le Bach I Barocchisti agus Cór agus aonréadaithe The Swiss Radio-Television a dtaifead ó Lugano Switzerland á stiúradh ag Diego Fasolis.
–Tugann The Lyric Feature chun cuimhneDerek Mahon a fuair bás i nDeireadh Fómhair na bliana seo. Sa gclár faisnéise seo ó chartlann RTE, a craoladh den chéad uair ar lá Nollag 2001 beidh aisteoirí ar nós Stephen Rea agus Dawn Bradfield ag léamh an dáin fhada dá chuid The Hudson Letter agus fuaimrian curtha leis a taifeadadh ar bhruach abhainn an Hudson i Nua-Eabhrac agus ceol ón bpíobaire Peter Browne.
-Ar Lá Caille, beidh deis an mhír nua fhíorálainn VOICES le Max Richter a chloisteáil, mír a raibh na focail atá i bhForógra Chearta an Duine mar spreagadh aige. I rith na tréimhse seo atá athraitheach agus dúshlánach ar fud na cruinne tá glórtha fud fad an domhain tógtha don mhír seo agus iad fite fuaite le ceol tochtmhar Richter. Éist leis ar Vespertine le Ellen Cranitch ag a 10in.
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Ar na cláir is suntasaí ar an sceideal don Nollaig tá sraith sé chlár ar chúrsaí ceoil, An Seomra Glas, a bheidh á chur i láthair ag Fiachna Ó Braonáin agus aoi speisialta ó shaol an cheoil leis ar gach eagrán.
-Sa gclár An Chéad Saol Eile, cuirfidh Máire Bríd Ní Chualáin daoine éagsúla, ina measc sagart, amhránaí, file, agus craoltóir faoi agallamh maidir lena gcreideann siad i dtaobh an bháis agus a bhfuil i ndán dúinn i ndiaidh an bháis.
-Ar sceideal RnaG chomh maith tá sraith ceolchoirmeacha, ina measc ócáid a bhí eagraithe i 1991 i gcuimhne ar an bhfile agus amhránaí sean-nóis aitheanta Caitlín Maude, chomh maith le ceolchoirm a bhí taifeadta ag Scoil Cheoil an Earraigh 2020, sa teach a mbíodh cónaí ann tráth ar Canon Goodman. Cloisfidh muid freisin cuid den cheol ab fhearr a ndearnadh taifeadadh air ag Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy agus Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair le cúig bhliana fichead anuas agus beidh clár againn chomh maith faoi cheann d’oileáin Dhún na nGall, Inis Oirthear.
Spórt
I gcúrsaí spóirt, in éineacht leis na himeachtaí beo beidh cláir againn i dtaobh Gary Sice, an peileadóir a bhíodh ag imirt do Chora Finne agus do Ghaillimh, an sárimreoir de chuid Dhún na nGall, Charlie McGeever, Cluiche Ceannais Iománaíochta na bliana 1988 agus bua Uíbh Fhailí i gCluiche Ceannais na hÉireann sa bpeil i 1982.
Is am í an Nollaig le bheith ag smaoineamh orainn féin agus tá cláir ar an sceideal i gcuimhne ar an gceoltóir Johnny Connolly agus an scríbhneoir agus aisteoir Joe Steve Ó Neachtain.