Beartais agus Treoirlínte


Treoirlínte Iriseoireachta RTÉ (2020)

I measc luachanna eagarthóireachta RTÉ áirítear tiomantas i leith an méid seo a leanas:

• Oibriú ar mhaithe le leas an phobail, agus nuacht agus cúrsaí reatha atá cothrom agus neamhchlaon, cruinn agus dúshlánach á gcur ar fáil againn
• A bheith macánta agus trédhearcach i leith ár gcuid gníomhaíochtaí go léir
• Glacadh le freagracht phearsanta i ndáil le spriocanna na heagraíochta a shaothrú

Sna treoirlínte eagarthóireachta seo leagtar amach cur chuige RTÉ i leith neadú na luachanna sin a neadú inár ngníomhaíocht iriseoireachta ar fad is cuma cén chaoi ar cruthaíodh í nó cén chaoi a nglacann ár lucht féachana/éisteachta léi. Tá ár dtreoirlínte le cur i bhfeidhm ar bhealach a chothaíonn neamhspleáchas agus a thuilleann iontaoibh gan srian a chur ar fhiosrúchán iriseoireachta dlisteanach.

Chun teacht ar na treoirlínte sin, cliceáil anseo.

Treoirlínte RTÉ maidir le Meáin Shóisialta

Is ceart do gach ball foirne agus do gach rannpháirtí le RTÉ a bheith ar an eolas faoi Threoirlínte RTÉ maidir le Meáin Shóisialta agus is ceart dóibh cloí leo. Chun teacht ar na treoirlínte sin, cliceáil anseo.

Meáin Shóisialta RTÉ – Téarmaí Úsáide

Comhroinneann cuntais mheán sóisialta RTÉ faisnéis faoi ábhar agus faoi sheirbhísí RTÉ. Fáiltímid roimh do chuid tuairimí, roimh nithe ‘is maith liom’, roimh ‘comhroinnt’ agus roimh ‘postálacha’. Chomh maith le treoirlínte agus téarmaí bunúsacha a urramú, iarrtar ort aird a thabhairt ar threoirlínte breise RTÉ anseo thíos.

Bainistíonn RTÉ a chuntais meán sóisialta i gcomhréir leis an timpeallacht rialála ina n-oibrímid agus oibrímid faoi Threoirlínte Iriseoireachta RTÉ 2020 agus faoi Threoirlínte Meán Sóisialta RTÉ. Tá ár gcur chuige treoraithe lenár luachanna mar eagraíocht agus is féidir na luachanna sin a fheiceáil anseo. Déanaimid faireachán gníomhach ar thuairimí ar chuntais mheán sóisialta RTÉ lena chinntiú go bhfuiltear ag cloí leis an méid sin thuas agus leis na téarmaí sonracha anseo thíos.

Mar thoradh air sin, forchoimeádaimid an ceart chun postálacha, grafaicí, tuairimí, físeáin, grianghraif nó aon ábhar eile a bhaint, chomh maith le húsáideoirí a chiúnú, a bhlocáil nó a thuairisciú, i gcomhréir leis an méid seo thíos:

• Tuairimí nó freagraí a d’fhéadfadh a bheith leabhlach, clúmhillteach, maslach, drochídeach nó dímheasúil

• Tuairimí nó freagraí a sháraíonn cóipcheart nó maoin intleachtúil duine eile

• Tuairimí nó freagraí ina nglactar le gníomhaíocht neamhdhlíthiúil nó ina gcuirtear gníomhaíocht den sórt sin chun cinn

• Tuairimí nó freagraí atá míthreorach, calaoiseach nó meabhlach

Tuairimí nó freagraí ina n-úsáidtear caint, nó ina léirítear barúlacha, atá graosta, gránna, idirdhealaitheach, ciníoch, foréigneach, bagarthach nó cráiteach

• Tuairimí nó freagraí de chineál turscair nó atá beartaithe chun bheith ina gcúis le suaitheadh teicniúil cuntais nó ardáin

• Tuairimí nó freagraí ina nochtar faisnéis phearsanta faoi dhuine

• Tuairimí nó freagraí nach mbaineann leis an bpostáil ar fúithi a chuirtear iad.

Cé gur fearr linn gan déanamh amhlaidh, forchoimeádann RTÉ an ceart chun daoine aonair/cuntais a thagann faoi réim na gcatagóirí thua a bhlocáil.

Níl freagracht ar RTÉ i ndáil le cruinneas na dtuairimí, na faisnéise, na comhairle nó na dtuairimí a phostálann daoine eile ar ár gcuid gcuntas.

Má tá difear dochrach déanta duit mar gheall ar thuairimí ar chuntais mheán sóisialta RTÉ, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le info@rte.ie. Tá mionsonraí teagmhála le haghaidh roinnt línte cabhrach ar fáil anseo freisin. Féach freisin Téarmaí & Coinníollacha RTÉ.ie anseo.

Faisnéis maidir le hAicmiú Clár

Oibríonn RTÉ córas aicmithe clár scáileáin chun tuilleadh faisnéise a thabhairt don lucht féachana i dtaobh ábhar na gclár sceidealta. Taispeántar íocóin ar an scáileán ar feadh 20 soicind ag tús gach cláir

ar leith agus cabhraíonn sé sin le daoine cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le breathnú ar an gclár nó gan breathnú air.

Is iad seo a leanas na ceithre chatagóir aicmiúcháin:

(GA) Lucht Féachana Ginearálta: Léiríonn sé sin go bhfuil clár oiriúnach do gach aoisghrúpa agus go gach ábhar spéise

(CH) Leanaí: Léiríonn sé sin go bhfuil clár dírithe go sonrach ar leanaí, lena n-áirítear lucht féachana óg déagóirí agus lucht féachana níos óige ná sin

(PS) Maoirsiú Tuismitheoirí: Léiríonn sé sin go bhfuil clár dírithe ar lucht féachana aibí. D’fhéadfadh an clár a bheith bainteach le téamaí d’aosaigh, d’fhéadfadh sé a bheith rud beag foréigneach nó scanrúil, nó d’fhéadfadh droch-chaint a bheith ann uaireanta. Is ionann an t-aicmiú seo agus léiriú do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí breithniú a dhéanamh i dtaobh rochtain leanaí a shrianadh.

(MA) Lucht Féachana Aibí: Léiríonn sé sin gur clár é d’aosaigh (a thaispeántar tar éis 9.00pm de ghnáth) agus gur clár é a d’fhéadfadh radhairc a bheith ann ina dtaispeántar foréigean nó gníomhaíochtaí gnéasacha nó ina bhfuil droch-chaint nó téamaí aosacha.

Treoir RTÉ maidir le Cearta Daoine i leith Cosaint Sonraí

Déileálann RTÉ le do chearta maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí mar ábhar tábhachtach. De réir mar a thuairiscítear i mBeartas RTÉ maidir le Príobháideachas, tá roinnt ceart ann a fhéadfaidh tú a fheidhmiú faoin dlí a bhaineann le cosaint sonraí. Tá míniú le fáil sa treoir sin i dtaobh cad iad na cearta sin agus conas iad a fheidhmiú. Chun breathnú air, cliceáil anseo.

Beartas RTÉ maidir le Sonraí agus Doiciméid a Choimeád

Sin é Beartas RTÉ maidir le Coimeád Sonraí agus Doiciméad agus tá sé ina chuid de thionscadal RTÉ i ndáil le comhlíonadh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (“GDPR”). Chun breathnú air, cliceáil anseo.

Beartas RTÉ maidir le Fuinneamh

Mar eagraíocht agus mar eintiteas aonair tá RTÉ tiomanta i leith bainistíocht a dhéanamh ar a thomhailt fuinnimh agus i leith feabhas a chur go leanúnach ar a chóras bainistíochta fuinnimh. Chun breathnú ar an mBeartas maidir le Fuinneamh, cliceáil anseo.

Beartas RTÉ maidir le Cúrsaí Comhshaoil

Ós rud é gur mór againn ár n-oibleagáidí seirbhíse poiblí, tá Beartas Comhshaoil curtha i bhfeidhm ag RTÉ. Chun breathnú air, cliceáil anseo.

Beartas RTÉ maidir le Cosaint Leanaí

Tá an beartas sin scríofa ag RTÉ chun sábháilteacht na leanaí go léir a mbíonn teagmháil againn leo i dtaca le gach gné dár ngnó a chinntiú. Forbraíodh an beartas i gcomhréir le ceanglais “Tús Áite do Leanaí: An Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí 2011”. Chun breathnú air, cliceáil anseo.

Cód Iompair Gnó RTÉ

Tá an Cód Iompair Gnó d’Fhoireann RTÉ beartaithe mar threoir maidir le hiompar fostaithe RTÉ agus iad i mbun gníomhaíochtaí gnó. Chun breathnú ar an gCód, cliceáil anseo.

Beartas Príobháideachais RTÉ

Is é seo Beartas Príobháideachais Raidió Teilifís Éireann, RTÉ Commercial Enterprises DAC, agus aon cheann dá gcleamhnaithe, lena n-áirítear RTÉ Transmission Network DAC, a thrádálann mar 2RN (agus tugtar “RTÉ” orthu le chéile). Chun teacht ar Bheartas Príobháideachais RTÉ, cliceáil anseo.

Beartas RTÉ maidir le Fianáin

Urramaíonn RTÉ príobháideachas gach duine dár gcuairteoirí ar ár láithreáin ghréasáin agus ar ár n-aipeanna (ár “Láithreáin”). Sa Bheartas seo maidir le Fianáin, leagtar amach ár mbeartas i ndáil le fianáin, rabhcháin rianúcháin, stóráil áitiúil agus teicneolaíochtaí den tsamhail chéanna (“Fianáin”) a úsáid. Chun teacht ar Bheartas RTÉ maidir le Fianáin, cliceáil anseo.

Beartais agus Treoirlínte eile de chuid RTÉ

Téarmaí agus Coinníollacha do RTÉ.ie
Cairt Iniúchóireachta Inmheánaí RTÉ
Ilchineálacht agus Uilechuimsitheacht in RTÉ
RTÉ Fair Trading Policy & Procedures
RTÉ Fair Trading Complaints Policies

RTÉ Cookie Policy for Children’s Online Services