Gach cluiche ón gComórtas Peile ’23 beo ar RTÉ RnaG
Beidh gach uile chluiche a imreofar ag Comórtas Peile na Gaeltachta ar na Méilte i dTír Chonaill an deireadh seachtaine seo le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó mhaidin Dé Sathairn go dtí an chic deireanach tráthnóna Dé Luain.
Ba i gCiarraí sa bhliain 1972 a rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta craoladh ó Chomórtas Peile na Gaeltachta den chéad uair, agus tá dlúthnasc idir an tseirbhís agus an Comórtas ó shin, agus iad ar cheann de na príomh-urraithe ar an ócáid.
Beidh Ródaí RnaG ag Cumann Naomh Muire ar na Méilte Íochtar na Rosann don deireadh seachtaine, agus beidh tráchtaireacht, plé, anailís, agus agallaimh le cloisteáil beo ó na páirceanna éagsúla ar na Méilte, i nGaoth Dobhair agus ar an gClochán Liath gach lá . Tosóidh an craoladh beo maidin Dé Sathairn ag 11 am agus leanfaidh sé ar feadh an lae. Dé Domhnaigh, beidh siad ar an aer ó 11.45 am go dtí 9 pm, agus Dé Luain, beidh tráchtaireacht bheo ar an gceithre chluiche ceannais ag tosú ag 10 am nó go mbeidh deireadh ráite i gCluiche Ceannais Sinsir na bhFear an tráthnóna sin.
Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: “Tá ceangal agus gaol ag RTÉ Raidió na Gaeltachta le Comórtas Peile na Gaeltachta a théann siar i bhfad, breis agus leathchéad bliain anois ó bunaíodh an tseirbhís i 1972. Seo’d í an craoladh spóirt is mó a dhéanann muid infheistíocht ann chuile bhliain. Tá ríméad ar leith orainn i mbliana go bhfuil urraíocht déanta againn ar an trófaí a bheidh le bronnadh ar an fhoireann a thabharfaidh leo Craobh Shóisir na mBan ag an gComórtas, agus is dealbh álainn deartha ag Jarlath Daly a bheas ag dhul na bhaile leo. Guím gach rath ar Chomórtas na bliana seo. Is oilithreacht ar leith í a dhéanann na foirne gach bliain le dóchas agus misneach, ceiliúradh ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus tá mé cinnte go mbeidh sé mar a chéile arís i 2023 ar na Méilte.”
Dúirt Damien Ó Dónaill, Bainisteoir Réigiún an Tuaiscirt: “Is ócáid stairiúil a bheas anseo ar an deireadh seachtaine, an chéad uair don Chomórtas a bheith ag Cumann Naomh Muire Íochtar na Rosann. Sin mo chumann féin, agus tá go leor de bhaill foirne an Raidió anseo i dTír Chonaill ceangailte leis an chumann sin fosta, mar sin is ócáid faoi leith a bheidh ann dúinn agus is mór an onóir dúinn a bheith ag cur fáilte roimh phobail Ghaeltachta ó gach cearn den tír go dtí an cheantar seo don deireadh seachtaine.”
Beidh pictiúirí, físeáin agus eolas ón gComórtas le fáil ar mheáin shóisialta RnaG i gcaitheamh an deireadh seachtaine.