Ráiteas Seirbhíse Poiblí


Leagtar amach trí cheanglas tuairiscíochta bhainteacha do RTÉ san Acht Craolacháin 2009 (an tAcht), agus is iad sin:

1. Ráiteas Seirbhíse Poiblí – Tar éis comhairliúchán poiblí a dhéanamh, tá ceangailte ar RTÉ Ráiteas Seirbhíse Poiblí a ullmhú ina leagtar amach na prionsabail a ndéanfaidh RTÉ dá réir agus na bearta a dhéanfaidh RTÉ chun cuspóirí seirbhíse poiblí na heagraíochta a thabhairt i gcrích.

Is iad seo a leanas Prionsabail Threoracha RTÉ:

  • Neamhspleáchas – táimid neamhspleách ar thionchair pholaitíochta, thráchtála, agus tionchair eil
  • Leas an Phobail – gníomhaímid chun leas na sochaí
  • Cruthaitheacht – cothaímid agus tacaímid le huaillmhian chruthaitheach
  • Freagracht – táimid freagrach don phobal agus do pháirtithe leasmhara
  • Uilíocht – táimid ábalta freastal ar chách agus táimid ar fáil do chách
  • Iléagsúlacht – tá mar aidhm againn iléagsúlacht agus cultúr na hÉireann a chur cinn
  • Barr Feabhais – déanaimid ár ndícheall barr feabhais a bhaint amach i ngach a ndéanaimid
  • Nuálaíocht – tacaímid le nuálaíocht agus cruthaitheacht in eagraíochtaí meán cumarsáide na h‏Éireann

Is féidir an ráiteas seirbhíse poiblí is deireanaí de chuid RTÉ a léamh anseo i mBéarla agus anseo i nGaeilge 

2. Ráiteas Straitéise – Tá ceangailte ar RTÉ Ráiteas Straitéise a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire. Leagtar amach sa ráiteas straitéise straitéis Bhord RTÉ chun a chuspóirí a bhaint amach faoin Acht, ag féachaint d’acmhainní atá ar fáil do RTÉ.

3. Ráiteas Bliantúil faoi Ghealltanais Feidhmíochta (gealltanais) – Tá ceangailte ar RTÉ, faoi dheireadh mhí Eanáir gach bliain, a chuid gealltanais a ullmhú. Ní mór do na gealltanais a bheith de réir chuspóirí RTÉ, de réir a Ráitis Straitéise agus a Ráitis Seirbhíse Poiblí. Cuimsíonn gealltanais RTÉ na gníomhaíochtaí a dtabharfaidh RTÉ fúthu sa bhliain atá i gceist chomh maith leis na táscairí feidhmíochta gaolmhara. Foilsíonn RTÉ ina Thuarascáil Bhliantúil gach bliain má chomhlíon nó nár chomhlíon sé a chuid gealltanas.