TÁ RTÉ AR AN mBEALACH GO PÁIRC AN CHRÓCAIGH AGUS BEIDH CRAOBHCHOMÓRTAS CLG NÁR CHEART A CHAILLEADH SAORCHRAOLTA AR GACH ARDÁN
Cuirfear tús le The Sunday Game Live go saorchraolta Dé Domhnaigh an 6 Aibreán
Beidh Henry Shefflin, Conor McManus agus Chrissy McKaigue ar phainéal RTÉ
Sheol RTÉ a chlúdach ar Chraobhchomórtas CLG 2025 inniu scannán cumhachtach a bhfuil dlúthbhaint aige le caidreamh paiseanta agus buan na hÉireann lenár gcluichí náisiúnta. Tá Seán Ó Maoilchiaráin – an Chéad Pheileadóir as Árainn ar Fhoireann Sinsear Peile na Gaillimhe – le feiceáil sa scannán a taifeadadh ar Inis Mór, ar thrá Chill Mhuirbhigh agus ar chúirt liathróid láimhe Chill Rónáin, agus cuirtear sainchomharthaí idirnáisiúnta os comhair an lucht féachana ar nós Dún Aonghasa, a bhfuil cáil air go hidirnáisiúnta.
Cuirfidh RTÉ tús le craoladh beo ar na gCraobhchomórtas an deireadh seachtaine seo, ag leanúint le clúdach CLG saorchraolta ar feadh na bliana ar fud ábhar físe, fuaime agus ar líne ar RTÉ One, RTÉ Player, RTÉ Radio 1, RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ Radio App, RTÉ.ie agus Podchraoladh CLG RTÉ.
Ní bheidh an lucht féachana ag iarraidh Craobhchomórtais CLG 2025 a chailleadh ina mbeidh géarchoimhlintí ag teacht chun cinn arís, ócáidí nach ndéanfar dearmad go brách orthu, agus gach uile chontae ag súil leis an mbua a fháil. Beidh gach uile nóiméad ag RTÉ den aicsean, bíodh tú sa bhaile nó ar shiúl. Is é RTÉ, eagraíocht náisiúnta meán cumarsáide seirbhíse poiblí na hÉireann, an t-aon chraoltóir in Éirinn a bhfuil clúdach CLG aige ar gach ardán.
Cuirfear tús leis an gclúdach beo teilifíse ar The Sunday Game Live Dé Domhnaigh an 6 Aibreán ar RTÉ 2 agus ar an RTÉ Player nuair a chuirfidh Joanne Cantwell clúdach beo ar an gcluiche idir Dún na nGall agus Doire i gCraobh Sinsir Uladh i mBealach Féich (Ag tosú ag 2.00i.n.) inár láthair. An trathnóna sin ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player beidh an clár buaicphointí, The Sunday Game, ar ais ar an aer á chur i láthair ag Jacqui Hurley.
Sa séasúr seo beidh laoch iomána Chill Chainnigh Henry Shefflin ar ais ar The Sunday Game agus The Sunday Game Live chomh maith leis an imreoir peile iontach Conor McManus as Muineachán agus Chrissy McKaigue as Doire, beirt a d’éirigh as le gairid tar éis gairmeacha imeartha iontacha.
Beidh clúdach beo freisin ar cheithre chluiche ceannais na gCúigí sa bPeil chomh maith le Craobhacha Iomána na Mumhan agus Laighean, Corn Sheosaimh Mhic Dhonncha agus Corn Tailteann chomh maith le Cluichí Leathcheannais na hÉireann sa Pheil, Iomáint agus Camógaíocht.
Anuas air sin, beidh tráchtaireacht trí mheán na Gaeilge ar fáil do chluichí ar leith ón 7 Meitheamh ag tosú le Cluiche Ceannais Iomána na Mumhan. I measc na gcluichí eile a mbeidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil dóibh beidh Cluiche Ceannais Iomána Laighean, Cluichí Ceathrú Ceannais, Leathcheannais agus Ceannais Peile agus Iomána na hÉireann chomh maith le Cluiche Ceannais na hÉireann sa chamógaíocht agus Cluiche Ceannais Chorn Tailteann.
Beidh tráchtaireacht bheo, na scéalta is déanaí agus tuairiscí ar RTÉ Radio 1 ar chluichí craoibhe an deireadh seachtaine ar Sunday Sport agus clár speisialta níos faide de Saturday Sport i rith shéasúr an Chraobhchomórtais. Beidh réamhléirithe agus súil siar ar Game On ar RTÉ 2FM agus ar Morning Ireland ar RTÉ Radio 1. Beidh achoimre iomlán ar na buaicphointí agus ar na príomhábhair chainte ar fheasacháin nuachta teilifíse an deireadh seachtaine ar Six One agus Nine O’Clock News leis an Tuairisceoir CLG Marty Morrissey.
Beidh The Championship, á chur i láthair ag Damian Lawlor, ar ais ar RTÉ Radio 1 gach Aoine ón 4 Aibreán ag a 10.00i.n. ar a mbeidh nuacht, réamhléirithe agus agallaimh eisiacha chun go mbeidh tú in ann aicsean an deireadh seachtaine ar fad a leanúint ar fud raidió, teilifís agus ábhar ar líne RTÉ.
Tá cearta Gaeilge ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chluichí ar fad Chraobhchomórtas CLG, agus beidh neart spóirt á chlúdach acu d’éisteoirí an samhradh seo le tráchtaireacht, tuairisciú, agallaimh iarchluiche agus anailís bheo ar na cláir spóirt Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnóna Dé Sathairn agus Spórt an Lae Dé Domhnaigh. Déanfar clúdach beo raidió ar an gcraobhchomórtas ar a mbeidh go leor anailísithe iomráiteacha sa pheil agus san iománaíocht.
Cuirfear tús le clúdach Raidió na Gaeltachta leis an gclár Spórt an Tráthnóna Dé Sathairn an 5 Aibreán ón 8pm ina mbeidh tráchtaireacht bheo ó Ghearóidín Nic an Iomaire i bPáirc na nGael sa Bronx i Nua-Eabhrac do Chraobhchomórtas Sinsear Peile Chonnacht.
Lean na cluichí ar fad ar láithreán gréasáin Spórt RTÉ agus ar aip RTÉ News lenár mblaganna beo, ár dtuairiscí ar chluichí agus ár dtuairimí a fháil. Ar chaill tú an t-aicsean? Féach ar bhuaicphointí na gcluichí ar leathanach YouTube RTÉ, RTÉ.ie agus aip RTÉ News. Beidh gné-ailt, agallaimh agus an nuacht is déanaí ar fad chomh maith le saintuairimí ó cholúnaithe Lee Keegan, Enda McGinley agus Shane McGrath. Beidh an chraic agus an anailís is fearr ag Jacqui Hurley agus Rory O’Neill ar an bpodchraoladh CLG faoi dhó sa tseachtain. Lean The Sunday Game ar Twitter, Instagram agus Facebook chun na buaicphointí, an tsáranailís agus an plé is fearr a fháil.
Dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spóirt, RTÉ: “Tá tuiscint ar an ‘gcraobhchomórtais’ fós uathúil in aigne spóirt na hÉireann. Bíodh tú i gCluain Eois, i Staid Semple, i bPáirc de hÍde nó i bPáirc an Chrócaigh i ndeireadh na dála, is i mbearna baoil an Chraobhchomórtais a chruthaítear agus a scriostar mianta croí. Is mór an phribhléid do RTÉ fós a bheith in ann na hócáidí sin a chraoladh ar na hardáin ar fad agus mar is amhlaidh gach bliain, tá muid ag súil le taispeántas dinimiciúil, corraitheach agus tarraingteach i ngach cód.”
CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Fergus McCormack, Cumarsáid RTÉ, fergus.mccormack@rte.ie, 086 8674751
Sarah Neville, Cumarsáid RTÉ, sarah.neville@rte.ie, 087 9800561
Is féidir íomhánna a fháil anseo le híoslódáil: Íomhánna – Seoladh Chraobhchomórtas CLG RTÉ 2025
Nóta don Eagarthóir:
Tá RTÉ ag seoladh a chuid clúdaigh inniu ar Chraobhchomórtas CLG 2025 le scannán cumhachtach a bhfuil dlúthbhaint aige le caidreamh paiseanta agus buan na hÉireann lenár gcluichí náisiúnta. Tá Seán Ó Maoilchiaráin – an Chéad Pheileadóir as Árainn ar Fhoireann Sinsear Peile na Gaillimhe – le feiceáil sa scannán a taifeadadh ar Inis Mór, ar thrá Chill Mhuirbhigh agus ar chúirt liathróid láimhe Chill Rónáin, agus cuirtear sainchomharthaí idirnáisiúnta os comhair an lucht féachana ar nós Dún Aonghasa, a bhfuil cáil air go hidirnáisiúnta. Tá baint ag Seán le foireann na Gaillimhe ó bhí sé ag imirt F14 agus leis an scuad sinsir ó 2018. D’imir sé lena chlub áitiúil CLG Oileáin Árann, agus bhí sé ag taisteal ón oileán go dtí an mórthír don traenáil agus do na cluichí sular bhog sé go cathair na Gaillimhe le gairid. Arna léiriú ag Seirbhísí Cruthaitheachta agus Margaíochta RTÉ, beidh páistí ó Scoil Rónáin, Coláiste Naomh Éinne agus Scoil Eoin Pól II le feiceáil sa scannán.