Aitheantas a thabhairt dár nInbhuanaitheacht


Le blianta beaga anuas, tá roinnt gradam ardphróifíle gnóthaithe ag RTÉ i leith a chuid tionscnamh agus gnóthachtálacha i réimse na hinbhuanaitheachta agus na bainistíochta dramhaíola, lena n-áirítear ionad sa ghearrliosta le haghaidh Earnáil Phoiblí Ghlas na Bliana, le haghaidh Mheitheal Inbhuanaitheachta na Bliana agus le haghaidh Eagraíocht Ghlas Mhór na Bliana i leith ghradaim náisiúnta na Bainistíochta Saoráidí. Sa bhliain 2017, ba é RTÉ Buaiteoir Foriomlán na nGradam Pakman i leith Sármhaitheas Inbhuanaitheachta,

Ina theannta sin, tá RTÉ i measc na 33 chuideachta in Éirinn ar bronnadh gradam an Business in the Community Business Mark orthu, ar gradam é atá bunaithe ar ISO 26000 agus a ndéanann an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) iniúchadh neamhspleách air. Tríd an Marc sin déantar measúnacht ar na caighdeáin atá á mbaint amach ó thaobh freagracht shóisialta chorparáideach agus inbhuanaitheacht chorparáideach de agus déantar scrúdú ar cheannaireacht, ar bheartais, ar chleachtais, ar fheidhmíocht agus ar thionchar i réimsí amhail rannpháirteachas fostaithe, nuálaíocht, cleachtais chomhshaoil, bainistíocht an tslabhra soláthair agus caidreamh leis an bpobal áitiúil.

Déantar beartais agus cleachtais Chomhshaoil RTÉ a athbhreithniú go tráthrialta agus tá a bheartas is déanaí ailínithe le caighdeán ISO 14001.