Conas a dhéanaim iarraidh SF le RTÉ?


Déanann RTÉ réimse faisnéise a fhoilsiú go rialta ar an suíomh idirlín agus d’fhéadfadh go mb’fhiú, sula gcuirtear iarraidh faoi bhráid, a sheiceáil an bhfuil an fhaisnéis foilsithe cheana féin.

Is féidir iarraidh SF a chur isteach ar an ríomhphost chuig foi@rte.ie nó ar an bpost chuig An Oifig Saoráil Faisnéise, An Foirgneamh Riaracháin, RTÉ, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4. D’fhéadfadh gur cabhair duit leas a bhaint as an bhfoirm SF anseo ach ní gá sin a úsáid.

Agus iarraidh á cur isteach agat, ní mór duit a lua go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, dóthain sonraí a lua a ligfidh do RTÉ na taifid atá á lorg a aithint, agus an fhormáid a lua inar mian leat na taifid a fháil (i.e. ar pháipéar, go leictreonach, etc.)

Má tá cúnamh uait maidir leis an iarraidh a leagan amach, beidh an t-aonad SF sásta cuidiú leat.

Má shásaíonn an iarraidh uait na critéir éagsúla sin, seolfar admháil chugat á rá go bhfuil 20 lá oibre ag RTÉ chun freagra a chur ar fáil. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh gá a bheith le tréimhse breise 20 lá oibre anuas air sin chun an iarraidh a phróiseáil. Nuair a thagann deireadh leis an bpróiseas, déanfar comhfhreagras leat le freagra RTÉ maidir leis an iarraidh.