Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ


Cad é Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ?

Tá ceangal faoin Acht Craolacháin 2009 Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ a chur ar bun.

Tá bunriachtanas maidir le seirbhís atá ina ábhar spéise agus tábhachta dáiríre le dea-chumarsáid a bheith ar bun idir an lucht féachana agus éisteachta agus an craoltóir. Tá RTÉ tugtha do chaidreamh macánta ionraic leis an lucht féachana agus éisteachta, d’aird a thabhairt ar a gcuid tuairimí agus do fhreagra cuí a thabhairt orthu go pras.

Is coiste 15 comhalta deonach atá i gComhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ a chuireann comhairle ar Bhord RTÉ maidir le ceisteanna sonracha i ndáil leis an gcúram seirbhíse poiblí a leagtar ar RTÉ agus le riachtanais an lucht féachana agus éisteachta. Bord RTÉ a cheapann an coiste agus a cheapann aon duine amháin de na comhaltaí mar chathaoirleach ar an gComhairle.

Déanann an Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta soláthar don chumarsáid idir RTÉ agus an lucht féachana agus éisteachta chomh maith le freastal do bhreis cuntasachta.

Conas a roghnaítear comhaltaí na comhairle?

Tugann RTÉ cuireadh do dhaoine den phobal ar www.rte.ie agus ar bhealaí raidió RTÉ léiriú spéise a chur faoi bhráid maidir le feidhmiú ar Chomhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ. Tagann ainmniúcháin breise ó chomhaltaí Bhord RTÉ go díreach.

Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ:

  • Tony Bond
  • Diarmuid Breathnach
  • Mary Brophy
  • Martin Byrnes
  • Mehrdad Lashgari
  • Richard Lynch
  • Niamh Madden
  • Claire Millane
  • Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin
  • Amber-Rose Penders
  • Mark Quinn
  • Mahendra Varma
  • Amy Whelan
  • Aoife Thomas

Is í an 15ú comhalta Cathaoirleach Chomhairle an Lucht Féachana agus Éisteachta comhalta de Bhord RTÉ, Susan Ahern