Gavin Maloney reappointed as Associate Principal Conductor of the RTÉ Concert Orchestra | Gavin Maloney athcheaptha ina Phríomhstiúrthóir Comhlach ar CC RTÉ
RTÉ today announced that Gavin Maloney has been reappointed as Associate Principal Conductor of the RTÉ Concert Orchestra for the next three years, following his initial 2022–2025 tenure.
Gavin Maloney’s next appearances as Associate Principal Conductor will be conducting the RTÉ Concert Orchestra for Classical Greats – Grieg and Schubert in the NCH on 23rd October and Sunday Miscellany Celebrates Christmas on 2nd December.
Maloney is one of Ireland’s foremost musicians, equally at home in the worlds of classical, contemporary and popular music. He has a track record of success with the RTÉ Concert Orchestra across a range of genres and events. Highlights of their work together across the last three years include The Songs of Leonard Cohen: A 90th Birthday Celebration in the 3Arena last year, sold-out Sunday Miscellany Celebrates Christmas concerts in the NCH each December, and Beethoven’s Piano Concerto No. 4 with John O’Conor in March of this year. Other highlights of Maloney’s work with the orchestra include the world premiere of Room with live score at the NCH and the recent RTÉ 2fm Breakfast Live performance.
Gavin trained at the Royal Northern College of Music in Manchester and the Mozarteum, Salzburg. At the age of 21 he successfully competed for the position of Assistant Conductor of the RTÉ National Symphony Orchestra (now National Symphony Orchestra Ireland). He was the inaugural beneficiary of the Bryden Thomson Trust, through whose support he studied at the Danish National Opera and the Lucerne Festival Academy of Pierre Boulez. He has conducted all the leading orchestras and ensembles in Ireland as well as conducting in Germany, France, Italy, and the UK.
His distinguished collaborations with classical artists include Gabriela Montero, Tara Erraught, Barry Douglas, Ailish Tynan, John O’Conor, Chloë Hanslip and Hugh Tinney. In the NCH International Concert Series in 2017, he appeared with Maxim Vengerov, who has described him as ‘a great maestro’.
Popular artists Gavin has collaborated with include Declan O’Rourke, Lisa Hannigan, Wallis Bird, Loah, Mick Flannery, Phelim Drew, Jess Kavanagh and Denise Chaila. He has worked with traditional musicians such as Liam O’Flynn, Paddy Moloney, Zoë Conway and Iarla Ó Lionáird and has a track record of bringing Irish music to new audiences around the country. Last Christmas, he conducted Mary Black, Mary Coughlan, Angeline Ball and Shobsy at the RTÉ Concert Orchestra Dublin Simon Sing for Simon charity concert.
Gavin’s recordings, on the NMC and lyric fm labels, have earned critical acclaim, including that of Gramophone magazine. His live recording of Nicola LeFanu’s Threnody (NMC) was recently released. Gavin has worked closely with Crash Ensemble and the EQ Ensemble, and for three years he directed the RTÉ NSO’s signature contemporary music series, Horizons. His ballet credits include Swan Lake with Ireland’s national ballet company. His concerts have been broadcast by the BBC, RTÉ, the European Broadcasting Union, Shanghai East Radio, and radio stations in North America and Australia.
Commenting on the reappointment, Gavin Maloney said: “It gives me great pleasure to continue my journey with the RTÉ Concert Orchestra in my capacity as Associate Principal Conductor. The orchestra and I have gone from strength to strength in recent years, reaching diverse audiences through a diversity of repertoire. I delight in making music with these exceptional musicians, and I greatly appreciate the energy and dedication of the orchestra and management team. I’m excited to share the next chapter in our relationship with audiences near and far”
Acting General Manager of the RTÉ Concert Orchestra Andrew Smith, said: “I’m delighted that the RTÉ Concert Orchestra is continuing its relationship with Gavin Maloney. Together we have enjoyed tackling such a wide variety of genres over the last three years – highlights for me just this year have included great works such as Brahms’ Symphony No. 1, new works such as the world première of Ed Bennett’s Piano Concerto and charming miniatures such as a magical performance of Elgar’s The Snow with the Pro Cathedral Girls’ Choir. Roll on our next National Concert Hall appearance together with Grieg’s Piano Concerto and Schubert’s 9th Symphony, ‘The Great’.”
*****
D’fhógair RTÉ inniu gur athcheapadh Gavin Maloney ina Phríomhstiúrthóir Comhlach ar Cheolfhoireann Coirme RTÉ. Beidh an ról ag Maloney as seo go ceann trí bliana eile, i ndiaidh dá chéad thréimhse leis an gceolfhoireann, ó 2022-2025, teacht chun críche.
Is iad na chéad ócáidí eile a bheidh ag Gavin Maloney ina Phríomhstiúrthóir Comhlach le Ceolfhoireann Coirme RTÉ ná an 23 Deireadh Fómhair ag ‘Classical Greats – Grieg and Schubert’ sa Cheoláras Náisiúnta agus an 2 Nollaig ag ‘Sunday Miscellany Celebrates Christmas’, agus an cheolfhoireann faoina stiúir ag an dá ócáid.
Tá Maloney ar thús cadhnaíochta i measc cheoltóirí na hÉireann, agus é ar a chompord leis an gceol clasaiceach, leis an gceol comhaimseartha agus leis an bpopcheol araon. D’éirigh go seoigh leis arís agus arís eile le Ceolfhoireann Coirme RTÉ thar réimse seánraí agus ócáidí. I measc bhuaicphointí a chuid oibre leis an gceolfhoireann le trí bliana anuas bhí ‘The Songs of Leonard Cohen: A 90th Birthday Celebration’ sa 3Arena anuraidh, na ceolchoirmeacha ‘Sunday Miscellany Celebrates Christmas’ sa Cheoláras Náisiúnta a dhíoltar amach gach Nollaig, agus Coinséartó Pianó Uimhir 4 le Beethoven i gcomhar le John O’Conor mí an Mhárta seo caite. I measc bhuaicphointí eile Maloney i dtaobh a chuid oibre leis an gceolfhoireann bhí an chéad léiriú domhanda de ‘Room’ le scór beo sa gCeoláras Náisiúnta, agus léiriú beo ‘Breakfast Live’ le déanaí i gcomhar le RTÉ 2fm.
Chuaigh Gavin faoi oiliúint sa Royal Northern College of Music i Manchain agus sa Mozarteum in Salzburg. Nuair a bhí sé 21 bliain d’aois, chuir sé isteach ar phost ina Stiúrthóir Cúnta ar Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ agus d’éirigh leis (Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta na hÉireann a thugtar anois uirthi). Ba é an chéad duine le dámhachtain a fháil ó Iontaobhas Bryden Thomson, a bhí mar thacaíocht aige agus é i mbun staidéir i gCompántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta na Danmhairge agus in Acadamh Féile Lucerne, a bhunaigh Pierre Boulez. Stiúir sé na príomhcheolfhoirne agus na príomh-ensembles ar fad in Éirinn, chomh maith leis an obair atá déanta aige ina stiúrthóir ceolfhoirne sa Ghearmáin, sa Fhrainc, san Iodáil, agus sa Ríocht Aontaithe.
I measc na n-ealaíontóirí clasaiceacha cumasacha ar oibrigh sé leo tá Gabriela Montero, Tara Erraught, Barry Douglas, Ailish Tynan, John O’Conor, Chloë Hanslip agus Hugh Tinney. Le linn Shraith Ceolchoirmeacha Idirnáisiúnta an Cheolárais Náisiúnta in 2017, d’oibrigh sé le Maxim Vengerov, a dúirt gur maestro den scoth a bhí i Maloney.
I measc na n-ealaíontóirí móréilimh ar oibrigh Gavin leo, tá Declan O’Rourke, Lisa Hannigan, Wallis Bird, Loah, Mick Flannery, Phelim Drew, Jess Kavanagh agus Denise Chaila. D’oibrigh sé le ceoltóirí traidisiúnta amhail Liam O’Flynn, Paddy Moloney, Zoë Conway agus Iarla Ó Lionáird chomh maith, agus tá dea-theist air as ucht ceol Éireannach a thabhairt chuig lucht féachana nua ar fud na tíre. An Nollaig seo caite, stiúir sé Mary Black, Mary Coughlan, Angeline Ball agus Shobsy ag an gceolchoirm charthanachta ‘Sing for Simon’ i gcomhar le Ceolfhoireann Coirme RTÉ agus Clann Shíomóin Bhaile Átha Cliath.
Fuair Gavin ardmholadh criticiúil as a chuid taifeadtaí ar na lipéid NMC agus Lyric fm, agus moladh ón iris Gramophone ina measc. Eisíodh an taifeadadh beo a rinne sé de Threnody (NMC) le Nicola LeFanu le déanaí. D’oibrigh Gavin go dlúth le Crash Ensemble agus leis an EQ Ensemble, agus ar feadh trí bliana, stiúir sé an tsraith ceoil chomhaimseartha aitheanta de chuid Cheolfhoireann Shiansach RTÉ, Horizons. Ar na saothair bailé a luaitear lena ainm tá Swan Lake, a rinne sé i gcomhar le compántas náisiúnta bailé na hÉireann. Craoladh a chuid
ceolchoirmeacha ar BBC, RTÉ, Aontas Craolacháin na hEorpa, Shanghai East Radio, agus stáisiúin raidió i Meiriceá Thuaidh agus san Astráil.
Ag labhairt dó faoin athcheapachán, dúirt Gavin Maloney: “Is údar mór áthais dom go mbeidh mé ag leanúint ar aghaidh le mo thuras in éindí le Ceolfhoireann Coirme RTÉ i mo Phríomh-Stiúrthóir Comhlach. Chuamar ó neart go neart le blianta beaga anuas, agus repertoire éagsúil na ceolfhoirne ag cuidiú linn chun teagmháil a dhéanamh le lucht féachana níos leithne. Is aoibhinn liom ceol a dhéanamh leis na ceoltóirí eisceachtúla seo, agus is mór agam fuinneamh agus dúthracht na ceolfhoirne agus na foirne bainistíochta. Táim ar bís an chéad chaibidil eile den chaidreamh seo a roinnt leis an lucht féachana agus éisteachta ó chian agus ó chóngar”
Dúirt Bainisteoir Ginearálta Gníomhach Cheolfhoireann Coirme RTÉ, Andrew Smith: “Tá ríméad orm go mbeidh an caidreamh idir Ceolfhoireann Coirme RTÉ agus Gavin Maloney ag leanúint ar aghaidh. Bhaineamar taitneamh as tabhairt faoi réimse leathan seánraí le chéile le trí bliana anuas – i measc na mbuaicphointí a sheas amach domsa go pearsanta i mbliana bhí saothair iontacha amhail Siansa Uimhir 1 le Brahms, saothair nua amhail an première domhanda de Choinséartó Pianó Ed Bennett, agus mionsaothair tharraingteacha amhail an léiriú draíochta de ‘The Snow’ le Elgar, a rinneamar i gcomhar le Cór Cailíní Leas-Ardeaglais Mhuire. Ar aghaidh linn chuig an chéad ócáid eile a bheidh againn le chéile sa Cheoláras Náisiúnta, le Coinséartó Pianó Grieg agus Siansa Uimhir a 9 le Schubert, ‘The Great’.”
ENDS / CRÍOCH
For information / Eolas:
Neil O’Gorman | Corporate Communications Manager, RTÉ | neil.ogorman@rte.ie