Seirbhísí Rochtana RTÉ


Tá RTÉ tiomanta i leith Seirbhísí Rochtana a sholáthar maidir le gach cineál ábhair agus seánra.

Maidir le soláthar Seirbhísí Rochtana, tagann RTÉ faoi rialú ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI). Cliceáil anseo chun teacht ar Rialacha Rochtana BAI 2019.

Tá roinnt forálacha ann san Acht Craolacháin 2009 i leith rialacha atá le déanamh ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) chun tuiscint agus taitneamh i leith clár a chur chun cinn i measc daoine atá bodhar nó a bhfuil deacrachtaí éisteachta orthu, i measc daoine atá dall nó a bhfuil lagú radhairc orthu agus i measc daoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta orthu agus a bhfuil lagú radhairc orthu.

Leagann RTÉ béim mhór ar an tábhacht a bhaineann le cáilíocht ár Seirbhísí Rochtana a áirithiú. Mar chuid dá ról mar phointe teagmhála le haghaidh grúpaí ionadaíocha agus dá ról maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar bheartas agus ar straitéis RTÉ maidir le seirbhísí rochtana, tionólann Ceann Rochtana RTÉ, Kevin Burns, cruinniú bliantúil le roinnt grúpaí ionadaíocha agus, chun tacú leis sin, reáchtáiltear cuairteanna ar áitribh na ngrúpaí sin agus seoltar seisiúin aiseolais maidir le saincheisteanna tábhachtacha.

Soláthraíonn RTÉ Seirbhísí Rochtana ar na modhanna seo a leanas:

· Fotheidil

· Tráchtaireacht Fuaime

· Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL)

Fotheidil

Soláthraíonn fotheidil trascríbhinn d’fhuaimrian cláir. De ghnáth, bíonn na fotheidil le feiceáil ag bun an scáileáin i gcomhthráth leis an gclár. I gcás cláir áirithe, amhail cláir spóirt, d’fhéadfadh fotheidil a bheith le feiceáil ag barr an scáileáin le nach gceilfear an scór.

Maidir leis an tseirbhís fotheidlíochta a sholáthraíonn RTÉ don lucht féachana in Éirinn, níl a shárú le fáil agus bíonn fotheidil le fáil i dtuairim is 95% de chláir ar RTÉ One agus ar RTÉ2 le linn buaicthráthanna craolacháin.

Is féidir fotheidil a roghnú le go mbeidh siad le feiceáil ar an bhfeiste atá agat.

Ar Sheinnteoir RTÉ, tá fotheidil fortheideal dúnta ar fáil ar an gcuid is mó den ábhar a chraoltar ar RTÉ One agus ar RTÉ2 agus ar chuid mhór dár mBoscraí agus dár sraitheanna eisiacha. Is féidir leat fortheidil dhúnta a chumasú go huathoibríoch tríd an rogha a sin a shocrú má tá tú sínithe isteach in RTÉ ID. Is féidir leat é a ghníomhachtú freisin ar bhonn ‘eipeasóid go heipeasóid’ gan síniú isteach in RTÉ ID tríd an deilbhín ‘Speech’ a roghnú sa seinnteoir físeán. Is féidir aon saincheisteanna nó aon fhiosruithe faoi fhotheidil a chur le ríomhphost chuig subtitles@rte.ie.

Tráchtaireacht Fuaime

Cuireann RTÉ Tráchtaireacht Fuaime ar fáil do dhaoine sa lucht féachana atá dall nó a bhfuil lagú radhairc orthu. Soláthraíonn an rian Tráchtaireachta Fuaime (AD) caint bhreise i gcás ina mbíonn bearnaí ann sa chaint sa chlár. Míníonn AD cad atá ag tarlú ar an scáileán trí chur síos a dhéanamh ar athruithe radhairc, ar ghothaí gnúise, ar ghníomhartha etc.

Ar an RTÉ Player, tá AD ar fáil ar roinnt teideal mar rogha eile ar an gclosrian. Is féidir leat é a ghníomhachtú freisin ar bhonn ‘eipeasóid go heipeasóid’ gan síniú isteach in RTÉ ID tríd an deilbhín ‘Speech’ a roghnú sa seinnteoir físeán.

Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL)

Is í Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) teanga dhúchais an phobail bhodhair in Éirinn. Shínigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an tAcht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann 2017 ina dhlí ar an 24 Nollaig 2017.

Déantar an chomharthaíocht trí úsáid a bhaint as teangaire laistigh den chlár nó trí úsáid a bhaint as teangaire agus é/í forshuite i gcoirnéal an scáileáin.

Soláthraíonn RTÉ seirbhís ISL thar raon seánraí. Bíonn sainchrios comharthaíochta ISL ag RTÉ ar RTÉ2 ar an Máirt (idir 3.5 agus 4 huaire an chloig) agus, chomh maith leis sin, bíonn an crios comharthaíochta ann ar RTÉ One ar an gCéadaoin. Ina theannta sin tá méadú tagtha ar an aschur ISL do dhaoine óga mar gheall ar na sraitheanna nua do Leanaí na hÉireann, is é sin, Wildkids agus Drop Dead Weird, ar RTÉ Junior agus ar RTÉ2. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ISL ar fáil ar RTÉ a hAon agus ar RTÉ2 gach lá.

Óstálann an RTÉ Player raon teideal ISL. Bíonn comharthóir le feiceáil ar an scáileán mar chuid den ábhar sin. Chun an fheidhmiúlacht sin a chumasú is gá duit a bheith sínithe isteach i do RTÉ ID. Tar éis síniú isteach, téigh chuig do roghanna úsáideora agus roghnaigh – Settings > Irish Sign Language.

Má bhíonn aon fhiosruithe eile agat is ceart teagmháil a dhéanamh le foireann an RTÉ Player trínár Rannóg cabhrach anseo.

I gcás ina bhfuil fiosruithe ginearálta agat faoi sheirbhísí RTÉ déan teagmháil, le do thoil, le hOifig Faisnéise RTÉ ar (01) 2083434 nó ag info@rte.ie.