C. An próiseas cinntí maidir le mórbhearta polasaí


Nuair a chuireann tú iarraidh SF isteach, seolfar litir admhála chugat laistigh de thréimhse 10 lá oibre (gan laethanta saoire poiblí a áireamh) ón tráth a bhfaightear an iarraidh uait.  Tabharfar míniú soiléir ar na céimeanna eile den phróiseas sa litir chéanna.

Is iondúil go n-eisítear cinneadh laistigh de thréimhse 20 lá oibre ón tráth a bhfaightear iarratas.  Sa chás go mbíonn gá le síneadh ama chun an obair ar an iarraidh a thabhairt chun críche, déanfar comhfhreagras leat agus míneofar an gá atá leis sin duit.

Má bhíonn cúnamh uait maidir le hiarraidh a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, is féidir scríobh chuig an Aonad SF ar an bpost chuig:

An Oifig Saoráil Faisnéise, An Foirgneamh Riaracháin, RTÉ, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4 nó ar an ríomhphost chuig foi@rte.ie

Mura bhfaigheann tú freagra ón aonad SF laistigh de fiche lá oibre, is féidir leat achomharc inmheánach a iarraidh trí scríobh chuig Rúnaí Cuideachta RTÉ ag  foi@rte.ie nó ar an bpost chuig Áras Riaracháin RTÉ, RTÉ, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4.  Ní bhíonn táille ar bith i gceist le cás den sórt sin.

Má bhíonn tú míshásta leis an gcéad chinneadh maidir le d’iarraidh, is féidir achomharc a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin sa chás sin freisin leis an Rúnaí Cuideachta.  Ní mór íocaíocht €30 a chur leis an achomharc sin a dhéantar neamhspleách go hiomlán agus is féidir an táille a íoc go leictreonach nó trí sheic nó ordú poist a sheoladh ar an bpost. Tá táille laghdaithe €10 i gceist dóibh siúd a bhfuil Cárta Leighis acu.

Má bhíonn tú míshásta i ndiaidh an achomhairc sin, is féidir leat achomharc a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Faisnéise ar an bpost ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, ar an bhfón ag an uimhir +353 (1) 639 5689 nó ar an ríomhphost ag info@oic.ie. Cosnaíonn achomharc den sórt sin €50 (€15 ar dhuine a bhfuil cárta leighis aige).  Tá breis eolais ar fáil anseo (https://www.oic.ie)

Ní ghearrtar táille an tráth a gcuirtear iarraidh isteach. Ina ainneoin sin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh go mbeadh táillí le híoc.  Ina leithéid sin de chás, cuirfear in iúl roimh ré duit é féachaint an bhféadfaí an costas a sheachaint nó a ísliú.  De réir mar a shonraítear, is féidir le comhlachtaí poiblí €20 in aghaidh na huaire a ghearradh maidir le taifid a chuardach agus a aimsiú agus cosnaíonn fótachóipeáil 4 cent an leathanach.  Má tharlaíonn costas €100 nó níos lú leis an bpróiseáil ar iarraidh de réir na dtáillí sin, cuirfidh RTÉ na taifid ar fáil saor in aisce.  Má chosnaíonn an phróiseáil idir €101 agus €499, gearrtar iomlán na dtáillí; má tá an costas próiseála idir €500 agus €700, gearrann RTÉ uasmhéid €500. Má bhíonn an costas measta níos mó ná €700, is féidir le RTÉ an iarraidh a dhiúltú