Bord RTÉ


Comhaltaí an Bhoird

Member First Appointed Term-End Date
Siún Ní Raghallaigh 29/11/2022 28/11/2027
Ian Kehoe 9/10/2018 8/10/2023
Aideen Howard 29/11/2022 28/11/2027
Dee Forbes 11/7/2016 10/7/2023
Dr PJ Matthews* 4/11/2014 3/11/2024
Anne O’Leary* 4/11/2014 3/11/2024
Robert Shortt * ** 29/5/2018 3/11/2024
Connor Murphy 19/03/2020 18/3/2025
Susan Ahern 13/07/2021 12/07/2026
Daire Hickey 13/07/2021 12/07/2026
David Harvey 13/07/2021 12/07/2026
Jonathan Ruane 08/03/2022 12/07/2026

*Ag fónamh don dara téarma mar Chomhalta Bord RTÉ

**Ionadaí foirne RTÉ 

Ceaptar seisear comhaltaí Boird ar ainmniúchán ón Aire; molann an Comhchoiste Oireachtais ar Chumarsáid, Fuinneamh agus Acmhainní Nádúrtha ceathrar comhaltaí don Aire; is comhalta ex-officio Príomh-Stiúrthóir RTÉ; agus ceaptar ball foirne amháin i ndiaidh toghcháin.

Siún Ní Raghallaigh (Cathaoirleach)

Is iar-Chathaoirleach agus ball den Bhord TG4 é Siún Ní Raghallaigh. Tá aitheantas faighte ag Siún mar cheannaire san earnáil chruthaitheach. Bhí sí ina POF ar Ardmore Studios agus Troy Studios go dtí 2021. D’oibrigh sí mar Stiúrthóir Bainistíochta le Tyrone Productions. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí na foirne a bhunaigh TG4 agus a d’oibrigh ann ó 1996 go 2001 i róil Airgeadais, Straitéise agus Margaíochta. Bhí sí ina Ceann Airgeadais le Tribune Newspaper Group. Bhunaigh sí a comhlacht teilifíse neamhspleách féin Ikandi Productions agus léirigh sí roinnt clár faisnéise. Tá Siún páirteach in earnáil na beochana freisin agus tá roinnt fadscannán beoite curtha amach ag an bhfeidhmeannas.

Dee Forbes (Príomh-Stiúrthóir)

(Comhalta ex officio de bhun an cheapacháin ina Príomh-Stiúrthóir ar an 11 Iúil 2016)

Ceapadh Dee Forbes ina Príomhsiúrthóir ar RTÉ le héifeacht ón 11 Iúil 2016. Sular tháinig sí i mbun oibre le RTÉ, bhí Dee lonnaithe i Londain, áit ar chaith sí níos mó ná 27 bliain ag obair do chraoltóirí agus don ghníomhaireacht fógraíochta Young and Rubicam.

Ar an bpost deiridh acu sin, bhí sí ina hUachtarán agus ina Stiúrthóir Bainistíochta ar Discovery Networks Northern Europe. Thosaigh Dee ag obair le Discovery in 2010 ina Ceannasaí ar ghnóthaí na Ríochta Aontaithe/na hÉireann agus chuir sí lena cuid freagrachtaí de réir a chéile go dtí go raibh sí i gceannas ar réigiún Thuaisceart na hEorpa ina raibh 18 margadh agus críoch agus 27 gcainéal, bealaí saor ar an aer agus bealaí síntiúis araon, a bhí ag craoladh le breis is 276 milliún líon tí ar fud Thuaisceart na hEorpa gach mí.

Sula ndeachaigh sí le Discovery, bhí Dee i mbun ghnó Turner Broadcasting sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn, lenar bhain seacht gcainéal siamsaíochta, ina measc Cartoon Network, Boomerang agus TCM. Chaith sí roinnt blianta ag fónamh i róil éagsúla tráchtála le Turner, ina measc Bainisteoir Ginearálta ar réigiún Nordach/Lár agus Oirthear na hEorpa agus na réigiúin EMEA, agus Ceannasaí ar Dhíolachán Fógraíochta san Eoraip. Bhí Dee ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar bhord The Irish

Times tráth agus tá sí ar bhord Munster Rugby faoi láthair. I nDrom Dhá Liag in iarthar Chorcaí a rugadh Dee agus bhain sí céim sa stair agus sa pholaitíocht amach i UCD.

Aideen Howard 

Tá Aideen Howard ina Stiúrthóir ar Ionad Cultúrtha Ark do Leanaí i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Tá sí ag obair san amharclannaíocht agus sna healaíona le breis agus fiche bliain mar stiúrthóir ealaíne, léiritheoir agus coimisinéir saothair nua. Comhcheanglaíonn a ceannaireacht ar The Ark abhcóideacht agus déanamh ealaíne do leanaí agus í den tuairim go bhfuil ceart acu ealaín agus cultúr mar atá leagtha amach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Roimh The Ark, bhí Aideen ina Stiúrthóir Liteartha ar Amharclann na Mainistreach agus tá sé ina eagarthóir ar Irish Shorts: New Plays from The Abbey Theatre. Bhí sí ina Stiúrthóir Ealaíne bunaithe ar an Ionad Ealaíon Mermaid ildisciplíneach agus d’oibrigh sí mar chomhairleoir liteartha do thionscadail na Comhairle Ealaíon. In 2014 rinne sí coimeádaíocht ar chlár filíochta The Mountains to Sea Festival.

Tá Aideen ina bhall den Chomhairle Chomhairleach do Leanaí agus den Ghrúpa Comhairleach Saineolaithe Óige Cruthaitheach. Is iarbhall í den Fheachtas Náisiúnta do na hEalaíona. Tá BA aici i mBéarla agus i nGearmáinis ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus MA sa Drámaíocht ó UCD. In 2019 d’fhill sí ar an oideachas agus chríochnaigh sí Teastas Rialachais san Institiúid Riaracháin Phoiblí. Faoi láthair tá Aideen ina iarrthóir PhD in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. 

Connor Murphy

Is Fiontraí Teicneolaíochta é Connor agus tá cúlra aige i gCaipiteal Fiontraíochta, i Sainchomhairle Bhainistíochta agus in Eolaíocht Ríomhaireachta. Faoi láthair, is ball den mheitheal Comhpháirtithe Fiontraíochta ‘Techstars’ é agus, roimhe seo, ba é Stiúrthóir Bainistíochta chlár ‘Techstars SAP.IO é i mBeirlín. Tacaíonn sé le cláir ‘Techstars’ in Melbourne, i Súl, in Bangalore, i Singeapór, in Osló, i Liospóin, in Amstardam, in München agus i mBeirlín.

Roimhe seo, ba é Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus bunaitheoir Datahug é a chuaigh chuig Callidus Cloud (Nasdaq:CALD) atá liostaithe ar Nasdaq agus ar cuid de SAP é anois. Roimh Datahug a bhunú, d’oibrigh Connor le PA Consulting Group i Londain, i Nua-Eabhrac agus in Washington DC. Tá céim chéadonóracha aige san eolaíocht ríomhaireachta ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Ian Kehoe

Iriseoir, údar agus craoltóir é Ian Kehoe a bhfuil gradaim buaite aige. In 2014, nuair a bhí sé 34 bliana d’aois, ceapadh ina Eagarthóir ar an nuachtán The Sunday Business Post é, agus bhí sé sa phost sin ar feadh ceithre bliana. Ceapadh lena linn sin ar bhord an nuachtáin agus ghnó clódóireachta é.

Bhí Ian ina láithreoir agus ina iriseoir tráth ar chlár Prime Time RTÉ, agus tá cláir mhóra faisnéise déanta aige don teilifís, ina measc Who’s Buying Ireland agus The Great Irish Sell-Off. Tá Iriseoir na Bliana maidir le Gnó agus Eacnamaíocht buaite faoi dhó aige agus bronnadh Gradam Miriam Hederman O’Brien air de bharr a bhfuil de thairbhe déanta aige maidir le beartas fioscach na hÉireann. Is é comhúdar an leabhair Citizen Quinn é, leabhar mórdhíola faoi theacht chun cinn agus faoi dhul ar gcúl an tionsclaí Seán Quinn.

An Dr P.J. Mathews

Tá an Dr. P.J. Mathews ina chomhollamh i Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Baineann a shaothar go speisialta le litríocht agus le cultúr na hÉireann. Is é a scríobh an saothar Revival (arna fhoilsiú ag Field Day\Cork UP sa bhliain 2003) maidir le tréimhse athbheochan chultúr na hÉireann agus rinne sé eagarthóireacht ar an saothar Cambridge Companion to J.M. Synge (2009) agus comheagarthóireacht ar A Handbook of the Irish Revival (arna fhoilsiú ag Amharclann na Mainistreach sa bhliain 2015). Is é an Dr Mathews a bhunaigh agus atá ina stiúrthóir ar an bpodchraoltóireacht acadúil le UCDscholarcast (www.ucd.ie/ scholarcast). Bhí sé ina stiúrthóir ar Scoil Samhraidh Parnell idir 2002–2005 agus ceapadh ina Chomhalta Naughton agus ina Chomh-Ollamh Cuairte sa Bhéarla é in

Ollscoil Notre Dame sa bhliain 2007–8. Tá sé ina chomhalta seachtrach de Mheitheal Léann na hÉireann in Université Sorbonne Nouvelle-Paris 3 agus ina chomhthionólaí ar Chraobhchóras Taighde Dochtúireachta Léann na hÉireann.

Anne O’Leary

Tá taithí mhór ag Anne O’Leary ina feidhmeannach gnó agus cumas faoi leith léirithe aici i gcúnamh a thabhairt do chomhlachtaí bealaí nua a aimsiú isteach ar an margadh agus an leas is fearr a bhaint as deiseanna teicneolaíochta chun acmhainneacht a fhorbairt. Tá tuiscint ghéar ghrinn ag Anne ar rialachas corparáide agus ar chúrsaí comhlíontais. Ina comhalta di d’Institiúid na Stiúrthóirí, tá tuiscint aici ar na coinníollacha reatha maidir le boird phríobháideacha agus boird chomhlachtaí Stáit. Is fiontraí cruthanta í a rinne gnólacht teicneolaíochta de scoth an domhain a thionscnamh agus a fhorbairt agus a dhíol. Bíonn béim faoi leith aici ar pháirtnéireacht straitéiseach, ar bhainistíocht díolacháin, ar mhargaíocht, ar fhorbairt táirgí agus ar bhainistíocht maidir le caidreamh inmheánach agus caidreamh seachtrach. Tá taithí leathanréimseach ag Anne ar earnálacha éagsúla gnó. Is léir a cumas maidir le fáthmheas, pleanáil straitéiseach, soirbhiú do mheithle agus do dhaoine aonair agus forás inbhuanaithe ar theacht isteach airgid.

Robert Shortt

Thosaigh Robert Shortt ag obair in RTÉ ina iriseoir ar an gclár News at One sa bhliain 1998 agus tá sé ag obair ó shin i leith ar chuid mhór de na cláir éagsúla sa rannán Nuachta & Cúrsaí Reatha. Bhí sé ina Chomhfhreagraí Gnó agus ar dhuine den mheitheal a chuir tús le The Business ar Radio One. Chaith sé ceithre bliana ina Chomhfhreagraí i Washington sula ndeachaigh sé le Prime Time sa bhliain 2009.

Tá Gradam Iriseoireachta Gnó Smurfit buaite faoi dhó aige as a chuid tuairisceoireachta. Sular thosaigh sé le RTÉ, d’oibrigh sé do nuachtán chúrsaí airgeadais na Seapáine, an Nikkei, agus don BBC. Is é a toghadh ina chathaoirleach ar Fhochraobh an

NUJ in RTÉ tráth a bunaithe agus rinne sé fónamh ar feadh trí bliana ina Leaschathaoirleach ar Ghrúpa Ceardchumann RTÉ (TUG). Bhain sé BA sa Bhéarla agus san Eacnamaíocht amach i UCD agus MSc san Eacnamaíocht ón School of Oriental and African Studies sa University of London.

Susan Ahern

Is abhcóide cleachtach, idirghabhálaí creidiúnaithe agus eadránaí idirnáisiúnta í Susan. Tá sí ina Comhalta den Institiúid Cairte Eadránaithe, eadránaí de chuid na Cúirte Eadrána don Spórt agus ceapadh í ar Rannán Frithdhópála CAS do Chluichí Oilimpeacha Thóiceo 2020.

Tá breis agus 25 bliain de thaithí ag Susan ar chleachtas dlí tráchtála agus spóirt, riarachán spóirt agus rialachas corparáideach mar fheidhmeannach agus mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar go leor bord lena n-áirítear Sport Ireland, Cricket Ireland agus 2023 Cycling World Championships. Go dtí 2016, bhí Susan ina Ceann Gnóthaí Dlí & Reachtaíochta ag Rugbaí an Domhain, áit a raibh sí lárnach i seachadadh ceithre Chorn Domhanda Rugbaí agus bhunaigh sí an tAonad Sláine Rugbaí Domhanda.

Sa lá atá inniu ann, déanann Susan ionadaíocht ar chliaint os comhair na gcúirteanna agus na mbinsí, déanann sí fiosrúcháin, suíonn sí mar eadránaí agus mar idirghabhálaí, agus tá roinnt ról rialála aici ina suí mar chinnteoir neamhspleách i gcúrsaí smachta, iompair agus tráchtála gairmiúla. Is comhairleoir í Susan do chomhlachtaí idirnáisiúnta go háirithe i réimsí an rialachais chorparáidigh agus an réitigh díospóide.

Daire Hickey

Is bunaitheoir agus Comhpháirtí Bainistíochta é Daire Hickey ag 150Bond. Cuireann sé comhairle straitéiseach ar fáil d’fheidhmeannaigh c-leibhéil a chabhraíonn leo a dteachtaireacht a mhéadú agus a líonra a fhás. Tá 30 feidhmeannach ag an gcomhlacht atá lonnaithe idir Nua-Eabhrac agus Baile Átha Cliath, oibríonn sé le comhlachtaí ardfháis, caipitlithe fiontair agus comhlachtaí Fortune 500

Chomhbhunaigh Daire Web Summit. Is infheisteoir é freisin i roinnt gnólachtaí tosaithe agus fiontair agus bhí sé ina iriseoir roimhe sin.

David Harvey

Is iar-láithreoir teilifíse agus raidió é David Harvey agus léiritheoir teilifíse a bhfuil gradaim buaite aige a bhfuil suim aige i roinnt comhlachtaí a bhaineann leis na meáin agus atá dírithe go hidirnáisiúnta. Bhí roinnt postanna tábhachtacha bainistíochta, léiriúcháin agus boird aige agus roghnaíodh é chun na scileanna seo a thabhairt mar chathaoirleach agus mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin chuig réimse institiúidí agus cuideachtaí eile a bhaineann le craoladh agus neamhchraoladh.

Bhí sé ina chathaoirleach tráth ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, IADT Dun Laoghaire agus Féile Naomh Pádraig. Chaith sé blianta fada ina chathaoirleach ar an People in Need Trust (a chuaigh i dteagmháil le RTÉ i gcur chun cinn an RTÉ/People in Need Telethon). Is iarstiúrthóir ar An Bord Bia é freisin agus tá sé ina chathaoirleach ar Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann faoi láthair.

Tá BBS agus MA aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Jonathan Ruane

Is Léachtóir agus Eolaí Taighde é Jonathan Ruane in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT). Tá sé ina bhall dáimhe laistigh den ghrúpa Global Economics and Management ag Scoil Bainistíochta Sloan MIT agus ceannaire taighde ag Tionscnamh MIT ar an nGeilleagar Digiteach (IDE). Is iar-fhaighteoir Fulbright é agus is Ollamh Cúnta é i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Tá a chuid spéiseanna taighde ag trasnú na heacnamaíochta digití, na hardríomhaireachta, na straitéise, agus na margaí idirnáisiúnta.

Múineann Jonathan cúrsaí ar fud Scoil Bainistíochta MIT agus Roinn Innealtóireachta Leictrí agus Ríomheolaíochta MIT (CEES). Bhí sé i gceannas ar fhorbairt roinnt cúrsaí iarchéime ceannródaíocha ag MIT i réimsí na hIntleachta Saorga agus na Ríomhaireachta Candamaí.

Roimh MIT, bhí Jonathan ina POF ar chuideachta bogearraí le tacaíocht VC a chomhbhunaigh sé agus a dhíol sé ina dhiaidh sin. Thosaigh sé a shlí bheatha i mbainistíocht branda le Procter & Gamble.

Is sléibhteoir le taithí é Jonathan lena n-áirítear cruinnithe mullaigh Mount Everest agus an Eiger. Bhí sé san iomaíocht sna Stáit Aontaithe agus go hidirnáisiúnta le MIT Rowing Club agus bhíodh sé ina reathaí maratón ultra-achair tráth.

For the RTÉ Audit and Risk Committee Terms of Reference, click here.

For Code of Business Conduct for RTÉ Board Members, click here.