Seachtain na Gaeilge 2026 ar RTÉ
Note: English version included below the Irish language version.
Seachtain na Gaeilge 2026 ar RTÉ
‘A Ghaeilge – mo cheol thú ’
Tá feachtas athnuaite i nGaeilge á chur ar fáil ag RTÉ agus beidh rogha níos mó d’ábhar ar leith i nGaeilge agus dátheangach le feiceáil beo, bríomhar ar an teilifís, an raidió agus ar líne
Seachtain na Gaeilge 2026 | Dé Domhnaigh an 1 Márta – Dé Máirt an 17 Márta
Tá ríméad ar RTÉ oibriú i gcomhar le Conradh na Gaeilge arís do Sheachtain na Gaeilge 2026, tráth a ndéantar ceiliúradh bríomhar ar ár dteanga, ár gcultúr agus ar an sásamh atá le baint as do chúpla focal a labhairt. Tá Seachtain na Gaeilge, a bheidh ar siúl ón Domhnach an 1 Márta go dtí Lá Fhéile Pádraig, Dé Máirt an 17 Márta, ar cheann de na féilte Gaeilge is mó agus is cuimsithí ar domhan.
Agus é ina chomhpháirtí bródúil meán cumarsáide, déanfaidh RTÉ an ócáid a cheiliúradh le feachtas athnuaite i nGaeilge agus beidh rogha níos mó d’ábhar ar leith i nGaeilge agus dátheangach le feiceáil beo, bríomhar ar an teilifís, an raidió agus ar líne. Chun téama na bliana seo, A Ghaeilge, mo cheol thú a léiriú, déanfaidh RTÉ ceiliúradh ar cheol agus ar bheocht na teanga i rith na féile. Idir na cláir nua, na gnéchláir speisialta agus an t-ábhar digiteach feabhsaithe, tabharfaidh RTÉ spiorad Sheachtain na Gaeilge chuig an lucht féachana agus éisteacht sa bhaile agus thar lear.
>>> BUAICPHOINTÍ ÁBHAR FUAIME RTÉ
RTÉ Radio 1
Cuirfidh Céilí House ó RTÉ Radio 1 tús leis an gceiliúradh ceoil le seó speisialta ó Amharclann Chois Fharraige in Indreabhán Dé Sathairn an 28 Feabhra chun ceiliúradh a dhéanamh ar a sraith nua de cheolchoirmeacha, ‘Foinn Cois Fharraige’. Beidh ealaíontóirí agus amhránaithe mná iontacha le cloisteáil in Rolling Wave ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, agus beidh The South Wind Blows agus Folk on One páirteach sa cheiliúradh ceoil freisin.
Ar RTÉ Raidió 1 freisin, beidh Doireann Ní Ghlacáin ag filleadh orainn ina sliotán seachtainiúil ar chlár Oliver Callan, agus í ag múineadh focail agus frásaí Gaeilge nua do Oliver. Cloisfear chomh maith an t-amhránaí agus cumadóir amhrán de chuid na hÉireann Lisa Murray, a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar na haistriúcháin Ghaeilge‑ ‑atá déanta aici ar amhráin Taylor Swift. Beidh na héisteoirí in ann éisteacht le Éamon Ó Corcráin ó gaeilgeoirguides.com as Sydney, áit a bhfuil pobal bríomhar Gaeilge ‑, agus tarraingeoidh Éadaoin Fitzmaurice aird ar na háiteanna ar fearr léi cuairt a thabhairt orthu fud fad na Gaeltachta.
Ar Liveline, beidh saineolaí foclóireachta in éineacht le Kieran Cuddihy chun iniúchadh a dhéanamh ar ghnáthfhocail nach dtuigeann éisteoirí b’fhéidir gur as an nGaeilge a tháinig siad, agus beifear ag iarraidh ar an lucht éisteachta samplaí áitiúla, neamhghnácha nó focail atá ligthe i ndearmad le fada óna dteaghlaigh agus óna bpobail féin a roinnt.‑
Ar Drivetime, tabharfaidh an tuairisceoir Úna Kelly cuairt ar Mhalartán Teanga Bhaile Átha Cliath chun bualadh le hÉireannaigh agus le daoine nua isteach atá ag foghlaim na teanga. Déanfaidh Sunday Miscellany ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge le píosaí a coimisiúnaíodh go speisialta ó Éilís Ní Dhuibhne, Catherine Foley agus Laoighseach Ní Choistealbha.
Ábhar a bheidh á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar 2FM ag an am céanna
Beidh Raidió na Gaeltachta agus 2FM ag teacht le chéile le haghaidh sraith de chraoltaí speisialta le linn Sheachtain na Gaeilge, agus Hugh Carr agus Aindriú De Paor ag cur scoth an nuacheoil Ghaelaigh i láthair chomh maith le neart craic agus comhrá. Beidh na cláir ag tosú ar 2FM an 9 Márta agus ar Raidió na Gaeltachta ón 10 – 13 Márta agus ón 17 – 20 Márta ag 9.00pm.

Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin
Ar an 1 Márta ar an gclár Focal ar Fhocal, léifidh Seán Ó Gallchóir sleachta as an leabhar Rotha Mór an tSaoil, beathaisnéis an údair agus scéalaí, Micí Mac Gabhann, a rugadh i nDún na nGall in 1865. Leanfaidh Féasta Ceoil an Spidéil, sraith ceolchoirmeacha a taifeadadh beo i Stiúideo Cuan i gConamara, ar aghaidh le Síle Denvir agus Barry Kerr an 4 Márta agus John Spillane againn an 11 Márta.
Ar an 6 Márta, beidh Iris Aniar á chraoladh beo ó Choláiste Ghobnait ar Inis Oírr chun comóradh 40 bliain na scoile a cheiliúradh. Labhróidh Micheál Ó Tuathail le muintir an oileáin atá tagtha le chéile chun an ócáid mhór seo a cheiliúradh. Ar Pé Scéal É, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill gach Aoine, bíonn ceol agus comhrá againn ó chainteoirí óga Gaeilge ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain. Beidh ceol beo acu ó bhannaí nua atá ag teacht chun cinn, ina measc Alúine an 6 Márta agus na Kettleboilers an 13 Márta.
Leanfaidh an clúdach ar shraitheanna Peile agus Iomána Allianz ar Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnóna agus Spórt an Lae, agus ar na cluichí a bheidh faoi chaibidil beidh Dún na nGall v Gaillimh (peil Roinn 1) an 1 Márta, Gaillimh v Cill Chainnigh (iománaíocht Roinn 1A) an 7 Márta, agus Ciarraí v Maigh Eo (peil Roinn 1) an 14 Márta.
Agus ar 2FM
Beidh nuacht agus eolas tráchta dátheangach ag 2FM i rith na dtrí seachtaine chomh maith, agus cuirfidh Hugh Carr na singil is fearr den tseachtain i láthair ar chlár dátheangach 2FM National Chart Show ó 7.00pm – 9.00pm Dé hAoine.
RTÉ lyric fm
Ar RTÉ Lyric FM is é Billy Mag Fhloinn an láithreoir ar shraith nua laethúil, Focail agus Ciall. Beidh sé ag nochtadh na scéalta atá taobh thiar d’fhocail chumhachtacha i nGaeilge agus taobh thiar den bhéaloideas. Tarraingeoidh Aedín in the Afternoon (13 Márta) aird ar na healaíontóirí clasaiceacha agus traidisiúnta is fearr in Éirinn, agus in Movies and Musicals (14 Márta) déanfar ceiliúradh mór ar scannáin na hÉireann. Ar Lá Fhéile Pádraig, ar Lorcan Murray’s Classic Drive (16.00–19.00) beidh léirithe beo ó cheoltóirí traidisiúnta aitheanta agus pléifear an tionchar a bhí ag grúpaí mór le rá ó The Bothy Band go dtí The Gloaming.
Féadfaidh na héisteoirí a scíth a ligean le Suaimhneas agus cuirfidh The Lyric Feature trí chlár i láthair ina ndéantar iniúchadh ar shaibhreas na Gaeilge tríd an amhránaíocht, ábhar cartlainne agus an scéalaíocht.
>>> BUAICPHOINTÍ NA bhFÍSEÁN AR RTÉ
RTÉ One agus RTÉ Player
Tabharfar tús áite ar RTÉ Player do scoth an ábhair Gaeilge agus tabharfar ardán ar a leathanach baile do rogha ábhair atá curtha in oiriúint do gach aoisghrúpa agus fáilte á chur roimh an lucht spéise blaiseadh a fháil den saibhreas iontach ábhair a chuireann‑ Cláracha Gaeilge RTÉ ar fáil.
I sraith úrnua ceithre chlár i nGaeilge, leanann Slán go Feoil (príomhíomhá) grúpa atá ina bhfeoiliteoirí díograiseacha agus iad ag fágáil slán leis an Big Mac agus ag tabhairt faoin dúshlán éirí as feoil go ceann míosa. Agus treoir acu ó chothaitheoirí, cócairí agus daoine atá an-tugtha don bhia, aimsíonn siad blasanna nua, nósanna nua, agus b’fhéidir leaganacha nua díobh féin agus iad ag fáil amach faoi bheith i d’fheoilséantóir i gCiarraí, i nDún na nGall agus i mBéal Feirste. Beidh tú in ann a n-aistear a leanúint ón Luan an 16 Márta ag 8.30pm ar RTÉ One.
Amach san Earrach, beidh an lucht féachana i gceartlár an aonaigh le haghaidh na huaireanta is cinniúnaí i saol an duine in Breith Beatha Bás. Leantar ceiliúraí tuata de chuid na hÉireann agus na daoine a bhíonn ag brath orthu sa tsraith seo le linn dóibh a bheith ag ullmhú do phóstaí, sochraidí agus searmanais thábhachtacha atá lán le mothúcháin, leochaileacht, caidreamh agus daonnacht.
Is beag rud eile a chuireann an teaghlach Éireannach i gcuimhne dúinn chomh mór le boladh móna. Ach leis an athrú atá ag teacht ar an gcomhshaol agus ar na traidisiúin, ní fios céard atá i ndán di. Sa chlár faisnéise uair an chloig For Peat’s Sake , téitear go domhain i scéal an phortaigh in Éirinn, a oidhreacht, a áilleacht, agus a bhfuil i ndán don tírdhreach íocónach seo agus don chultúr a bhaineann leis.
Ó mhí an Mhárta 2026 ar aghaidh, féadfaidh tú a bheith ag súil le níos mó ná ‘Focal an Lae’ ó fhoireann Today mar go mbeidh siad ag cur leis an ábhar a bhíonn acu i nGaeilge. Idir na cócairí, na garraíodóirí agus lucht an fhaisin, féadfaidh tú a bheith ag tnúth le go leor aghaidheanna nua agus ábhar atá níos dátheangaí.
Ar Nationwide ar RTÉ One agus RTÉ Player, Dé LuaIn 2 Márta, rachaidh Bláthnaid Ní Chofaigh ar thuras le Baile Átha Cliath le Gaeilge, a bhfuil feachtas acu chun tacú le daoine agus iad a spreagadh le cúpla focal Gaeilge a úsáid sa siopa, sa leabharlann agus fiú san ionad spóirt.
Tá pobail de chainteoirí Gaeilge ag teacht le chéile mar gheall ar chaithimh aimsire comhroinnte agus grá don Ghaeilge. Buaileann an tuairisceoir Zainab Boladale leis an gcomharghrúpa ealaíon Aerach-Aiteach-Gaelach, a chuireann imeachtaí ar siúl ionas gur féidir le pobal LADTAIÉ+bualadh le chéile agus Gaeilge a labhairt.
RTÉ KIDS
Tá neart ábhar i nGaeilge do pháistí ar RTÉ KIDS agus RTÉ KIDSjr, ar chainéil YouTube RTÉ KIDS agus ar rannóg na bpáistí ar RTÉ Player.
Beidh Bluey ag teacht i mí Aibreáin tráth a mbeidh tú in ann taitneamh a bhaint as bheith ag breathnú ar ghnáthimeachtaí an lae ag athrú isteach ina n-eachtraí samhlaíocha, spreagúla leis an gcoileán spraíúil, aisteach gadhair stoic agus a chairde agus a theaghlach ar fad ag glacadh páirt sa spraoi.
Lean eachtraí Gigi in GOAT GIRL, cailín 13 bliana d’aois a tógadh leis na gabhair agus í ag dul i ngleic leis an saol le stuacacht agus le neart gabhar sléibhe. Anois agus í ag tabhairt aghaidh ar thír-raon fiáin na scoile den chéad uair, beidh uirthi déileáil le daoine – agus b’fhéidir cúpla cara a dhéanamh ar feadh an bhealaigh. (Dé Luain an 2 Márta ag 12.40pm, ansin dhá chlár i ndiaidh a chéile ón Aoine 20 Márta ar RTÉ2).
In Adam ar Eachtra, téann Adam agus criú an Shelby de léim isteach in eachtraí sci-fi osréalaíocha, agus iad ag bualadh le heachtrannaigh aisteacha agus ag dul ar aistear tríd an saol fantaiseach. Lena gcomhbhá, obair foirne, agus loighic, réitíonn siad fadhbanna atá bunaithe ar fhadhbanna sa bhfíorshaol agus faigheann siad amach gur féidir le Adam teacht ar chomhthuiscint le duine ar bith. Bíonn greann, eolaíocht den scoth agus cairde nua i gceist le gach ceann de na misin. (Dé Luain an 9 Márta, agus dhá chlár i ndiaidh a chéile i rith na seachtaine ag 11:05am ar RTÉ KIDSjr).
Ar RTÉ KIDS Podcasts, tugann sraith nua de Ón Domhan Thíos na páistí ar thuras draíochta, miotasach isteach i miotaseolaíocht na hÉireann chun scéal nua a chruthú; ar nós Stranger Things agus an Ghaeltacht ag teacht le chéile!
RTÉ.ie
Ar líne, leanfaidh www.rte.ie/gaeilge de bheith ag tarraingt airde ar an scoth den ábhar Gaeilge atá ag RTÉ ó gach cuid den eagraíocht agus ó áiteanna fud fad na tíre. Tá sé lom lán de smaointe, inspioráid agus tacaíocht d’aon duine atá ag iarraidh cur lena gcúpla focal, chomh maith le haird a bheith á tarraingt ar gach a bhfuil ar fáil le linn Sheachtain na Gaeilge.
Má theastaíonn uait feabhas a chur ar do chuid Gaeilge sa mhí seo chugainn, gheobhaidh tú neart acmhainní a chabhróidh leat ar Learning Irish ar rte.ie.
Féach ar rte.ie/gaeilge agus lean RTÉ ar Facebook, Twitter agus Instagram ag baint úsáid as #snag26 chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi Sheachtain na Gaeilge ar RTÉ.
Féach ar www.snag.ie chun teacht ar eolas faoi imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ar fud na tíre.
CRÍOCH
Seachtain na Gaeilge 2026 ar RTÉ
‘A Ghaeilge – mo cheol thú ’
RTÉ delivers a refreshed Irish language campaign and an expanded slate of vibrant, live Irish and bilingual themed content across television, radio and online
Seachtain na Gaeilge 2026 | Sunday 1 March – Tuesday 17 March
RTÉ is delighted to once again join forces with Conradh na Gaeilge for Seachtain na Gaeilge 2026, a vibrant celebration of our language, our culture and the joy of using your cúpla focal. Running from Sunday 1 March to St Patrick’s Day, Tuesday 17 March, Seachtain na Gaeilge is one of the world’s largest and most inclusive festivals of the Irish language.
As proud media partner, RTÉ will mark the occasion with a refreshed Irish language campaign and an expanded slate of vibrant, live Irish and bilingual content across television, radio and online. Reflecting this year’s theme, A Ghaeilge, mo cheol thú, RTÉ will celebrate the music and vitality of the language throughout the festival. From new programmes to special features and enhanced digital activity, RTÉ will bring the spirit of Seachtain na Gaeilge to audiences at home and abroad.
>>> RTÉ AUDIO HIGHLIGHTS
RTÉ Radio 1
RTÉ Radio 1’s Céilí House will kickstart the musical celebrations with a special show from Amharclann Chois Fharraige in Indreabhán on Saturday 28 February to celebrate their new series of concerts, ‘Foinn Cois Fharraige’. The Rolling Wave will feature remarkable female artists and singers for International Women’s Day, while The South Wind Blows and Folk on One will also join the musical celebrations.
Elsewhere on RTÉ Radio 1, Doireann Ní Ghlacáin, returns for her popular weekly slot on the Oliver Callan show, where she teaches Oliver new Irish words and phrases. Irish singer-songwriter Lisa Murray, known for her Irish language translations of Taylor Swift’s songs, will also feature. Listeners will hear from Éamon Ó Corcráin of gaeilgeoirguides.com in Sydney, home to a vibrant Irish language community, while Éadaoin Fitzmaurice highlights her favourite travel spots throughout the Gaeltachtaí.
On Liveline, Kieran Cuddihy will be joined by a dictionary expert to explore everyday words listeners may not realise have Irish origins, inviting the audience to share local, unusual or long forgotten examples from their own families and communities.
On Drivetime, reporter Úna Kelly visits the Dublin Language Exchange to meet both Irish people and newcomers who are learning the language. Sunday Miscellany will mark Seachtain na Gaeilge with specially commissioned pieces from Éilís Ní Dhuibhne, Catherine Foley and Laoghseach Ní Choistealbha.
RTÉ Raidió na Gaeltachta and 2FM Simulcasts
Raidió na Gaeltachta and 2FM will join forces for a series of special simulcasts during Seachtain na Gaeilge, with Hugh Carr and Aindriú De Paor presenting the best of new Irish music and plenty of craic agus comhrá. Beginning on 2FM on 9 March, the programmes will air on Raidió na Gaeltachta from 10 – 13 March and 17 –20 March at 9.00pm.
Also on RTE Radió na Gaeltachta
On 1 March, excerpts from the book Rótha Mór an tSaoil, the biography of the author and storyteller, Micí Mac Gabhainn, who was born in Donegal in 1865 will be read by Seán Ó Gallchóir on the programme Focal ar Fhocal. Féasta Ceoil an Spidéil, a series of concerts recorded live at Stiúideo Cuan, Conamara, continues with Síle Denvir and Barry Kerr on March 4 and John Spillane on 11 March.
On 6 March, Iris Aniar will be live from Coláiste Ghobnait, Inis Óirr to celebrate the school’s 40th anniversary, and Micheál Ó Tuathail will speak to the islanders who have come together to celebrate this milestone. Pé Scéal É, presented by Máire Treasa Ní Dhubhghaill features music and chats with young Irish speakers across Ireland and around the world every Friday. They’ll have live music with up-and-coming bands Alúine on 6 March and the Kettleboilers on 13 March.
Coverage of the Allianz Football and Hurling leagues continues on Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnona and Spórt an Lae, with games including Donegal v Galway (Division 1 football) on 1 March, and Galway v Kilkenny (Division 1A hurling) on 7 March, and Kerry v Mayo (Division 1 football) on 14 March.
And on 2FM
2FM will also have bilingual news and traffic bulletins across the three weeks, and Hugh Carr will be bringing you the best singles of the week in 2FM’s bilingual National Chart Show from 7.00pm – 9.00pm on Fridays.
RTÉ lyric fm
On RTÉ Lyric FM Billy Mag Fhloinn leads a new daily series, Focail agus Ciall, uncovering the stories behind evocative Irish words and folklore. Aedín in the Afternoon (13 March) highlights Ireland’s finest classical and traditional artists, while Movies and Musicals (14 March) rolls out the green carpet for a celebration of Irish film. On Lá ’le Pádraig, Lorcan Murray’s Classic Drive (16.00–19.00) showcases live performances from leading traditional musicians and explores the influence of iconic groups from The Bothy Band to The Gloaming.
Listeners can unwind with Suaimhneas and The Lyric Feature presents three programmes exploring the richness of the Irish language through song, archive and storytelling.
>>> RTÉ VIDEO HIGHLIGHTS
RTÉ One and RTÉ Player
RTÉ Player will bring the very best of Irish language content to the forefront, showcasing a curated selection for all ages on its home page and inviting viewers to dive into the treasure chest of Cláracha Gaeilge that RTÉ has to offer.
In a brand-new four-part Irish language series, Slán go Feoil follows a group of committed carnivores as they say goodbye to the Big Mac and take on the challenge of giving up meat for a month. Guided by nutritionists, chefs and food enthusiasts, they discover new flavours, new habits, and perhaps new versions of themselves as they explore vegetarian living across Kerry, Donegal and Belfast. You can follow their journey from Monday 16 March at 8.30pm on RTÉ One.
Later in the Spring, Breith Beatha Bás gives viewers a front row seat to life’s most profound moments. The series follows Ireland’s lay celebrants and the people who rely on them as they prepare for marriages, funerals, and milestone ceremonies moments filled with emotion, vulnerability, connection and humanity.
Few things evoke the Irish home quite like the smell of turf. But with environmental change and shifting traditions, its future is uncertain. In this one-hour documentary, For Peat’s Sake dives deep into the story of the Irish bog its heritage, its beauty, and what may lie ahead for this iconic landscape and the culture around it.
From March 2026 onwards, you can look forward to more than just a ‘Focal an Lae’ from the Today show team, as they will be expanding their Irish Language content. From chefs to gardeners to high fashion, you can look forward to a host of new faces and more bilingual content.
On Nationwide on RTÉ One and RTÉ Player on Monday 2 March, Bláthnaid Ní Chofaigh explores Baile Átha Cliath le Gaeilge which has an initiative to support and motivate sa siopa, sa leabharlann agus fiú san ionad spórt – in shops, libraries and sports centres. And with communities of Irish speakers throughout the country connecting based on shared hobbies and a love for the Irish language, reporter Zainab Boladale meets Aerach-Aiteach-Gaelach, an arts collective that runs various events for LGBTQ+ people to connect through the medium of the Irish language.
RTÉ KIDS
There’s plenty of children’s Gaeilge content on RTÉ KIDS and RTÉ KIDSjr, the RTÉ KIDS YouTube channels and the kids’ section on RTÉ Player.
Tá Bluey ag teacht in April when you can enjoy watching everyday moments blossom into imaginative, exciting adventures with this playful, curious blue heeler puppy and all her friends and family who join in the fun.
Follow the adventures of Gigi in GOAT GIRL, a goat-raised 13-year-old who tackles life with mountain-goat stubbornness and strength. Now facing the wild terrain of school for the first time, she must learn to navigate actual humans – and maybe even make a few friends along the way. (Monday 2 March at 12.40pm, then double-billed from Friday 20 March on RTÉ2).
In Adam ar Eachtra, Adam and the Shelby crew leap into surreal sci-fi adventures, meeting strange aliens and exploring fantastical worlds. With empathy, teamwork, and logic, they solve real-world inspired problems and discover that Adam can find common ground with anyone. Each mission brings humour, cool science and new friends. (Monday 9 March weekdays double bill at 11:05am on RTÉ KIDSjr).
Over on RTÉ KIDS Podcasts, a new series of Ón Domhan Thíos takes kids on a magical, mythical journey into Irish mythology to create a new story; Think Stranger Things meets the Gaeltacht!
RTÉ.ie
Online, www.rte.ie/gaeilge will continue to spotlight the very best of RTÉ’s Irish language content from across the organisation and around the country. It’s packed with ideas, inspiration and support for anyone looking to improve their cúpla focal, along with highlights of everything Seachtain na Gaeilge has to offer.
If you’re hoping to boost your Gaeilge over the next month, you’ll find plenty of helpful resources on Learning Irish at rte.ie.
For all the latest on Seachtain na Gaeilge on RTÉ, visit rte.ie/gaeilge and follow RTÉ on Facebook, Twitter and Instagram using #snag26
And to explore Seachtain na Gaeilge events nationwide, head to www.snag.ie
ENDS
EOLAS / INFORMATION:
Neil O’Gorman | Corporate Communications Manager, RTÉ | neil.ogorman@rte.ie