Maoiniú RTÉ


Faoin Acht Craolacháin 2009, déantar RTÉ a mhaoiniú ar dhá bhealach. Ciallaíonn sé sin go ndéantar RTÉ a pháirtmhaoiniú trí bhíthin na Táille Ceadúnais a íocann tusa agus a pháirtmhaoiniú trí bhíthin ioncam tráchtála i.e. ioncam ó fhógraíocht agus ó ghníomhaíochtaí tráchtála eile. Tá gá leis an dá fhoinse ioncaim sin le go mbeidh RTÉ in ann a chúram seirbhíse poiblí a chomhlíonadh.

Seo a leanas roinnt Ceisteanna a Chuirtear Go Minic maidir leis an Táille Ceadúnais.

Cad chuige an Ceadúnas Teilifíse?

In Éirinn, déantar na meáin seirbhíse poiblí a pháirtmhaoiniú leis an ioncaim a bhailítear ón bpobal ar mhodh na táille ceadúnais teilifíse.

Cé a bhailíonn an Táille Ceadúnais Teilifíse?

Is é An Post an gníomhaire aonair i leith ceadúnais teilifíse a dhíol leis an bpobal, agus é ceaptha ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Coimeádann An Post bunachar sonraí seoltaí teaghlaigh agus gnó atá ceadúnaithe agus nach bhfuil ceadúnaithe agus Seiceáiltear an bunachar sonraí sin, agus uasdátaítear é, go tráthrialta.

Cá dtéann an íocaíocht a dhéanann tú le haghaidh Ceadúnais?

Téann sí chuig an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus soláthraíonn an Roinn sin tuairim is 85% di do RTÉ chun a chuid gealltanas a chomhlíonadh maidir le Meáin Seirbhíse Poiblí.

Íoctar 7% eile le hÚdarás Craolacháin na hÉireann chun an Scéim Maoiniúcháin Craolacháin a oibriú, agus íoctar tuairim is 6% den Táille Cheadúnais le An Post chun íoc as gníomhaíochtaí bailithe táillí ceadúnais teilifíse.

Cén fáth go mbíonn fógráin ann le linn chláir RTÉ?

Gníomhaíochtaí de chineál seirbhíse poiblí a bhíonn i gceist le tromlach ghníomhaíochtaí RTÉ. Ach is mó an costas a ghabhann leis na seirbhísí sin a sholáthar ná méid an ioncaim a fhaigheann RTÉ ó tháillí ceadúnais. Dá bharr sin, gabhann RTÉ do ghníomhaíochtaí tráchtála chun an bhearna mhaoiniúcháin a líonadh.

Conas a úsáideann RTÉ an t-ioncam ó tháillí ceadúnais?

Gach bliain, eisíonn RTÉ Ráiteas Gealltanas chuig ár Lucht Féachana/Éisteachta. Chun breathnú ar an Ráiteas is déanaí de chuid RTÉ maidir le Tuarascálacha faoi Ghealltanais i leith Feidhmíochta Cliceáil Anseo.

Déanann RTÉ tuairiscí faoin dul chun cinn atá déanta aige maidir leis na gealltanais sin a thuairisciú gach bliain ina Thuarascáil Bhliantúil. Chun teacht ar Thuarascálacha Bliantúla RTÉ Cliceáil Anseo.

An gá dom ceadúnas teilifíse a bheith agam?

De réir an dlí, ní mór do gach teaghlach, gnó agus institiúid ag a bhfuil gaireas teilifíse (de réir bhrí an Achta Craolacháin 2009) ceadúnas teilifíse reatha a bheith aige/aici.

Cad a tharlaíonn má tá níos mó ná teilifís amháin agam?

Ní gá ach ceadúnas amháin do gach seoladh ar leith beag beann ar an líon teilifíseán atá ann ag an seoladh sin.

Cad a tharlaíonn mura bhfuil ceadúnas teilifíse agam?

In Éirinn, tá teilifíseán ann i dtuairim is 90% de na teaghlaigh. Tá freagracht ar An Post i leith bunachar sonraí a chothabháil ina bhfuil taifid faoi gach áitreabh ar ceart ceadúnas teilifíse a bheith ann maidir leo. Déantar an bunachar sonraí sin a uasdátú go tráthrialta chun foirgnimh nua a chur san áireamh ann. Mura bhfuil ceadúnas teilifíse reatha agat is ceart duit a bheith ag súil go

dtabharfaidh cigire ceadúnas teilifíse cuairt ort. Má aimsítear gaireas teilifíse neamhcheadúnaithe, beidh ionchúiseamh ann agus d’fhéadfadh fíneáil €1,000 leanúint as sin maidir leis an gcéad chion nó d’fhéadfadh fíneáil €2,000 a bheith ann maidir le dara cion nó maidir le cion ina dhiaidh sin. Bailíonn An Post táillí ceadúnais teilifíse thar ceann an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Cá mhéad a chosnaíonn ceadúnas teilifíse? Conas is féidir liom ceadúnais teilifíse a cheannach? ·

Is féidir ceadúnas teilifíse a cheannach ar líne ag www.tvlicence.ie trí úsáid a bhaint as cárta MasterCard nó Visa

· Trí ghlaoch ar Lo-Call 1890 228 528 (seirbhís 24 uair an chloig) agus úsáid a bhaint as cárta MasterCard nó Visa.

· Trí dhochar díreach ó do chuntas bainc reatha. Má úsáidtear dochar díreach is féidir rogha a dhéanamh i leith íocaíocht bhliantúil, íocaíochtaí leathbhliantúla, íocaíochtaí ráithiúla nó íocaíochtaí míosúla.

· Is féidir é a cheannach le hairgead tirim, le seic, le Stampaí Coigiltis Teilifíse nó le dochar díreach in aon phostoifig ar fud na tíre.

· Is féidir é a cheannach le hairgead tirim in easraisí áirithe Postpoint.

· Trí sheic a sheoladh leis an bpost (agus é crosáilte agus iníoctha le An Post) chuig an oifig áitiúil de chuid Oifig na dTaifead Ceadúnais Teilifíse.

Faoi láthair, cosnaíonn an ceadúnas teilifíse €160.

Cad a tharlaíonn má athraím m’áit chónaithe?

Cuir an fhaisnéis sin in iúl do An Post le gur féidir do cheadúnas teilifíse a aistriú chuig an seoladh nua. Mar mhalairt air sin, thig leat féin do chuid mionsonraí a uasdátú ar líne ag www.tvlicence.ie.

Cad a tharlaíonn má tá dara háit chónaithe nó teach cónaithe saoire agam?

Más rud é go bhfuil dara háit chónaithe nó teach cónaithe saoire agat, agus gaireas teilifíse ann, ní mór duit ceadúnas teilifíse ar leithligh a bheith agat maidir leis an seoladh sin.

Cad a tharlaíonn má tá roinnt brainsí éagsúla ag mo ghnó?

Más rud é go bhfuil níos mó ná áitreabh amháin agat, agus gaireas teilifíse iontu, ní mór duit ceadúnas teilifíse ar leithligh a bheith agat maidir le gach seoladh.

An bhfuil mé i dteideal ceadúnas teilifíse saor in aisce a fháil?

Íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí as ceadúnais teilifíse do chatagóirí áirithe dá cuid cliant, rud a dhéantar faoi scéim na Sochar Teaghlaigh.