Tuarascálaca



Straitéis RTÉ 2024

Tar éis straitéis athbhreithnithe RTÉ a fhógairt, d’fhoilsigh RTÉ a dhoiciméad straitéise athbhreithnithe. Chun amharc, cliceáil anseo.

Ráiteas maidir le Gealltanais i leith Feidhmíochta

Leis an Acht Craolacháin 2009 (an tAcht), tugadh isteach ceanglais nua maidir le tuairisciú ag RTÉ agus seo a leanas ceann acu:

Déanfaidh RTÉ, faoin 31 Eanáir gach bliain, ráiteas bliantúil i dtaobh gealltanas feidhmíochta a ullmhú, (a) de réir a chuspóirí, (b) de réir an Ráitis Straitéise agus (c) de réir an Ráitis Seirbhíse Poiblí agus ina n-áirítear na gníomhaíochtaí a mbeidh sé beartaithe ag an gcorparáid gealltanas a thabhairt ina leith sa bhliain airgeadais sin agus táscairí feidhmíochta gaolmhara. Gach bliain, déanfaidh RTÉ tuairisc a thabhairt ina Thuarascáil Bhliantúil maidir le comhlíonadh nó neamhchomhlíonadh na ngealltanas a rinneadh ina Ráiteas Bliantúil faoi Ghealltanais i leith Feidhmíochta. Chun teacht ar an Ráiteas is déanaí de chuid RTÉ maidir le Tuarascálacha faoi Ghealltanais i leith Feidhmíochta (2018), cliceáil anseo.

Straitéis RTÉ 2018 – 2022

Leis an straitéis seo, tá RTÉ á chur ar bhealach inmharthana lena ndéanfar meáin chumarsáide seirbhíse poiblí (PSM) a athshamhlú do ghlúin nua. Féachtar le nasc agus ceangal a chothú leis an uile dhuine, gan bheann ar an láthair ina bhfuil siad. Leanfaidh RTÉ, ar feadh an bhealaigh sin, d’ábhar ardchaighdeáin sainiúil de chuid na hÉireann a chur ar fáil ar fud na gcainéal agus na seirbhísí traidisiúnta an tráth céanna a ndéantar forás agus forbairt maidir leis an spás digiteach. Beidh an lucht féachana agus éisteachta i lár an aonaigh ag RTÉ maidir leis an smaointeoireacht agus tiocfaidh an eagraíocht in oiriúint ionas go mbíonn tábhacht i gcónaí leis ag gach dream éagsúil sa lucht éisteachta agus féachana.

Chun breathnú ar Straitéis RTÉ (2018 – 2022), Athnuachan RTÉ don chéad ghlúin eile cliceáil anseo.

‘Todhchaí Inbhuanaithe a áirithiú do cheolfhoirne RTÉ’

I mí Aibreáin 2018, d’fhoilsigh RTÉ tuarascáil maidir le hathbhreithniú neamhspleách a rinneadh faoi na seirbhísí ceolfhoirne a bhí á soláthar aige. Ba é a bhí mar theideal ar an tuarascáil sin ná ‘Todhchaí Inbhuanaithe a áirithiú do cheolfhoirne RTÉ’ agus ba í Helen Boaden, iar-Stiúrthóir BBC Radio agus BBC News, a d’ullmhaigh an tuarascáil le tacaíocht ón ngnólacht sainchomhairleoireachta straitéise, Mediatique.

Tríd an ngrinn-athbhreithniú fairsing neamhspleách sin, rinneadh scrúdú ar an mbealach is fearr chun seirbhísí ceolfhoirne inbhuanaithe de chineál ardchaighdeáin a sholáthar do mhuintir na hÉireann agus chlúdaigh sé Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ (RTÉ NSO) agus Ceolfhoireann Cheolchoirme RTÉ (RTÉ CO).

Chun breathnú ar an tuarascáil, cliceáil anseo.

Scéim Teanga RTÉ

Ullmhaíodh an Scéim seo faoi Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (dá ngairtear ‘an tAcht’ anseo ina dhiaidh seo). Is é an tAcht sin an chéad phíosa reachtaíochta lenar cuireadh creat reachtúil ar fáil maidir le soláthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge.

Chun teacht ar Scéim Teanga RTÉ cliceáil anseo.

Réimse na Meán in Éirinn

Tá líon clár, ardán agus feistí níos mó ná riamh ar fáil ag tomhaltóirí meán. Dá bharr sin, tá réimse nua, dinimiciúil, de chineál nua ar fad, á chruthú. Tá athrú á dhéanamh ar mheáin phoiblí chun aird an lucht féachana/éisteachta mhealladh tríd an gcineál clár a theastaíonn ó dhaoine a chur ar fáil ar an mbealach inar mian leo féachaint ar an ábhar nó éisteacht leis.

Chun breathnú ar an tuarascáil faoi Réimse na Meán in Éirinn, cliceáil anseo.

Meáin Ghaeilge RTÉ – Plean Gníomhaíochta 2015 – 2019

Baineann cuid mhór gnéithe éagsúla leis an nGaeilge in Éirinn. Is í teanga bheo phobal na Gaeltachta í. Is í teanga an chlóis scoile í sna céadta Gaelscoileanna ar fud na tíre. Is rud í a labhraítear thar lear d’fhonn féiniúlacht a léiriú. I gcás roinnt daoine, is foinse faltanais í. I gcás daoine eile, níl ann ach cló iodálach ar chomharthaí bóthair.

Chun breathnú ar Mheáin Ghaeilge RTÉ cliceáil anseo